Baile  /  Nuacht  /  Preas Ráitis  /  2012 Preas Ráitis
 

Achtú an Achta Ombudsman (Leasú) 2012 - Ráiteas ón Ombudsman, Emily O'Reilly

Agus í ag labhairt anocht (23 Deireadh Fómhair 2012) , i gcomhthráth le rith an Achta Ombudsman (Leasú) 2012 trína chéimeanna deiridh sa Dáil, bhí seo le rá ag Emily O'Reilly

"Ní dóigh liom go bhfuil áibhéil á dhéanamh agam nuair a deirim gur lá stairiúil é seo d'Oifig an Ombudsman agus don tseirbhís phoiblí in Éirinn i gcoitinne - an lá ar achtaíodh an tAcht Ombudsman (Leasú) 2012. Tugann an tAcht seo tuairim is 140 comhlacht poiblí breise faoi scáth m'oifige agus áiríonn siadsan forais oideachais tríú leibhéal, Comhairle na nDochtúirí Leighis agus An Bord Altranais. Tarraingíodh anuas den chéad uair Bille Ombudsman (Leasú) chomh fada siar le mí Eanáir 1987 agus le caitheamh na mblianta tugadh gealltanais iomadúla cumhachtaí agus sainchúram an Ombudsman a thabhairt cothrom le dáta agus a fhairsingiú, ach níor comhlíonadh na gealltanais sin. Tréaslaím leis an Aire agus an Roinn Caiteachais Phoiblí agus Athchóirithe as a n-iarrachtaí le déanaí a raibh mar thoradh orthu gur thug siad an reachtaíocht thábhachtach seo chun críche ar deireadh thiar thall."

Go bunúsach, forálann an reachtaíocht go mbeidh gach comhlacht poiblí, ach amháin na cinn atá liostáilte go sonrach i Sceideal 2 den Acht nua, faoi shainchúram an Ombudsman. Leanfaidh an tOmbudsman den phlé leis an Aire agus lena Roinn i ndáil le comhlachtaí poiblí áirithe atá fanta lasmuigh dá sainchúram ach a bhféadfadh sé bheith iomchuí go ndéanfadh an tOmbudsman maoirseacht orthu. Tá cosc de réir dlí fós ar an Ombudsman glacadh le gearáin i ndáil le príosúin agus bearta riaracháin áirithe i réimsí an tearmainn agus na hinimirce agus tá súil ag an Ombudsman go mbeidh plé breise ann maidir leosan.

Áirítear i measc na gcomhlachtaí breise a bheidh faoi shainchúram an Ombudsman gach institiúid tríú leibhéal a fhaigheann maoiniú poiblí, lena n-áirítear na hollscoileanna, Coistí Gairmoideachais, an Lár-Oifig Iontrála, FÁS, an Bord um Chúnamh Dlíthiúil, an Ciste Náisiúnta um Cheannach Cóireála, Coimisiún na Scrúduithe Stáit, an Bord Achomhairc i leith Deontas Mac Léinn, an tÚdarás Náisiúnta Iompair, an Ghníomhaireacht um Thacaíocht Teaghlaigh, Fuinneamh Inmharthana Éireann, agus raon comhlachtaí poiblí eile. Beidh na comhlachtaí seo faoi mhaoirseacht an Ombudsman le héifeacht ó dháta nach déanaí ná 6 mhí tar éis an achtacháin inniu. Tugadh an chumhacht don Ombudsman iniúchadh a dhéanamh ar ghearáin i ndáil le bearta riaracháin na gcomhlachtaí breise, ar bearta iad a tharlóidh ar an dáta a dtiocfaidh na comhlachtaí poiblí sin faoina sainchúram agus dá éis.

Beidh idirphlé ann idir an tOmbudsman agus na comhlachtaí nua sna míonna beag seo chun go mbeidh an deis aici a ról a mhíniú, agus iad a spreagadh le córais éifeachtacha gearán a bheith i bhfeidhm acu féin ionas gur féidir leo réiteach a fháil ar ghearáin ag an leibhéal áitiúil agus chun socruithe idirchaidrimh éifeachtacha a chur i bhfeidhm eatarthu agus a hoifig. Beidh feasacht á spreagadh ag an Ombudsman i ndáil lena ról breisithe.

I measc na bhforálacha suntasacha eile san Acht tá siad seo:

  • beidh dualgas dlíthiúil ar chomhlachtaí faoi shainchúram an Ombudsman, i gcomhthéacs chur i bhfeidhm roinnt beart riaracháin, cúnamh réasúnta agus treoir a sholáthar don phobal agus déileáil leo i gceart, go cóir cothrom, go neamhchlaonta agus go tráthúil (Alt 7);
  • ag eascairt ó imscrúdú, féadfaidh an tOmbudsman moltaí ginearálta a chur faoi bhráid an chomhlachta phoiblí i gceist, ar comhlacht poiblí é atá faoina sainchúram, i gcás go gceapann sí na moltaí sin a bheith iomchuí d'fhonn maolú ar an tionchar dochrach a tháinig chun solais le linn an imscrúdaithe (Alt 9);
  • i gcás go dteipfidh ar dhuine iarratas a thiocfaidh ón Ombudsman a chomhlíonadh - iarratas aon fhaisnéis, doiciméad nó rud sonrach a sholáthar - féadfaidh sí iarratas a dhéanamh leis an gCúirt Chuarda d'fhonn ordú géilliúlachta a fháil (Alt 10);
  • ag eascairt ó imscrúdú, féadfaidh an tOmbudsman aon cheist dlí a thagann chun cinn a chur faoi bhráid na hArd-Chúirte le breithiúnas a thabhairt ina leith (Alt 12).


Le haghaidh tuilleadh eolais téigh i dteagmháil le

Fintan Butler (enquiries in Irish)- 01 - 639 5650 fintan_butler@ombudsman.gov.ie

or

David Nutley, Communications Officer, 086 0231420, 01 639 5610 david_nutley@ombudsman.gov.ie