Baile  /  Nuacht  /  Preas Ráitis  /  2011 Preas Ráitis
 

Teipeadh Táillí Neamhdhleathacha ar Theach Altranais a Aisíoc: gheobhaidh Teaghlach Sealbhóra Scothaosta Cárta Leighis aisíocaíocht €24,000

Dáta eisiúnta: 20.12.2011

Tá an tOmbudsman, Emily O’Reilly, tar éis a tuarascáil maidir leis an imscrúdú i ndáil le gearán i gcoinne Fheidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte (FSS) agus i gcoinne Oifigeach Achomhairc na Scéime Aisíoca Sláinte a fhoilsiú inniu.

Rinneadh an gearán thar ceann bean scothaosta a raibh cárta leighis aici. Gearradh táillí uirthi i ndáil le cúram i dteach altranais i rith na tréimhse 2003 -2004, tráth nach raibh aon bhunús sa dlí ag boird sláinte chun táillí den chineál sin a ghearradh. Cuireadh an Scéim Aisíoca Sláinte ar bun in 2006 chun aisíocaíocht a thabhairt do shealbhóirí cárta leighis ar gearradh táillí neamhdhleathacha orthu maidir le cúram i dteach altranais.Nuair a rinne an bhean seo (ar a dtugtar an tUasal Coffey sa tuarascáil chun a haitheantas a chosaint) iarratas faoin scéim, diúltaíodh dá hiarratas. Diúltaíodh d’achomharc a rinneadh ina dhiaidh sin le hOifigeach Achomhairc na Scéime Aisíoca Sláinte freisin.

Tar éis an imscrúdaithe, agus mar a dhéantar cur síos air sa tuarascáil, chinn an tOmbudsman:

  • B’othar poiblí í an tUasal Coffey a bhí curtha i dteach altranais príobháideach ag Bord Sláinte an Limistéir Thuaidh (i leaba dá dtagraítear mar “leaba ar conradh” go hiondúil);
  • Ní raibh áitiú FSS go raibh an tUasal Coffey ina hothar príobháideach (agus mar sin go raibh sí eisiata ón Scéim Aisíoca Sláinte) inchreidte;
  • Bhí FSS tar éis faisnéis mhícheart maidir le stádas an Uasail Coffey a thabhairt dóibh siúd a riarann an Scéim Aisíoca Sláinte chomh maith leis an Oifigeach Achomhairc;
  • Ba “tháillí inghnóthaithe” iad na táillí a d’íoc an tUasal Coffey le Bord Sláinte an Limistéir Thuaidh agus gur cheart iad a bheith aisíoctha faoin Scéim Aisíoca Sláinte.


Tháinig athrú ar sheasamh Fheidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte nuair a fuarthas dréacht de thuarascáil an Ombudsman agus d’aontaigh an Fheidhmeannacht gurbh othar poiblí í an tUasal Coffey. Thoiligh Feidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte na táillí neamhdhleathacha a aisíoc ansin. Is timpeall €24,000 ar fad a bheidh i gceist (gné úis san áireamh).


Saincheisteanna Eile

Déantar cur síos sa tuarascáil ar na socruithe neamhghnácha lenar aontaigh Bord Sláinte an Limistéir Thuaidh mar a bhí nuair a rinneadh an cinneadh an tUasal Coffey a chur i dteach altranais príobháideach.Cé go raibh cónaí uirthi féin agus ar a teaghlach i dTuaisceart Bhaile Átha Cliath, fuair Bord Sláinte an Limistéir Thuaidh áit don Uasal Coffey i dteach altranais príobháideach i gCo. Ros Comáin. Idirbheartaíodh an socrú sin le bainisteoir an tí altranais i Ros Comáin a bhí ina oifigeach sinsearach le Bord Sláinte an Limistéir Thuaidh ar chead neamhláithreachta ón mBord Sláinte, a bhí ag obair i réimse na seirbhísí do dhaoine scothaosta go gairid roimhe sin.

Cáineann an tOmbudsman Oifigeach Achomhairc na Scéime Aisíoca Sláinte ar dhá chúis. Cé go bhfuair sé faisnéis mhícheart ó FSS, theip air aird chuí a thabhairt ar fhaisnéis a sholáthair teaghlach an Uasail Coffey, lenar tugadh le tuiscint go soiléir go raibh an mháthair ina hothar poiblí i ‘leaba ar conradh’. Chinn an tOmbudsman freisin gur léirigh an tOifigeach Achomhairc cleachtas riaracháin neamh-inmhianaithe toisc gur theip air taifead ar bith a choinneáil ar an éisteacht ó bhéal ar ar fhreastal muintir Coffey agus go raibh sé sin contrártha do riaradh cóir nó fónta.