Baile  /  Nuacht  /  Preas Ráitis  /  2011 Preas Ráitis
 

Ról an Ombudsman a Fhorbairt agus a Bharrfheabhsú

Dáta eisiúnta: 03.02.2011

Chuir an tOmbudsman doiciméad, dar teideal Ról an Ombudsman a Fhorbairt agus a Bharrfheabhsú, faoi bhráid na bpáirtithe. Sa doiciméad seo tá ceithre togra sainiúil luaite ag an Ombudsman. Má glactar leis na tograí seo, de réir an Ombudman, cuirfear go mór le cumas a hOifige cion tábhachtach a dhéanamh maidir le hathnuachan sa chóras rialtais.

Is iad na tograí seo ná:

Stádas bunreachta  a chur ar fáil don OmbudsmanFeabhas a chur ar an gcaidreamh tuairiscithe leis an OireachtasNa téarmaí tagartha a shíneadh d’fhonn na príosúin agus gach ceist a bhaineann le hinimirce, teifigh, iarrthóirí tearmainn agus eadóirseacht a chur san áireamhNósanna imeachta níos follasaí le haghaidh Ombudsman a cheapadh.

Chuaigh an tOmbudsman i dteagmháil inné freisin, ar an ábhar céanna, leis na Teachtaí Dála neamhspleácha a mbeidh san iomaíocht san Olltoghchán amach romhainn.

Tá an doiciméad seo ón Ombudsman á fhoilsiú anois ar a suíomh gréasáin: www.ombudsman.ie

Is féidir tuilleadh faisnéise a fháil ó na daoine seo a leanas:- 

Fintan Butler, Imscrúdaitheoir Sinsearach, Teil. 01 639 5650

ríomhphost:fintan_butler@ombudsman.gov.ie

Fiosrúcháin Ghinearálta Meán - déan teagmháil le

Dave Glynn - Ceann Cumarsáide agus Taighde

Teil: 01 639 5714 / 087 236 1884 ríomhphost: david_glynn@ombudsman.gov.ie