Foilsíonn an tOmbudsman, Emily O’Reilly ceithre Thuarascáil Imscrúdaithe maidir le gearáin a d’éirigh léi a réiteach.
Dáta eisiúnta: 14.11.2011
Tá na Tuarascálacha, (nach bhfuil ar fáil ach i mBearla amháin) anseo:
- Tuarascáil 1 - Gabhtar leithscéal le bean ar caitheadh go dona léi i gclinic meabhairshláinte othar seachtrach de chuid FSS Bhaile Átha Cliath – Geallann FSS oiliúint foirne a fheabhsú agus aithníonn siad nár tugadh aghaidh go hiomlán agus go tráthúil ar ábhair imní na mná.
- Tuarascáil 2 - Gabhann an Roinn leithscéal mar gheall ar íocaíocht i ndáil le héileamh iomarcaíochta ar cuireadh moill léi ar feadh dhá bhliain agus déanann siad íocaíocht ex-gratia mar chúiteamh.
- Tuarascáil 3- Aisiompaíodh cinneadh a bhí déanta ag an Roinn nár chomhlíon bean a raibh iarratas déanta aici ar shochar leanaí an ceanglas maidir le gnáthchónaí – íocadh riaráistí €3,942.
- Tuarascáil 4- Ba é ba chúis le cinneadh a rinne FSS gan fóirdheontas teach altranais a íoc le hothar a bhí ag teacht chuici féin tar éis stróc a bheith aici ná earráid chléireachais – Aisíompaíodh an cinneadh agus rinneadh íocaíocht ex-gratia €10,670.
I measc na mílte gearán a dhéantar leis an Ombudsman gach bliain, déanann sí líon beag gearán a raibh dea-thorthaí orthu le haghaidh na ndaoine lena mbaineann a roghnú go tréimhsiúil agus tugann sí poiblíocht dóibh ar láithreán Gréasáin an Ombudsman. Cuidíonn sé sin le feasacht agus tuiscint an phobail a mhéadú maidir le raon leathan oibre a hOifige agus maidir leis an gcaoi ar féidir leis an tseirbhís saor in aisce, neamhchlaonta agus neamhspleách a chuirtear ar fáil cúnamh a thabhairt do dhaoine éagóir a chur ina ceart. Beidh na ceithre Thuarascáil ina n-ábhar spéise don phobal i gcoitinne agus d’ionadaithe poiblí agus d’eagraíochtaí a chuireann comhairle, tacaíocht nó seirbhísí abhcóideachta ar fáil do dhaoine a mbíonn fadhbanna acu agus iad ag plé le comhlachtaí poiblí.
Ag trácht di, dúirt an tOmbudsman “I gcás na ngearánach a bhí i gceist, ní hamháin go ndearnadh fiosrú ar na gearáin agus gur seasadh leo, ach in dhá chás gabhadh leithscéal le mo ghearánaithe agus rinneadh beart ceartaitheach, agus in dhá chás eile aisiompaíodh cinntí a rinne comhlachtaí poiblí tar éis do m’Oifig scrúdú fóiréinseach a dhéanamh ar na fíricí agus ar na taifid. Is mór linn an teagmháil chuiditheach a rinne FSS agus an dá Roinn Rialtais lena mbaineann le m’Oifig. Léiríonn sé a thiomanta atá siad do chaighdeáin seirbhíse poiblí níos fearr dá gcustaiméirí agus a thoilteanaí atá siad, i ndiaidh teagmháil a dhéanamh le m’Oifig, féachaint in athuair le hintinn oscailte ar chinntí nó easpa gníomhaíochta a bhí díobhálach do dhaoine.”
I gcomhair ceisteanna ó na meáin, déan teagmháil le:
Dave Glynn - Ceann Cumarsáide agus Taighde
Teil: 01 639 5714 / 087 236 1884 ríomhphost: david_glynn@ombudsman.gov.ie