Íoslódáil
An tOmbudsman agus Feidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte (PDF)
Cé hé an Ombudsman agus cad a dhéanann an Ombudsman?
Is é Peter Tyndall an Ombudsman.
Is féidir leis an Ombudsman gearáin a scrúdú faoi na Feidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte (FSS), an Ghníomhaireacht Um Leanaí agus an Teaglach (TUSLA) agus gníomhaíochtaí a sholáthraíonnseirbhísí sláinte agus seirbhísí pearsanta sóisialta ar son FSS a scrúdú freisin. Chomh mhaith le sin tagann Tithe Altranais poiblí, atá á reáchtáil ag an FSS, faoi bhráid an Ombudsman.
An bhfuil an Ombudsman neamhspleách?
Tá. Tá an Ombudsman neamhspleách agus go neamhchlaonta agus gearáin á n-iniuchadh aige.
Cad iad na gearáin faoi shláinte nó faoi sheirbhísí sóisialta pearsanta is féidir liom iarraidh ar an Ombudsman déileáil leo?
- Is féidir linn breithniú ar ghearáin faoi:
- Diúltú an eagraíocht sochar éigin ar nós Cárta Leighis, Pacáiste Cabhair sa Bhaile nó cabhair faoi Scéim Tacaíochta na dTithe Altranais
- Gan nósanna imeachta a chomhlíonadh
- Gan cumarsáid a dhéanamh go soiléir
- Gan seirbhís a bhí geallta a sholáthar
- cinntí neamhchothroma
- thugann siad comhairle mhí-threorach
- Foireann drochbhéasach nó neamhcabhrach
- Gan déileáil go cothrom le do ghearán
Conas a dhéanfaidh an Ombudsman mo ghearán a láimhseáil?
Chomh luath is a dheimhneofar gur féidir linn do ghearán a scrúdú iarrfaidh muid ar FSS nó ar an soláthraí seirbhíse iomchuí tuairisc a chur chugainn mar gheall air. Más gá, tig leis an Ombudsman na comhaid agus na taifid a scrúdú agus daoine bainteach leis an ngearán a cheistiú. Bíonn am de dhíth uainn chun gach eolas atá riachtanach a chruinniú.
Déanfaidh muid na saincheisteanna uile de 'mhíríarachán'. Is féidir le gníomh bheith mar "míriarachán" a bhí, nó a d'fhéadfadh a bheith:
- déanta gan údarás ceart
- déanta ar bhonn éigin neamh-ábhartha
- de thoradh faillí nó neamhchúraim
- bunaithe ar fhaisnéis mícheart nó neamh-iomlán
- idirdhealaitheach go neamhchuí
- bunaithe ar chleachtas riaracháin neamh-inmhianaithe nó
- ar bhealach eile contráilte le riarachán cóir agus cothrom
- Sa chás gur theip ar an FSS cabhair agus treoir réasúnta a
- thabhairt, nó gur theip air eolas a thabhairt faoi ceart achomharc
- nó athbhreithniú a dhéanamh
Má aontaímid gur goilleadh ort go diúltach de dheasca míriaracháin agus mura bhfuil céim éigin tugtha ag FSS nó ag an soláthraí seirbhíse é seo a chur ina cheart, is féidir linn moladh a thabhairt dóibh é sin a dhéanamh.
Sa mholadh a dhéanaimid, d'fhéadfaimis iarradh ar FSS nó ar sholáthraí seirbhíse eile:
- athbhreithniú a dhéanamh ar a bhfuil déanta acu
- an bhreith a rinneadar a athrú nó
- sásamh iomchuí a thairiscint, mar a bheadh lena n-áirítear
An féidir liom gearán a dhéanamh leis an Ombudsman maidir le gach rud a bhaineann le Sláinte agus Seirbhísí Sóisialta Pearsanta?
Ní féidir, tá nithe ann agus ní féidir leis an Ombudsman breithniú orthu. Ina measc siúd :
Cúram Sláinte Príobháideach
Ní féidir leis an Ombudsman breithniú ar:
- gníomhartha na gcleachtóirí príobháideacha ar nós fiaclóirí, súllianna
- agus cógaiseoirí nó
- gearáin a bhaineann le cúram sláinte príobháideach.
Breithiúnas Cliniciúil
Ní féidir leis an Ombudsman breithniú ar ghníomhartha a bhaineann le breithiúnas cliniciúil (díognóis nó cinntí maidir le cóireáil) na ngairmeach míochaine.
Fostaíocht
Ní féidir leis an Ombudsman breithniú ar ghníomhartha a bhaineann:
- le hearcaíocht
- le pá agus coinníollacha fostaíochta nó
- le ceisteanna bainteach fostaíocht nó le conarthaí eile
Chomh mhaith le sin
Ní féidir leis an Ombudsman breithniú ar ghearáin i gcás:
- má tá ceart achomhairc reachtúil ann cheana féin chun cúirte, chun binse neamhspleách nó chun chomhlacht achomhairc - ach ar chúinsí áirithe is féidir leis an Ombudsman an riail seo ar chur i leataobh
- má tá, nó má bhí, an gearán ina chás dlí os comhair na gcúirteanna
Cathain is ceart dom gearán a dhéanamh leis an Ombudsman?
Sula gcuirfidh tú gearán chuig an Ombudsman ba cheart duit iarracht a dhéanamh ar cheisteanna a réiteach le FSS nó leis an soláthraí seirbhíse áirithe agus na modhanna chun gearáin atá ag FSS féin a úsáid.
Bíonn Oifi geach Gearán ag FSS agus ag na soláthraithe seirbhíse, ceaptha faoi Acht na Sláinte 2004. Déanfaidh an tOifi geach sin do ghearán a scrúdú agus seolfar freagra i scríbhinn chugat laistigh de thréimhse réamhráite. Cuirfidh an tOifigeach Gearán in iúl duit maidir leis gceart atá agat aithbhreithniú inmhéanach a lorg ó Oifigeach Athbreithnithe na FSS nó le gearán a sheoladh díreach a dhéanamh leis an Ombudsman.
Ná dearmad aon chomhfhreagras a bhíonn faighte agat ón FSS nó ón soláthraí seirbhíse áirithe a chur leis an ngearán.
Ba cheart duit do ghearán a chur chuig an Ombudsman laistigh de 12 mhí ón
- ón gníomh a ndearnadh gearán faoi nó
- ón dáta a rinne Oifigeach Gearán nó Oifigeach Athbhreithnithe an FSS an Cinneadh
Cén fhaid a thógfaidh sé ar an Ombudsman chun déileáil le mo ghearán?
Athróidh an tréimhse a thógfaidh sé le cinneadh a dhéanamh ó chás amháin go dtí cás eile, ag brath ar cé chomh casta a bhíonn gach cás. Déanfaidh muid gach iarracht chun tú a choimeád ar an eolas faoi cad atá ag tarlú.
Cad a chosnóidh sé orm gearán a dhéanamh leis an Ombudsman?
Dada - níl costas ar bith ar sheirbhísí an Ombudsman.
Conas a dhéanaim gearán a dhéanamh leis an Ombudsman?
Is féidir leat scríobh nó glaoch isteach go dtí:
Oifig an Ombudsman,
18, Sráid Líosain Íochtarach,
Baile Átha Cliath 2.
D02 HE97
Teileafón: LóGhlaoch 1890 223 030 nó 01 639 5600
Ríomhphost: ombudsman@ombudsman.gov.ie
Online: www.ombudsman.ie
Chomh mhaith le sin is féidir leat gearán a dhéanamh ar ár bhfoirm
gearáin ar líne: www.ombudsman.ie
An bhfuil cead ag duine eile gearán a dhéanamh chuig an Ombudsman thar mo cheann?
Tá cead, ar choinníoll gur le cead uaitse agus le do thoil atá said á dhéanamh. Freisin, is féidir leatsa gearán thar cheann duine eile más lena gcead agus lena dtoil siúd atá tusa á dhéanamh.
Sheirbhísí Inrochtana
Má tá míchumas ort agus tú i bpráinn cabhrach ó sheirbhísí an Ombudsman, ba cheart duit teagmháil linn agus socrú a dhéanamh chun labhairt leis an Oifigeach Rochtana.