Sonraí maidir le taifid a iarradh faoin Acht um SF.

Ní bhaineann an tAcht um SF leis an réimse iomlán taifead atá ag Oifig an Ombudsman. Faoi Alt 46(1)(c)(iii) den Acht um SF, tá taifid a bhaineann le imscrúdú nó scrúdú arna dhéanamh ag an Ombudsman faoin Acht Ombudsman, 1980 eisiata ó fhorálacha an Achta um SF. Tá taifid eile – mar shampla taifid a bhaineann le riaradh na hOifige, le cúrsaí pearsanta, nó teagmhálacha ginearálta le comhlachtaí poiblí – ar fáil faoin Acht um SF (faoi réir na bhforálacha caighdeánacha san Acht sin).

Ranguithe Taifead

Is féidir an réimse iomlán taifead atá in Oifig an Ombudsman a rangú sna catagóirí leathana seo a leanas (go dosheachanta, tá roinnt forluí sna catagóirí seo):

Taifid Riaracháin Inmheánacha

  • Taifid Phearsanra
  • Taifid a bhaineann le hoiliúint foirne
  • Taifid Airgeadais/Chuntais na hOifige
  • Clár Sócmhainní
  • Taifid ar threoirlínte agus ciorcláin Státseirbhíse/Seirbhíse Poiblí
  • Taifid ar chomhfhreagras leis an Roinn Airgeadais agus le Ranna/Oifigí eile i gcomhar lena bhfeidhmeanna reachtúla, agus eile
  • Leabharlann Thagartha
  • Bunachair shonraí thagartha ríomhairithe
  • Taifid ar ghearáin atá faoi dhlínse an Ombudsman
  • Taifid ar ghearáin nach bhfuil faoi dhlínse an Ombudsman
  • Taifid ar fhiosruithe ginearálta ón bpobal, agus comhfhreagras leis an bpobal
  • Taifid a bhaineann le preas, poiblíocht agus caidreamh poiblí
  • Taifid ar chur i láthair agus cainteanna oideachasúla ag an Ombudsman/bhfoireann ag comhdhálacha, seimineáir, scoileanna etc.
  • Taifid a bhaineann le Tuarascáil Bhliantúil an Ombudsman
  • Taifid a bhaineann le foilsiú tuairiscí imscrúdaithe agus achoimrithe cáis
  • Taifid ar Chruinnithe Bainistíochta agus taifid eile lena mbaineann
  • Taifid a bhaineann le forbairt bheartais, lena n-áirítear Plean Bainistíochta Straitéiseach na hOifige
  • Cumarsáidí ríomhphoist inmheánacha, a bhaineann le gnó oifigiúil, agus a stóráiltear ar ríomhairí pearsanta



Beartas

  • Taifid ar chainteanna leis an Roinn Airgeadais le Ranna eile maidir le cúrsaí beartais
  • Taifid ar chainteanna le hoifigí Ombudsman i riaracháin eile maidir le cúrsaí beartais
  • Taifid a bhaineann le forfheidhmiú Plean Bainistíochta Straitéiseach na hOifige
  • Taifid a bhaineann le forfheidhmiú beartas na hOifige maidir le gearáin a láimhseáil trí Ghaeilge.



Reachtaíocht agus Nithe lena mBaineann

  • Taifid ar chainteanna le Ranna nó comhlachtaí eile a bhaineann le feidhmiú an Achta Ombudsman, 1980
  • Taifid a bhaineann leis an leasú beartaithe leis an Acht Ombudsman
  • Taifid ar thuairimí a lorg Ranna Rialtais maidir le dréachtreachtaíocht agus ar shaincheisteanna eile e.g. forfheidhmiú Treoracha AE
  • Ciorcláin/Treoirlínte a d’eisigh comhlachtaí poiblí i ndáil lena réimsí gníomhaíochta féin e.g. ciorcláin a d’eisigh an Roinn Comhshaoil, Oidhreachta agus Rialtais Áitiúil i ndáil le gníomhaíochtaí údaráis áitiúla.



Treoracha/Treoirlínte don Fhoireann

  • nósanna imeachta um láimhseáil ghearáin
  • socruithe idirchaidrimh leis na comhlachtaí sa sainchúram
  • treoirlínte maidir le hachomhairc in aghaidh chinneadh na hOifige ar chásanna a láimhseáil
  • treoirlínte maidir le déileáil leis an bpobal
  • cód cleachtais d’fháiltiú

Iarratais ar fhaisnéis faoin Acht

Faoin Acht um SF, tá duine ar bith i dteideal iarratas a dhéanamh ar rochtain ar fhaisnéis nach bhfuil ar fáil go poiblí in aon áit eile. Go ginearálta, tá sé de cheart ag gach duine:

  1. rochtain a fháil ar thaifid atá ag an Oifig
  2. faisnéis phearsanta a bhaineann leo féin atá ag an Oifig a cheartú má bhíonn sé míchruinn, neamhiomlán nó míthreorach
  3. rochtain a fháil ar na cúiseanna go ndearnadh an Oifig cinntí a raibh tionchar díreach acu ar an duine.

Ach, mar a míníodh thuas, tá na cearta seo srianta i gcás Oifig an Ombudsman sa mhéid is nach n-áirítear taifid a bhaineann leis an imscrúdú nó iniúchadh ar ghearáin ag an Ombudsman i scóip an Achta um SF, de bhua Ailt 46 den Acht sin.

Agus na srianta seo á gcur san áireamh, tagann na taifid seo a leanas, atá in Oifig an Ombudsman, faoi scóip an Achta:

  • gach taifead a bhaineann le faisnéis phearsanta atá ag an Oifig, is cuma cén uair a cruthaíodh iad
  • gach taifead eile a cruthaíodh tar éis an dáta tosaigh i.e. an 21 Aibreán 1998
  • aon taifead eile a theastaíonn chun tuiscint a fháil ar thaifead atá ar fáil faoin Acht um SF
  • taifid phearsanra, fad is gur cruthaíodh iad tar éis trí bliana ó thús an Achta, i.e. an 21 Aibreán 1995; ní bheidh taifid phearsanra a cruthaíodh roimh an dáta sin ar fáil ach i gcás go leanfar ag brath orthu ar bhealach a bhfuil tionchar ábhartha acu ar an ábhar


Aithneoidh an Oifig iarratas laistigh de choicís agus tabharfar freagra laistigh de cheithre sheachtain Tabharfar cúnamh réasúnach do dhaoine chun a n-iarratais a chur le chéile ar bhealach chun an taifead ar leith atá á lorg a aithint. Cuirfear iarrthóirí ar an eolas go haonarach faoina gceart chun athbhreithniú a lorg ar aon chinneadh a dhéantar faoin Acht. Ba cheart iarrataí faoi n Acht um SF a dhéanamh le:

Ceann na Seirbhísí Corparáideacha,
Oifig an Ombudsman,
18 Sráid Líosain
Baile Átha Cliath 2.

Facs: 01-6610570
Teil: 01-6785222
ríomhphost: ombudsman@ombudsman.irlgov.ie

Ba cheart iarratais SF a dhéanamh i scríbhinn lena n-áirítear ríomhphost agus, d’fhonn aon mhearbhall a sheachaint, ba cheart a thabhairt le fios go bhfuil an t-iarratas á dhéanamh faoin Acht um SF. Má tá foirm inmhianaithe inar cheart an fhaisnéis a chur ar fáil, e.g. fótachóip, diosca ríomhaire, ba cheart é seo a lua san iarratas. Ba cheart d’iarrthóirí a mhéid sonraí agus is féidir a thabhairt chun an taifead atá á lorg a aithint. Má tá aon deacracht an taifead a aithint, cuideoidh foireann na hOifige chun an t-iarratas a réiteach


Táillí

D’fhéadfaí táillí a ghearradh mar seo a leanas:

  • i ndáil le taifid phearsanta, ní bheidh aon táille i dtaobh costas na dtaifead a chóipeáil, seachas má tá líon mór taifead i gceist;
  • i ndáil le faisnéis (neamhphearsanta) eile, d’fhéadfaí táillí a ghearradh i ndáil leis an am a caitheadh chun na taifid a aimsiú agus a chóipeáil go héifeachtúil, bunaithe ar ráta caighdeánach in aghaidh na huaire, le forordú ag an Aire Airgeadais.


Ní bheidh aon táille i bhfeidhm i ndáil leis an am a chaitheann comhlachtaí poiblí ag breith iarratas.

D’fhéadfaí éarlais a bheith iníoctha i gcás go bhfuil an táille iomlán níos mó ná £40. Sna cúinsí seo, caithfidh an comhlacht poiblí, má iarrtar sin, cuidiú le ball an phobail an t-iarratas a leasú ionas go laghdófar nó go ndíbreofar méid na héarlaise.

D’fhéadfaí táillí a tharscaoileadh sna cúinsí seo a leanas:

  • i gcás go mbeadh costas bailithe agus cuntasaíochta na táille níos mó ná an táille:
  • i gcás go mbeadh an fhaisnéis ina chúnamh ar leith le tuiscint a fháil ar shaincheist a bhfuil tábhacht náisiúnta leis; nó,
  • i gcás faisnéise pearsanta, i gcás nach mbeadh na táillí sin réasúnach agus aird chuí ar acmhainní an iarrthóra.



Cearta Athbhreithnithe agus Achomhairc

Folaíonn an tAcht um SF ceart athbhreithnithe, agus dá éis, ceart achomhairc, i gcás go ndiúltaítear iarratas nó nach mbronntar ach cuid den iarratas. Tá ceart athbhreithnithe agus achomhairc chomh maith i gcás gur cuireadh rochtain siar, nó i ndáil le leibhéal na dtáillí a gearradh, nó i ndáil leis an bhfoirm ina bhfuil an t-iarratas á shásamh e.g. is mian leis an iarrthóir an fhaisnéis a fháil a dhiosca ríomhaire agus go gcinneann an comhlacht é a chur ar fáil trí fhótachóip ina ionad sin. Leagtar amach thíos sonraí na meicníochta athbhreithnithe/achomhairc, i ndáil le hOifig an Ombudsman.

Tig leat athbhreithniú inmheánach a lorg ar an gcinneadh tosaigh, a dhéanfaidh oifigeach ag leibhéal níos airde:

  1. mura bhfuil tú sásta leis an athbhreithniú tosaigh i.e. diúltú iarratais, foirm rochtana, táillí, nó
  2. mura bhfuil freagrach faighte agat laistigh de cheithre sheachtain ó d’iarratas tosaigh (meastar gur diúltú ar an iarratas é seo agus ceadaíonn sé duit dul ar aghaidh chuig athbhreithniú inmheánach).

Ba cheart iarrataí ar athbhreithnithe inmheánacha a dhéanamh i scríbhinn, le: Ceann na Seirbhísí Corparáideacha, seoladh agus uimhir ghutháin thuas, a chinnteoidh go ndéanann oifigeach níos sinsearaí ná an chéad oifigigh cinntitheach an t-athbhreithniú.

Ní mór iarratas ar athbhreithniú inmheánach a dhéanamh laistigh de cheithre sheachtain ón gcinneadh tosaigh. Caithfidh an Oifig athbhreithniú inmheánach a dhéanamh ansin laistigh de thrí sheachtain.

Sa ghnáthchúrsa, d’fhéadfadh cinntí a thugann comhlacht poiblí ag céim an athbhreithnithe inmheánaigh a bheith faoi réir tuilleadh athbhreithnithe ag an gCoimisinéir Faisnéise. Ach, ní féidir achomharc a dhéanamh ar chinntí SF an Ombudsman leis an gCoimisinéir, i gcás go bhfuil an tOmbudsman ina Choimisinéir Faisnéise chomh maith. Ina áit sin, is féidir achomharc a dhéanamh ar na cinntí sin chuig an Ard-Chúirt. Caithfear achomharc a dhéanamh leis an Ard-Chúirt laistigh d’ocht seachtain ón gcinneadh ar athbhreithniú inmheánach.