Faisnéis atá ar fáil gan leas a bhaint as an Acht

Cosúil le formhór na gcomhlachtaí poiblí, cuireann Oifig an Ombudsman faisnéis i ndáil lena feidhmeanna agus a gníomhaíochtaí ar fáil don phobal. Leanfar ar aghaidh ag cur na faisnéise seo ar fáil go neamhfhoirmiúil gan ghá an tAcht um SF a úsáid. Tá líon suntasach faisnéise den chineál seo ar fáil ó Oifig an Ombudsman:

  • Cuireann an tOmbudsman Tuarascáil Bhliantúil chuig an Oireachtas maidir lena g(h)níomhaíochtaí i rith na bliana. Tá an tuarascáil seo ar fáil ón Oifig Dhíolta Foilseachán Rialtais agus is féidir teacht orthu chomh maith ar shuíomh gréasáin na hOifige ag www.ombudsman.gov.ie. Tá an Tuarascáil Bhliantúil ar fáil chomh maith trí Leabharlanna Contae agus Ionaid Eolais do Shaoránaigh. Cuirtear ar fáil do na meáin náisiúnta agus chúigeacha í nuair a chuirtear faoi bhráid an Oireachtais í.
  • Cuireann an tOmbudsman tuarascálacha eile ar fáil ó am go ham (feic liosta in Aguisín 1), mar aon le hachoimre ar chásanna agus tuairiscí iniúchta, atá ar fáil don phobal.
  • Foilsítear Bileoga Eolais agus seachadtar ar an bpobal iad ar roinnt bealaí.
  • Labhraíonn an tOmbudsman agus a f(h)oireann go minic le comhlachtaí deonacha agus pobail, tugann siad cuairteanna ar scoileanna agus ar asraonta eile ina gcuirtear faisnéis ar obair na hOifige ar fáil.
  • Tugtar faisnéis maidir leis an Oifig, a riaradh, struchtúr, réimsí freagrachta agus an bealach le gearán a dhéanamh ar an suíomh gréasáin. Anuas air sin, tá achoimre ann ar théacs an Achta Ombudsman, óráidí, preaseisiúintí agus roinnt foilseachán lena n-áirítear Tuarascálacha Bliantúla.
  • Cuirtear faisnéis ar an Oifig ar fáil chomh maith dóibh siúd a dhéanann fiosrúchán díreach, bíodh sé duine le duine, i scríbhinn, ar an teileafón, trí ríomhphost nó ar líne.
  • Scéim bheartas na Gaeilge na hOifige (faoi alt 11 d’Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003) ar an suíomh gréasáin chomh maith


Tá treoirlínte don fhoireann curtha ar fáil ag an Oifig chomh maith maidir le nósanna imeachta le déileáil le gearáin lena n-áirítear socruithe idirchaidrimh leis na comhlachtaí a thagann laistigh de dhlínse an Ombudsman. Foilsítear iad seo de réir riachtanas Alt 16 den Acht um Shaoráil Faisnéise, 1997.