Folaíonn an tAcht Ombudsman, 1980 do bhunú Oifig an Ombudsman agus leagtar amach ann na nósanna imeachta agus na coinníollacha chun Ombudsman a cheapadh. Déantar cur síos san Acht chomh maith ar chumhachtaí an Ombudsman maidir le himscrúdú agus iniúchadh ar ghearáin agus sainmhínítear a c(h)aidreamh tuairiscithe leis an Dáil agus an Seanad.
Gnéithe suntasacha den Acht Ombudsman, 1980
Seo a leanas na gnéithe is suntasaí den Acht:
Ceapachán
Is é an tUachtarán a cheapann an tOmbudsman nuair a ritear rún ó dhá Theach an Oireachtais a mholann an duine lena mbaineann.
Briseadh as Oifig
Bíonn an tOmbudsman in Oifig ar feadh tréimhse sé bliana.
D’fhéadfadh an tUachtarán é/í a scaoileadh óna oifig/hoifig ar a iarratas féin. D’fhéadfadh an tUachtarán é/í a bhriseadh as oifig i gcás mhí-iompair shonraithe, éagumais nó féimheachta agus an uair sin caithfear réitigh a rith i dTithe an Oireachtais.
Caithfidh sé/sí an oifig a fhágáil nuair a shroicheann sé/sí 67 bliain d’aois.
Neamhspleáchas
Tá an tOmbudsman neamhspleách i bhfeidhmíocht a fheidhmeanna.
Imscrúdú
Tig leis an Ombudsman, as a stuaim féin nó i gcás go ndéantar gearán leis/léi, imscrúdú a dhéanamh i gcás, tar éis réamhscrúdú a dhéanamh ar an gceist, go bhfeictear dó/di:
- go raibh tionchar diúltach ag an ngníomh ar dhuine, agus
- go raibh an gníomh nó go bhféadfadh an gníomh a bheith:
- déanta gan údarás cuí
- déanta ar chúinsí míchuí
- mar thoradh ar neamart nó míchúram
- bunaithe ar eolas mícheart nó neamhiomlán
- ag déanamh idirdhealú go míchuí
- bunaithe ar chleachtas riaracháin neamh-inmhianta
- i gcoinne dea-riarachán nó riarachán ceart
Réamhscrúdú
Tá dhá chuspóir leis an réamhscrúdú:
- lena fháil amach ar bhealach tapa agus neamhfhoirmiúil an bhfuil imscrúdú foirmiúil (agus níos mionsonraithe) ag teastáil, agus
- le réiteach gearán a chumasú leis an laghad foirmiúlachta agus is féidir, go háirithe i gcásanna simplí.
Reáchtáil Imscrúduithe
Caithfear imscrúduithe a dhéanamh go príobháideach. Socróidh an tOmbudsman nós imeachta don imscrúdú a mheasann sé a bheith cuí. Agus imscrúdú nó réamhscrúdú á dhéanamh, tig leis an Ombudsman páipéir chuí a iarradh agus na daoine cuí a ghairm le teacht os a c(h)omhair.
Torthaí agus Tuarascálacha
Níl sé de chumhacht ag an Ombudsman ach moltaí a dhéanamh; níl a t(h)orthaí ceangailteach. Nuair a dhéanann an tOmbudsman imscrúdú caithfidh sé/sí torthaí an imscrúdaithe a chur in iúl don ghearánaí. Caithfidh an tOmbudsman a léiriú chomh maith cén chaoi ar fhreagair an comhlacht a ndearnadh an gearán ina leith le haon mholadh a rinne sé/sí. I gcás go measann an tOmbudsman nach bhfuil an freagra le moladh sásúil, tig leis/léi tuairisc speisialta a dhéanamh ar an gceist chuig an Oireachtas.
Sula ndéanann an tOmbudsman toradh nó critic atá diúltach d’aon duine nó comhlacht, caithfidh sé/sí deis a thabhairt don duine nó comhlacht lena mbaineann an cheist a chíoradh agus ionadaíocht a dhéanamh leis/léi i ndáil leis.
Caithfidh an tOmbudsman tuarascáil bhliantúil a sholáthar chuig Tithe an Oireachtais maidir lena f(h)eidhmeanna.
Scóip
Nuair a bunaíodh an Oifig, ní fhéadfadh an tOmbudsman ach imscrúdú a dhéanamh ar gníomhaíochtaí Ranna agus Oifigí Rialtais láir. Rinne an Rialtas Ordú ina dhiaidh sin a thug údaráis áitiúla, boird sláinte, Telecom Éireann (Eircom anois) agus an Post faoi shainchúram an Ombudsman, le héifeacht ón 1 Aibreán 1985. Nuair a tháinig an tAcht Seirbhísí Poist agus Teileachumarsáide (Leasú), 1999 i bhfeidhm ón 15 Iúil, 1999, níorbh chomhlacht poiblí a bhí in Telecom Éireann a thuilleadh agus ón dáta sin, níl sé laistigh de dhlínse an Ombudsman.
Le héifeacht ón 31 Nollaig 2005, síníodh dlínse an Ombudsman san tAcht um Míchumas 2005 chuig gearáin maidir le teipeanna chun rochtain a sholáthar de réir riachtanais an Achta sin. Anuas air sin, tá oibleagáid ar roinnt ranna rialtais pleananna earnálacha a réiteach, ina dtabharfar faisnéis maidir leis na bearta a dearadh chun seirbhísí a sheachadadh do dhaoine faoi mhíchumas mar a bheartaítear san Acht, laistigh d’amfhrámaí sonraithe. Tig leis an Ombudsman gearáin sa réimse seo a scrúdú chomh maith. Baineann dlínse an Ombudsman le gach comhlacht faoi réir an Achta um Míchumas (os cionn 500) i ndáil le gearáin faoi inrochtaineacht seirbhísí agus pleananna earnálacha.
Tá cásanna mar seo a leanas taobh amuigh de dhlínse an Ombudsman:
- i gcás go bhfuil, nó go raibh, an cheist os comhair na gcúirteanna
- i gcás go bhfuil ceart reachtúil ag an duine achomharc a dhéanamh leis na cúirteanna
- i gcás go ndéantar gearán leis an Ombudsman i ndáil leis an ngníomh, mura ndéantar an gearán laistigh de 12 mhí ó am an ghnímh nó ón am a raibh an duine a bhfuil an gearán á dhéanamh acu feasach ar an ngníomh, pé acu atá níos déanaí
- i gcás go bhfuil ceart achomhairc le comhlacht achomhairc neamhspleách (sa chás seo, mar aon leis na trí fhoráil roimhe seo, tá rogha ag an Ombudsman glacadh le gearán “i gcás gur cuí sin a dhéanamh de bharr imthosca speisialta”)
- má bhaineann sé le hearcaíocht nó téarmaí nó coinníollacha fostaíochta
- má bhaineann sé le riaradh dlí a bhaineann le heachtrannaigh nó eadóirseacht
- má bhaineann sé le pardún nó loghadh téarmaí príosúin nó pionóis Chúirte eile
- má bhaineann sé le riaradh príosún
- má bhaineann sé le gníomhaíochtaí an Gharda Síochána
- má bhaineann sé le téarmaí nó coinníollacha conartha do sheirbhísí nó má bhíonn tionchar aige orthu
- má bhaineann sé le téarmaí nó coinníollacha ar a bhfuil pinsin, aiscí nó sochair aoisliúntais eile iníoctha nó má bhíonn tionchar aige orthu
- i gcás go mbaineann an gníomh le slándáil náisiúnta nó gur gníomh de chuid Óglaigh na hÉireann atá ann.
- i gcás go ndéantar an gníomh roimh thús an Achta (is é sin an 7 Iúil 1983). Tá gníomhartha den chineál sin taobh amuigh de dhlínse an Ombudsman seachas iad siúd a thógtar i ndáil le hinárachas agus teidlíocht le leas faoi na hAchtanna Leasa Shóisialaigh.
Amhail Eanáir 2007, tháinig nós imeachta um gearáin reachtúla i bhfeidhm d’Fheidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte (HSE), de réir fhorálacha an Achta Sláinte 2004. Baineann an nós imeachta nua um gearáin reachtúla le gníomhaíochtaí an HSE, agus soláthraithe seirbhíse a bhfuil conarthaí acu leis an HSE, chun seirbhísí sláinte agus sóisialta pearsanta a chur ar fáil. Is féidir gearáin a scrúdaítear faoin nós imeachta seo, nach réitítear, a chur faoi bhráid Oifig an Ombudsman ansin lena mbreith. Tá dhá chéim i nós imeachta um gearáin an HSE; féadfaidh gearánaithe gearán a dhéanamh leis an Ombudsman tar éis na chéad chéime nó na dara céime.
Toradh amháin atá ar thabhairt isteach córas gearán an HSE is each go dtagann gach comhlacht a sholáthraíonn seirbhísí sláinte nó sóisialta pearsanta anois thar ceann an HSE faoi shainchúram Oifig an Ombudsman. Tá na hospidéil mhóra phoiblí dheonacha i measc na gcomhlachtaí seo.
D’fhoilsigh an Rialtas Bille chun an tAcht Ombudsman, 1980 a leasú. Is é príomhchuspóir an Bhille, an raon comhlachtaí atá faoi réir imscrúdaithe ag an Ombudsman a leathnú. Go háirithe, táthar ag súil go dtiocfaidh coistí gairmoideachais, ollscoileanna agus institiúidí tríú leibhéil agus roinnt comhlachtaí stáit neamhthráchtála (cosúil le FÁS agus Teagasc) faoi shainchúram an Ombudsman tar éis an leasaithe bheartaithe leis an Acht Ombudsman.