Chuir comhartha páirceála mearbhall ar lánúin le naíonán nuabheirthe
Cúlra
Satharn amháin i mí Feabhra 2012 d’fhreastail lánúin ar an Ospidéal Náisiúnta Máithreachais, Sráid Holles, Baile Átha Cliath lena leanbh nuabheirthe le haghaidh trialacha. Sa mhéid nach raibh aon pháirceáil ar Shráid Holles, pháirceáil siad ag barr Shráid Grattan, atá cóngarach do Shráid Holles. Rinne siad iarracht íoc as an bpáirceáil ag an t-aon mhéadar, go bhfios dóibh, ar Shráid Grattan. Níor ghlac an méadar sin lena mboinn airgid. Dar leis an bhfógra ar an méadar ba ó “Luan-Aoine” an pháirceáil íoctha. Dar leis an gcomhartha ar Shráid Grattan, ámh, bhí an pháirceáil íoctha i bhfeidhm “Luan-Sath”. Níor íoc an lánúin as an bpáirceáil sa mhéid go raibh siad den tuairim go raibh an fógra ar an méadar ceart mar gurb í sin an áit ina rabhthas ag súil go n-íocfaí an táille.
Nuair a d’fhill siad chuig an gcarr bhí sé clampáilte. D’íoc siad an fhíneáil chun an clampa a bhaint mar gur theastaigh uathu filleadh ar an mbaile leis an leanbh nuabheirthe. Dar leo nuair a tháinig oifigeach na Comhairle chun an clampa a bhaint sheiceáil sé an méadar agus dúirt go raibh sé máchaileach. Dúirt sé go logálfadh sé an mháchail agus mhol sé an fhíneáil a achomharc. Rinne na gearánaigh an fhíneáil a achomharc ach diúltaíodh don achomharc sin. Bhí siad míshásta le cinneadh na Comhairle agus chuir siad gearán faoi bhráid m’Oifige.
Imscrúdú
Luaigh an Chomhairle go ndearna siad an cheist a atreorú chuig Oifigeach Achomhairc Páirceála tar éis dóibh litir an Ombudsman a fháil le go ndéanfaí iniúchadh breise ar an scéal. Mhol an tOifigeach Achomhairc go n-aisíocfaí an táille a íocadh chun an clampa a bhaint
Toradh
D’aisíoc an Chomhairle an muirear leis an lánúin agus ghabh leithscéal leo as an mhíchaoithiúlacht. Dar leis an gComhairle, bhí an t-eolas ar an méadar páirceála ar Shráid Grattan mícheart agus athraíodh é ó shin chun go mbeadh sé ag teacht lena bhfuil scríofa ar an gcomhartha ar an tsráid.