Baile  /  Foilseacháin  /  Tuarascálacha Imscrúdaithe  /  Ranna Rialtais & Comhlachtaí Poiblí Eile  /  Too Old to be Equal? – Imscrúdú Leantach
 

Cinntí

Tar éis di imscrúdú a dhéanamh faoi alt 4 den Acht Ombudsman 1980, iad seo a leanas cinntí an Ombudsman:

  1. Go bhfuil a cinneadh, a rinne sí ar dtús in Too Old to be Equal?, fós i bhfeidhm : “go bhfuil an scéim Liúntais Soghluaisteachta, ina comhdhéanamh reatha, ag sárú an Achta um Stádas Comhionann 2000 sa mhéid go n-áiríonn an scéim uasteorainn aoise, agus ní féidir seasamh leis an uasteorainn aoise sin ar aon bhonn a chuirfeadh an scéim ag comhlíonadh an Achta um Stádas Comhionann”. Tá an tOmbudsman den tuairim go bhfuil an sárú seo ar na hAchtanna um Stádas Comhionann idirdhealaitheach go míchuí, bunaithe ar chleachtas míshásúil agus contrártha le riarachán cothrom nó iontaofa.
  2. Go bhfuil teip na Roinne a tiomantas a chomhlíonadh, ó thaobh moladh an Ombudsman ina tuarascáil Too Old to be Equal? a chur i bhfeidhm de,  bunaithe ar chleachtas míshásúil chomh maith le bheith contrártha le riarachán cothrom nó iontaofa.
  3. Go ndearnadh dochar don chúigear gearánach atá i gceist trí dhiúltú dá n-iarratais Liúntas Soghluaisteachta a fháil agus go bhfuil na diúltuithe céanna tar éis teacht ó iontaoibh FSS ar choinníoll scéime (an uasteorainn aoise) atá idirdhealaitheach go míchuí, curtha i bhfeidhm gan údarás ceart agus contrártha le riarachán cothrom agus iontaofa.