Baile  /  Foilseacháin  /  Tuarascálacha Imscrúdaithe  /  Feidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte  /  Glas Béil a Chur ar an Ombudsman?
 

Imscrúdú Bunaidh

Scríobh mé chuig FSS ar an 23 Iúil 2008 chun torthaí an imscrúdaithe a bhí díreach críochnaithe a chur in iúl, imscrúdú a d’eascair as gearáin a bhí déanta ina coinne ag dhá ghníomhaireacht a sholáthair seirbhísí caomhnóra ad litem.  Déanann caomhnóirí ad litem ionadaíocht ar leasanna mionaoiseach atá páirteach in imeachtaí cúirte agus ceapann na cúirteanna iad faoin Acht um Chúram Leanaí 1991; is faoi FSS atá sé a dtáillí a íoc, seachas faoi na cúirteanna.  Bhain na gearáin le socruithe íocaíochta idir FSS agus na gníomhaireachtaí. Rinne na gníomhaireachtaí gearán go raibh dhá cheann de na hiarbhoird sláinte (FSS anois) ag íoc na gcaomhnóirí ag rátaí nach raibh comhaontaithe agus, nuair nár éirigh leo teacht ar chomhaontú faoi na rátaí seo, gur mhainnigh FSS na cásanna a tharchur chuig na cúirteanna ionas go ndéanfaí na costais  “a thomhas nó a fhómhas”.  An rud atá tábhachtach anseo ná nach féidir ach le FSS cásanna a tharchur chuig na cúirteanna [faoi alt 26(2) den Acht um Chúram Leanaí 1991], ionas go ndéanfaí costais chaomhnóra “a thomhas nó a fhómhas”; ní raibh sé de cheart ag na gníomhaireachtaí an díospóid táillí a tharchur chuig na cúirteanna.

Gnáth-imscrúdú a bhí ann go bunúsach, agus sa ghnáthchúrsa ní thabharfaí mórán airde air.  Baineann mo chinntí leis an mbealach inar oibrigh FSS, nó inar mhainnigh sí oibriú leis na gníomhaireachtaí ar mhaithe leis an díospóid faoi tháillí a réiteach.    Cháin mé FSS, go mór mór toisc gur mhainnigh sí na saincheisteanna costais a tharchur chuig na cúirteanna ábhartha ionas go ndéanfaí iad a “a thomhas nó a fhómhas” nuair nach bhféadfadh na gníomhaireachtaí na saincheisteanna a tharchur chuig na cúirteanna agus nuair nár thángthas ar réiteach le linn na hidirbheartaíochta.

Leanadh gnáthchleachtas i m’Oifig agus na gearáin seo á n-imscrúdú. Áiríodh air seo sraith teagmhálacha le FSS, dréacht den tuarascáil ar an imscrúdú a sholáthar agus deis ann tuairim a thabhairt ar na cinntí beartaithe agus, tar éis breathnú go cúramach ar fhreagairt FSS ar an dréacht-tuarascáil (féach ar Aguisín 1 (pdf 217kb)), an tuarascáil i dteannta a cinntí agus a moltaí a thabhairt chun críche. Ní bhaineann an sonra seo leis an scéal ach sa mhéid is go gcruthaíonn sé go raibh neart deiseanna ag FSS, le linn thréimhse fhada 12 mhí an imscrúdaithe aon ábhair imní dhlíthiúla nó dhlínsiúla a d’fhéadfadh a bheith aici a ardú. Níor thug sí aon ábhair imní den chineál sin ar aird i gcaitheamh na tréimhse fada sin.

Sa chás seo, dhiúltaigh FSS cinntí agus moltaí mo thuarascála ar an imscrúdú a ghlacadh agus tá sonraí breise faoi seo leagtha amach thíos. I ndiaidh an diúltaithe seo, áfach, rinne FSS iarracht go toiliúil, de réir cosúlachta, foilsiú na tuarascála ar an imscrúdú a chosc. Rinneadh mífhaisnéis ar ábhair agus impleachtaí na tuarascála san fheachtas seo agus anuas air seo tionscnaíodh imeachtaí cúirte a rith ar feadh 7 mí sular scrios an chúirt amach iad ar deireadh.