Baile  /  Foilseacháin  /  Tuarascálacha Imscrúdaithe  /  Feidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte  /  Glas Béil a Chur ar an Ombudsman?
 

Iarrachtaí Chun Cúrsaí a Réiteach

Ag féachaint do chinneadh FSS diúltú do mo mholtaí agus do mo chinntí, bhí sé i gceist agam an toradh seo a thuairisciú don Oireachtas. Toisc nach minic a thuairiscítear don Oireachtas ar an mbealach sin, ba mhór do m’Oifig féin agus do FSS cúrsaí a réiteach gan dul chuig an Oireachtas.  Eagraíodh cruinniú trí bhealach, le cúnamh ón Roinn Leanaí & Sláinte, ina raibh FSS, an Roinn agus m’Oifig féin páirteach don 31 Deireadh Fómhair 2008. Baineadh an-leas as an gcruinniú seo, inar bhfacthas do m’Oifig gurbh é an chloch ba mhó ar phaidrín FSS, de réir cosúlachta, ná cinneadh amháin de chuid mo thuarascála. Ba éard a bhí sa chinneadh seo, i dtéarmaí ginearálta, ná go raibh FSS, agus cur chuige ar leith á ghlacadh aici i leith ceist íocaíochtaí na gcaomhnóirí, ag “gníomhú ar shlí, nach gcabhródh, go fadtéarmach, le sláinte agus leas na leanaí is leochailí inár sochaí a fheabhsú, a chur chun cinn ná a chosaint”.

Bhí an cuma ar an scéal go raibh imní ar FSS go bhféadfaí breathnú ar an gcinneadh ginearálta seo lasmuigh den chomhthéacs sin agus é a fhorléiriú mar chinneadh ina dtugtar le tuiscint nach raibh FSS ag comhlíonadh, ar bhealach bunúsach, a hoibleagáidí reachtúla chun leanaí i mbaol a chosaint agus nach raibh sí ag gníomhú ar mhaithe le leas leanaí trí chéile.    Chuir FSS in iúl go mb’fhéidir go bhféadfadh sí glacadh le mo chinntí agus mo mholtaí dá mbeadh soiléiriú éigin i scríbhinn ann ar a raibh i gceist leis seo. Ba é an toradh ar an gcruinniú ná gur comhaontaíodh ar theagmháil bhreise a dhéanamh ar mhaithe le leagan focal a chomhaontú a shoiléireodh nach tuairim ghinearálta an cinneadh sin, ach tuairim a tugadh i gcomhthéacs sonrach na socruithe íocaíochta le caomhnóirí ad litim. 

Is ábhar iontais é, nár ardaigh taobh FSS aon cheann de na deich “bhfadhb” dlí a bhí sainaitheanta ag a haturnaetha ag an gcruinniú sin; agus anuas air sin, nár ardaigh sí go díreach aon saincheist dlí eile. Ba léir do m’Oifig go raibh an phríomhchúis le diúltú FSS don tuarascáil bunaithe ar an gcinneadh áirithe thuasluaite.  Déanann FSS agóid in aghaidh an chuntais seo ar an gcruinniú.

Bhí roinnt teagmhálacha ag m’Oifig le FSS, sa choicís tar éis an chruinnithe seo, maidir le leagan focal a chuirfeadh FSS ar a suaimhneas faoin gcinneadh iomardaithe. Mar thoradh ar na teagmhálacha seo, chomhaontaigh m’Oifig ráiteas a áireamh in aon fhoilseachán den tuarascáil ar an imscrúdú ina shoiléireofaí an chiall a bhí leis an gcinneadh áirithe sin. Mar a tharlaíonn sé, táim breá sásta an soiléiriú seo a thabhairt ag an bpointe seo agus an tuarascáil bhunaidh ar an imscrúdú á foilsiú anois. Is mar seo a leanas atá an fhoclaíocht chomhaontaithe, a dhréachtaigh FSS:

“Táim sásta na tráchtanna seo a shoiléiriú agus, go sonrach, a rá nach é mo chinneadh é go ndearna FSS (i dteannta a chéile ná trí aon bhall foirne ar leith) leas aon linbh ar leith ná leas leanaí trí chéile a chur i gcontúirt go toiliúil. Ní hé mo chinneadh ach an oiread é gur mhainnigh FSS aon cheann dá príomhfheidhmeanna reachtúla maidir le leas leanaí a chomhlíonadh. Ina áit sin, ba chóir go dtuigfí mo thráchtanna i gcomhthéacs m’imscrúdaithe ar na gearáin a fuair mé maidir le hoibriú an chórais chaomhnóirí ad litem."