Tuarascáil - Clár
Brollach
Tá tuarascáil an imscrúdaithe seo bunaithe ar bhreis agus 1,000 gearán faoi leith a rinneadh ó 1985 i leith thar ceann daoine scothaosta nach raibh in ann cúram fadtéarmach i dteach altranais a fháil óna mboird sláinte (FSS). Ó ba rud é nár chuir na boird sláinte (FSS) cúram ar fáil dóibh ní raibh an dara rogha acu ach cúram a fháil i dtithe altranais príobháideacha. Bíodh is go bhfuair a lán díobh tacaíocht áirithe ón Stát i leith an chúraim phríobháidigh níor leor í. Dúirt a lán de na gearánaigh go raibh fadhbanna ábhalmhóra airgid agus eile ag an duine scothaosta agus ag an teaghlach níos leithne toisc go riabh orthu cúram príobháideach a fháil, fiú má bhí cúnamh an Stáit acu.
Ba é an cur chuige a bhí agam san imscrúdú seo ná cur síos a dhéanamh ar na deacrachtaí a bhí ag na teaghlaigh lena mbaineann sé, iarracht a dhéanamh a fháil amach cad é an dlí maidir le ceart chun cúram fadtéarmach agus cur síos a dhéanamh ar an gcaoi ina raibh gníomhaireachtaí an Stáit (an Roinn Sláinte agus Leanaí agus FSS) ag plé leis an bhfadhb.
Chuir mó réamhtheachtaí, Kevin Murphy, tuarascáil dar teideal Nursing Home Subventions faoi bhráid na Dála agus an tSeanaid deich mbliana ó shin. Tharraing an tuarascáil aird an phobail agus bhí díospóireacht spéisiúil san Oireachtas dá barr. Tugadh geall mar chuid den fhreagra ag an am, sa mhéid is a d’fhéadfadh sé nach raibh teidlíochtaí dlíthiúla daoine scothaosta i leith cúraim tí altranais soiléir, go gcuirfí reachtaíocht ar fáil i dtreo nach mbeadh aon amhras ar dhaoine faoin scéal. Nuair a thosaigh mé ag obair ar an tuarascáil seo i Lúnasa 2009 ní raibh aon athrú tagtha ar na cúrsaí sin. Go deimhin bhí gearáin á bhfáil agam in 2009 faoi rochtain ar chúram tí altranais nach raibh aon difríocht eatarthu agus na cinn a fuair Kevin Murphy in 2000 nó a fuair a réamhtheachtaí-san Michael Mills chomh fada siar le 1985. Réitíodh cuid de na gearáin sin ar a n-imthosca féin chun sástacht na ngearánach. Níorbh fhéidir an formhór acu a réiteach, áfach, toisc go raibh difríocht bhunúsach idir dearcadh m’Oifigse ar thaobh amháin agus dearcadh na mbord sláinte (FSS) agus na Roinne Sláinte agus Leanaí ar an taobh eile maidir le léirmhíniú ceart na reachtaíochta a bhain leo.
Ní tuarascáil í seo, áfach, nach ndéanann ach súil siar a thabhairt ar chúrsaí. Ceist an-ábhartha i gcónaí í an cheist faoin gceart atá ag daoine cúram tí altranais a bheith curtha ar fáil dóibh ag an Stát. Tháinig athrú éigin ar an scéal nuair a tugadh feidhm don Acht fán Scéim um Thacaíocht Tithe Banaltrais 2009 (an scéim “Fair Deal” mar a tugadh uirthi) ach tá ceisteanna bunúsacha ann i gcónaí faoi ról an Stáit agus cearta an phobail sa réimse seo. Tá iarracht déanta sa tuarascáil seo na ceisteanna sin a fhreagairt. Scrúdaítear inti freisin cad a d’fhéadfaí a dhéanamh anois - i bhfianaise na ndeacrachtaí airgeadais agus eacnamaíochta reatha - chun cabhrú le daoine a d’fhulaing cruatan toisc nach raibh siad in ann cúram fadtéarmach tí altranais a fháil óna mboird sláinte (FSS).
Tá rogha déanta ag cuid de na daoine sin caingne dlí a thionscnamh in aghaidh an Stáit. Faoi mar a dtugtar cuntas orthu sa tuarascáil, tá breis agus 300 cás os comhair na hArd-Chúirte faoi láthair ina bhfuil daoine ag iarradh cúiteamh a fháil as na costais a thabhaigh siad ó bhí orthu cúram a fháil i dtithe altranais príobháideacha agus (faoi mar a mhaíonn na gearánaigh) gur chóir don bhord sláinte (FSS) an cúram sin a chur ar fáil. Ag an am céanna is cúis imní do a lán daoine faoi láthair gur cosúil go bhfuil an Stát ag cúlú ó chúram tí altranais a sholáthar go díreach do dhaoine scothaosta.
Chuir an Roinn Sláinte agus Leanaí agus FSS laincis orm agus mé i mbun m’imscrúduithe trí dhiúltú a lán den fhaisnéis agus den doiciméadacht a bhí ag teastáil uaim a sholáthar. Ar an dea-uair, bhí go leor faisnéise ar fáil ó fhoinsí eile le cur ar mo chumas an t-imscrúdú a chríochnú go sásúil. Rud an-suntasach is ea an chaoi ar dhiúltaigh an Roinn Sláinte agus Leanaí agus FSS comhoibriú go hiomlán liom agus pléitear an diúltú sin sa tuarascáil.
Táim ag cur na tuarascála seo faoi bhráid na Dála agus an tSeanaid faoi réir alt 6(7) den Acht Ombudsman, 1980.
Emily O'Reilly
Ombudsman
Samhain 2010