An Gearán
Thar thréimhse cúig bliana ó Lúnasa 2000 go dtí mí na Samhna 2005, rinne lánúin pósta agus a gcomharsana roinnt gearán le Comhairle Contae na Mí maidir le forbairt neamhúdaraithe in aice lena dteach, go háirithe maidir le seid a tógadh go luath in 1998, a mhaígh siad a bhí á húsáid chun cuspóirí tráchtála. Líomhain siad gur theip ar an gComhairle gníomh forfheidhmiúcháin cuí a ghlacadh maidir leis an tseid i rith na tréimhse sin. Ar deireadh, i mí na Nollag 2005, mhaígh an Chomhairle go raibh cosc uirthi ó thaobh an dlí gníomh forfheidhmiúcháin a ghlacadh faoin Acht um Pleanáil agus Forbairt, 2000 (Acht 2000) ós rud é go raibh sé os cionn seacht mbliana ón uair a tógadh an tseid.
Scríobh na gearánaigh agus a gcomharsana an-chuid litreacha agus bhí siad i dteagmháil leis an gComhairle ar bhealaí eile maidir leis an ábhar ach is cosúil nár glacadh aon ghníomh i gcoinne an fhorbróra. An 14 Iúil 2006, rinne na gearánaithe gearán le m’Oifig gur theip ar an gComhairle gníomh forfheidhmiúcháin a ghlacadh.