Fuair m’Oifig gearáin ina líomhnaítear go mbaineann éagothroime agus míchothroime le riarachán na scéime um tharscaoileadh dramhaíola arna hoibriú ag údarás áitiúil ar leith. Bhí mé den dearcadh tar éis breithniú a dhéanamh ar na gearáin agus ar na saincheisteanna a d’ardaigh na gearánaigh chomh maith le dearcadh an údaráis áitiúil lena mbaineann, nár dhóigh gurbh údar imní don údarás áitiúil ar leith sin amháin a bhí ann agus go n-ardófaí saincheisteanna cosúla le húdaráis áitiúla eile. Chinn mé dá bhrí sin imscrúdú ginearálta a dhéanamh ar oibriú na scéimeanna um tharscaoileadh in údaráis áitiúla.
Baineann an tuarascáil imscrúdaithe seo go príomha le béim a leagan ar éagothroime agus ar mhíchothroime i riarachán na scéimeanna seo agus díríodh aird ar leith ar an drochéifeacht a bhíonn ag an éagothroime agus an mhíchothroime sa riarachán ar dhaoine aonair. Leagaim béim sna moltaí a dhéanaim ar obair sa bhreis is gá d’údaráis áitiúla agus don Roinn Comhshaoil, Oidhreachta agus Rialtais Áitiúil a dhéanamh. Chuige sin ní thugtar aghaidh sa tuarascáil seo ar cheapadh ná ar fhorfheidhmiú scéime um tharscaoileadh, cibé ar bhonn náisiúnta nó áitiúil.
Is ardú croí dom gur fháiltigh An Roinn Comhshaoil, Oidhreachta agus Rialtais Áitiúil, ar thug mé réamhchóip den tuarascáil di, roimh an tuarascáil agus gur ghlac an Roinn leis gur gá an creat rialála atá i bhfeidhm faoi láthair a nuachóiriú. Dheimhnigh an Roinn liom chomh maith go mbreithneofar an tuarascáil agus na moltaí a rinne mé go hiomlán i gcomhthéacs an athbhreithnithe leanúnaigh ar rialú na hearnála iomláine um bainistiú dramhaíola.
Cumhachtaí agus Dlínse an Ombudsman
Leagtar amach mo chumhachtaí agus mo dhlínse, i m’Ombudsman dom, san Acht Ombudsman 1980 (arna leasú). Is iondúil nach ndéanaim imscrúdú ar ghearán mura gcomhlíontar critéir shonracha ar leith. De ghnáth beidh gearánach ann a líomhnóidh go ndearna gníomh comhlachta phoiblí arna liostú san Acht Ombudsman 1980 mar chomhlacht a bheidh faoi réir ag imscrúdú ón Ombudsman dochar dó nó di.
Ní mór go bhfeicfí domsa, tar éis réamhscrúdú a dhéanamh ar chás, go ndearna nó go mb’fhéidir go ndearna an gníomh faoina ndearnadh gearán dochar don ghearánach agus gur bhain drochriarachán leis an ngníomh. Leagtar raon ceannteideal amach maidir leis sin in Alt 4 den Acht Ombudsman 1980 a chabhraíonn chun cibé an raibh nó nach raibh drochriarachán i gceist a chinneadh. Ní mór dom a chinneadh cibé, maidir leis an ngníomh a ndearnadh gearán faoi -
- go ndearnadh nó go mb’fhéidir go ndearnadh é gan údarás cuí,
- go ndearnadh nó go mb’fhéidir go ndearnadh é ar fhoras neamhábhartha,
- gur neamart nó neamh-aire nó go mb’fhéidir gur neamart nó neamh-aire ba chúis leis,
- go raibh sé nó go mb’fhéidir go raibh sé bunaithe ar eolas earráideach nó easpach,
- go raibh sé nó go mb’fhéidir go raibh sé idirdhealaitheach go míchuí,
- go raibh sé nó go mb’fhéidir go raibh sé bunaithe ar chleachtas riaracháin míchuibhiúil, nó
- go raibh sé nó go mb’fhéidir go raibh sé thairis sin contrártha do riaradh cóir nó fónta.
Ina theannta sin tá sé de chumhacht agam faoi Alt 4(3)(b) den Acht imscrúdú a dhéanamh, ar mo chonlán féin, gan gearán sonrach a bheith faighte, i gcás go bhfeictear gur cheart imscrúdú den sórt a dhéanamh.
Chinn mé sa chás seo, d’ainneoin nach bhfuil gearáin faighte agam ach faoi aon údarás áitiúil amháin, mo chumhachtaí faoi Alt 4(3)(b) a úsáid chun imscrúdú a dhéanamh ar ghnéithe áirithe de riarachán na scéimeanna um tharscaoileadh in údaráis áitiúla eile d’fhonn béim a leagan ar na fadhbanna a ardaítear, ar an drochéifeacht a bhíonn acu ar dhaoine aonair agus d’fhonn fionnachtana agus moltaí a dhéanamh.
Emily Ní Raghallaigh
An tOmbudsman
Deireadh Fómhair 2008