Peirspictíocht dlí – Feidhmeanna Bailithe Dramhaíola na nÚdarás Áitiúil
Is iad an Chreat-Treoir Dramhaíola an AE 1975 agus Treoir an AE maidir le Líonadh Talún 1992 an bonn atá faoi chóras reatha na hÉireann don bhainistiú dramhaíola. Trasuíodh na Treoracha seo i ndlí na hÉireann trí bhíthin reachtaíocht phríomhúil lena n-áirítear an tAcht um Bainistiú Dramhaíola 1996 agus an tAcht um Chaomhnú an Chomhshaoil 2003.
Tá raon leathan d’fheidhmeanna ag údaráis áitiúla i ndáil le bailiú dramhaíola faoi réim an Achta um Bainistiú Dramhaíola 1996 (arna leasú). Forálann Alt 33 den Acht go mbaileoidh nó go ndéanfaidh gach údarás áitiúil socruithe chun dramhaíl a bhailiú laistigh dá limistéar feidhme (“each local authority shall collect, or arrange for the collection of waste within its functional area.”).. Is féidir le gach údarás áitiúil a chinneadh cé a sholáthróidh an tseirbhís bhailithe dramhaíola ina limistéar féin agus bailítear dramhaíl i líon áirithe de bhealaí éagsúla faoi láthair:
- bailíonn an t-údarás áitiúil an dramhaíl,
- tugann an t-údarás áitiúil an tseirbhís bhailithe ar conradh d’oibreoir príobháideach (oibreoirí príobháideacha) a bhailíonn an dramhaíl thar a cheann,
- bailíonn oibreoir príobháideach dramhaíola (arna phríobháidiú go hiomlán) an dramhaíl.
Ní mór do na hoibreoirí príobháideacha go léir ar mian leo dramhaíl a bhailiú ceadúnas bailithe dramhaíola a fháil i dtús báire. Faoin Acht um Bainistiú Dramhaíola roinneadh an tír i réigiúin um bailiú dramhaíola agus tá údarás áitiúil amháin i ngach réigiún freagrach as ceadúnais a bhronnadh ar oibreoirí príobháideacha laistigh dá réigiún.
Leasaigh Alt 52 den Acht um Chaomhnú an Chomhshaoil 2003 an tAcht um Bainistiú Dramhaíola 1996 chun foráil a dhéanamh chun muirir dhramhaíola a ghearradh agus chun na muirir go léir nó cuid de na muirir a tharscaoileadh ar fhorais cruatan airgeadais mar seo a leanas:
“75.- (1) A local authority may make a charge in respect of the provision of any waste service by, or on behalf of, that authority....
(3) A local authority may, if it is satisfied that it is appropriate so to do on grounds of personal hardship, waive all or portion of a charge made by it under subsection (1).”
Ní luaitear ní ar bith sa reachtaíocht um Bainistiú Dramhaíola, áfach, i ndáil le muirir a bheith á ngearradh nó á dtarscaoileadh ag oibreoirí príobháideacha dramhaíola.
Dar leis an Roinn Comhshaoil, Oidhreachta agus Rialtais Áitiúil (an Roinn) tá sé de chumhacht ag údarás áitiúil comhshocruithe ábhartha a dhéanamh leis an earnáil phríobháideach chun muirir dhramhaíola a tharscaoileadh i gcás nach é an soláthraí seirbhíse é (Léigh Aguisín 9 den tuarascáil seo). Tugtar faoi deara áfach i mbreithiúnas na hArd-Chúirte a tugadh i mí an Mheithimh 2005 nach bhfuil údarás áitiúil i dteideal tríú páirtí a íoc i gcomhair scéim tarscaoilte – is éard atá sé i dteideal a dhéanamh muirear a ghearrann sé ar sheirbhís a sholáthraíonn sé nó a sholáthraítear thar ceann an údaráis áitiúil a tharscaoileadh (Mr Binman Ltd v Comhairle Cathrach Luimnigh).
Feidhmiúchán faoi réim fhorálacha Alt 75(8) den Acht um Bainistiú Dramhaíola 1996 (arna leasú) is ea muirear a ghearradh i ndáil le soláthar seirbhís dramhaíola agus soláthar scéime um tharscaoileadh dramhaíola.