Roinnt réiteach a moladh
D’aithin An tSeirbhís Bhuiséadta agus Chomhairle Airgid roinnt blianta ó shin go raibh muirir bhailithe bruscair ar cheann de na cúiseanna féichiúnais a bhí ag roinnt dá gcliant. D’ullmhaigh an Ghníomhaireacht do Chomhrac na Bochtaine ar ordú ó MABS tuarascáil “Muirir Bhailithe Dramhaíola agus Teaghlaigh ar Ioncam Íseal” sa bhliain 2003. Cuireadh béim sa tuarascáil seo ar an ngá a bhí le cur chuige comhréireach chun iarratas a dhéanamh ar chomhshocruithe tarscaoilte maidir le muirir bhailithe dramhaíola do theaghlaigh ar ioncam íseal. Moladh sa tuarascáil go dtabharfaí isteach scéim náisiúnta um tharscaoileadh lena riar ag údaráis áitiúla a mbeadh feidhm aici maidir leis na hoibreoirí bailithe dramhaíola go léir (idir phoiblí agus phríobháideach). Moladh go ndréachtódh An Roinn Comhshaoil, Oidhreachta agus Rialtais Áitiúil Treoirlínte i gcomhar leis an Roinn Gnóthaí Sóisialacha agus Teaghlaigh, leis an nGníomhaireacht do Chomhrac na Bochtaine, le MABS agus le hionadaithe as an earnáil phobail agus dheonach. Cuireadh an tuarascáil faoi bhráid na Roinne Gnóthaí Sóisialacha agus Teaghlaigh agus na Roinne Comhshaoil, Oidhreachta agus Rialtais Áitiúil chun moltaí na tuarascála a bhreithniú.
Sholáthair an Ghníomhaireacht do Chomhrac na Bochtaine tuarascáil eile sa bhliain 2005 “Córas um Tharscaoileadh a Fhorfheidhmiú: Treoirlínte d’Údaráis Áitiúla”. Leagadh béim sa tuarascáil sin ar líon áirithe de shaincheisteanna lena n-áirítear go háirithe:
- An trasnaíl a bhíonn idir na beartais chomhshaoil agus na beartais shóisialta go minic;
- Gur gá na beartais go léir a phromhadh ó thaobh na bochtaineachta de ag céim an dearaidh agus an fhorfheidhmithe araon;
- An líon méadaitheach de sheirbhísí poiblí atá á bpríobháidiú agus mar gheall air sin na fadhbanna a bhíonn ag na daoine siúd nach mbíonn in acmhainn íoc astu.
Áiríodh sraith de threoirlínte molta sa Tuarascáil agus a bhí le húsáid ag údaráis áitiúla ar fud na tíre chun struchtúr a chur faoi na córais chun muirir a ghearradh ar bhailiú dramhaíola, lena n-áirítear scéimeanna um tharscaoileadh. Moladh sa tuarascáil go dtabharfaí isteach múnla uilíoch um tharscaoileadh a shásódh na treoirlínte ar bhonn náisiúnta agus cuireadh na treoirlínte chun cinn mar mhodh chun comhsheasmhacht a bhaint amach i gceantair na n-údarás áitiúil sa ghearrthéarma. Aithníodh trí rogha den sórt agus rinneadh anailís orthu sa tuarascáil – córas creidmheasa cánach a d’fhorfheidhmeofaí go náisiúnta tríd an gcóras reatha cánach; córas a d’fheidhmeofaí go háitiúil a bheadh le forfheidhmiú ag na húdaráis áitiúla; agus scéim náisiúnta um tharscaoileadh a chuirfí i bhfeidhm tríd an gcóras leasa shóisialaigh.
Cinneadh sa tuarascáil gurb é an córas um tharscaoileadh a d’fheidhmeofaí go háitiúil an múnla seachadta ab éifeachtaí agus gur chóir maoiniú láraithe na scéime um tharscaoileadh a bhreithniú agus deontais a thabhairt d’údaráis áitiúla lena hoibriú.
Tráchtaireachtaí ó Chumann Naomh Uinseann de Pól
Chuir Cumann Naomh Uinseann de Pól aighneacht faoi bhráid an imscrúduithe seo i ndáil le costais bhainistithe dramhaíola do theaghlaigh ar ioncam íseal mar fhreagra ar an tairiscint ó m’Oifig. Níl sé i gceist agam an aighneacht go léir a lua arís anseo ach tá tábhacht ar leith leis na tráchtaireachtaí seo a leanas a roghnaíodh. Tá an téacs iomlán in Aguisín 6 atá leis an tuarascáil seo.
"Tá imní ar Chumann Naomh Uinseann de Pól go bhfuil go leor teaghlach ar ioncam íseal i mbochtaineacht de bharr struchtúr na muirear dramhaíola ata i líon áirithe d’údaráis áitiúla. Tháinig arduithe suntasacha ar mhuirir dhramhaíola le blianta beaga anuas agus tá níos mó agus níos mó de na seirbhísí á soláthar ag soláthraithe as an earnáil phríobháideach arb í an éifeachtacht ó thaobh costais de seachas cosaint a thabhairt do theaghlaigh ar ioncam íseal ó ualach airgeadais nach gá an príomhúdar imní atá acu. Níl oibleagáid ar bith ar oibreoirí príobháideacha scéim um tharscaoileadh a sholáthar. Cinntear gnéithe oibriúcháin den bheartas bainistithe dramhaíola ar bhonn Rialtas áitiúil agus bíonn córais éagsúla i bhfeidhm i gcontaetha éagsúla dá thoradh.
Eascraíonn príomhfhadhbanna agus neamhréireanna as na córais reatha ‘Íoctar mar a Thruaillítear/ Íoctar de réir meáchain’ atá i bhfeidhm faoi láthair cé gur léir a dtairbhe ó thaobh an chomhshaoil de:
- gearrann roinnt de na húdaráis áitiúla muirear seasta (áirítear an tseirbhís athchúrsála leis an muirear sin) agus gearrtar costas breise ar bhailiú bruscair ar bith;
- ní ghearrann roinnt eile muirear seasta ar bith agus díolann siad málaí dramhaíola agus bíonn sé de rogha ag duine úsáid a bhaint as an tseirbhís athchúrsála agus íoc aisti sa bhreis ar an gcóras málaí;
- cé go bhfuil roinnt daoine a fhaigheann íocaíochtaí leasa shóisialaigh i dteideal tarscaoilte d’fhéadfadh nach mbeadh daoine eile i gcontae in aice láimhe – nó fiú in eastát in aice láimhe – ina theideal; agus
- is minic nach gcabhraíonn modhanna íocaíochtaí leis na nósanna buiséadaithe a bhíonn ag teaghlaigh ar ioncam íseal.
Cuireann Comhdhálacha Chumann Naomh Uinseann de Pól cabhair airgeadais ar fáil go háitiúil chun teacht i gcabhair ar an gcruatan arb í an easpa tacaíochta cuí maidir le muirir dhramhaíl teaghlaigh is cúis leis. Ba ghá do Chomhdháil SVP cabhair a thabhairt chun gairdíní cúil a ghlanadh agus bhí cuidiú le fáil uaithi chomh maith chun araidí eile a chur in áit araidí a goideadh. Is fiú a thabhairt faoi deara gur obair chrua í seo d’oibreoirí deonacha agus ní féidir leis an gcomhdháil cabhair a thabhairt feasta chun obair dhian fhisiceach den sórt a dhéanamh.
I gcás go mbeadh seanbhean shingil (pinsinéir) ag maireachtáil ina haonar in árasán agus dá leagfadh sí amach cúpla mála beag plaisteach (mar a bhíonn acu sna hollmhargaí) de dhramhaíl gach seachtain ghearrfaí an tsuim chéanna uirthi in aghaidh na bliana is a ghearrfaí ar a comharsana a bhféadfadh gur cúpla iad a mbeadh beirt leanaí acu agus a mbeadh íocaíocht leasa shóisialaigh á fáil acu nó a mbeadh duine amháin, ar a laghad, den bheirt ag obair.
Iarmhairtí an Chórais Reatha
Is léir don Chumann trí obair ár n-oibrithe deonacha na hiarmhairtí díreacha a mbíonn ar dhaoine aonair agus teaghlaigh dul i ngleic leo mar gheall ar an gcóras reatha. Áirítear orthu sin carnáin bhruscair a bheith i ngairdíní cúil na ndaoine agus imní faoi shláinte an phobail, contúirtí do leanaí, míshuaimhneas i measc na gcomharsan agus b’fhéidir iompar frithshóisialta fiú, a bheith mar thoradh orthu. Más gá muirir iomlána a íoc bíonn tionchar aige sin ar bhuiséid roghnacha eile an teaghlaigh cosúil le bia / éadach / siamsaíocht. Is fiú chomh maith taithí an Aonaid Dónna Míochaine a thaifeadadh sé sin go raibh ardú ar an líon dónna de bharr go rabhthas ag dó bruscar teaghlaigh.
San iarracht a rinne an Cumann réiteach a fháil ar na saincheisteanna seo d’íoc sé as costas scipeanna bruscair, costas tithe a fholmhú agus costas rialaithe míolra. Tá comhshocruithe déanta ag an gCumann go háitiúil le hÚdaráis Áitiúla agus le Bailitheoirí Príobháideacha Dramhaíola chomh maith.
Cruacheist an Bhailithe Phríobháidigh Dramhaíola
Baineann formhór na n-údarás áitiúil úsáid as an earnáil phríobháideach chun oiread áirithe de sheirbhísí bainistithe dramhaíola a sholáthar ina gcontaetha. Rialaíonn an rialtas áitiúil na cuideachtaí príobháideacha dramhaíola trí cheadúnais bhailithe dramhaíola. Ar bhotúnaí an tsaoil teipeann ar na ceadúnais bhailithe dramhaíola bonn éigeantach a chur faoi na nithe seo a leanas: gné ar bith den phraghsáil, den bheartas íocaíochta nó den chosaint tomhaltóra (i gcontrárthacht a bheag nó a mhór leis na gnéithe eile go léir a bhaineann le saincheist an bhainistithe dramhaíola). Mar thoradh díreach air sin creidimid nach dtugtar cineál ar bith de chosaint ioncaim do theaghlaigh atá níos boichte i bhformhór na gceantar ina bhfuil soláthar príobháideach. Tá an-imní ar SVP maidir leis na contaetha inar amhlaidh an cás faoi na baic a ghabhann le córas a bhunú a thabharfadh cosaint do theaghlaigh ar ioncam íseal agus a spreagfadh daoine chun a ndramhaíl teaghlaigh a laghdú.
Céard atá ag teastáil ó Chumann Naomh Uinseann de Pól
Creidimid gur chóir don Rialtas dóthain acmhainní a leithdháileadh chun córas comhsheasmhach a bhunú a bheadh i bhfeidhm ar fud na tíre agus a chabhródh le daoine ar ioncam íseal – na daoine siúd a fhaigheann íocaíochtaí leasa shóisialaigh agus na daoine siúd ar ioncaim ísle pá – leis na costais a bhíonn ar a ndramhaíl teaghlaigh. Creidimid gur féidir é sin a dhéanamh agus na teaghlaigh sin a spreagadh ag an am céanna chun athchúrsáil a dhéanamh nuair is féidir é."
Tráchtaireachtaí ó Dháil na Saoránach Sinsearach
Chuir Dáil na Saoránach Sinsearach aighneacht faoi bhráid an imscrúdaithe seo mar fhreagra ar an tairiscint ó m’Oifig. Níl sé i gceist agam an aighneacht go léir a lua arís anseo ach tá tábhacht ar leith leis na tráchtaireachtaí seo a leanas a roghnaíodh. Tá an téacs iomlán in Aguisín 7 atá leis an tuarascáil seo.
Tá go leor pinsinéirí i mbaol bochtaineachta faoi láthair. Bíonn leath de na pinsinéirí go léir ag brath go hiomlán ar an bpinsean stáit (An Phríomh-Oifig Staidrimh, 2007) agus súnn costais bhreise cosúil le costais dhramhaíola a n-ioncam iarbhír. Níl an córas cothrom ó tharla go bhfuil scéim um tharscaoileadh i bhfeidhm ag roinnt de na húdaráis áitiúla agus nach bhfuil ag cinn eile. Ní léir dúinn gurb ann do chúis inchosanta maidir leis an neamhréir seo ach amháin gurb amhlaidh gur ceapadh beartais neamh-chomhordaithe is cúis leis. Is é bun agus barr an scéil nár forbraíodh córas comhsheasmhach náisiúnta um tharscaoileadh ar bith. Mar sin tá daoine breacaosta i roinnt ceantar atá ag baint tairbhe as an tarscaoileadh ach tá go leor eile nach bhfuil ag baint tairbhe ar bith as.
Ní raibh scéim um tharscaoileadh i bhfeidhm ach ag díreach os cionn leath de na 34 údarás áitiúil a ndearnadh suirbhé orthu anuraidh maidir leis an tsaincheist seo. (De réir - O‘Callaghan-Platt and Davies A. (2006) ‘A Nationwide Review of Pay-By-Use (PBU) Domestic Waste Collection Charges in Ireland: Extensive Survey Findings (2005-WRM-MS-33) Tuarascáil Eatramhach Loch Garman: An Ghníomhaireacht do Chomhrac na Bochtaine)
I gcás go bhfeidhmítear scéim um tharscaoileadh ní úsáidtear bealaí comhsheasmhacha chun an tarscaoileadh a thomhas. Éilíonn roinnt de na húdaráis áitiúla go ndéanfadh daoine breacaosta iarratas ar tharscaoileadh, go ndéanfaí tástáil ó thaobh acmhainní de orthu nó go ndéanfaí an cás go bhfuil siad i gcruatan. Is iad na daoine breacaosta siúd is mó atá faoi mhíbhuntáiste na daoine nach dtugtar tarscaoileadh dóibh agus ar gá dóibh muirear mór bliantúil a íoc.
Is mian le Dáil na Saoránach Sinsearach dhá mholadh shimplí a chur faoi bhráid an Rialtais chun aghaidh a thabhairt ar an údar imní seo:
- Córas náisiúnta um tharscaoileadh a fhorfheidhmiú i gcomhair muirir dhramhaíola a chinnteodh go mbeadh na pinsinéirí go léir i dteideal tarscaoilte ó mhuirir dhramhaíola.
- Go mbeadh an tarscaoileadh seo ina chuid den phacáiste reatha sochair Theaghlaigh."
Tráchtaireachtaí ón Roinn Comhshaoil, Oidhreachta agus Rialtais Áitiúil (An Roinn)
Chuir an Roinn aighneacht faoi bhráid an imscrúdaithe seo mar fhreagra ar an tairiscint ó m’Oifig (léigh Aguisín 8). Níl sé i gceist agam an aighneacht go léir a lua arís anseo ach tá tábhacht ar leith leis na tráchtaireachtaí seo a leanas a roghnaíodh. Tá an téacs iomlán in Aguisín 9 atá leis an tuarascáil seo.
"Ba ghnách go soláthraítí na seirbhísí bainistithe dramhaíola go háitiúil agus go gcinntí comhshocruithe aonair go háitiúil agus go saincheaptaí iad de réir imthosca áitiúla. Léiríonn an creat reatha dlí arna chinneadh ag an Oireachtas amhlaidh. Faoi Alt 52 den Acht um Chaomhnú an Chomhshaoil 2003 is faoin údarás áitiúil iomchuí muirir um bainistiú dramhaíola agus scéim ghaolmhar um tharscaoileadh ar bith a chinneadh i gcás go soláthraíonn sé an tseirbhís. Ar an gcaoi chéanna más oibreoir príobháideach a sholáthraíonn an tseirbhís bhailithe is faoin oibreoir sin na muirir a chinneadh.
...maidir le scéimeanna um tharscaoileadh i ndáil leis na muirir sin is faoin údarás áitiúil lena mbaineann cineál agus méid scéime ar bith den sórt a chinneadh i gcás gurb é an t-údarás a sholáthraíonn na seirbhísí. I ngnáthfhocail ní fheidhmítear scéimeanna um tharscaoileadh i ndáil le seirbhísí bailithe a sholáthraítear go príobháideach. Is ann do chomhairle dlí lena ndearbhaítear nach ndéantar foráil ó thaobh an dlí de do scéim den sórt in imthosca gurb í an earnáil phríobháideach a chuireann an tseirbhís ar fáil. I gcás, áfach, go dtagann údarás áitiúil ar chomhshocrú le hoibreoir príobháideach chun seirbhís a sholáthar do theaghlaigh ar leith is féidir feidhm a bheith ag scéim um tharscaoileadh.
D’iarr an Roinn ar údaráis áitiúla dul i mbun cainteanna le bailitheoirí dramhaíl tráchtála chun aontú ar chomhshocruithe chun cabhrú le teaghlaigh ar ioncam íseal trí mhodhanna íocaíochta a bheadh mar mhalairt ar chnapshuim bhliantúil a thairiscint.
I gcomhthéacs níos forleithne ardaíodh saincheist na muirear dramhaíola agus daoine/teaghlaigh ar ioncam íseal i gcomhthéacs na Comhpháirtíochta Sóisialta. Rinne an earnáil phobail agus an earnáil dheonach an argóint nach gcaitear go cothrom le teaghlaigh ar ioncam íseal i gceantair ina gcuireann bailitheoirí príobháideacha dramhaíola seirbhísí ar fáil i gcomparáid leis na teaghlaigh siúd a fhaigheann tarscaoileadh ó údaráis áitiúla; nach gcaitear go cothrom leo ach oiread i gcomparáid le teaghlaigh ar ioncam níos airde sna ceantair chéanna ó tharla go bhféadfadh na teaghlaigh ar ioncam níos airde leas a bhaint as faoiseamh cánach ar a muirir dhramhaíola; agus gur cruatan dáiríre a bhíonn mar thoradh air i gcásanna ar leith.
Tionóladh sraith cainteanna idir an Roinn agus An Roinn Gnóthaí Sóisialacha agus Teaghlaigh mar gheall ar na saincheisteanna a ardaíodh. Ní fhéadfaí áfach, meicníocht a aimsiú chun aghaidh a thabhairt ar na saincheisteanna a ardaíodh trí bhíthin an chórais leasa shóisialaigh.
Ardaíodh na saincheisteanna a bhaineann le hoibriú na scéimeanna um tharscaoileadh i gceantair áirithe thar cheantair eile arís eile i dtuarascáil na Gníomhaireachta do Chomhrac na Bochtaine. Admhaítear go hiomlán sa tuarascáil lárnacht an phrionsabail ‘íoctar mar a thruaillítear’ agus gur chóir go mbeadh dreasachtaí ann ionas go gcoinneodh na teaghlaigh go léir smacht ar an dramhaíl a ghineann siad agus go mbainfí a mhéid úsáide is ab fhéidir é as athchúrsáil...
Breathnaíonn na húdair tríd is tríd ar mhúnlaí féideartha chun córas um tharscaoileadh a bheadh níos cothromasaí go náisiúnta, mar is léir dóibhsean, a sholáthar agus bíonn siad ar aon fhocal, a bheag nó a mhór, faoi cheann amháin...Ar deireadh thiar taobhaítear sa tuarascáil le córas a bheadh bunaithe go háitiúil seachas le córas leasa shóisialaigh.
Bhreithnigh Dáil Éireann ceist na scéimeanna um tharscaoileadh i mí Feabhra 2005 i gcomhthéacs rúin nár glacadh agus inar glaodh go dtabharfaí isteach Scéim Náisiúnta um Tharscaoileadh.
Tá sé i gceist leis an athrú go dtí muirir bunaithe ar úsáid a tharla le blianta beaga anuas cúiteamh a dhéanamh leis na daoine siúd is lú a ghineann dramhaíl agus leis na daoine siúd is mó a bhíonn i mbun athchúrsála. Feilfidh an mheicníocht bheacht chun muirir a ghearradh in aon cheantar ar leith sa deireadh thiar d’imthosca áitiúla, do chostais áitiúla agus don teicneolaíocht a bheidh ar fáil.
Maidir le muirir den sórt a tharscaoileadh, tá sé de chumhacht ag gach údarás áitiúil aonair scéim um tharscaoileadh a dhéanamh i gcás gurb eisean an soláthraí seirbhíse nó comhshocruithe ábhartha a dhéanamh leis an earnáil phríobháideach nuair nach eisean an soláthraí seirbhíse. Ar an mbealach seo féadfar réitigh áitiúla a shaincheapadh bunaithe ar imthosca áitiúla agus an prionsabal fóirdheonaithe a chur i bhfeidhm go cuí. Ba chóir, go hidéalach, go léireodh comhshocrú ar bith den sórt an prionsabal ‘íoctar mar a thruaillítear’ agus go mbeadh dreasacht ann maidir le dramhaíl a athchúrsáil d’ainneoin nárbh amhlaidh an cás san am atá caite.
Sa ghnáthchleachtas is iondúil go mbíonn scéimeanna um tharscaoileadh ar fáil i gcás gurb é an t-údarás áitiúil é féin a sholáthraíonn an tseirbhís. I gcás gur bailitheoirí príobháideacha a sholáthraíonn na seirbhísí tá sé de chumhacht ag údaráis áitiúla, faoi na forálacha atá i bhfeidhm faoi láthair, comhshocruithe speisialta a dhéanamh i gcás cruatain má mheasann siadsan gur gá sin. Déanann roinnt de na húdaráis áitiúla amhlaidh más ar scála an-teoranta féin é.
Is ann d’fhorbairt bhreise amháin a bhaineann leis an tsaincheist seo. Táthar tar éis comhairliúchán poiblí a thabhairt chun críche faoi shaincheisteanna maidir le rialú foriomlán na hearnála um bainistiú dramhaíola. Glaodh ar pháirtithe leasmhara agus ar an bpobal i gcoitinne aighneachtaí a dhéanamh ar cibé ar ghá rialtóir don earnáil, cén múnla rialtóra ab fheiliúnaí agus céard iad na cumhachtaí ba chóir a thabhairt do rialtóir ar bith den sórt. Aithníodh an chumhacht oibleagáid seirbhíse poiblí a leagan i measc na gcumhachtaí féideartha. Gné rialaithe í seo atá i bhfeidhm i roinnt earnálacha eile agus tá d’éifeacht léi go gceanglaítear ar chonraitheoirí tras-fhóirdheonú a fheidhmiú ionas gur féidir seirbhísí a chur ar fáil i gcás nach bhféadfaí iad a chur ar fáil seachas sin de bharr cúrsaí eacnamaíocha. Breithneofar na haighneachtaí éagsúla a fuarthas agus na saincheisteanna a ardaíodh a thuilleadh i gcomhthéacs an athbhreithnithe ar bhainistiú dramhaíola go ginearálta a ndéantar foráil dó i gclár beartais an Rialtais agus a thionscnófar go gairid.
Mar sin d’fhonn breac-chuntas a thabhairt ar an seasamh níor chleacht an Rialtas láir riamh nithe oibriúcháin i ndáil le bainistiú dramhaíola a chinneadh. Tá an tseirbhís um bainistiú dramhaíola ar cheann de na seirbhísí is sine arna soláthar ag údaráis áitiúla. Is é dearcadh an Rialtais gur chóir go ligfí d’údaráis áitiúla, agus iad ag obair de réir caighdeáin náisiúnta agus AE don chomhshaol, seirbhísí a shaincheapadh de réir riachtanais áitiúla agus go dtagann cur chuige áitiúil maidir le muirir a chinneadh, agus tarscaoileadh ar bith ar mhuirir den sórt, leis sin."
Tráchtaireachtaí ón Roinn Gnóthaí Sóisialacha agus Teaghlaigh (an Roinn)
Chuir an Roinn aighneacht faoi bhráid an imscrúdaithe seo mar fhreagra ar an tairiscint ó m’Oifig (léigh Aguisín 10). Níl sé i gceist agam an aighneacht go léir a lua sa tuarascáil seo ach tá tábhacht ar leith leis na míreanna seo a leanas a roghnaíodh. Tá an téacs iomlán in Aguisín 11 atá leis an tuarascáil seo.
"Is cinnte gur saincheist áitiúil í seo agus tá na cumhachtaí riachtanacha go léir ag údaráis áitiúla chun scéimeanna um tharscaoileadh a fheidhmiú ina gceantair féin. Le fírinne tá dea-scéimeanna um tharscaoileadh á n-oibriú ag roinnt de na húdaráis áitiúla cheana agus ní gá gurb iadsan na seirbhísí bailithe dramhaíola a sholáthraíonn an t-údarás áitiúil go díreach. Bíonn conraitheoirí príobháideacha páirteach i scéimeanna um tharscaoileadh i roinnt ceantar. Threisigh an tAire Ó Cuilinn an pointe seo le gairid i ndíospóireacht Dála ar an tsaincheist le gairid:
- “Tá na cumhachtaí riachtanacha go léir ag údaráis áitiúla chun scéimeanna um tharscaoileadh a fheidhmiú ina gceantair féin. Is ceist í ar chóir do na comhairleoirí áitiúla sna húdaráis áitiúla an cinneadh a dhéanamh fúithi. Is féidir leo é sin a dhéanamh trína bheith rannpháirteach sa phróiseas meastachán.”
Moladh go bhféadfadh an Roinn seo freagra a thabhairt ar shaincheist na muirear dramhaíola trí íocaíochtaí eisceachtúla riachtanas den scéim liúntais leasa forlíontaigh. D’fhéadfaí íocaíocht shingil a dhéanamh faoin scéim seo chun caiteachas riachtanach aon uaire eisceachtúil a íoc ar caiteachas é nach mbeifí ag súil leis le réasún go n-íocfadh duine as a ioncam nó as a hioncam seachtainiúil féin. Déantar na híocaíochtaí seo chun íoc as nithe cosúil le héadaí leapa nó gréithe cócaireachta do dhuine a bheadh i mbun tís den chéad uair nó as na costais a bhainfeadh le sochraidí, nó cuairt a thabhairt ar ghaolta in ospidéal nó i bpríosún. Níl sé i gceist go nglanfadh an scéim seo costas gnáthbhillí teaghlaigh.
Is í an Roinn seo atá freagrach as an bPacáiste Sochair Theaghlaigh (ar a nglaoití na Scéimeanna Saor in Aisce roimhe seo) a thugann cabhair d’fhaighteoirí lena gcostais gháis/leictreachais agus theileafóin agus le costas iomlán ceadúnais teilifíse a ghlanadh. Breithníodh an bhféadfaí an pacáiste seo a leathnú chun earraí eile a bheadh inmhianaithe ar bhonn sóisialta, ar a bhféadfaí muirir dhramhaíola a áireamh, a chlúdach. Míníodh san Athbhreithniú ar na Scéimeanna Saor in Aisce a rinneadh sa bhliain 2000 go bhféadfadh gníomhaireachtaí eile Stáit agus go fiú údaráis áitiúla scéimeanna comhchosúla dá gcuid féin a thabhairt isteach dá mba mhian leo – mar seo a leanas:
- “Cé go measann faighteoirí gur scéimeanna an-luachmhara iad na Scéimeanna Saor in Aisce bíonn brú seasmhach ann na scéimeanna seo a leathnú amach agus earraí eile a bheadh inmhianaithe ar bhonn sóisialta a thabhairt san áireamh iontu. Chuirfeadh scéimeanna nua ar bith leis an mbrú sin agus bhainfí acmhainní as réimsí eile mar shampla an ráta bunúsach íocaíochta a ardú. Ní hé sin le rá, áfach, nach bhféadfadh gníomhaireachtaí eile Stáit a scéimeanna féin a thionscnamh, mar shampla dá mbronnfadh Údaráis Áitiúla Ceadúnais Mhadraí Saor in Aisce mar chuid dá n-oibleagáidí sóisialta níos forleithne. Bronnann go leor cuideachtaí príobháideacha lamháltais ar phinsinéirí chun an úsáid a bhaintear as a ngnó a mhéadú agus bronntar na lamháltais chomh maith de bharr na n-aidhmeanna sóisialta a bhíonn ag cuideachtaí agus mar aitheantas ar a thábhachtaí agus a bhí a gcustaiméirí dóibh leis na blianta. Ní faoin Roinn Gnóthaí Sóisialacha, Pobail agus Teaghlaigh foráil a dhéanamh do na nithe caiteachais go léir a bheadh inmhianaithe ar bhonn sóisialta fiú i gcás go n-aontófaí ar na nithe caiteachais siúd a bheadh i gceist".
I gcás ar bith ní bheadh scéim náisiúnta leasa shóisialaigh chun aghaidh a thabhairt ar shaincheist na muirear dramhaíola indéanta de bharr an raoin leathain de chórais mhuirir agus de struchtúir chostais atá i bhfeidhm i ndáil le bainistiú dramhaíola ar fud an Stáit. Bheadh ar chóras ar bith a chuirfí i bhfeidhm chun cúnamh a thabhairt do dhaoine le muirir bhailithe dramhaíola na comhshocruithe éagsúla áitiúla a thabhairt san áireamh.
Mar a luaigh tú breithníodh na roghanna éagsúla de mhúnlaí chun muirir dhramhaíola a ghearradh i dtuarascáil na Gníomhaireachta do Chomhrac na Bochtaine... Cinneadh sa tuarascáil, i gcás go bhféadfaí cur chuige oiriúnach soláthair a fhorbairt, gurb é an córas tarscaoilte a d’fheidhmeofaí go háitiúil an múnla seachadta ab éifeachtaí agus aontaíonn an Roinn seo leis an mbreithniú sin.
Tionóladh sraith cainteanna idir oifigigh ón Roinn seo agus comhghleacaithe sa Roinn Comhshaoil, Oidhreachta agus Rialtais Áitiúil faoin tsaincheist seo. Tá an Roinn sin ar an eolas faoin seasamh atá againn."
Tráchtaireachtaí ó na húdaráis áitiúla
Mar chuid den cheistneoir iarradh ar údaráis áitiúla a dtuairimí a thabhairt maidir le cibé ar chóir dóibh tarscaoileadh a thabhairt do chustaiméirí oibreoirí príobháideacha. Tá siad seo a leanas ar chuid de na freagraí a fuarthas:
- ní fhéadfaí scéim a bhainistiú trína dtabharfaí tarscaoileadh do chustaiméirí oibreoirí príobháideacha;
- ní cóir go mbeadh baint ag údaráis áitiúla le scéimeanna um tharscaoileadh a bhaineann le bailiú príobháideach dramhaíola;
- laghdófaí seasamh iomaíoch an údaráis áitiúil dá leathnófaí scéim an údaráis áitiúil um tharscaoileadh chun custaiméirí oibreoirí príobháideacha a thabhairt san áireamh inti;
- dá mba rud é go leathnófaí an scéim um tharscaoileadh ar chustaiméirí oibreoirí príobháideacha d’ardófaí an muirear bliantúil a bheadh le híoc ag custaiméirí an údaráis áitiúil a íocann a muirir;
- bíonn seirbhís na Comhairle le fáil ag na teaghlaigh go léir sa chathair agus dá réir sin má roghnaíonn custaiméirí dul le hoibreoir éagsúil ní léir dúinne gur ghá an scéim um tharscaoileadh a leathnú ionas go mbeidís san áireamh ann;
- i gcás go ndéanfaí an bailiú a phríobháidiú níl bealach ar bith ann go bhféadfadh an Chomhairle cineál ar bith tarscaoilte a sholáthar, ní bheadh sé sin praiticiúil ná eacnamaíoch;
- ní fhaigheann an Chomhairle fóirdheontas ar bith ón Rialtas Láir chun scéim um tharscaoileadh a fhorfheidhmiú; chomh maith le dramhaíl teaghlaigh a bhailiú ó theach go teach feidhmíonn an Chomhairle Ionad Conláistí Cathartha ina nglactar le raon leathan de nithe dramhaíola saor in aisce ón bpobal, agus go leor Ionaid Beir Leat i gcomhair gloine, cannaí, seanéadaí agus araile. Ní sholáthraíonn oibreoir príobháideach ar bith seirbhísí breise ar bith den sórt. Is faoi na cuideachtaí príobháideacha lena mbaineann tarscaoileadh a thabhairt dá gcustaiméirí;
- dá mba rud é go n-aithneodh an Stát an scéim um tharscaoileadh agus nach dtabhódh an t-údarás áitiúil caillteanas ar bith (cosúil leis an Scéim Pas Taistil Saor in Aisce, Leictreachas Saor in Aisce) sa chás sin d’fhéadfadh an Chomhairle cuimhneamh ar tharscaoileadh a thabhairt do chustaiméirí oibreora phríobháidigh.
Bhí údaráis áitiúla ábalta tráchtaireachtaí ginearálta ar bith a thabhairt sa cheistneoir a mheas siad a bheadh ábhartha don tuarascáil seo. Cuireadh rogha ionadaíoch de na tráchtaireachtaí sin i ngrúpa faoi roinnt ceannteidil ghinearálta mar seo a leanas:
Glaonna i gcomhair Scéim Náisiúnta um Tharscaoileadh
- is cóir fóirdheontais/tarscaoileadh a sholáthar go náisiúnta tríd an gcóras Leasa Shóisialaigh ar an mbealach céanna a sholáthraítear scéimeanna eile do theaghlaigh ar ioncam íseal seachas é a bheith ina ualach ar acmhainní na Comhairle;
- bhreithnigh Coiste ar Bheartas Straitéiseach saincheist an tarscaoilte agus meastar gur ceist í don Roinn Gnóthaí Sóisialacha agus Teaghlaigh;
- córas náisiúnta um tharscaoileadh an réiteach is fearr ar mhaithe le cothroime agus cothromas;
- beidh treoirlínte náisiúnta ríthábhachtach chun cur chuige comhsheasmhach a chinntiú ar fud na tíre; is cóir don Roinn Comhshaoil, Oidhreachta agus Rialtais Áitiúil, i gcomhar leis an Roinn Gnóthaí Sóisialacha agus teaghlaigh, leis an Roinn Airgeadais agus le grúpaí cosúil le MABS, An Ghníomhaireacht do Chomhrac na Bochtaine agus ionadaithe as an earnáil phobail agus dheonach na treoirlínte sin a dhréachtú;
- is cóir go maoineodh an Roinn Gnóthaí Sóisialacha agus Teaghlaigh scéim náisiúnta um tharscaoileadh;
- d’fhéadfadh gur córas um tharscaoileadh a riarfaí go náisiúnta an réiteach ab fhearr; ritheadh fógra foriarratais sa Chomhairle seo inar glaodh ar an Aire Gnóthaí Sóisialacha agus Teaghlaigh Treoirlínte Náisiúnta a dhréachtú chun scéim um tharscaoileadh a fhorfheidhmiú de réir mholtaí thuarascáil na Gníomhaireachta do Chomhrac na Bochtaine;
- is cóir gurb é an rialtas láir a thabhódh costas na scéime náisiúnta mar a dhéantar leis an Taisteal Saor in Aisce, Ceadúnas Teilifíse Saor in Aise, Liúntas Breosla Saor In Aisce, Leictreachas Saor in Aisce;
- thiocfadh scéim náisiúnta ina ndéanfaí foráil do ghné de mhuirear seasta a tharscaoileadh go páirteach leis an bprionsabal ‘íoctar mar a thruaillítear’ agus bheadh dreasacht fós i gceist leis chun an toirt dramhaíola a ghintear a laghdú.
Saincheisteanna Acmhainní:
- níl na hacmhainní ag údaráis áitiúla chun scéim um tharscaoileadh a sholáthar a bheadh cothrom do na teaghlaigh go léir ar ioncam íseal;
- úsáidtear acmhainní an údaráis áitiúil chun an scéim um tharscaoileadh a mhaoiniú agus dá mba rud é go gcuirfí an costas a bhaineann leis ar na custaiméirí a íocann ní bheadh iomaíochas ar bith ag baint leis an tseirbhís;
- ní cheanglaítear ar oibreoirí príobháideacha tarscaoileadh a sholáthar agus dá réir sin bíonn míbhuntáiste ag údaráis áitiúla;
- costas an-mhór ar acmhainní údaráis áitiúil is ea scéim um tharscaoileadh a sholáthar agus ní féidir dá bharr seirbhís bhailithe dramhaíola a sholáthar a bheadh féinmhaoinithe;
- d'fhéadfaí mí-úsáid a bhaint as an scéim um tharscaoileadh ach bheadh breis acmhainní ag teastáil ón gComhairle chun a thuilleadh corrsheiceálacha a dhéanamh;
- ní mór bonn cothromasach agus cuí do scéimeanna maoinithe cosúil leis an scéim um tharscaoileadh dramhaíola a cheapadh agus a fhorfheidhmiú.
Deacrachtaí Riaracháin
- ní dhéanann go leor daoine aonair iarratas tráthúil ar tharscaoileadh; cuirtear iarratais a ghabhann siar líon áirithe blianta isteach ag an am céanna agus go hiondúil nuair a tharraingítear siar an tseirbhís de bharr easpa íocaíochta.
- ní bhíonn sé go hiomlán sásúil dul in iontaoibh eolais ó thríú páirtí (mar shampla ráitis leasa shóisialaigh).