An tImscrúdú
Chinn mé, tar éis scrúdú bunaidh a bheith déanta ar na gearáin a rinneadh i gcoinne Chomhairle Contae Phort Láirge, mo chumhacht faoi Alt 4(3)(b) den Acht Ombudsman 1980 a úsáid chun imscrúdú a dhéanamh ar an staid i gceantair údarás áitiúil eile ar fud na tíre cé nach raibh gearán sonrach ar bith faighte agam seachas na cinn sin dá dtagraítear sa Chaibidil roimhe seo.
Cuspóirí an imscrúdaithe
Is iad seo a leanas cuspóirí an imscrúdaithe:
- Na téarmaí agus na critéir cháilitheacha a bhaineann leis na scéimeanna um tharscaoileadh arna riar ar fud na tíre ag údaráis áitiúla a shuíomh i ndáil le muirir bhailithe dramhaíola;
- Na drochéifeachtaí a bhíonn ag mainneachtain údarás áitiúil tarscaoileadh ar mhuirear dramhaíola a dheonú do theaghlaigh ar ioncam íseal a bhreithniú.
Modheolaíocht
Ba mar seo a leanas a chuathas i mbun an phróisis imscrúdaithe:
- Rinneadh suirbhé ar thrí údarás áitiúil is fiche (léigh an liosta thíos) trí bhíthin ceistneora. (Tá cóip den cheistneoir le fáil in Aguisín 1.) B’ionann na húdaráis áitiúla a roghnaíodh agus trasghearradh d’údaráis áitiúla uirbeacha agus tuaithe ar fud na tíre lena n-áirítear: - Ceatharlach, Cathair Chorcaí, Contae Chorcaí, Dún na nGall, Cathair Bhaile Átha Cliath, Dún Laoghaire – Ráth an Dúin, Fine Gall, Cathair na Gaillimhe, Contae na Gaillimhe, Ciarraí, Cill Dara, Contae Chill Chainnigh, Cathair Luimnigh, Contae Luimnigh, Lú, Maigh Eo, Baile Átha Cliath Theas, Cathair Phort Láirge, Contae Phort Láirge, Comhairle Baile Dhún Garbhán, An Iarmhí, Contae Loch Garman agus Buirg Loch Garman.
- Iarradh ar an Roinn Comhshaoil, Oidhreachta agus Rialtais Áitiúil, An Roinn Gnóthaí Sóisialacha agus Teaghlaigh, Cumann Naomh Uinseann de Pól agus Dáil na Saoránach Sinsearach – ós gur páirtithe leasmhara iad – a dtuairimí a thabhairt agus tá siad sin sna hAguisíní atá leis an Tuarascáil seo.
- Ina theannta sin d’fhéach mé do thaighde eile a rinneadh sa réimse seo lena n-áirítear dhá thuarascáil arna bhfoilsiú ag an nGníomhaireacht do Chomhrac na Bochtaine viz. Muirir Bhailithe Dramhaíola agus Teaghlaigh ar Ioncam Íseal – 2003 agus Scéim um Tharscaoileadh á Forfheidhmiú – Treoirlínte d’Údaráis Áitiúla – 2005 Waste Collection Charges and Low-Income Households –2003 agus Implementing a Waiver Scheme Guidelines for Local Authorities – 2005.