Fionnachtana
Eascraíonn dhá údar mhóra imní as an suirbhé agus áirítear orthu sin:
- Neamhréir agus scaipeadh na muirear sna húdaráis áitiúla.
- Na muirir iomarcacha a bhí á dtobhach ag líon mór d’údaráis áitiúla d’ainneoin na treorach a d’eisigh an Roinn Comhshaoil, Oidhreachta agus Rialtais Áitiúil i Lúnasa 2005.
Léireodh torthaí an tsuirbhé a rinneadh sa bhliain 2007 gur beag tionchar nó nach raibh tionchar ar bith ag Imlitir PD 4/05 na Roinne dar dáta Lúnasa 2005 ar an leibhéal de mhuirir a ghearrtar as fótachóipeanna a dhéanamh de dhoiciméid phleanála sna húdaráis áitiúla a ndearnadh suirbhé orthu mar is léir ón tábla seo a leanas:
| Freagra na nÚdarás Áitiúil | Céatadáin Chomparáideacha |
|---|
| Ardaíodh na muirir nó níor tháinig athrú ar bith ar na muirir 25 cent agus níos airde an leathanach A4 | 53% |
| Gearradh na muirir ach fós féin tá siad níos daoire ná 25 cent an leathanach A4 | 7% |
| Íslíodh na muirir agus tá siad níos ísle ná 25 cent an leathanach A4 | 10% |
| Fágadh na muirir agus tá siad níos ísle ná 25 cent an leathanach A4 | 30% |
Léiríonn na figiúirí thuas atá bunaithe ar thorthaí an tsuirbhé go bhféadfadh go bhfuil muirir, os cionn an leibhéil a mheasaim a bheadh deacair a chosaint, á dtobhach ag 60% de na húdaráis áitiúla go léir ar fhótachóipeanna a dhéanamh de dhoiciméid phleanála.
Glaoim ar na húdaráis áitiúla sin a bhfuil an iomarca muirear á ngearradh acu athbhreithniú a dhéanamh ar a muirir anois faoi threoir na hImlitreach arna heisiúint ag an Roinn i Lúnasa 2005 agus a muirir a leasú mar atá déanta ag údaráis eile. I gcás nach dtarlódh amhlaidh, d’fhéadfadh nach mbeadh de rogha agam ach an cheist a iniúchadh a thuilleadh. Cé go dtuigim neamhspleáchas agus uathriail na n-údarás áitiúil indibhidiúil, is gá dom a thabhairt san áireamh gur próiseas náisiúnta é an próiseas pleanála inar iondúil nósanna imeachta comhchoiteanna a bheith ag na húdaráis áitiúla go léir. Ós ag trácht air sin mé, is cóir dom a rá chomh maith go bhfuil feidhm náisiúnta ag na hAchtanna um Shaoráil Faisnéise 1997 go 2003, maidir leis na húdaráis áitiúla go léir agus le comhlachtaí poiblí eile agus, mar a luaigh mé cheana féin, foráiltear de réir Rialacháin, go ngearrfaí muirear caighdeánach fótachóipeála. Ó tharla go gceanglaíonn an próiseas pleanála náisiúnta le dlí go mbeadh comhaid phleanála ar fáil don phobal ar feadh tréimhse áirithe níor chosúil gurbh ann do chúis inchosanta chun muirir atá níos airde ná an costas a ghabhann le cóip a dhéanamh de dhoiciméid phleanála a ghearradh. Má chinnim sa todhchaí gur gá muirir a ghearrtar as fótachóipeanna a dhéanamh de dhoiciméid phleanála in údarás áitiúil áirithe a imscrúdú mar chás trialach, agus má chinnim nach féidir na muirir a chosaint, beidh mé an-cháinteach ar an údarás áitiúil sin ní hé amháin é de bharr muirir iomarcacha a bheith á ngearradh aige ach de bharr a mhainneachtana aird a thabhairt ar Imlitir PD 4/05 na Roinne agus ar an gcruthúnas agus na tráchtaireachtaí a thugtar sa Tuarascáil seo.