Baile  /  Foilseacháin  /  Tuarascálacha Imscrúdaithe  /  Údaráis Áitiúla  /  Muirir a ghearrann Údaráis Áitiúla as fótachóipeanna a dhéanamh de dhoiciméid phleanála
 

Cúlra

Reachtaíocht

Foráiltear in alt 38 den Acht um Pleanáil agus Forbairt 2000 go gcuirfear doiciméid áirithe a bhaineann le hiarratais phleanála ar fáil lena n-iniúchadh agus lena gceannach ag daoine den phobal. Foráiltear in alt 38:

"I gcás ina dtabharfaidh údarás pleanála a chinneadh maidir le hiarratas pleanála, cuirfear na doiciméid seo a leanas ar fáil, laistigh de 3 lá oibre, lena n-iniúchadh agus lena gceannach ag daoine den phobal le linn uaireanta oifige in oifigí an údaráis:

(a) cóip den iarratas pleanála agus cóip d’aon sonraí, fianaise, ráiteas tionchair timpeallachta, staidéar scríofa eile nó faisnéis bhreise a fuair an t-údarás ón iarratasóir de réir rialachán faoin Acht seo;

(b) cóip d’aon aighneachtaí nó tuairimí i ndáil leis an iarratas pleanála a bheidh faighte ag an údarás;

(c) cóip d’aon tuarascáil arna hullmhú ag an údarás nó don údarás i ndáil leis an iarratas pleanála;

(d) cóip de chinneadh an údaráis maidir leis an iarratas pleanála agus cóip den fhógra i dtaobh an chinnidh a tugadh don iarratasóir; agus

(e) cóip d’aon doiciméid a bhaineann le ranníoc nó ní eile dá dtagraítear in alt 34(5)."


Foráiltear san Acht go mbeidh na doiciméid ar fáil lena n-iniúchadh go ceann tréimhse nach lú ná seacht mbliana. Foráiltear san Acht chomh maith go ndéanfar an doiciméadú atá liostaithe in (a) agus (b) .i. an t-iarratas pleanála agus doiciméid ghaolmhara agus aighneachtaí i ndáil leis an iarratas, a chur ar fáil lena n-iniúchadh agus lena gceannach ón tráth is luaithe is féidir, tar éis dóibh a bheith faighte ag an údarás pleanála. Ní fhorordaítear san Acht i gcomhair cóipeanna a dhéanamh de na doiciméid ábhartha agus déantar an t-aon tagairt a dhéantar san Acht don táille a bheidh le gearradh as seirbhís den sórt in alt 38(4) ina luaitear:

"(4) Beidh cóipeanna de dhoiciméid faoin alt seo ar fáil lena gceannach ar tháille shonraithe a íoc, is táille nach mó ná an costas réasúnach a ghabhann le cóip den sórt sin a dhéanamh."

Dírítear sa Tuarascáil seo i ndáiríre ar an léirmhíniú a bhain údaráis áitiúla as an abairtín ‘costas réasúnach’ agus na muirir a bheadh le gearradh á gcinneadh acu.


Neamhréir sna muirir

Tá daoine den phobal fós ag gearán liom faoi na táillí iomarcacha atá á ngearradh ag roinnt údaráis áitiúla as cóipeanna a dhéanamh de dhoiciméid phleanála agus tar éis scrúdú a dhéanamh ar na gearáin ba léir dom nár bhain comhréir ar bith leis an leibhéal de tháillí arna ngearradh ag údaráis áitiúla. I mo Thuarascáil Bhliantúil sa bhliain 2004, thug mé cuntas ar shuirbhé a rinne m’Oifig ar 30 údarás áitiúil chun na táillí a bhí á ngearradh a shuíomh. Taispeánadh sa suirbhé seo gurbh éagsúil amach is amach ó údarás áitiúil amháin go húdarás áitiúil eile an léirmhíniú a baineadh as "costas réasúnach" agus go raibh táille idir 10c agus €1 an leathanach A4 á gearradh agus go raibh íostáille idir €1 agus €3 á gearradh ag roinnt údaráis áitiúla. Dearbhaíodh nuair a chuathas i dteagmháil le soláthraithe seirbhísí tráchtála fótachóipeála ag an am gur idir 10c agus 15c an chóip a ghabhann le cóip a dhéanamh de dhoiciméad A4. Is fiú an chodarsnacht idir na muirir a ghearrann na húdaráis áitiúla agus na muirir a ghabhann le cóipeanna a dhéanamh de thaifid arna bhfáil faoin Acht um Shaoráil Faisnéise a thabhairt faoi deara. Foráladh sna rialacháin arna ndéanamh ag an Aire Airgeadais faoi alt 47 den Acht um Shaoráil Faisnéise 1997, ag an am, d’íosmhuirir de 4c an bhileog a ndéanfaí fótachóip di, 51c an discéad 3½ agus €10.16 an CD-ROM.


Ról na Roinne Comhshaoil, Oidhreachta agus Rialtais Áitiúil

Scríobh m’Oifig chuig an Roinn Comhshaoil, Oidhreachta agus Rialtais Áitiúil (an Roinn) i mí Feabhra 2004 maidir le ceist na muirear arna dtobhach ag údaráis áitiúla. Cuireadh in iúl go gciallaíonn caitheamh "le daoine go cothrom" agus "caitheamh mar a chéile le daoine in imthosca cosúla". I gcás na muirear a ghabhann le doiciméid i gcomhaid phleanála, bhí mé den dearcadh gur chóir, de réir mar is cuí, go mbeadh na muirir a ghearrtar as seirbhísí poiblí cosúla sna comhlachtaí poiblí ábhartha go léir, lena n-áirítear na húdaráis áitiúla, comhionann a bheag nó a mhór. Iarradh ar an Roinn, ó tharla an easpa chomhionannais i ndáil leis na muirir arna dtobhach ag údaráis áitiúla as cóipeanna a dhéanamh de dhoiciméid i gcomhaid phleanála, athbhreithniú a dhéanamh ar na muirir arna ngearradh agus machnamh a dhéanamh faoi threoirlínte níos soiléire a thabhairt ar ríomh na muirear ionas go gcaithfí le daoine go comhionann sna húdaráis áitiúla go léir.

Tharraing m’Oifig aird na Roinne ar na rialacháin arna ndéanamh ag an Aire Airgeadais faoin Acht um Shaoráil Faisnéise ina sonraítear, inter alia, gur £0.03p (0.4c) an ráta an bhileog is cóir a ghearradh i ndáil le fótachóip a dhéanfaí d’ábhar a thabharfaí do dhuine den phobal mar fhreagra ar iarraidh faoin Acht um Shaoráil Faisnéise 1997. Cuireadh in iúl chomh maith, ó tharla go mbeadh na doiciméid phleanála ar fáil sa ghnáthchúrsa san oifig phleanála lena n-iniúchadh, gur beag am a chaithfí á n-aimsiú agus á bhfáil agus dá bhrí sin, ní léir, le réasún, gur chóir an t-am a chaithfeadh baill foirne leis an ngníomhaíocht seo a thabhairt san áireamh agus na táillí a bheadh le gearradh á ríomh.

Rinne an Roinn a suirbhé féin ar mhuirir fótachóipeála sna húdaráis phleanála agus ba léir ó na torthaí gur bhain éagsúlacht mhór leis na muirir. Spreag sé seo an Roinn treoirlínte a eisiúint ar na húdaráis phleanála go léir faoin gceist i mí Lúnasa 2005 (Imlitir PD 4/05 Aguisín A). Tugtar treoir san imlitir, cé nach gcuirtear síos ar na muirir iarbhír a bheidh le gearradh, ar an léirmhíniú a bhaintear as an ‘gcostas réasúnach’ chun cóip a dhéanamh. Léirigh an Roinn gur bhreithnigh sí nach rachadh an ‘costas réasúnach’ a ghearrfaí ar chóip a dhéanamh thar chostas an pháipéir agus costas reatha an mheaisín cóipeála cosúil leis an tonóir, leictreachas agus seirbhísiú agus costas an ama a chaitheann an fhoireann leis an bhfótachóipeáil. Ina theannta sin, iarradh san imlitir go ndéanfadh na húdaráis phleanála athbhreithniú ar a mbeartas gearrtha táillí i bhfianaise chomhairle na Roinne.


Comhlíonadh Imlitir PD 4/05

Faoi mar a tuairiscíodh i mo Thuarascáil Bhliantúil don bhliain 2005, rinne m’Oifig, tar éis don Roinn an Imlitir a eisiúint i mí Lúnasa 2005, suirbhé teileafóin eile ar 30 údarás áitiúil chun a shuíomh cibé ar leasaigh siad na muirir i bhfianaise na dtreoirlínte. Léiríodh sa suirbhé seo gur ghearr roinnt údaráis áitiúla a dtáillí, chinn údaráis eile go raibh na táillí a bhí á ngearradh acu réasúnach agus níor leasaigh siad iad agus ba chosúil nach raibh údaráis eile san airdeall ar threoirlínte na Roinne. B’ann do neamhréireanna suntasacha fós i ndáil leis an leibhéal muirear arna dtobhach agus bhíothas fós ag gearán liom faoin gceist. Chuir mé in iúl i mo Thuarascáil Bhliantúil don bhliain 2005 go raibh sé i gceist agam súil eile a chaitheamh ar an gceist agus chinn mé déanamh amhlaidh sa bhliain 2007.