Brollach
Déanaim le seo an cúigiú Thuarascáil Bhliantúil a chur faoi bhráid na Dála agus an tSeanaid de bhun forálacha Ailt 6(7) den Acht Ombudsman, 1980. Is í seo an 24ú Tuarascáil Bhliantúil atá curtha faoi bhráid an Oireachtais i ndáil le hobair Oifig an Ombudsman ó bhunaíodh í sa bhliain 1984.
Emily Ní Raghallaigh
Ombudsman
Caibidil 1 - Réamhra
Bhí an bhliain 2007 thar a bheith broidiúil san Oifig agamsa. Fuarthas 2,578 gearán bailí isteach, a bhí, ní hamháin ina mhéadú de 14.8% ar iomlán 2006, ach ba é an t-iomlán ba mhó é ó 1999 i leith. Anuas ar sin dhéileálamar le 9,334 fiosrúchán i gcaitheamh na bliana.
Ó Mhí Eanáir 2007, mar thoradh ar fhorálacha an Achta Sláinte 2004, tá cúram na h-Oifige seo leathnaithe, inter alia, go dtí uimhir mhór ospidéal deonacha poiblí. Rinne an Oifig an-obair i rith na bliana ag deimhniú go ndeachthas i mbun na hoibre sin chomh réidh agus chomh héifeachtach agus ab’fhéidir, ní hamháin ar ár son féin ach ar son an n-ospidéal a bhí ag teacht faoin ár gcúram don chéad uair. Tugaim cuntas ar an obair ullmhúcháin seo i gcaibidil 4 den Tuarascáil seo.
I gCaibidil 2 den Tuarascáil seo, dar dteideal “Gearáin a Réiteach agus an Riarachán Poiblí a Fheabhsú” léirítear an tionchar deimhneach forleathan a bhíonn ag toradh an ngearán aonair a láimhseálann muid. Ar an dóigh sin tháinig athrú sa reachtaíocht ábhartha díreach mar thoradh ar ghearán amháin a rinneadh i gcoinne An Roinn Gnóthaí Sóisialacha agus Teaghlaigh maidir le ceart chun sochair leanaí a fháil. Sna sála ar chás aonair eile nuair a mhol mé go n-íocfaí riaráistí i gcomhair cúraim fhaoisimh, ag éirí as sin thoiligh Feidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte €67,000 a íoc san iomlán le thart faoi 34 tuismitheoirí altrama. Tugaim cuntas i gCaibidil 2 freisin ar ghearán a bhain leis an Roinn Talmhaíochta, Iascaigh agus Bia. Tháinig feabhsuithe dá bharr seo ar fud na tíre i riaracháin an Chórais Fhaireacháin ar Ghluaiseacht Eallaí. Áitím freisin go mbíonn feidhmeanna den chineál céanna ar siúl ag mór-chuid comhlachtaí poiblí a oibríonn faoi mo réimse cúraim. Mar shampla tá cúram na n-othar ar siúl ag gach ospidéal agus bíonn cúraim pleanála ar gach údarás áitiúil. Bíonn ceachtanna le foghlaim ag comhlachtaí poiblí as gach réiteach a thagann as gearáin aonair, ceachtanna a chuideoidh leo b’fhéidir chun feabhas a chur ar an mbealach a riarann siad scéimeanna agus feidhmeanna laethúla. As sin thiocfadh feabhsuithe níos leithne fós i gcomhlachtaí poiblí eile a bhíonn i mbun cúram eile cosúil leo má chuireann siad de dhua orthu féin staidéar a dhéanamh ar thorthaí na gcásanna a shonraítear sna Tuarascálacha seo agus má dhéanann siad beart de réir na gceachtanna sin nuair is cóir.
Is cúis áthais dom go gceapann an Roinn Airgeadais anois go n-achtófar i gcaitheamh 2008 Bille an Ombudsman (Leasú), bille a bhíomar ag coinne leis le fada (féach Caibidil 4 den Tuarascáil seo). Tograíonn an Bille an dlínse atá agam faoi láthair go dtí raon ní ba leithne de chomhlachtaí poiblí, mar shampla FÁS agus an tÚdarás Sláinte agus Sábháilteachta. Mar sin féin, is í an tuiscint atá agam nach leathnóidh an Bille seo mo chúram chun gearáin a bhaineann le cúrsaí inimirce agus tearmainn a chlúdach. Is í seo an ghné is mó atá ag déanamh buartha dom. Is comhtharlú é go mbeidh an Bille um Inimirce, Cónaí agus Cosaint á achtú freisin sa bhliain 2008. Tá sóinseálacha radacacha á dtogradh sa Bhille seo maidir le riaradh an chórais tearmainn. Níl foráil ar bith faoin reachtaíocht seo chun bealach a oscailt chuig an Oifig agamsa i gcomhair gearán a thiocfaidh as seo. I dtús báire, nuair a d’fhoilsigh an Roinn Dlí agus Cirt, Comhionannas agus Athchóirithe Dlí tograí polasaí achoimrithe le haghaidh an Bhille um Inimirce, Cónaí agus Cosaint, rinne mé aighneacht chuig an Roinn ar an gceist i Mí Iúil 2005. Ina dhiaidh sin scríobh mé, Samhain 2007, chuig an Uasal Thomas Hammarberg, Coimisinéir Chomhairle na hEorpa um Chearta Daonna, i gcomhthéacs na cuairte a thug sé ar Éirinn iar sin chun breithniú ar staid na gcearta daonna i bhfus. Sa litir chuig an Uas Hammarberg luaigh mé an imní a bhí orm maidir leis an srianadh a bhí ar mo dhlínse sna cúrsaí seo. Thairis sin, i Mí na Márta 2008 rinne mé aighneacht chuig Comhchoiste an Oireachtais um Dhlí agus Cirt, Comhionannas, Cosaint agus Cearta Ban. Bhí an Comhchoiste sin tar éis aighneachtaí ar an mBille um Inimirce, Cónaí agus Cosaint a lorg.
Tá béim curtha agam ar an mbearna seo i mo dhlínse sa chomhfhreagras agus sna haighneachtaí atá déanta agam. Tharraing mé aird ar an bhfírinne go bhfuil dlínse ag formhór Oifigí na nOmbudsman san Eoraip ar an limistéar seo den riarachán. Is limistéar riaracháin é a fhágann iarmhairt ábhalmhór ar ré bheatha dreama atá an-leochaileach. Bíonn dúshláin an-mhóra le sárú ag mórchuid díobh agus iad i ngleic le hoifigí stáit agus le próisis riaracháin fíor-chasta, a mbíonn siad dall orthu nach mór. Bíonn bacainní rompu leis ar nós easpa acmhainní, easpa saineolais ar an ndlí agus fadhbanna teanga. Is tábhachtaí go mór dá réir sin go mbeadh rochtain iomlán acu ar chóras reachtúil neamhspleách chun gearán a dhéanamh. Mar atá an scéal faoi láthair ní féidir leis an Oifig seo cabhrú le daoine ach amháin maidir le ceisteanna faoi chaighdeán an chónaí a sholáthraítear don lucht iarrtha tearmainn nó gearáin maidir le ró-mhoill nuair a dhéantar í. Ní féidir liom gearáin faoi rudaí mar dhiúltú ar iarratais ar theaghlaigh a athaontú, nó cinntí ar chead a dhiúltú chun fanacht mar chónaitheach sa tír, agus mar sin de.
Is cuid den réasúnaíocht ata toabh thiar de bhunú Oifig an Ombudsmain nó gléasra in aisce, so-rochtana a chur ar fáil mar mhalairt ar na cúirteanna chun díospóidí le comhlachtaí poiblí a réiteach. Tá sé tugtha faoi deara agam go bhfuil conspóid ar siúl le blianta anuas in Éirinn faoi riaradh na gcúrsaí a bhaineann le hinimirce agus le tearmann agus tá an méid díobh atá ag dul ós comhair na gcúirteanna ag dul i méid. Go deimhin, sa bhliain 2007 amháin, de réir tuarascálacha is déanaí agus figiúirí neamhfhoilsithe ó Sheirbhís na gCúirteanna, rinneadh 1,024 iarratas ar athbhreithiú breithiúnach maidir le tearmann. Is é an tátal a bhainim as seo ná gur cuid den riarachán í seo nach bhfuil ag oibriú i gceart agus ba chóir í a oscailt amach i gcomhair fiosraithe neamhspleácha. Ba cheart dom a rá freisin go gcuireann seo ualach nach beag ar an Stát maidir le costas. Sa bhliain 2007 fuair Seirbhís Dhlíthiúil na nDídeanach €10 milliún chun lucht iarrtha tearmann a mhaoiniú ina n-imeachtaí i gcoinne an Stáit agus chaith an Stát €10 milliún eile chun a sheasamh féin a chosaint sna cásanna úd.
Ba mhaith liom mo bhuíochas a thabhairt dom Ard-Stiúrthóir, Pat Whelan agus do Tom Morgan, Imscrúdaitheoir Sinsearach as an ard-obair atá déanta ag cur an Tuarascáil Bhliantúil seo le chéile. I rith na bliana chuaigh Mick Brophy, Imscrúdaitheoir Sinsearach, amach ar scor agus gabhaim buíochas le Mick freisin as na blianta fada de sheirbhís dhílis atá caite aige ag obair ar son na ngearánaithe.
Mar fhocal scoir, ní mór dom dhá chúis mhór mhéala a bhreacadh síos. Is cás mór aiféala dom féin agus dom fhoireann cailliúint don chéad Ombudsman de chuid na hÉireann, Michael Mills. Bhí Michael i mbun oibre mar Ombudsman ó 1984 go dtí 1994. Rinne sé an gnó go paiseanta, go díongbháilte agus go misniúil. Croitheadh an Oifig seo go mór freisin le bás tragóideach ár gcomhghleacaí ionúin Eoghan Halpin, fear a bhí ina cheann ar an Aonad TE. Ba mhaith linn comhbhrón a dhéanamh go dúthrachtach lena muintir go léir.
Caibidil 2 - Gearáin a Réiteach agus an Riarachán Poiblí a Fheabhsú - Cuid a haon (críochnaithe ar "Gearán i gcoinne Ospidéil Bheaumont)
Cé gurb é an bun-ról atá ag an Oifig agamsa ná gearáin i gcoinne comhlachtaí poiblí áirithe a scrúdú, is minic mar sin féin a tharraingím aird ar an “luach breise” a thagann as próiseas seo na ngearán a scrúdú. Is éard atá i gceist agam le seo ná feabhsuithe i gcoitinne sa riarachán poiblí a spreagann an Oifig seo trí shaincheisteanna maidir le hoibriú an chórais a nochtadh as taighde na ngearán ar leith. Is iomaí bealach ina léirítear an toradh fiúntach a éiríonn dá bharr seo.
Cé gurb é príomhchuspóir na Tuarascála Bliantúla seo ná cuntas a thabhairt don Oireachtas ar chomhlíonadh na ndualgas atá orm, seirbheálann sí ról eile freisin, is é sin cásanna inspéise ar dhéileáil mé leo i gcaitheamh na bliana a chur faoi shúile an phobail agus faoi shúile na gcomhlachtaí poiblí. Bíonn feidhmeanna den chineál céanna mar chúram ag chuid mhór de na comhlachtaí poiblí a mbíonn déileáil agam leo. Mar shampla, bíonn an dúshlán céanna ag gach ospidéal ag iarraidh cúram den scoth a sholáthar dá gcuid othar. Bíonn ar na húdaráis áitiúla go léir reachtaíocht chasta phleanála a chur i bhfeidhm, bíonn orthu líon mór iarrataí i gcomhair pleanála a láimhseáil. Bíonn scéimeanna leasa de chineálacha difriúla á riaradh ag na réigiúin éagsúla atá faoi chúram Fheidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte. Mar sin, má tá cás ann ina bhfaighim locht éigin a bhaineann le comhlacht poiblí áirithe, agus má mholaim feabhsuithe sna cleachtais nó sna gnásanna, b’fhéidir go bhfoghlaimeodh comhlachtaí eile a dhéanann obair cosúil leis ceachtanna luachmhara as sin. Mar shampla sa Tuarascáil Bhliantúil don bhliain 2006 (lch. 35) rinne mé achoimriú ar na forbairtí fíor-dhearfacha a tháinig chun cinn in Ospidéal Ginearálta Shligigh chun teipeanna stairiúla i gcúram na n-othar a sheachaint, teipeanna a d’aimsigh mé de bharr gearáin a rinne duine amháin. Ag éirí as sin chuireadh Coiste Stiúrtha ar bun san ospidéal chun spionnadh a chur faoi na tionscnaimh nua i ndáil le neamhspleáchas na n-othar, le cúram comhtháite, le scileanna cumarsáide, le dínit agus le dearadh. Chuir an Coiste rompu a dheimhniú go ndéanfaí beart de réir na dtionscnamh seo, agus déantar measúnú leanúnach orthu laistigh den ospidéal. Forbraíodh freisin comhghnás cumarsáide a tharraing aird ar an gcleachtas is fearr le faisnéis a thabhairt do na hothair agus dá dteaghlaigh, agus bhí sé de cheangal ar an mbainisteoir líne i ngach speisialtóireacht a bheith siúráilte go raibh an polasaí agus na treoirlínte a bhí á n-oibriú léite agus tuigthe ag gach duine a bhí fúthu ina limistéar féin.
Mholfainn go mór do sheirbhísí poiblí a fhreastalaíonn an bpobal, staidéar grinn a dhéanamh ar chásanna a thuairiscítear sna Tuarascálacha Bliantúla agus ceachtanna dá réir a fhoghlaim uathu. Sa tslí sin cuirfidh siad feabhas ar a gcuid sheirbhísí féin. Tá mé cinnte go bhfuil seo á dhéanamh seo cheana féin ag comhlachtaí poiblí a bhfuil dul chun cinn iontu agus spéis acu a gcaighdeáin a ardú.
Tá tairbhe eile, níos leithne fós, a sholáthraíonn an Oifig seo. Is é sin, éagóir a chur ina cheart, éagóir a n-aimseoinn i gcás amháin agus a bhainfeadh le comhlacht poiblí. Thiocfadh as sin ina sheal ais-amharc á dhéanamh ar chásanna eile mar é a tháinig suas roimhe sin agus go mb’fhéidir go mbeadh sásamh iomchuí éigin tuillte acu siúd freisin, bunaithe ar an gcinneadh a rinneadh sa chás áirithe a bhí ar láimh againn. Is féidir tairbhe a theacht do dhream daoine nach ndearna gearán riamh chuig Oifig an Ombudsman as a leithéid sin. Bhí sampla maith den chineál sin i mo Thuarascáil Bhliantúil agam don bhliain 2006 (lch. 14) nuair a fuair mé amach gur ghearr Feidhmeannacht na Seirbhíse sláinte táillí thar fóir ar dhuine as seirbhísí cónaitheacha i dteach altranais. Fuaireas nach raibh na táillí áirithe faoi réir na bhforálacha reachtúla ábhartha. Ní hamháin go bhfuair an fear a rinne an gearán ais-íoc €1,126 ach tugadh ais-íocaí in iomlán €131,000 do caoga agus a haon teaghlach eile, do theaghlaigh nach ndearna riamh gearán chuig an Oifig seo.
Ar ndóigh, má cuirtear feabhsuithe ginearálta síos, bunaithe ar chásanna áirithe, seachnaítear fadhbanna eile leis sin. Ní hamháin go gcuireann sin feabhas ar riarachán poiblí, ach feabhsaíonn sé an gaol idir comhlachtaí agus an pobal trí ócáidí an imris agus an ghearáin a laghdú. Tá, ina sheal freisin, buntáiste deimhneach i gcomhair acmhainní sa mhéid sin don tseirbhís phoiblí. Freisin, bíonn ar fhormhór na gcomhlachtaí poiblí léirmhíniú agus feidhmiú a dhéanamh ar reachtaíocht fhíor-chasta. Is féidir tuiscint agus soiléiriú a bhaint as scéimeanna agus rialacháin as gearáin áirithe a mbíonn orm tuairisc a thabhairt fúthu chun teacht ar an tslí is fearr chun rialacha nó rialacháin áirithe a chur i bhfeidhm. Bheadh an cur chuige dá bharr níos mó de réir a chéile, ní hamháin ag an gcomhlacht a ghearánadh faoi ach ag comhlachtaí eile i mbun oibre den chineál céanna.
Bunaithe ar na ceachtanna a foghlaimíodh ó ghearáin éagsúla i gcaitheamh na mblianta, tá sraith de threoirlínte don tseirbhís phoiblí foilsithe ag an Oifig seo gur féidir a úsáid mar theimpléid chun chaighdeáin na seirbhíse don phobal a fheabhsú ar iomad slite. I measc na n-ábhar atá clúdaithe tá:
· Prionsabail an Ombudsman um Dhea-Riarachán;
· Caighdeáin um Dhea-Chleachtas an Ombudsman do Sheirbhísí Poiblí;
· Treoir an Ombudsman ar Chórais na nGearán Inmheánacha;
· Sásamh a thabhairt - An Mícheart a chur ina Cheart.
Ar réimse níos fairsinge fós, d’fhorbair an Roinn Airgeadais Cód Caighdeáin agus Iompair don Státseirbhís. Ní hamháin go leagtar amach sa chód seo na caighdeáin ginearálta seirbhíse do chustaiméirí, ach freisin na rialacha i ndáil le páirt a thógáil i ngníomhaíocht pholaitiúil agus coinbhleachtaí leasa a sheachaint. Is cuid de choinníollacha seirbhíse na státseirbhíse an cód seo. Tá an admháil sa Chód go dtógann sé ar na prionsabail atá leagtha amach i dTreoir an Ombudsman do Chaighdeáin an Dhea-Chleachtais do Sheirbhísigh Poiblí.
Tá sé tábhachtach freisin a rá le béim an-mhór go ndéanann an Oifig seo tagairt an-mhinic do ghnéithe sna treoirlínte thuasluaite d’fhonn léiriú a thabhairt ar ócáidí nuair a theipeann ar chomhlacht poiblí i ngné áirithe sheirbhíse do chustaiméirí. Deimhníonn seo go mbíonn an treoirlínte i gcónaí ábhartha chun na gcaighdeán sa riarachán poiblí a thacú agus a fheabhsú agus tugann siad treoir shubstaintiúil do dhaoine sa tseirbhís ar shlite chun cúiseanna gearán a sheachaint agus conas déileáil leo má thagann siad.
Tugann na cásanna seo a leanas sa Chaibidil seo léiriú breise ar an méid atá ráite thuas:
Bhain an chéad chás seo leis an Roinn Gnóthaí Sóisialacha agus Teaghlaigh i ndáil le díospóid faoi cheartas do shochar leanaí maidir le leanbh a bhí ag fáil scolaíochta sa bhaile agus bhí sé dírithe ar léirmhíniú na reachtaíochta ábhartha. Ag réiteach an ghearáin bhí orm aird freisin a thabhairt ar Bhunreacht na hÉireann agus ar Choinbhinsiún na hEorpa um Chearta Daonna. Rinneadh an reachtaíocht ábhartha a leasú de dheasca an cháis seo.
Rinne bean teagmháil le mo Oifig toisc gur chinn an Roinn Gnóthaí Sóisialacha agus Teaghlaigh iarraidh a rinne sí a dhiúltú maidir le leanúint de shochar linbh a íoc ar son iníne léi, a bhí 16 bhliana d’aois ag an am. Tharla an deacracht toisc nach raibh an iníon ag freastal ar “institiúid oideachais” de réir mar a shainmhínigh an reachtaíocht a rialaíonn íocaíocht Shochair Leanaí. Bhí an scolaíocht á fhail aici sa bhaile. Ní raibh an scolaíocht bhaile aitheanta mar “institiúid oideachais” chun críche an tSochair Leanaí. Bhí achomharc déanta ag an mbean chuig Oifig Achomhairc an Leasa Shóisialaigh, ach diúltaíodh don achomharc.
Nuair a fuaireas an gearán uaithi, scrúdaigh mé an reachtaíocht ábhartha a bhí taobh thiar de chinneadh na Roinne. Dhealraigh sé dom freisin go roinnt Airteagal i i mBunreacht na hÉireann a bhí ábharta don chás seo. Thug mé faoi deara freisin go bhforálann Airteagal 42.1 de Bhunreacht na hÉireann mar a leanas:
“Admhaíonn an Stát gurb é an teaghlach is múinteoir príomha dúchas don leanbh agus ráthaíonn sé gan cur isteach ar cheart doshannta nó ar dhualgas doshannta tuismitheoirí chun oideachas de réir a n-acmhainne a chur ar fáil dá gclainn, i gcúrsaí creidimh, moráltachta, intleachta, coirp agus comhdhaonnachta.”
Forálann Airteagal 42.2 go mba chóir go mbeadh tuismitheoirí saor chun a gclann a oiliúint, inter alia, ag baile, mar a leanas:
“Tig le tuismitheoirí an t-oideachas sin a chur ar fáil dá gclainn ag baile nó i scoileanna príobháideacha nó i scoileanna a admhaítear nó a bunaítear ag an Stát.”
Bhraith mé go raibh Airteagal 42.3.1 ábhartha go speisialta leis an gcás seo. Is éard a deir sé ná:
“Ní chead don Stát a chur d’fhiacha ar thuismitheoirí, in aghaidh a gcoinsiasa, nó a rogha dleathaí, a gclann a chur ar scoileanna a bhunaítear ag an Stát nó ar aon chineál áirithe scoile a ainmnítear ag an Stát.”
Dealraigh sé domsa go bhfaighfí an tátal a bhaint as an sainmhíniú a bhaineadh as “institiúid oideachais” i reachtaíocht an Leasa Shóisialaigh go raibh an Stát ag cur d’iallach ar thuismitheoirí a gclann a chur chuig scoil, in ionad an ceart a ligean leo iad a oiliúint ag baile. Ní bheadh seo i ag teacht le forálacha an Bhunreachta.
Chomh maith le sin, is éard a fhorálann Airteagal 2 den Chéad Phrótacal don Choinbhinsiún Eorpach um Chearta Daonna, ná:
“No person shall be denied the right to education. In the exercise of any of the functions which it assumes in relation to education and to teaching, the state shall respect the right of parents to ensure such education and teaching in conformity with their own religious and philosophical convictions.”
Rinne mé scrúdú freisin ar dhlí na gcás san ábhar seo agus fuaireas In Re: Airteagal 26 de Bhille an Bhunreachta agus Tinrimh Scoile, 1942 [1943] I.R. 334, áit a bhreithníodh ar pharaiméadair chumhachta agus dualgais an Stáit, mar chaomhnóir leasa an phobail, le cur isteach a dhéanamh i gcúrsaí a bhaineann le híosmhéid áirithe oideachais a thabhairt i gcúrsaí moráltachta, intleachta agus comhdhaonnachta. Sa chás áirithe seo is éard a rialaigh an Chúirt Uachtarach ná:
“We are of the opinion that the section is not open to objection from a constitutional point of view in one other respect. Under subsection 1, not only the education but also the manner in which the child is receiving it must be certified by the Minister (for Education). We do not consider this is warranted by the Constitution. The State is entitled to require that children shall receive a certain minimum education. So long as parents supply this general standard of education we are of the opinion that the manner in which it is being given and received is entirely a matter for the parents and is not a matter in respect of which the State under the Constitution is entitled to interfere.”
Ar an mbonn sin scríobh mé chuig an Roinn thar cheann na mná, agus d’iarr mé orthu a mheas, sa chéad áit Alt 2 den Acht um Lán-Aois, 1985, a fhorálann go gcríochnaíonn duine a bheith ina “mionúr” ag ocht mbliana déag d’aois. Bhí iníon na mná faoi bhun 16 bhliana d’aois agus aicmithe fós mar mhionúr de réir na reachtaíochta. Mar thoradh ar sin d’fhéadfaí a áitiú gur bhain forálacha ábhartha an Bhunreachta fós léi go dtí an t-am a bhainfeadh sí ocht mbliana déag d’aois amach. Thug mé le fios go raibh saincheisteanna bunreachtúla ann a bhí ábhartha don ghearán, a raibh impleachtaí iontu d’Airteagail 3, 92 agus 93 de I.R. 417, 1994, Rialacháin Leasa Shóisialaigh (Forálacha Íocaíochtaí Comhdhlúite). Le fírinne, de bhrí nach dtagann duine i lán-aois nó go dtí go sroicheann sé/sí ocht mbliana déag d’aois, d’fhéadfadh na sainmhínithe de “institiúid oideachais” atá leagtha amach faoi Airteagal 3, agus fo-línithe arís sna hAirteagail 92 agus 93, a bheith oscailte do dhúshlán bhunreachtúil. Ní dhéantar foráil ar bith iontu i gcomhair oideachais sa bhaile ag tuismitheoirí faoi mar is cosúil a ráthaíonn an Bunreacht. Dúirt mé freisin go raibh tuiscint a d’fhéadfaí a bhaint as go raibh an Stát, tríd an Roinn Gnóthaí Sóisialacha agus Teaghlaigh, ag gníomhú ultra vires, sa mhéid go mbeadh impleachtaí na reachtaíochta a rialaigh an ceartas ag duine don tSochair Leanaí a fháil sínithe go dtí na blianta idir 16 agus 18 ag sárú an dualgais a bhí leagtha ar an Stát gan cur isteach a dhéanamh ar cheartas na dtuismitheoirí chun an linbh a oiliúint sa bhaile. Chuir mé chuig an Roinn é go bhfaighfí an tátal a bhaint as an reachtaíocht, de dheasca na foclaíochta, go raibh an tuiscint ann go raibh an Roinn ag cur d’iallach ar thuismitheoirí a leanbh a oiliúint in áit éigin seachas an baile, nó murab é sin go gcaillfeadh siad an Sochar Leanaí. D’iarr mé ar an Roinn mar sin, smaoineamh an bhféadfadh siad, ar na cúiseanna achoimrithe thuas, an Sochar Leanaí a thabhairt, ar bhonn riaracháin, don bhean, ó dháta na híocaíochta is deireanaí go dtí an dáta a sroichfeadh a hiníon ocht mbliana déag d’aois.
Ceann de na comhlachtaí poiblí is mó a iompaíonn an fhreagracht i ndáil le scolaíocht bhaile is ea an Bord Náisiúnta Leasa Oideachais (BNLO) faoi fhorálacha an Achta Oideachais (Leas), 2000, agus a bhunaíodh sa bhliain 2002. Faoi réir na reachtaíochta ní mór do gach leanbh a fhaigheann scolaíocht sa bhaile a bheith cláraithe leis an BNLO. Scrúdaigh an Roinn an aighneacht a chuir mé chucu agus chinneadar go smaoineodh siad ar íocaíocht riaracháin a dhéanamh dá mbeadh an bhean ábalta teastas cláraithe an linbh leis an BNLO a thabhairt dóibh. Cé go raibh teagmháil déanta ag an mbean leis an BNLO chun an linbh a chlárú de réir na reachtaíochta, níor moladh dí an cailín óg a chlárú ag an am toisc go raibh sí sé bhliana déag d’aois beagnach. I ndeireadh na dála thoiligh an Roinn síneadh an tSochair Leanaí a thabhairt don bhean ón dáta a shroich an iníon 16 bhliana go dtí an mhí a bhain sí lá breithe 19 mbliana d’aois amach. Dá bharr sin d’íocadh riaráistí de €5,100 don bhean. Níos tábhachtaí fós, ghineadh dá thoradh sin cúis shonrach imní i ndáil le forálacha na reachtaíochta faoi mar a bhí ag an am. Thug an Roinn le fios dom go rabhadar, mar aitheantas ar imthosca an cháis áirithe seo, chun moltaí a thabhairt ar aghaidh chun an reachtaíocht ábhartha a leasú, sa tslí go n-aithneofaí an scolaíocht bhaile mar chineál oideachais lánaimseartha. Sa todhchaí dhéanfadh sin leanbh a cháiliú chun síneadh a fháil ar an Sochar Leanaí nuair a shroichfeadh sé/sí sé bhliana déag d’aois. Tugadh an t-athrú seo sa reachtaíocht isteach trí I.R. 859 sa bhliain 2007.
Sa chéad chás eile, a bhain leis an Roinn Talmhaíochta, Iascaigh agus Bia, chuireadh feabhsuithe i bhfeidhm ar fud na tíre go léir de bharr an ghearáin seo maidir le riaracháin an Chórais Faireacháin ar Ghluaiseacht Eallaí (CFGE).
Fuaireas gearán ó fheirmeoir mar gheall ar an tslí a bhí an Córas Faireacháin ar Ghluaiseacht Eallaí (CFGE) á oibriú ag an Roinn Talmhaíochta, Iascaigh agus Bia ar mhodh a bhí neamhchothrom dó féin agus d’fheirmeoirí eile i gcásanna nuair a bhí beithígh á ndíol nó á gceannach.
Bíonn ceangal dlíthiúil ar cheannaitheoirí agus ar dhíoltóirí bólachta aon ghluaiseacht ainmhithe a chur in iúl don Roinn. Is ceangal náisiúnta agus ón AE é seo agus tugadh isteach é le lorg cinnte an tsoláthair bhia a rianú. De réir teoirice bhí an córas simplí gan castaí agus bhí sé á thacú ag bunachar an CFGE a rinne gluaiseacht na n-ainmhithe idir ionaid agus úinéirí difriúla a thaifeadadh. Rinneadh móráireamh ar an mbólacht cúig uair sa bhliain freisin agus leis sin rinneadh iarracht a dheimhniú go mbeadh úinéirí ábalta a sheiceáil go raibh taifead ceart déanta ar dhíol nó ar cheannach na mbeithíoch. De bhreis ar seo, chuir an Roinn foirmeacha priontáilte ar fáil lena chinntiú go gcuirfeadh an díoltóir nó an ceannaitheoir an ghluaiseacht in iúl don Roinn. Rinne an Roinn na foirmeacha a phriontáil agus an postas a íoc.
Ach, faoi mar a tharlaíonn i gcás mórán de na gearáin a bhfaighim, ní hionann an gníomh agus an plean i gcónaí. Go mí-ámharach, cé gur luaigh an fhoirm le postas íoctha, gur ceart an Roinn a chur ar eolas faoi dhíol nó faoi cheannach na n-eallaí níor luadh cé air go díreach a luigh an oibleagáid sin. Sa chás seo thug an ceannaitheoir le fios go gcuirfeadh sé an fhoirm ar ais, ach pé rud a tharla, rinne sé dearmad é sin a dhéanamh. Ach, toisc an tslí a d’oibrigh an scéim sa chás seo, ba é an díoltóir a d’fhulaing an pionós mór de €3,500 toisc gur theip ar an gceannaitheoir an scéala a chur ar aghaidh chuig an Roinn.
Rinne an díoltóir an pionós a achomharc chuig Oifig na nAchomharc Talmhaíochta. Cé go raibh comhbhá acu leis ní raibh de rogha ag an Oifig sin ach an t-achomharc a mheas i gcomhthéacs téarmaí agus coinníollacha na scéime. Chuaigh an Oifig chomh fada agus an fhadhb a fhoilsiú sa Tuarascáil Bhliantúil a rinne siad féin.
Tar éis machnamh a dhéanamh ar an ngearán chuir mé litir mhion-shonraithe chuig an Roinn ag iarraidh orthu an cheist a fhiosrú. Mar fhreagra, ghlacadar lena ndúirt mé, ach mar chríoch dúradar nach raibh dada acu le cur leis an gcinneadh a rinne Oifig na nAchomharc.
Ní mó ná sásta a bhí mé leis an bhfreagra agus tharla breis chomhfhreagrais agus cruinnithe idir an fhoireann agamsa agus daoine níos sinsearaí ón Roinn. Ar dheireadh thiar thall thoiligh an Roinn an pionós an ais-tharraingt de bharr imthosca an cháis. Chomh tábhachtach céanna dar liom, d’aontaigh an Roinn amharc arís ar an scéim. Tar éis an athbhreithnithe thugadar scéim isteach a thabharfadh an deis do cheachtar an dá pháirtí tuairisc faoi gluaiseacht na n-eallaí a thabhairt neamhspleách óna chéile.
Is dóigh liom gur aithin an Roinn leis sin go gcuideoidh na hathruithe seo leis an riarachán ar mhodh go bhféadfaí gearáin den chineál céanna a sheachaint san am atá le teacht. De bharr an ghearáin seo a leanas a rinneadh i gcoinne Comhairle Chontae Bhaile Átha Cliath Theas, maidir le cúrsaí pleanála, bhí ar an gComhairle cúiteamh a íoc leis an ngearánaí agus chuireadh d’iallach orthu feabhas a chur ar na gnásanna i gcomhair iarratas pleanála.
Sa Tuarascáil Bhliantúil a rinne mé don bhliain 2006 chuir mé alt isteach ar an ábhar “Comhlachtaí poiblí...ag gníomhú go cóir de réir an dlí agus rialacha agus rialacháin ar bith eile”. Léirigh mé, le samplaí, ócáidí nuair a bhí teipthe ar chomhlachtaí poiblí oibriú de réir an dlí agus faoi mar a d’fhulaing daoine de dheasca na dteipeanna céanna. Fuair mé tuilleadh gearán fós sa bhliain 2 007 maidir le loiceadh comhlachtaí poiblí áirithe chun forálacha iomlána an dlí a chomhlíonadh i ndéileálacha a bhí acu leis an bpobal.
Sa chás seo, bhain an gearán le loiceadh Chomhairle Chontae Bhaile Átha Cliath Theas (CCBÁCT), le linn dóibh a bheith ag oibriú na bhfeidhmeanna a bhí acu mar údarás pleanála, déileáil ceart is cóir a dhéanamh le hagóid a rinne tríú páirtí i gcoinne iarratais phleanála. Dhiúltaigh CCBÁCT iarratas ar phleanáil i Mí Aibreáin 2006 agus i mBealtaine 2006 lóisteáil an t-iarratasóir achomharc leis an mBord Pleanála (ABP). Chuireadh in iúl do CCBÁCT ar 2 9ú Bealtaine go raibh an t-achomharc déanta, ach theip ar an gComhairle é sin a chur in iúl don tríú páirtí, an t-agóidí i gcoinne an iarratais phleanála. Bhí sé de cheangal orthu é sin a dhéanamh faoi Airteagal 69 de na Rialacháin Pleanála agus Forbartha 2001.
D’admhaigh CCBÁCT an botún don Oifig seo agus d’ofráladar €200 mar chúiteamh don ghearánaí. Thugadar cuntas freisin ar fheabhsú a bhí déanta acu ar an riarachán chun a chinntiú nach bhféadfadh a leithéid a tharlú arís. Is iad seo a leanas na feabhsuithe:
· teachtaireachtaí leictreonacha gach seachtain ag cur i gcuimhne go gcuirtear achomhairc isteach i mbunachar na Comhairle;
· tuairiscí leictreonacha go laethúil ag díriú ar chásanna go gcaithfí páirtithe a chur ar eolas fúthu;
· dhá uair sa tseachtain déanfar seiceáil de láimh ar na tuairiscí leictreonacha laethúla ar eagla go mbeadh páirtí a bith ann nár chuireadh eolas go dtí iad.
De bhreis ar seo bhí scrúdú á dhéanamh ar thogra chun córas fiosaithe a chur ar láithreán gréasáin na Comhairle lena bhféadfadh páirtithe clárú chun eolais a fháil tríd an ríomhphost ar gach céim den phróiseas pleanála.
Bhí an gearánaí sásta leis an ofráil chun cúitimh a thabhairt, agus bhí mé féin sásta gur admhaigh an Chomhairle an botún a rinneadar, gur ofráladar an cúiteamh, agus go rinneadar athbhreithniú ar na gnásanna, agus nach raibh gá ar bith lena thuilleadh cur isteach ón Oifig agamsa. Léiríonn an cás seo an tábhacht atá le comhlachtaí poiblí a bheith ar a n-aire maidir leis an ceangail dlíthiúla atá orthu. Léiríonn sé freisin má dhéantar botún gur ceart gníomhú go tapa, mar is cóir, chun an scéal a leigheas, agus pé céim is gá a thógáil lena cinntiú nach dtarlóidh a leithéid d’fhadhb arís.
Sa chás seo a leanas fuaireas roinnt locht sa tslí a bhí iasacht ón gComhairle á riaradh ag Comhairle Chontae Luimnigh. Fuair an gearánaí sásamh dá thoradh sin agus rinneadh gnásanna na Comhairle a fheabhsú.
Fuaireas gearán ó bhean i gcoinne Comhairle Chontae Luimnigh i ndáil le hiasacht a fuair sí faoi Scéim an Údaráis Áitiúil faoi Oibreacha Feabhsúcháin in Ionad Tithíochta. Faoin Scéim seo íocann an t-údarás áitiúil costas iomlán na bhfeabhsúchán don teach agus íocann an t-iarratasóir suim réasúnta in aghaidh na seachtaine nó in aghaidh na míosa. Sa chás áirithe seo, tar éis roinnt deacrachtaí i dtosach chun conraitheoir a fháil, rinneadh oibreacha don luach €24,265 ar theach an ghearánaí. Mhaígh an gearánaí nár thug an t-údarás áitiúil an t-eolas ceart dí maidir le costas na hoibre agus nach bhfuair sí eolas ar an bhfigiúr ceart go ceann roinnt mhaith bhlianta tar éis don ais-íoc a bheith tosaithe.
Dar leis an ngearánaí níor iarradh uirthi conradh ar bith a shíniú a shonraigh méid na hiasachta ná ní bhfuair sí aon eolas i scríbhinn ón gComhairle maidir le costas na n-oibreacha. Thuig sí gurb é €14,835 an méid a bhí san iasacht agus is dá réir sin a chuaigh sí ar aghaidh leis an obair. Thaispeáin sí comhfhreagras a fuair sí ón gComhairle a thacaigh leis an seasamh a rinne sí.
Mhaígh an Chomhairle, cé nár dhealraigh sé go raibh aon litir i gcomhad a chuir eolas chuig an ngearánaí faoi chostas na n-oibreacha, mar in féin, go raibh an gearánaí i dteagmháil leis an gComhairle i rith an ama a bhíodar ag iarraidh conraitheoir a aimsiú. Ach dúirt an Chomhairle go raibh an gnó curtha trí chéile le méid na dtairiscintí a fuarthas agus a tarraingíodh siar iar sin, agus b’fhéidir gur mar gheall ar sin go raibh figiúirí neamhchruinne i gcuid den chomhfhreagras a chuir dlíodóirí na Comhairle amach.
Ba léir gur fhulaing an gearánaí toradh mí-ámharach as an easpa soiléire a bhí le praghas an chonartha mar gné thábhachtach is ea costas na hoibre má áirítear aisíoc seachtainiúil na hiasachta. Chomh maith leis sin dá dteastaíodh ón ngearánaí an fiach a ghlanadh is léir go mba ghné an-sonrach é costas an chonartha ansin nuair a bheadh costas an ghlanta á áireamh.
Le linn dúinn an cás seo a bhreithniú bhí an méid seo soiléir:
· Ní raibh an Chomhairle ábalta doiciméid a thaispeáint ag léiriú go raibh comhaontas dlíthiúil acu leis an ngearánaí chun iasacht de €24,265 a ais-íoc leo;
· Ní raibh an Chomhairle ábalta fianaise a thaispeáint gur chuireadh costas na hiasachta in iúl don ghearánaí ná gur aontaigh sí dul ar aghaidh leis na hoibreacha ar bhonn phraghais athbhreithnithe an chonartha;
· Ar thrí ócáid ó thosaigh na haisíocaí, i gcomhfhreagras a bhí acu le dlíodóirí an ghearánaí, thug dlíodóirí na Comhairle luach neamhchruinn ar an iasacht; agus
· Ghlac an Chomhairle go raibh trí chéile ann maidir le méid/praghas na hiasachta mar gheall ar líon na dtairiscintí ar ghlacadh leo sular cheapadh an conraitheoir deireanach.
D’iarr m’Oifig ar an gComhairle amharc arís ar an gceist ag cuimhneamh ar an ualach fiacha a leagadh ar an ngearánaí, go háirithe ar dhuine a bhí ar ioncam an-teoranta. D’iarramar ar an gComhairle sásamh iomchuí a ofráil sa chás sin. Thoiligh an Chomhairle cuntas an ghearánaí a choigeartú síos chuig luach iasachta €14,835 agus creidmheas a chur lena cuntas i leith ais-íocaí a bhí déanta os cionn an mhéid a bheadh dlite ar an luach laghdaithe sin den iasacht. Chomh maith le sin chuir an Chomhairle gnásanna nua i bhfeidhm lena chinntiú nach dtarlódh a leithéid arís.
Caibidil 2 - Gearáin a Réiteach agus an Riarachán Poiblí a Fheabhsú - Cuid a dó ("Gearán i gcoinne Ospidéil Bheaumont" go dtí Caibidil 3)
Bhain an ghearán seo i gcoinne Ospidéil Bheaumont leis an gcóiriú a rinneadh ar othar scoth-aosta sna laethanta sular chailleadh í. Is cuid d’Fheidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte, an t-Ospidéal seo den Ghrúpa Bhaile Átha Cliath Thoir Thuaidh. Chuireadh athruithe sna gnáis agus tuilleadh traenála le haghaidh na foirne i bhfeidhm de bharr an ghearáin seo. Beidh iarghníomhú breise dá bharr freisin ag an gCoiste Comhtháite um Chaighdeán agus Sábháilteacht atá san ospidéal.
Fuaireas gearán ó bhean a dúirt go raibh trí chéile ann faoi na himthosca inar tugadh cógas gan aon oideas dá máthair i dtréimhse chúig lá le linn dí a bheith in Ospidéal Beaumont. Bhraith an chlann gur chuir an cógas seo támh codlata ar a máthair a mhaolaigh ar an gcumas a bhí aici caidreamh a dhéanamh leo i rith laethanta deireanacha a beatha.
Chuir an tOspidéal tuarascáil chuimsitheach ar an ngearán go dtí an Oifig agamsa. Tuarascáil ard-chaighdeáin ba ea í agus bhí na gníomhartha a tuairiscíodh inti tacaithe ag comhghnáis agus modhanna imeachta réam-aontaithe. Thairis sin thug an tOspidéal freagraí ar na pointí go léir a bhí luaite againn.
Déantar na mílte oideas drugaí a ullmhú in ospidéil na tíre seo gach lá. De ghnáth braitheann an rath a bhíonn ar gach ceann díobh ar chumarsáid cheart idir an dochtúir a dhéanann an diagnóis agus a cheapann an plean leighis agus an t-altra a thugann an cógas leighis don othar. Ba chóir go mbeadh gach eolas atá riachtanach sa chumarsáid seo maidir le hullmhú chógais míochaine an othair. Is í an chairt oidis an príomh-ghléas a úsáidtear sna hospidéil le riarachán na gcógas a stiúradh. Tá sonraí agus déantús na gcógas sa chairt seo, cé dó/dí a thabharfaí iad, cé mhéid, cén bealach, cé chomh minic agus cé chomh fada. Déantar an chairt a athnuachan go laethúil de réir mar a thugtar an mhíochaine don othar.
Ach, i gcás othar fad-chónaitheacha, is minic gur gá sonraí na míochaine atá le tabhairt a athscríobh de láimh isteach i gcairt oidis nua. Tarlaíonn seo, toisc go ndéantar an chairt a athnuachan gach lá agus líontar suas na spásanna go léir atá ar fáil le síniúcháin na bhfoireann altranais mar dheimhniú gur tugadh an mhíochaine don othar.
Nuair a scrúdaigh mé an gearán agus cairt oidis an othar, ba léir gur ordaíodh an druga Mirtazapine dí ar 11ú Iúl 2006. Oibríonn an druga seo mar fhrithdhúlagrán agus bíonn toradh támhach leis. 15 mg a bhí sa chéad dháileog. Bhí minicíocht na friothála luaite go soiléir mar Nocté - istoíche. Bhí sé le dáileadh tríd an mbéal.
Tosaíodh ar an dara chairt oidis a scríobh ar 24ú Iúl 2 006, coicís ina dhiaidh sin. Rinneadh oideas iomlán an druga a athscríobh de láimh isteach sa chairt nua. Ach, sa chás seo níor luadh “minicíocht” na míochaine. Ar chuma ar bith, bhí an “mhinicíocht”, de réir mar a friotháladh í, mar a chéile leis an gcairt roimhe sin .i. Nocté - istoíche. De réir an taifid, friotháladh an mhíochaine ar 22 .00 gach oíche, ar feadh coicíse go dtí 3ú Lúnasa 2 006. Bhí an dara chairt lán faoin am sin.
Tosaíodh an tríú chairt ar 4ú Lúnasa, 2006. Athscríobhadh sonraí oidis an druga arís isteach sa chairt nua. Arís, níor nótáladh minicíocht na friothála. Ach, ón 4ú Lúnasa 2006 amach friotháladh an 15 mg den druga, trí uair sa lá, uair amháin ar 8 rn, uair eile ar 14.00 agus arís ar 2 .00. B’shin trí mhéid ní ba mhó ná mar a bhí ordaithe sa bhunoideas.
Bhí sé soiléir dom go raibh dhá bhotún riaracháin sa phróiseas seo. Sa chéad áit theip ar an ndochtúir ‘minicíocht’ a shonrú sna cairteacha oidis dar dháta 24ú Iúl agus 4ú Lúnasa, 2 006. Tharla an dara botún riaracháin nuair a rinne altra “minicíocht” friothála an oidis a chur síos mar thrí uair sa lá ar an gcairt dar dháta 4ú Lúnasa 2 006, gan aon cheadú, is cosúil, a dhéanamh le dochtúir. Níor réitigh an iontráil seo haon fhriotháladh amháin sa lá faoi mar a ordaíodh sa bhun-oideas.
Lean sraith friothála seo na Mirtazapine .i. trí fhriotháil sa lá ar feadh cúig lá, go dtí an 8ú Lúnasa, nuair a tugadh an druga dhá uair don othar. Is ag an gcor sin a tugadh an botún riaracháin faoi deara. Go hachomair, tugadh trí oiread den mhéid míochaine don othar ar feadh ceithre lá thar an méid a cheapadh dí agus dhá oiread in aon lá amháin.
Ón scrúdú a rinne mé ar an ngearán bhí sé soiléir gurb í fréamh na faidhbe nár tugadh aird cheart ar pholasaí an Ospidéil maidir le Bainistíocht Míochaine. Go háirithe, nuair nár sonraíodh minicíocht na friothála ar an dara chairt oidis, a thosaigh ar 2 4ú Iúl 2 006, bhí an fhoireann ag sárú polasaí an ospidéil maidir le Bainistíocht Míochaine. Ordaíonn an polasaí sin nach mór don altra, i measc nithe eile, a chinntiú go gcuirtear síos a an t-am agus a mhinice a dhéantar an mhíochaine a fhriotháil.
Ó mo thaobh seo de, mar Ombudsman, bhí mé sásta, chomh luath is a aimsíodh an botún ar an 8ú Lúnasa 2006, go ndeachaigh an t-ospidéal i mbun oibre iomchuí láithreach, rinneadar:
· an botún a admháil;
· an teaghlach a chur ar a n-aire;
· leithscéal a ghabháil láithreach leis an dteaghlach;
· na gnásanna a athrú;
· gníomhaíocht cheartúcháin, agus
· cúrsa traenála don fhoireann a eagrú.
Chomh maith le sin, dúirt an tOspidéal le m’Oifig, go raibh, mar thoradh díreach ar a bhain don othar seo:
· aon duine sa bhfoireann altranais a raibh baint acu leis an mbotún curtha ar lá staidéir agus gur labhair Bainisteoir na nAltraí Cliniciúla leo;
· cruinniú idir Bainisteoir Altraí an Rannáin agus Bainisteoir na nAltraí Cliniciúla ón mbarda. Pléadh an cleachtais maidir le botún friothála na gcógas míochaine agus rinneadh comharthaíocht úr i gcomhair na dtralaithe míochaine a cheapadh. Chuireadh na comharthaí seo ar gach tralaí san ospidéal, le cur i gcuimhne don fhoireann seiceáil dhúbailte a dhéanamh ar fhriotháil mhíochaine agus ar oidis;
· cruinniú idir Bainisteoir Altraí an Rannáin agus Bainisteoirí Altraí ó Rannáin eile san Ospidéal le cur in iúl dóibh gur tharla a leithéid de bhotún agus chun iad a chur ar a n-aire ina rannáin féin. Bhí cruinniú freisin idir Bainisteoir Altraí an Rannáin agus An Stiúrthóir Altranais ar an ábhar seo;
· Chuireadh Foirm Bhainistíochta Rioscaí chuig Rannóg an Árachais.
De ghnáth bheinn sásta an cúrsa a fhágáil bunaithe an bhfreagairt dheimhneach ón ospidéal. Ach, tá mé den tuairim go bhfuil contúirt sa ghnás na cairteacha oidis a athscríobh de láimh, go n-éireodh earráidí riaracháin dá bharr, agus gurb iad na hothair is mó a bheadh thíos le sin. Agus an méid sin ráite, glacaim, fiú má tá eolas domhain ag duine ar chúrsaí leighis, gur féidir botúin a dhéanamh ag ordú cógais, go háirithe má chuirtear aird an duine ar seachrán. D’fhéadfadh iomraill dá leithéid a theacht as timpeallacht ghriothalánach oibre, as ualach broidiúil oibre, as brú ama, as pé acu an raibh an dochtúir ag cóiriú oidis a (h)othar féin agus as cumarsáid dona idir baill foirne. Is féidir le droch-eagraíocht tionchar a imirt ar eachtraí dá leithéid freisin, rudaí ar nós traenáil easnamhach, beag-tábhacht a bheith curtha le hoidis agus easpa smaoinimh roimh ré ar chontúirt earráidí.
Níl dabht ar bith im aigne nach mór dúinn an caighdeán sábháilteachta is airde d’othair a éileamh sna hospidéil seo againne. Sa chás seo tharla botún le linn do dhruga áirithe a bheith á fhriotháil ar othar. Sa mhion-scrúdú a rinne mé thángthas ar fhréamh na faidhbe sa chóras b’fhéidir, is é sin an t-athscríobh fabhtach de na cairteacha oidis. Bhí sé soiléir dom go raibh saincheist léirithe ag an gcás seo nár mhór a thaighde níos doimhne d’fhonn cás eile cosúil leis a sheachaint, nó ar a laghad an dóchúlacht a ísliú. Má bhíonn botúin míochaine bunaithe ar earráidí riaracháin is baol do na hothair.
Mar sin, chuaigh mé sa tóir ar an ospidéal arís mar gheall ar seo. Ag éirí as seo chuir an t-ospidéal an fhadhb ar chlár oibre an Choiste Chomhtháite um Chaighdeán agus Shábháilteacht. D’fháiltigh mé roimhe seo agus d’iarr mé ar an ospidéal torthaí a gcuid bhreithniúchán a chur in iúl dom in am tráth. Molaim an t-ospidéal as an ngníomhú a rinneadar agus as an bhfáth gur admhaigh siad an tábhacht atá le ceachta a fhoghlaim as earráidí, mar is gné thábhachtach í sin má táthar ag iarraidh sábháilteacht na n-othar a fheabhsú sna hospidéil.
Scríobh mé freisin chuig an Údarás um Fhaisnéis agus Cáilíocht Sláinte (ÚFCS) chun cúlra an ghearáin agus toradh an scrúdaithe a rinne mé a chur in iúl dóibh. Rinne mé sin sa chomhthéacs gurb é an tÚFCS a leagann síos na caighdeáin cáilíochta agus sábháilteachta do na seirbhísí sláinte agus is iad a fhorbraíonn na treoirlínte agus na caighdeáin chleachtais is fearr i gcomhair soláthraithe na seirbhísí sláinte.
Ag éirí as an ngearán seo i gcoinne Ospidéil an Chontae i Ros Comáin (is cuid d’Fheidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte an t-ospidéal seo den Ghrúpa Ospidéal Thiar/Thiarthuaidh) tugadh cúiteamh don ghearánaí agus d’fheabhsaigh an t-ospidéal na gnásanna a bhí acu chun airnéis phearsanta na n-othar a chaomhnú.
Theagmhaigh bean liom tar éis dá máthair bás obann a fháil in Ospidéal Chontae Ros Comáin. Bhí fáinní pósta á gcaitheamh ag an máthair nuair a fuair sí bás. Bhí na fáinní téipeáilte lena méara sular chuireadh an corp chuig an scrúdú iarbháis, ach bhíodar imithe amú le linn do na taisí a bheith fós i seilbh Fheidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte (FSS). Rinne na gardaí an scéal a fhiosrú ach níor tháinig aon ní chun solais faoi cad d’imigh ar na fáinní. Bhí cruinniú ag an gearánaí agus baill eile dá teaghlach le foireann shinsearach san ospidéal chun an cheist a phlé agus rinne an Stiúrthóir Altranais a cuid fiosruithe féin. Theastaigh ón ngearánaí a fháil amach cérbh iad na céimeanna a bhí tógtha lena dheimhniú nach dtarlódh a leithéid arís.
D’iarr mé tuarascáil ón FSS maidir leis an ngearán agus dúradh liom gur admhaigh Ospidéal Chontae Ros Comáin nach raibh na gnásanna a bhí i bhfeidhm acu ag an am cuimsitheach ná láidir go leor, agus nach raibh aon shonrú sa doiciméid altranais go gcaithfí liostú a dhéanamh de rudaí luachmhara ar theacht don othar isteach san ospidéal. Bhí géar-phráinn chóireála ar máthair an ghearánaí nuair a tháinig sí. Tugadh tosaíocht don ghátar sin agus níor rinneadh taifeadadh iomlán ar shealúchas luachmhair an othair.
Tugadh le fios dom freisin go raibh modhanna imeachta agus comhghnáis á n-ullmhú i scríbhinn i gcomhar leis an bhfoireann altranais. Bhí grúpa bunaithe freisin chun an próiseas a athbhreithniú, le treoir cheart a thabhairt don bhfoireann maidir le cleachtais le leanúint dá bhfaigheadh othar bás agus chun achoimriú a dhéanamh ar na róil agus na freagrachtaí a bhí ag na baill foirne go léir.
Ghabh Bainisteoir Ginearálta an Ospidéil leithscéal i scríbhinn leis an dteaghlach as an anacair agus an t-anó a bhain díobh. Bhí sásamh airgid iarrtha ag an dteaghlach freisin ó FSS as cailliúint na bhfáinní agus d’iarr Comhar-Árachais Chomhairlí Éireann Teo (an comhlacht árachais a d’oibrigh thar cheann FSS) doiciméid a chur chucu a thaispeánfadh an luach. Chuir an gearánaí luacháil isteach i scríbhinn don tsuim €3,000 agus d’aontaigh an Comhar-Árachais an méid sin a íoc. Ach bhí dlíodóir fostaithe ag an ngearánaí mar bhraith sí go raibh an cúiteamh seo, móide íocaíocht i gcomhair ama agus trioblóide, ag dul dí, de dheasca an dua a chuireadh uirthi agus ar a clann ag tóraíocht an ghearáin le FSS. Nuair a theagmhaigh mé ar dtúis le FSS maidir leis an éileamh breise seo, diúltaíodh d’éileamh an ghearánaí. Ach, i ndiaidh teagmhálacha breise leis an Stiúrthóir Gnóthaí Tomhaltóirí laistigh den FSS, thoiligh siad an íocaíocht seo a dhéanamh. D’íocadh €5,000 in iomlán leis an ngearánaí de bhreis ar an costais dlíthiúla.
D’éirigh an gearán seo as an léirmhíniú a bhaineadh as Ciorclán ón Roinn Sláinte agus Leanaí agus is éard a tháinig as an ngearán ná gur dheonaigh Feidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte (Baile Átha Cliath, Lár Laighin) riaráistí aire faoisimh a íoc le thart faoi 34 tuismitheoirí altrama.
Fuaireas gearán ó lánúin i gceantar Laoise/Uibh bhFailí. Tuismitheoirí altrama ba ea iad agus bhain an gearán le cinneadh a rinne Feidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte (FSS) go háitiúil chun íocaíochtaí faoisimh a choinneáil siar ó thuismitheoirí sa chomharsanacht sin. Dúirt an lánúin go mbíodh íocaíochtaí faoisimh ar fáil ag tuismitheoirí altrama a raibh achar beag faoisimh de dhíth orthu óna gcúramaí aireachais agus go raibh na híocaíochtaí seo fós a dhéanamh in áiteanna eile faoi FSS. Dhealraigh sé gur fhréamhaigh an cinneadh gan na híocaíochtaí seo a dhéanamh i gceantar Laoise/Uíbh bhFailí as léirmhíniú a bhaineadh ar Ciorclán a d’eisigh an Roinn Sláinte agus Leanaí i Mí Iúil 2001 a chuir deireadh le liúntais discréideacha a thabhairt do thuismitheoirí altrama.
Bhí scríofa ag FSS chuig an Roinn ag lorg soiléiriú maidir le ciall cheart an chiorcláin. Nuair a d’ardaigh mé an cheist seo leis an Roinn tugadh le fios dom gurb é gnó FSS caighdeánú a dhéanamh ar chleachtais a bhain le seirbhísí altrama ar fud na tíre agus freisin an cur-i-bhfeidhm d’aon pholasaí a rialaíonn faoiseamh a íoc le tuismitheoirí altrama. Dhealraigh sé liom nach raibh bac ar FSS leibhéal éigin faoisimh a íoc le tuismitheoirí altrama faoi théarmaí an Chiorcláin agus ba é fírinne an scéil go raibh an íocaíocht sin á dhéanamh i ngach ceantar beagnach. Scríobh mé chuig FSS áitiúil ag achoimriú mo dhearcaidh ar an gceist. Dúirt mé leo nach raibh sé cóir íocaíochtaí a stopadh sa cheantar sin agus ina dhiaidh sin a bheith ag lorg dearbhú nó soiléiriú ón Roinn.
D’iarr mé orthu athmhachnamh a dhéanamh ar an scéal le súil go gcuirfí na híocaíochtaí ar ais le riaráistí iomchuí. Bhí áthas orm a chloisteáil ina dhiaidh sin gur bronnadh na híocaíochtaí ar ais ar thart faoi 34 tuismitheoir altrama i gceantar Laoise/Uibh bhFailí. Socraíodh ar riaráistí de €67,000 in iomlán a thabhairt dóibh.
Caibidil 3 Cásanna Roghnaithe - An Státseirbhís
An Roinn Talmhaíochta, Iascaigh agus Bia
Díospóid maidir le hÍocaíochtaí faoi Scéim Chosanta Comhshaoil naTuaithe.
Rinne fear gearán gur chaith an Roinn Talmhaíochta, Iascaigh agus Bia go míchothrom leis féin agus lena mhac maidir le hiarratais a rinneadar faoin Scéim Chosanta Comhshaoil Tuaithe (SCCT)
D’éirigh go maith leis an athair mar rannpháirtí sa chéad SCCT. Chuaigh sé isteach sa SCCT 2000 agus fuair sé an chéad íocaíocht i Mí Eanáir 2002, agus an dara ceann i Mí Mheithimh 2003. Nuair a rinne sé an t-iarratas le haghaidh íocaíochta don tríú bhliain chrosáil sé amach na rannóga a líontar isteach de ghnáth agus rinne sé comhlánú ar “Rannóg B”. Tá ceannteideal ar an rannóg seo a deir go bhfuil an chuid sin le líonadh isteach ag daoine nach mhian leo dul ar aghaidh a thuilleadh le páirt a ghlacadh sa scéim. Chuir sé síos sa rannóg seo gur theastaigh uaidh dul faoi scéim an luathscoir i Mí Aibreáin 2004 agus go mbeadh a mhac ansin ag tógáil léasa ar a chuid talún agus ag dul isteach faoin SCCT.
Ghlaoigh an Rannóg SCCT ar chomhairleoir an iarratasóra i Mí Lúnasa 2004 áfach le chur in iúl dó toisc nach raibh plean nua faighte roimh cothrom na bliana .i. Eanáir 2004, go raibh deireadh curtha leis an sean-phlean agus go gcaithfí na híocaíochtaí a rinneadh don chéad dhá bhliain, sé sin €13,313, a íoc ar ais.
Iar sin chuaigh an cás chuig achomhairc agus thacaigh an tOifigeach Achomhairc le cinneadh na Roinne. Sa chinneadh a rinne sé chuir sé san áireamh Alt 2 3.1 den SCCT a deir go gcaitheann rannpháirtithe scéala a chur chuig an Roinn sé seachtain roimh aon laghdú a dhéanfaí ar méid na talún faoi fheirmeoireacht agus sa chás go mbeadh gá le plean nua nó plean leasaithe ag éirí as athrú dá leithéid, nár mhór an fógra sin a chur isteach roimh lá cothrom na bliana dar gcionn.
Is éard a chinn an tOifigeach Achomhairc, nár mhór, chun pionóis a sheachaint, go an plean nua a chur isteach roimh Eanáir 2004. Ach, nuair nár chuir mac an fheirmeora iarratas nua isteach go dtí Deireadh Fómhair 2004, ba ró-fhada an t-achar é sin ó lá cothrom na bliana chun go nglacfadh an Roinn leis mar leanúnachas ar phlean an athar.
Nuair a scrúdaigh mé an chás níor shíl mé go raibh cinneadh an Oifigigh Achomhairc ag áireamh go raibh an chéad iarratasóir (an t-athair) tar éis leanúint d’fheirmeoireacht na talún agus gur lean sé ina úinéir ar an dtalamh go dtí Meitheamh 2004. Bhí a fhios ag an Roinn go raibh leanta aige leis an bhfeirmeoireacht tar éis deireadh na dara bliana íocaíochta toisc gur chuir sé iarratas préimhe caorach isteach go luath sa bhliain 2004 agus bhí air na caoirigh a choinneáil go dtí Aibreán 2004. Bhí a fhios ag an Roinn freisin nár aistríodh an talamh go dtí an mac go dtí Meitheamh 2004. Sna cúinsí sin, dar liomsa, ní bheadh sé de réir an chirt don mhac plean le haghaidh talún nach raibh ina sheilbh a chur isteach in Eanáir 2004, “dáta cothrom na bliana” ó phlean SCCT an athar de réir áirimh na Roinne. Ní raibh aon “laghdú sa talamh faoi fheirmeoireacht” ná athrú san úinéireacht go dtí Meitheamh 2004. Bhí mise den tuairim go mba leor an fógra roimh ré a thug an feirmeoir go mbeadh na hathruithe ag teacht sa bhliain 2004 agus bhí freastal déanta freisin ar na forálacha faoi Alt 2 3.3(a) den scéim. Ceadaíonn an t-alt seo do thalamh a aistriú isteach faoi phlean SCCT eile gan gá aon chúnamh airgid a tugadh roimhe sin a ais-íoc.
Chuir mé an cás faoi bhráid Stiúrthóir Oifig na nAchomharc Talmhaíochta, duine a bhfuil an cumhacht aige athbhreithniú a dhéanamh ar chinneadh an Oifigigh Achomhairc má tá an cinneadh sin mícheart ó thaobh dlí nó ó thaobh fírice agus d’iarr mé air an cinneadh a athbhreithniú de bharr an amhrais a bhí orm faoi. Tharraing mé a aird freisin ar an gcás gur plean ina cheart féin ba ea an plean SCCT a chuir an mac isteach (.i. nár leanúnachas ar phlean an athar é) agus go raibh an plean seo curtha ar fionraí ag an Roinn ar an mbonn gur theastaigh ón Roinn fanacht ar thorthaí an scrúdaithe a bhí á dhéanamh agamsa ar an ngearán. Bhí imní orm go raibh an t-athbhreithniú níos práinní ná riamh dá bharr seo, toisc, dá mhéid ama a imíonn gan aon chinneadh, agus gan aon íocaíochtaí is ea is mó an damáiste a fhulaingíonn an t-iarratasóir. Ina dhiaidh sin fuair mé amach go raibh iarratas an athar ar phinsean scoir curtha ar fionraí freisin i rith an ama seo.
D’imigh ocht mí áfach sula bhfuair an Oifig seo againne freagra ó Stiúrthóir Gníomhach Oifig na nAchomharc Talmhaíochta. Ghabhadar trí laghdú éigin sa bhfoireann agus ath-eagrú idir an dá linn. Bhreithnigh an Stiúrthóir Gníomhach ar cheist faoi cén am a chríochnaigh an chéad iarratasóir (an t-athair) ag feirmeoireacht faoin SCCT agus nótáil sé gur cheap an Roinn gurb é an 1ú Eanáir 2004 an “dáta cothrom bliana” a bhí aige, ach de réir chomhairleora thalmhaíochta an fheirmeora ba é an 1ú Eanáir 2005 an dáta ceart. Nótáil sé freisin sa chinneadh a rinne sé gur gnó casta leadránach go minic is ea an taistriú ó fheirmeoireacht SCCT go dtí Scéim an Luath-Scoir.
Dúirt sé freisin gurb é an léirmhíniú a bhain sé as an scéal ná gurb é an 16ú Meitheamh 2004 an dáta a scar an t-athair le feirmeoireacht SCCT, agus nótáil sé nach raibh fianaise ar bith ann nár lean sé leis ag feirmeoireacht de réir an phlean a bhí aige. Dúirt sé gurb í a thuairim gurb é an lá cothrom bliana a bhí ábhartha ná an chéad lá cothrom na bliana tar éis an dáta a aistríodh an talamh .i. an 1ú Eanáir 2005. Dúirt sé nach raibh an plean a chuir an mac isteach i Mí Dheiridh Fómhair 2004 an-dheireanach in aon chor má cuirtear coraí athraitheacha an tsaoil san áireamh agus i gcomhthéacs aon phlean chúig bhliana.
Rinne an Stiúrthóir Gníomhach an cinneadh a rinne an tOifigeach Achomhairc a athbhreithniú agus scríobh sé chuig an Roinn ag moladh go gceadófaí don athair an t-airgead a fuair sé a choinneáil. Bhí an Oifig seo i dteagmháil leis an Roinn ina dhiaidh sin arís lena dheimhniú go raibh na riaráistí ón bpinsean luathscoir (a bhí coinnithe siar) curtha anois go dtí an t-athair agus go raibh glactha le hiarratas SCCT an mhic, le héifeacht ón 1ú Eanáir 2005, ionas go n-íocfaí riaráistí leis ón dáta sin.
Rinne an Stiúrthóir Gníomhach ag Oifig na nAchomharc Talmhaíochta athbhreithniú cóir agus cothrom ar an gcás agus rinne sé cinneadh a bhí mar thoradh leis go ndearnadh íocaíochtaí leis an athair agus leis an mac. Mar sin féin, ní mór a admháil go raibh an teaghlach sin gan íocaíocht ar bith, gan an SCCT ná an Scéim Luath-Scoir, agus ní trína gcion féin é, go ceann trí bhliana. Ní foláir nó go mba chúis mhór-anró agus an-shochair ó thaobh airgid dóibh é sin.
Oifig na gCoimisinéirí Ioncaim
Deacrachtaí Cumarsáide faoi Dhliteanas Cánach
Rinne cáin-íocóir gearán chuig m’Oifig maidir leis an mbealach a dhéileáil na Coimisinéirí Ioncaim leis na socraithe lenar bheartaigh sé cánacha a bhí d’fhiacha air a íoc. Bhí sean-fhiacha ar an duine seo agus ghearáin sé go raibh aontaithe ag na Coimisinéirí solúbthacht áirithe a ligean leis maidir leis an tslí agus an t-am a d’fhéadfadh sé na fiacha sin a ghlanadh, ach, ina dhiaidh sin thosaigh siad imeachtaí sibhialta ina choinne chun an airgid a bhailiú agus ba shárú é sin ar ghnásanna normálta agus ar an socruithe a bhí déanta agus aontaithe acu leis.
Bhí bille cánach ar an bhfear a bhí ag dul siar roinnt mhaith blianta. Bhí a chás airgeadais ní ba chasta toisc go raibh sé ag gabháil trí idirscaradh agus fuair sé é féin sa riocht nach bhfaigheadh sé freastal ar a fhiacha go dtí go mbeadh an teach muintire díolta. Ar bhonn ordaithe ón gCúirt Cuarda um Dlí Teaghlaigh chuireadh an teach muintire ar an margadh, ghlacadh le tairiscint agus socraíodh dáta le haghaidh críochnaithe. Mhaígh an cáin-íocóir gurb eol do na Coimisinéirí conas mar a bhí an scéal agus go raibh aontaithe acu fanacht go dtí go bhfillfeadh sé óna laethanta saoire ionas go bhfaigheadh sé ceist na cánach a chur in ord. Mar sin féin, le linn dó a bheith ar laethanta saoire d’eisigh an Coimisinéirí foláireamh seacht lá, agus sula raibh an tréimhse sin istigh chuireadar tús le himeachtaí sibhialta. Ar fhilleadh dhó ó laethanta saoire ghlan an cáin-íocóir an cháin a bhí air laistigh de roinnt laethanta tar éis don teach a bheith díolta, ach bhí imeachtaí forfheidhmithe fós ina choinne as an ús a bhí ar an gcáin a chuaigh thar téarma. De bhreis a seo, i gcaitheamh na n-imeachtaí, fuair sé amach go raibh an rogha aige roimhe sin an cás a achomharc chuig na Coimisinéirí Achomhairc, ach níor chuireadh é sin in iúl dó agus bhí an tréimhse ama (30 lá tar éis an mheasúnaithe) caite chun a leithéid d’achomharc a dhéanamh.
Tar éis an gearáin a fháil san Oifig seo chuir mé an cás faoi bhráid na gCoimisinéirí Ioncaim. Rinneadar sin athbhreithniú inmheánach ar an ngearán laistigh den Cheantar ábhartha. Tar éis dóibh na fírící a scrúdú d’aontaíodh go raibh an fiach dlite, bhí an t-ús dlite go cóir ar an gcáin thar téarma, agus bhí an na Coimisinéirí i dteideal, de réir gnáis agus de réir an dlí, chun dul chun an dlí chun an fhéich ar fad a aisghabháil. Ach, nótáil na Coimisinéirí freisin nach raibh an ceart acu imeachtaí a thosú i gcomhthéacs na ngealltanas a tugadh don cháin-íocóir. De bhreis ar seo, d’aontaigh siad, gur chuireadh litir chuige i ndáil le himeachtaí sibhialta, a bhí débhríoch agus go bhféadfadh an cáin-íocóir cánach an tuiscint a bhaint aisti nach raibh sé i gceist a thuilleadh an t-ús a bhailiú. Mar gheall ar seo, agus toisc gur phléadáil an cáin-íocóir cánach neamh-ábaltacht chun íoctha, d’aontaigh na Coimisinéirí nach bhfaighfí an t-ús, den tsuim €5,445, a aisghabháil anois feasta.
An Roinn Gnóthaí Sóisialacha agus Teaghlaigh
Sochar Leanaí a Diúltaíodh ar Neamh-Náisiúnaigh
Tháinig fear ag triall ar an Oifig agamsa maidir le cinneadh a rinne an Roinn Gnóthaí Sóisialacha agus Teaghlaigh chun iarratais a rinne sé ar Shochar Leanaí a dhiúltú. Tháinig an fear seo agus a bhean go hÉirinn sa bhliain 2002. Rugadh mac dóibh i Mí Iúil 2002. Tar éis na breithe rinne na tuismitheoirí iarratas ar phas Éireannach don leanbh agus fuaireadar é sin. Bhí na tuismitheoirí féin sa riocht nach raibh aon stádas oifigiúil acu sa Stát nuair a rugadh an mac. Bhí iarratas ar chónaí déanta acu, áfach, tríd an mheicníocht a oibríonn an Roinn Dlí agus Cirt, Comhionannais agus Athchóirithe Dlí.
I Mí Feabhra 2003, tar éis rialaithe sa Chúirt Uachtarach ar stádas “páistí a rugadh in Éirinn”, rinneadh athbhreithniú ar phróiseas na n-iarratas. Lean a thuilleadh moille iar sin de thoradh ar an reifrinn ar an 27ú Leasú ar an mBunreacht, agus ina dhiaidh sin rinneadh leasaithe ar an Acht um Náisiúntacht agus Saoránacht Éireannach 2004. I Mí Eanáir 2005 d’fhógair an tAire Dlí agus Cirt, Comhionannais agus Athchóirithe socraithe úra chun breithniú ar iarratais ó thuismitheoirí de pháistí a rugadh in Éirinn ar chead chun fanacht sa Stát. Ag deireadh thiar, i Mí Aibreáin 2005, thug an Roinn Dlí agus Cirt, Comhionannais agus Athchóirithe Dlí ‘Teastas Cónaitheachta’ do na tuismitheoirí áirithe seo. Tugadh an Sochar Linbh ag deireadh na dála dóibh, le héifeacht ó Bhealtaine 2005, an mhí i ndiaidh dóibh an “Teastais Chónaitheachta” a fháil.
Bhí an gearán dírithe ar an bhfadhb gur diúltaíodh an chéad iarratas ar an mbonn nach rabhadar ábalta “Teastas Cónaitheachta” a thaispeáint i Mí Márta 2003, agus ba chóir go mbeidís i dteideal an tSochair Linbh a fháil le héifeacht ó Mhí Lúnasa 2002. Ag fiosrú an cháis dom, scrúdaigh mé an reachtaíocht Leasa Shóisialaigh a bhí i bhfeidhm ag an am a rinneadar an chéad iarratas ar Shochar Linbh. D’fhoráil Alt 192 den Acht Leasa Shóisialaigh (Comhdhlúthú) 1993 go mbeadh leanbh cáilithe chun críche na tSochair Linbh dá mbeadh sé (a) faoi bhun 16 bhliana d’aois, nó...(c) go raibh cónaí coitianta air sa Stát. Saolaíodh an leanbh seo sa Stát i Mí Iúil 2002 agus eisíodh pas Éireann dó i Mí Lúnasa 2002, agus dá bhrí sin shásaigh sé forálacha an Ailt seo. D’fhoráil Alt 193 den Acht céanna go mbeadh an duine lena gcónaíonn leanbh coitianta cáilithe le haghaidh Sochair Linbh i gcomhair an linbh sin. D’fhoráil Fo-Alt (2)(a) den Alt céanna gurb é an tAire a dhéanfadh na rialacha chun breith a thabhairt ar cé a mheasfaí a bheadh leanbh cáilithe ina chónaí coitianta leis/léi.
Scríobh mé chuig an Roinn ar an mbonn nach raibh nasc ar bith, sa reachtaíocht ábhartha, idir an riachtanas a bhí ar an “duine cáilithe” (.i. tuismitheoir an linbh) a bheith i seilbh Teastais Chónaitheachta agus an teideal a bhí ag an leanbh cáilithe chun Sochair Linbh a fháil. Sa chás seo, bhí an leanbh ina shaoránach Éireannach, mar a chruthaíodh leis an bpas Éireannach a eisíodh dó i Mí Lúnasa 2002. Bhí an leanbh ina chónaí coitianta lena thuismitheoirí.
Toisc gur rinneadh an cinneadh maidir le bronnadh an tSochair Linbh sular tugadh an Choinníoll um Ghnáth-Chónaí isteach i bhforálacha an Achta Leasa Shóisialaigh (Forálacha Ilghnéitheacha) 2004, mheabhraigh mé de réir réasúin go mba chóir go mbeadh an leanbh i dteideal an tSochair Linbh ó Lúnasa 2002. Tháinig mé ar an mbreith freisin go raibh an lánúin curtha ar mhí-bhuntáiste de dheasca na nimthosca a chuir moill dhosheachanta ar a n-iarratais chuig an Roinn Dlí agus Cirt, Comhionannais agus Athchóirithe Dlí. Is maith liom a rá go ndearna an Roinn athscrúdú ar an gcás, agus, tar éis dóibh na himthosca a scrúdú, chinneadar go raibh na tuismitheoirí i dteideal an tSochair Linbh ó Mhí Lúnasa 2002. Dá bharr sin rinneadh íocaíocht os cionn €4,100 de Shochar Linbh dóibh don tréimhse Lúnasa 2002 go dtí Aibreán 2005.
An Roinn Gnóthaí Sóisialacha agus Teaghlaigh
Iarratas ar Phinsean Stáit Réamh-1953 nár Lamháladh
Tugadh isteach Pinsean Stáit (Ranníoctha) laghdaithe réamh-1953 faoi na hAchtanna Leasa Shóisialaigh. Tháinig an pinsean in éifeacht i Mí na Bealtaine 2000. Le bheith cáilithe don phinsean seo, níor mhór 260 rann-íocaí a bheith déanta roimh 1953, nó roimh agus i ndiaidh 1953, ag iarratasóirí nach raibh cáilithe i gcomhair gnáthphinsin rannaíochta. Íoctar an pinsean seo ar leath an uasráta chaighdeánaigh den phinsean rann-íocaíochta.
Rinne fear 89 bliana d’aois teagmháil le m’Oifig chun gearán a dhéanamh toisc nár lamháladh an t-iarratas a rinne sé ar phinsean réamh-1953. Chuir sé in iúl go mbíodh sé i bhfostaíocht in-árachais sna tríochaidí agus na daichidí den 20ú aois agus go mba chóir go mbeadh go leor rann-íocaí déanta aige chun go mbeadh sé cáilithe an pinsean a fháil. Rinne m’fhoireann comhad an Roinne ar an gcás a scrúdú agus tháinig sé chun solais nár lamháladh an t-iarratas toisc, de réir taifead na Roinne, nach raibh déanta thar a cheann ach 109 rann-íocaíocht in-áirithe le haghaidh árachais. Rinne an fear diúltú an iarratais a achomharc chuig Oifig na nAchomharc Leasa Shóisialaigh ach níor leanadh den achomharc nuair a theip air faisnéis ábhartha faoin a chás a sholáthar don Oifigeach Achomharc. Chasadh an cás ar ais ansin chuig Oifig na Seirbhísí Pinsean (OSP) sa Roinn. Ach, nuair a fiosraíodh an scéal leis an OSP fuarthas amach gurb amhlaidh a chuaigh an comhad amú. I ndiaidh a thuilleadh cuardaigh d’aimsíodh go tapa arís é agus chuireadh ar aghaidh go dtí an Oifig seo é.
Nuair a rinneadh an comhad a scrúdú, dheimhnigh mé go raibh an fear tar éis sonraí mar gheall ar a fhostaíocht a sholáthar don Roinn a bhain le tréimhse nár chuireadh aon rann-íocaíochtaí árachais síos ar thaifead dó. Ach, bhí sé soiléir nár lean aon ghníomhaíocht mar thoradh ar an eolas seo. Scríobh mé chuig an Roinn mar gheall ar seo, agus tar éis mion-scrúdú a bheith déanta ag Cigire Leasa Shóisialaigh, chinneadh ar ais-íocaíochtaí ionadacha a thabhairt don fhear, toisc go raibh sé cruthaithe, thar aon dabht réasúnta, go raibh fostaíocht in-árachais aige i rith na tréimhse a bhí i gceist. Thug sin an méid riachtanach de rann-íocaíochtaí dó le cáiliú don phinsean. Faomhadh an t-iarratas uaidh iar sin, agus fuair sé pinsean seachtaine de €114.70, móide riaráistí os cionn €25,000 go hiomlán. Nuair a chuir m’Oifigse an cás seo os comhair na Roinne, rinneadh gníomh láithreach chun an scéal a chur ina cheart agus tá moladh tuillte acu dá réir.
Caibidil 3 Cásanna Roghnaithe - Feidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte:
Feidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte: Deisceart
Fóirdheontas Tí Altranais a Diúltaíodh
Diúltaigh Feidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte (FSS), Deisceart, Fóirdheantais Tí Altranais do bhean, 90 bliana d’aois, bean nach raibh de theacht isteach aici ach an Pinsean Sean-Aoise Neamh-Ranníocaíochta.
Ba í an chúis a tugadh ar an bhfóirdheontas a dhiúltú, ná, nuair a bhí FSS ag measúnú ioncaim bharúlaigh na mná, chuireadar ioncam barúlach de 5% ar luach an phríomh-áitribh phríobháidaigh a bhí aici agus ar fheirm a bhí sí tar éis a bheith aistrithe chuig ainm a mic i gcaitheamh na gcúig bhliana roimhe sin.
Ag úsáid na foirmle seo tháinig FSS ar ioncam barúlach seachtainiúil de €293.63 agus thug sin an bhean, agus an Pinsean Sean-Aoise Neamh-Rannaíochta de €172.40 a bhí aici a chur san áireamh, os cionn teorainn an ioncaim le haghaidh Fóirdheontais Tí Altranais.
Maidir le seo, forálann Alt 13 den Dara Sceideal de na Rialacháin (Fóirdheontais) Altranais, 1993 gur féidir le bord sláinte ioncam bliantúil comhionann le 5 faoin gcéad den luach measúnaithe margaidh a líomhain ar phríomháitreabh an duine mura raibh sé áitithe díreach roimhe sin nó ag am an iarratais ag céile, ag mac nó ag iníon d’aois níos lú ná bliain agus fiche nó ag freastal ar oideachas lánaimseartha.
De bhreis ar seo, forálann Alt 19 den Dara Sceideal de na Rialacháin (Fóirdheontais) Tithe Altranais, 1993 dá mbeadh an t-iarratasóir tar éis úinéireacht feirme a aistriú i gcaitheamh na gcúig bhliana roimh an iarratais, go bhfaigheadh FSS aon íocaíochta a rinneadh le linn an aistrithe agus/nó aon ioncam leanúnach ó thuilleamh na feirme a chur san áireamh.
Ba léir go raibh an fheirm aistrithe ag an mbean timpeall trí bhliana roimhe sin. Ach, tar éis cuntais na feirme a iniúchadh thug mé faoi deara gur caillteanas a bhí á thaispeáint. Dá bhrí sin bhí mé den tuairim go raibh Alt 19 den Dara Sceideal ábhartha don chás. Thug sin an rogha d’FSS aon ioncam ón ngabháltas a chur san áireamh, agus ar an modh céanna, aon chaillteanas.
I ndáil le háitreabh príobháideach na mná, ghlac mé go bhforálann Rialacháin na dTithe Altranais gur féidir le FSS ioncam bliantúil a líomhain a bheadh bunaithe ar luach measúnaithe phríomh-áitribh an iarratasóra. Mar sin féin, bíodh is gur cinneadh lán-roghnach é seo, bhraith mé go raibh scóip áirithe ag FSS ag brath ar na himthosca a bhain le gach duine ar leith. Mar sin, bhí orm machnamh a dhéanamh lena mheas an raibh FSS ag úsáid na gcumhachtaí roghnacha a bhí acu ar mhodh réasúnta sa chás áirithe seo. Fuair mé amach freisin go raibh an gearánaí ar liosta feithimh FSS i gcomhair leapa poiblí. Ach, nuair a chuireadh an cheist orthu, ní rabhadar ábalta a rá cén uair a gheobhadh sí an leaba sin.
Dá bhrí sin, bíodh is nach raibh FSS ábalta cúram tí altranais a chur ar fáil don bhean, d’iarr mé orthu, nuair a bheidís ag scrúdú an teidil a bhí aici d’Fhóirdheontas Tí Altranais, smaoineamh freisin ar ghné na feirme a láimhseáil faoi réir Ailt 19 den Dara Sceideal de na Rialacháin agus smaoineamh freisin ar na cumhachtaí roghnacha a bhí acu faoi Alt 13 de na Rialacháin i ndáil le háitreabh príobháideach an iarratasóra.
D’athbhreithnigh FSS an cás láithreach, agus tar éis smaoineamh ar na moltaí a rinne mé, d’aontaíodar ar fhóirdheontas de €190.80 sa tseachtain a íoc i leith costais chúraim tí altranais phríobháidigh don ghearánaí. Chomh maith le sin d’íoc FSS thart faoi €5,000 léi chun na tréimhse a chlúdach ó rinne sí an chéad iarratas ar Fhóirdheontas Tí Altranais. Ar dheireadh thiar, d’aontaigh FSS an gearánaí a chur ar liosta feithimh le haghaidh fóirdheontais bhreisithe.
Bhí mé thar a bheith sásta gur fhreagair FSS chomh gasta sin agus ba mhaith liom an cur chuige ciallmhar sin a thréaslú leo mar is minic an bhíonn cás mar sin ina ábhar struis agus imní ag daoine aosta, leochaileacha sa phobal.
Feidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte Lár Laighin
Deontas Mótar-Iompair a Diúltaíodh
Rinne bean a d’fhulaing pianta go leanúnach in droim de dheasca damáiste néarógaigh teagmháil le m’Oifig tar éis dí diúltú a fháil ar Dheontas Mótar-Iompair ó Fheidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte (FSS): Baile Átha Cliath, Lár Laighin. Tá an Deontas Mótar-Iompair i gcomhair daoine le míchumais idir 17 agus 66 bhliana d’aois chun cúnamh gluaiseachta a thabhairt dóibh agus déantar é a thástáil de réir acmhainne. Íoctar é mar chabhair chun feithicil a cheannach má tá sin riachtanach chun go bhfanfadh an duine i bhfostaíocht. Forálann an scéim freisin, in imthosca eisceachtúla an deontas a íoc le duine le mí-chumas an-dhian, a chónaíonn in áit an-iargúlta, agus nach féidir leis/léi an t-iompar poiblí a úsáid de dheasca an mhíchumais.
Bhí cóir iompair de dhíth ón bhean chun a bheith i láthair ar choinní dochtúra. Ní raibh sí ábalta suí nó seasamh a dhéanamh ar feadh achair ar bith agus ní fhéadfadh sí an córas iompair poiblí a úsáid. Bhí an baile aici mile slí ó stad an bhus ach ní bhfaigheadh sé an t-aistear chuig an ngeata a déanamh gan trácht ar stad an bhus. Diúltaíodh dá hiarratas ar an mbonn nach raibh obair aici, agus toisc nach raibh cónaí uirthi in áit an-iargúlta mar go raibh sí i ngiorracht míle ón gcóir phoiblí.
Ag cuimhneamh ar nádúr míochaine na mná seo, agus toisc go raibh iompar de dhíth uaithi go rialta chun dul go dtí an t-ospidéal agus chuig coinní míochaine eile, mheas mé go raibh bonn láidir ann le hathbhreithnú a iarraidh ar an gcás. Bhí an chéad measúnú míochaine a rinne Oifigeach Míochaine an Cheantair cuid mhór ar thaobh an deontais a thabhairt, ach is ag an Oifigeach Sinsearach Míochaine an Cheantar a bhí an cinneadh deireanach le déanamh. Bhí an tOifigeach sin den tuairim nach raibh cónaí uirthi in áit iargúlta. Rinne mé an pointe le FSS go raibh an gearánaí scoite amach de bharr an mhíchumais, toisc nach bhfaigheadh sí an t-aistear chuig stad an bhus a shiúl agus dá bhrí sí ní bhfaigheadh sí an tseirbhís sin a úsáid. Rinne an tOifigeach Achomhairc scrúdú ar an gcás iar sin agus d’aontaíodh go raibh an bhean i dteideal an deontas a fháil de bharr imthosca an cháis.
Feidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte: Iarthar
Leaba Fhaoisimh Phoiblí a Diúltaíodh
Fuair mé gearán ó mhac mná scothaosta a ghlacadh isteach in Ospidéal Ginearálta an Tulaigh Mhóir tríd an Rannóg Éigeandála agus ionfhabhtú chliabhraigh ag gabháil dí. Roimhe sin fuair an bhean seo stróc agus bhí Galar Parkinson uirthi. De ghnáth bhíodh sí faoi chúram ag an teaghlach sa bhaile. Mhol a Comhairleach Leighis go ndéanfadh tamall téarnaimh maitheas dí sula bhfillfeadh sí abhaile.
Nuair a loirg an teaghlach an mháthair a chur in Aonad Altranais Pobail Bhiorra i gcomhair téarnaimh coicíse, dhiúltaigh Coiste Iontrála agus Scaoilte na nOthar é sin dóibh (bainistíonn an Coiste seo isteach agus amach as an Aonad, agus tá freagracht orthu as measúnú a dhéanamh ar gach cliant a chuireann FSS chucu le haghaidh chúraim chónaitheach). Chuir an Coiste tuairimí na foirne ildhisciplíní in iúl mar aon les tuairimí an fhisiteiripeora agus an teiripeora shaothair agus mholadar go ndéanfaí an bhean a scaoileadh abhaile le tacaíocht ó Fhoireann Athshlánaithe an Phobail.
Ní sásta a bhí an teaghlach leis an gcinneadh seo agus ghearánadar le m’Oifig gur chuireadh d’iallach orthu cúram téarnaimh a fháil dá máthair i dteach altranais príobháideach, ar a shon gur shealbhóir de chárta leighis ba ea í agus go raibh dhá leaba fhaoisimh poiblí ar fáil ag an am sin. Bhíodar buartha freisin toisc nach raibh aon bhealach achomhairc ann chun déileáil lena ngearán, agus bhraitheadar nach raibh guth ar bith acu maidir le cúram a sholáthar dá máthair.
De thoradh an scrúdaithe a rinne mé ar an ngearán seo, rinne mé teagmháil le FSS agus mhol mé dóibh smaoineamh ar:
· cur chuige ní ba sholúbtha a ghlacadh chucu féin maidir le dáileadh na leapacha faoisimh i mBiorra, ag brath ar an éileamh a bheadh ar na leapacha sin ag aon am áirithe agus na deacrachtaí chun cónaí a fháil i dtithe altranais príobháideacha ag othair a bheadh cúram téarnaimh de dhíth orthu tar éis dóibh a bheith scaoilte ón ospidéal ginearálta;
· an deis a thabhairt don chlann agus do ghaolta a bheith i láthair i rith measúnaithe ildhisciplíneacha na n-othar;
· an cuireadh a thabhairt d’iarratasóir ar chúram faoisimh nó athshlánaithe a n-iarratas a chur i scríbhinn os comhair Choiste um Iontráil agus Scaoileadh na nOthar lena bhreithniú, ionas gur féidir leis na príomhchúramóirí páirt fhoirmiúil a ghlacadh sa chóras measúnaithe idirdhisciplíneach;
· cinneadh an Choiste ar chur chuig an iarratasóir de rá béil nó i scríbhinn ag míniú na slí a thangthas ar an gcinneadh;
· bealach achomhairc a bhunú ionas gur bhfaighidh na hiarratasóirí a eitíodh an cinneadh a achomharc chuig duine éigin nach raibh gafa i bpróiseas na gcinntí a dhéanamh - chruthófaí córas ní ba sholúbtha ar an mbealach sin.
Ina bhfreagra, d’admhaigh FSS go raibh leapacha faoisimh poiblí ar fáil i mBiorra ag an am a chuaigh an bhean ag iarraidh téarnaimh, agus d’aontaíodar an costas a chuireadh uirthi, nach raibh clúdaithe ag an bhfóirdheontas tí altranais, i gcomhair cúraim altranais (€462) a aisíoc. D’aithníodar freisin a thábhachtaí agus a bhí sé duine den teaghlach a bheith i láthair le linn measúnú a bheith á dhéanamh ar othar aosta. Dúradar, cé nach mbeadh a leithéid sin indéanta ag an am a bheadh measúnaithe áirithe á ndéanamh, go rachfaí i gcomhairle go rialta ar an dteileafón nó go pearsanta le baill den teaghlach agus le gaolta. D’aithin FSS freisin an tairbhe a thiocfadh ó lucht an teaghlaigh a spreagadh chun na gcúiseanna taobh thiar den iarratas ar théarnamh a bhreacadh síos lena gcur os comhair an Choiste um Iontráil agus Scaoileadh na nOthar. D’aontaíodar freisin gur ceart go gcuirfí an cinneadh in iúl don teaghlach le hachoimriú a dhéanamh ar an mbonn a bheadh taobh thiar de. Ar dheireadh, d’aontaigh FSS go mba chóir struchtúr achomharc a bhunú a ligfeadh d’iarratasóirí, ar eitíodh dá n-iarratas, an t-iarratas sin a bheith scrúdaithe ag duine nach raibh páirteach i mbunphróiseas na gcinntí a dhéanamh.
Caibidil 3 Cásanna Roghnaithe - Údaráis Áitiúil
Comhairle Contae Dhún Laoghaire - Ráth an Dúin
Deontas Duine Mhíchumasaigh a Diúltaíodh
Ag déileáil le cúrsaí tithíochta, go háirithe le hiarratais le haghaidh chúnaimh dheontais i leith costais athchóirithe tí chun freastail ar dhuine aosta nó ar mhíchumasach, bunaíonn na húdaráis áitiúla a gcinntí ar na rialacha a bhaineann leis na scéimeanna ábhartha. Léiríonn an cás seo cuid de na deacrachtaí a tharlaíonn má bhíonn rud éigin neamhghnách ag baint le hábhar an chinnidh.
Rinne Comhairle Chontae Dhún Laoghaire - Ráth an Dúin (CCDLRD iarratas ar Dheontas Duine Mhíchumasaigh de €6,300 a fhaomhadh le haghaidh cuar-ardaitheora ar an staighre a chuirfeadh ar chumas máthar an ghearánaí cónaí sa bhaile tar éis diagnóise go raibh ailse fhoirceanta ag gabháil dí. Toisc go raibh staighre cuar sa teach bhí gá le hardaitheoir a dhéanamh a oirfeadh don teach agus chuir sin moill ar é an gcur isteach. Idir an dá linn chuaigh sláinte na máthar chun donais agus d’éag sí. Chuir an gearánaí in iúl don chomhairle agus don chuideachta a bhí ag déanamh an ardaitheora go raibh a máthair tar éis báis agus nach raibh an t-ardaitheoir ag teastáil a thuilleadh. Ach, bhí an chuideachta a bhí ag déanamh an ardaitheora tar éis €3,000 a chaitheamh agus lorgaíodar an t-airgead ón ngearánaí. Dúirt an Chomhairle nach n-íocfaidís an gearánaí toisc nach raibh an t-ardaitheoir curtha isteach. Nuair ná rabhadar sásta an cinneadh sin a athrú rinne an bhean gearán liomsa.
Le linn dóibh an cinneadh a mhíniú don Oifig seo, thagair an Chomhairle do chlásal 7 de na rialacháin ábhartha a dúirt go mbeadh bronnadh an deontais faoi réir na hoibre a bheith curtha i gcrích de réir sástacht na Comhairle agus ag réiteach leis na Rialacháin Tógála. Mhaíodar nach cheadaigh an scéim an deontas a íoc i gcás nár rinneadh an obair. Tar éis tuilleadh teagmhálacha le páirtithe difriúla tháinig sé chun solais gur tharla cás den chineál céanna le húdarás áitiúil eile a íoc an deontas in ainneoin nár chuireadh an t-ardaitheoir isteach. Nuair a dheimhnigh an dara údarás áitiúil gur íocadar an deontas, i gcás mar sin, ar an mbonn go rinneadh é a fhaomhadh go dea-mheonach, d’iarr mé ar CCDLRD féachaint arís ar an seasamh a bhí acu sa chás. D’aontaigh an Chomhairle agus dúradar go mba mhian leo an t-anró a bhogadh don ghearánaí, agus má chreid sí go raibh sí faoi chonradh an chuideachta a bhí ag déanamh an ardaitheora a íoc, go mbeidís fabhrach do chuidiú léi chun an caiteachais a fháil ar ais. D’íoc an gearánaí an chuideachta áirithe, agus chuir sí admháil chuig an gComhairle ag lorg na hais-íocaíochta. Cheap mé go raibh an toradh sin sásúil, cé go raibh ar an bhfoireann seo againne mór-chuid oibre a dhéanamh le chur ina luí ar CCDLRD go raibh fiúntas sa chás a bhí ag an ngearánaí.
Comhairle Chontae Lú
Deontas do Dheiseacháin Riachtanacha a Diúltaíodh
Rinneadh gearán go dtí m’Oifig i ndáil le hiarratas chuig Comhairle Chontae Lú faoi Scéim na nDeontas do Dheiseacháin Riachtanacha (DDR) le haghaidh deiseachán do dhíon tí. Dhiúltaigh an Chomhairle an t-iarratas ar an mbonn nach raibh an scéim ar fáil ach amháin do dhaoine os cionn seasca a chúig. Sa chéad fhreagra a thugadar ar m’Oifig, thagair an chomhairle d’imlitir a d’eisigh Roinn an Chomhshaoil, Oidhreachta agus Rialtas Áitiúil maidir leis an scéim.
Dúirt an imlitir go raibh an scéim dírithe go príomha ar dhaoine aosta a bhí ina gcónaí i dtithe a raibh drochbhail orthu agus go raibh an deontas ann d’aon ghnó chun ligean dóibh fanacht ina dtithe ar feadh a saoil agus gan iallach a chur orthu a bheith ag bogadh go dtí áit nua agus a bheith ag lorg tithe ón údarás áitiúil. Dúirt an Chomhairle go measfaí daoine a bheith “aosta” chun críche an chinnidh dá mbeidís 65 nó os a chionn agus go raibh sin bunaithe ar an riail nach soláthraítear tithe sóisialta do dhaoine aosta mura mbeidís 65 nó os a chionn. Nótáil an Chomhairle freisin nach ndearna an gearánaí aon iarratas ar theach sóisialta a fháil, rud a bheadh sí i dteideal a dhéanamh mura raibh an áit a bhí aici oiriúnach chun cónaithe.
Chuir an Oifig agamsa ar a súile don Chomhairle gur soláthraíodh don Dheontas do Dheiseacháin Riachtanacha (DDR) faoi théarmaí na Rialachán Tithíochta (Deontais le haghaidh daoine faoi Mhíchumas agus Deiseacháin Riachtanacha) 2001 - RI 607 de 2001. Deir na Rialacháin seo gur féidir le húdarás tithíochta deontas a íoc le duine i gcomhair deiseachán riachtanacha má cheapann an t-údarás sin, cé go bhfuil na deiseacháin níos lú ná an méid a theastódh chun maise iomlán a chur ar an teach, mar sin féin gur leor iad na deiseacháin sin chun fad réasúnta a chur le ré bheatha an tí mar ionad cónaithe:
Thug an Oifig agamsa faoi deara nach raibh aon teorainn aoise luaite san Rialacháin maidir le DDR. Thugamar faoi deara freisin, cé go ndúirt Imlitir na Roinne go raibh an scéim dírithe “go príomha” ar chúnamh deontais a thabhairt do dhaoine aosta, níor fágadh as an áireamh go n-íocfaí deontas le duine a bheadh cáilithe ar gach bhealach eile ach amháin aois.
Dhealraigh sé dúinn san Oifig seo go raibh an rogha ag an gComhairle faoi na Rialacháin an deontas a íoc le duine faoi bhun 65, duine a bheadh cáilithe faoina chomhair ar gach bhealach eile. Is í mo thuairim, nuair atá cumhacht ag comhlachtaí poiblí chun roghanna a dhéanamh, go mba chóir an cumhacht sin a úsáid ar mhodh réasúnta faoi réir prionsabal an dea-riaracháin agus imthosca uile an cháis áirithe. Má tá ganntanas acmhainní agus an t-éileamh an-ard ann, admhaím go mbeadh sé réasúnta b’fhéidir critéir réamhcheaptha áirithe a chur i bhfeidhm le linn roghnú a dhéanamh. Ag cuimhneamh go raibh an DDR dírithe go príomha ar chabhair deontais a sholáthar do dhaoine aosta a chónaíonn in áitribh atá i ndrochbhail ní dóigh liom go mbeadh sé mí-réasúnta go mbeadh aois mar chritéar a áireofaí le linn do bhreith a bheith á thabhairt ar iarratas le haghaidh deontais. Mar sin féin, agus na Rialacháin á gcoimeád ar m’aigne, tháinig mé ar an dtuairim seo: dá mba rud é go raibh an Chomhairle ag déanamh riail ghinearálta as diúltú ar iarratas DDR ar bhonn aoise amháin go mb’fhéidir go mbeadh a leithéid sin ró-chúng mar fhócas.
Scríobh m’Oifig go dtí an Chomhairle ag iarraidh orthu athbhreithniú a dhéanamh ar an gcur chuige a bhí acu maidir leis an iarratas seo. Iar sin, dúirt an Chomhairle leis an Oifig seo go rabhadar chun an deontais a íoc leis an ngearánaí tar éis dóibh athmhachnamh a dhéanamh.
Ba cheart a thabhairt faoi deara go tugadh an deontas sa chás seo faoi na Rialacháin Tithíochta (Deontais le haghaidh daoine faoi Mhíchumas agus Deiseacháin Riachtanacha) agus go bhfuil na Rialacháin sin a chúlghairmthe ó shin i leith. Mar sin féin, tharlódh go n-éireodh an tsaincheist shubstainteach chéanna i gcásanna eile.
Comhairle Bhuirge Shligigh
Díospóid faoi Iarratas Ceannaigh ag Tionónta
Rinne fear deich mbliana agus trí fichid gearán go chaith Comhairle Bhuirge Shligigh go míchothrom leis maidir le hiarrachtaí a rinne sé chun a theach a cheannach faoin Scéim Cheannaigh ag Tionóntaí (SCT), 1997. Mhaígh sé go bhfuair sé tairiscint ón gComhairle chun an teach a cheannach sa bhliain 1998, gur ghlac sé leis an dtairiscint ach, ina dhiaidh sin, dúirt an Chomhairle nach raibh cuntas ar bith acu gur aontaigh sé leis an gceannach. Mhaígh an gearánaí go diongbháilte gur shínigh sé foirm toilithe agus gur chaill an Chomhairle an fhoirm sin.
Dúirt an Chomhairle nár ghlac an gearánaí leis an dtairiscint de réir na dtaifead a bhí acu. Tar éis dúinn comhad na Comhairle a scrúdú, scríobh an Oifig seo chucu ag iarraidh athbhreithnithe toisc go raibh an fhianaise seo ann:
· bhí teagmháil idir an gearánaí agus oifigeach den Chomhairle (Oifigeach X) i ndiaidh don tairiscint a bheith déanta;
· ní raibh na taifid a bhí ag an gComhairle maidir leis an iarratas chomh hiomlán agus d’fhéadfaidís a bheith;
· ní raibh sé soiléir go ndearnadh rud ar bith maidir le hiarratas a rinne sé go ndéanfaí athbhreithniú ar an luacháil;
· bhí comhaid ar iarraidh;
· i litir chuig ionadaí poiblí d’admhaigh an Chomhairle go raibh trí chéile ann faoin iarratas;
· b’fhéidir nach raibh cuardach dóigh agus andóigh déanta ag an gComhairle ar lorg an doiciméid a dúirt an gearánaí a shínigh sé.
Sa bhfreagra a thugadar, dúirt an Chomhairle gur eisíodh litir chaighdeánach don ghearánaí, tar éis na luachála a bheith déanta ag naceantálaithe, agus praghas na tairisceana luaite inti. Ba chuimhin leis an Oifigeach X an praghas a phlé leis an ngearánaí agus ag cur in iúl dó go bhféadfaí an teach a athluacháil chun oibreacha a bhí le déanamh ann a chur i gcuntas. Ag an am sin, choinníodh Comhad Ceannaigh ag Tionóntaí (CCT) i Rannóg na Tithíochta. Sa chomhad seo bhí iarrataí i gcomhair luachálacha srl. a bhí le coinneáil go dtaispeánadh an tionónta an raibh sé/ sí chun dul ar aghaidh leis an gceannach. Bhí an tOifigeach X geall le bheith siúráilte gur raibh comhfhreagras maidir leis an ngearánaí curtha sa chomn had seo. Go mí-ámharach, áfach, bhí an comhad seo imithe amú.
Dhealraigh sé domsa mar sin, má bhí an Chomhairle ag brath ar a gcuid aifead chun éileamh an ghearánaí a dhiúltú, nár mhór an tacaíocht dóibh é sin nuair ba léir raibh comhad ginearálta CCT ar iarraidh agus taifid a bhain le cásanna áirithe istigh ann. Dhealraigh an scéal mar a leanas:
· litir tairisceana eisithe Nollaig 1998;
· tráth ní ba dhéanaí phléigh an gearánaí an litir leis an Oifigeach X de chuid na Comhairle agus chuir sé ceist faoi luacháil eile a dhéanamh. Dúirt an gearánaí freisin gur shínigh sé an toiliú chun ceannaithe;
· níor rinneadh aon athbhreithniú ar an luacháil ag an am a iarradh é;
· bhí CCT ginearálta ag feidhmiú ag an gComhairle ag an am, a raibh doiciméid ann a bhain le cásanna áirithe, agus cás an ghearánaí ina measc. Bhí an comhad seo ar iarraidh.
Agus an scéal mar a bhí, d’iarr mé ar an gComhairle athmhachnamh a dhéanamh ar an seasamh a bhí acu agus dúirt mé leo go mb’fhéidir go mbeadh cuairt ag foireann as an Oifig seo úsáideach le linn an athbhreithnithe.
Dúirt an Chomhairle liom, tar éis athbhreithniú a dhéanamh ar an gcás agus tar éis dian-chuardach a dhéanamh arís i measc na dtaifead tithíochta go léir, go dtangthas faoi dheireadh ar an gcomhfhreagras a bhain le hiarratas ceannaigh an ghearánaí. Is cosúil go ndearnadh comhdú mícheart ar sa bhliain 1998. Tharla seo nuair a bhí clár athnuachana an-mhór ar siúl idir 1998 agus 2000 agus go raibh orthu an Feidhmeannas Tithíochta, an fhoireann agus na taifid a aistriú chuig láthair eile. Ghabh an Chomhairle leithscéal as aon chiotaí a fuair an Oifig seo agamsa ag fiosrú an scéil agus ghealladar dom go ndéanfadh an Chomhairle iarratas cheannaigh an tionónta a onórú gan mhoill. Scríobh an Chomhairle chuig an ngearánaí chun a rá leis go rabhadar sásta cabhrú leis an teach a cheannach ar an bpraghas a aontaíodh i 1998, is é sin €32,505. Scríobh sé iar sin chuig an gComhairle ag iarraidh orthu an cíos a bhí íoctha aige idir an dá linn a bhaint den phraghas, móide liúntas i leith oibreacha a rinneadh ar an teach. Bhreithnigh an Chomhairle an t-iarratas agus d’aontaíodar an praghas a laghdú faoi €10,255, rud a thug an praghas síos go dtí €22 ,250. Bhí an gearánaí thar a bheith sásta leis an dtoradh.
Caibidil 4: An Bhliain faoi Athbhreithniú - Cuid a hAon
Pleanáil Gnó 2007
Bainistíocht na gCásanna
Fuaireamar 2,578 gearán isteach sa bhliain 2007 agus láimhseálamar 9,334 fiosrúchán. Ba iad na figiúirí comparáideacha a fuaireamar i 2006 ná 2,245 agus 8,103 faoi seach. Mar sin, d’fhás líon na ngearán 14.8% i 2007 agus líon na bhfiosrúchán 15%. Fuaireamar an uimhir ba mhó gearán sa bhliain sa bhliain 2007 ná ó 1999 i leith.
Chríochnaíomar 2,520 cás go hiomlán sa bhliain 2007 i gcomparáid le 2,187 i 2,006 – méadú de 15%. Déanann an Coiste Comhairleach Bainistíochta (CCB) faire ar an ndul chun cinn ag a gcruinnithe míosúla maidir le spriocanna na gcás a ghnóthú. Bíonn a sprioc féin ag gach ball den bhfoireann faoina bpleananna bainistíochta ag freagairt do na spriocanna a leagtar síos ar leibhéal na heagraíochta. In ainneoin an mhéid gearán nua a tháinig isteach, bhíomar thar a bheith sásta gur éirigh linn níos mó cásanna a chríochnú ná sa bhliain roimhe, 2006.
Ráiteas Straitéise 2007-2009
Rinneadh dréachtú leathan ar Ráiteas na hOifige seo don tréimhse 2007- 2009 ag deireadh 2006. Aithníonn an straitéis seo na dúshláin atá os comhair na hOifige seo sa tréimhse atá i gceist agus aithnítear inti freisin na gníomhartha cuí chun déileáil le dúshláin dá leithéid. Ar bharr an liosta sin is ea cúram na hOifige a bheith á leathnú go dtí earnáil na sláinte. Tá cuntas tugtha agam thíos (féach Gearáin i gcoinne na nOspidéal) ar an obair a rinneadh lena dheimhniú go mbeadh an Oifig in ann na limistéar nua seo gearán a thógáil ar láimh chomh réidh agus chomh héifeachtach agus ab fhéidir agus ag an am gcéanna go mbeadh tuiscint soiléir ar ról na hOifige seo ag na comhlachtaí poiblí a thagann faoinár ndlínse agus ar phróiseas scrúdaithe na ngearán a chleachtann muid. Tá sé curtha romhainn mar thosaíocht freisin méid na bhfiosruithe foirmiúla a dhéanann an Oifig a mhéadú agus tuairiscí a fhoilsiú faoi na fiosruithe sin nuair is léir gur ceart é sin a dhéanamh. Maidir le seo tugaim cuntas thíos ar an dtoradh a bhí ar roinnt de na fiosruithe a chríochnaíodh sa bhliain 2007 (féach Imscrúdaithe a Chríochnaíodh thíos).
I gcomhthéacs na Straitéise aithnítear freisin go bhfuil an Oifig ag freastal ar shochaí atá níos ilghnéithí sa lá inniu agus dá bhrí sin tá straitéisí speisialta ag teastáil chun síneadh amach go dtí na hearnálacha nach móide gurb aithnid dóibh an Oifig seo ná na seirbhísí is féidir linn a sholáthar chun cuidiú leo agus iad ag plé le seirbhís phoiblí na hÉireann. Mar shampla tá teagmháil déanta ag an Oifig seo le h-Oifig an Ombudsman sa Pholainn ar an intinn faisnéis a chur ar fáil i bPolainnis ar an láithreán gréasáin atá acu ansiúd i dtaobh na hoibre atá ar siúl san Oifig seo. Cabhróidh sin chun a thuilleadh feasa a thabhairt don phobal Polannach in Éirinn ar an Oifig seo againne. Tá sé i gceist freisin naisc a dhéanamh idir láithreán gréasáin na hOifige seo agus an ceann sa Pholainn. Tá Straitéis Chuimsitheach Cumarsáide (féach thíos) á phleanáil freisin ag an Oifig seo. Chomh maith le sin tá tionscnamh speisialta ar siúl ag an Oifig a bhaineann le teacht ar fhaisnéis maidir le ceartas na bpobal inimirceach agus cearta na n-aonaránach (féach thíos An Bhliain Eorpach um Chomhdheiseanna do Chách).
Straitéis na Cumarsáide
De réir mar a leathnaíonn cúram na hOifige seo agus a thagann méadú ar dhaonra na hÉireann, beidh fás dá réir le teacht ar líon na gcliant a bheidh le friotháil againn. Tagann dúshláin cumarsáide nua as sin don Oifig leis an dream mór daoine a fhaireann orainn agus a bhíonn ag iarraidh ár ngnó a thuiscint agus cén chaoi a théann muid ina bhun. I measc an dreama seo bíonn daoine le gearáin acu féin b’fhéidir, nó bheadh comhlachtaí úra ag teacht isteach faoi mo dhlínse agus eagrais agus daoine eile ag an am céanna b’fhéidir san ionad ceart chun síneadh amach chucu san agus feidhmiú mar idirghabhálaithe dóibh, dhaoine a bhfuil gá acu le seirbhís na hOifige seo ach go mbíonn cúnamh agus tacú de dhíth acu chun an chéim a thógáil. Le linn an Ráiteas Straitéise seo 2007-2009 a bheith á chruthú againn d’aithin mé féin agus an Fhoireann Bhainistíochta Shinsearach go luath gur réimse a bhí anseo dar chóir aire speisialta a thabhairt air. Agus é seo ar aigne againn, d’fhostaigh an Oifig foireann chomhairleach i gcaitheamh 2007 agus d’oibríomar ina dteannta. Mar thoradh ar sin chuireadh Plean Comhtháite Straitéiseach Cumarsáide le chéile. As sin, le himeacht ama, déanfar tionscnaimh cumarsáide a chur amach de réir a chéile. Tá imscrúdaitheoir sinsearach ceaptha ag mo Oifig mar cheann ar Chumarsáid agus Taighde chun spreagadh a chur faoi na tionscnaimh sin.
Suirbhé ar Leibhéil Sástachta na nGearánaí
I rith 2007 lean an Oifig seo le suirbhé ráithiúil a dhéanamh ar an meas a bhí ag gearánaithe ar na seirbhísí a sholáthraíonn an Oifig seo. Uair amháin eile, rinneadh na gearánaithe a fhiosrú ar raon leathan ábhar a bhain leis an dtaithí a bhí acu ar an tseirbhís a thug an Oifig dóibh nuair a bhí scrúdú á dhéanamh ar a gcuid gearán. Bíonn eolas luachmhar le fáil go fóill as an suirbhé seo faoi chomh sásta a bhíonn na cliaint agus cuirtear aithne ar phointí sa tseirbhís atá i bpráinn a leasaithe. Tá tús curtha le roinnt tionscnamh cheana féin de bharr an eolais atá faighte againn go dtí seo. Ina measc seo is léir go bhfuil gá le faisnéis níos soiléire a thabhairt do ghearánaithe i dtosach an fhiosrúcháin maidir leis an ról go díreach atá ag an Oifig seo. Ní mór a chun in iúl dóibh conas a oibríonn próiseas an fhiosrúcháin agus socruithe a dhéanamh chun leanúint ag cur eolais chucu faoi dhul chun cinn an fhiosrúcháin agus cé chomh fada a thógfaidh sé an fiosrúchán a chríochnú. Tá muid ag siúl go mbeidh an leibhéal sástachta níos fearr fós amach anseo de bharr na dtionscnamh seo.
An Suirbhé ar Bhaill an Oireachtais
Tá suirbhé déanta ag m’Oifig ar bhaill an Oireachtais (féach lch. 30 den Tuarascáil Bhliantúil 2006) féachaint cé chomh sásta a bhíonn siad leis an tseirbhís a thugann an Oifig seo dóibh ag láimhseáil na ngearán a chuireann siad chugainn. Ba mhaith liom buíochas a ghabháil le gach ball a ghlac páirt sa tsuirbhé seo. Léirigh an suirbhé go rabhadar go láidir den tuairim go mba cheart don Oifig seo tuilleadh sonraí a fhoilsiú chomh maith le torthaí an gcásanna a chasann siad in ár dtreo, agus faisnéis freisin ar na fadhbanna ar féidir linn déileáil leo agus an cineál nach féidir. Teastaíonn uathu a fháil amach freisin conas is féidir gearán a dhéanamh, pointí teagmhála i gcomhair gearán agus sonraí faoi réimse an chúraim atá orm. Bhí moladh ann freisin gur ceart seisiún eolais faoi ról an Ombudsmain a eagrú i measc na mball. Tá an obair ag leanúint ar aghaidh againn ag forbairt tionscnamh ag éirí as an suirbhé agus tá súil agam a bheith ábalta a thuilleadh eolais a thabhairt fúthu i gcaitheamh 2008.
Comhionannas Inscne
Déanann Grúpa Comhionannais Inscne faire ar na spriocanna cothromaíochta inscne atá ag an Oifig agus ar na nithe a rachadh i bhfeidhm ar ghnóthachan na spriocanna sin, mar a bheadh:
· rannpháirtíocht na mball foirne i gcomórtais ardaithe céime;
· tionscnaimh traenála agus forbartha;
· an chomhdhéanamh inscne i mboird agallaimh le haghaidh comórtas inmheánacha/idir-rannógacha;
· an glacadh atá le tionscnaimh (Obair/Cothromaíocht Bheatha) atá báúil le teaghlaigh (solúbthacht ama, roinnt oibre, uaireanta scoiltéarma, bristí gairme);
· an t-imdháileadh fear agus ban trí rannáin na hOifige.
Cuireann an Grúpa tuairiscí chuig an gCoiste Comhairleach Bainistíochta dhá uair sa bhliain maidir leis na pointí thuas. Freisin, déanann siad promhadh inscne ar pholasaithe agus ar dhoiciméid nua a thagann chun cinn san Oifig. Baineann spriocanna inscne na hOifige le gráid ar leibhéal na nOifigeach Feidhmiúcháin agus os a chionn sin in Oifigí an Ombudsman, leis an gCoimisinéir Faisnéise agus le Rúnaireacht an Choimisiúin um Chaighdeáin in Oifigí Poiblí. Chun deiridh na bliana 2007, rinneadh cúram agus clár oibre an Choiste a leathnú chun gach aon fhoras a bhí clúdaithe sna hAchtanna Comhionannais 1998 agus 2004 a chur san áireamh. D’athraíodh an t-ainm a athrú go dtí An Coiste Comhionannais.
An Grúpa Fíoraithe Feidhmíochta na Státseirbhíse
Bunaíodh Grúpa Fíoraithe Feidhmíochta na Státseirbhíse (GFFS) faoi Dhul Chun Cinn a Choinneáil lena fhíorú an raibh an dul chun cinn sásúil á dhéanamh ag Ranna agus ag Oifigí i ndáil lena ngealltanais chun nua-chóirithe mar atá sa chomhaontú sin. Chuir an Oifig tuairiscí chuig an GFFS faoi dhó sa bhliain 2007 ar an ndul chun cinn faoin gcomhaontú reatha I dTreo 2016. Ar gach ócáid d’aontaigh an GFFS go raibh na hardaithe pá bhí dlite faoin gComhaontú tuillte ag méid an dul chun cinn a rinneadh.
Imeachtaí Eile
Athbhreithniú ar Sheirbhís Phoiblí na hÉireann
I Mí Eanáir 2007, d’fhógair an Taoiseach go raibh cuireadh tugtha aige don Eagraíocht um Chomhar agus Fhorbairt Eacnamaíochta (ECFE) chun athbhreithniú mór a dhéanamh ar Sheirbhís Phoiblí na hÉireann. Bhí dhá phríomhchuspóir ag an athbhreithniú seo a) Seirbhís Poiblí na hÉireann a chóimheas le tíortha comparáideacha eile agus b) moltaí a dhéanamh maidir le leasuithe sa tSeirbhís Phoiblí sa saol atá romhainn. Bhí cruinnithe ag Foireann Athbhreithnithe an ECFE a bhí de chúram orthu an obair a dhéanamh le mórchuid eagraíochtaí agus le daoine aonair i rith na bliana.
I Mí Meán Fómhair 2007, ag gníomhú dom mar Ombudsman, bhuail mé leis an Uasal Edwin Lau as Foireann Athbhreithnithe ECFE. Is Saineolaí Idirnáisiúnta é an tUasal Lau ar Mheasúnú agus ar Fhorbairt an Chumais Rialachais Phoiblí, ar ríomh-Rialtas agus ar Leasú na Bainistíochta Poiblí. Bhí comhráití leathan againn ar cheisteanna a bhain leis an Oifig seo agus ar an ról atá againn chun faire agus feabhsú a dhéanamh ar an rialachán poiblí in Éirinn trí scrúdú a dhéanamh ar ghearáin ó dhaoine aonair agus ar ghearáin faoi chórais oibre. Scrúdaíomar ceisteanna mar an fheidhm atá ag an Oifig seo, na cumhachtaí atá againn agus na cúraim atá orainn. Phléamar ábhair ní ba leithne freisin a bhain leis an tseirbhís phoiblí i gcoitinne ar nós an claonadh atá ann le blianta anuas chun feidhmeanna a bhíodh faoi chúram na n-Airí agus a gcuid Rann a chaitheamh i leataobh, trí ghníomhaireachtaí nua le cuspóir aonaracha amháin a chruthú agus gan aon ghléasra cuí a bheith ar fáil chun faire ar cad a bhíonn ar siúl ag gníomhaireachtaí mar iad.
Mar chuid d’agallamh struchtúrach, bunaíodh Painéal Comhairleach, le príomh-gheallshealbóirí as an seirbhís phoiblí, as an earnáil phríobháideach, ón lucht acadúil agus ó na comhpháirtithe sóisialta agus chasadar ar Fhoireann ECFE ar roinnt ócáidí. Bhí mé féin i mo bhall den Phainéal Comhairleach seo.
D’fhoilsigh an Fhoireann Athbhreithnithe a dtuarascáil i Mí Aibreáin 2008 agus mholadar sraith de ghníomhartha ar fud an chórais ionas go bhfaigheadh an tSeirbhís Phoiblí díriú ní ba ghéire ar an bpáirt a bhí le himirt acu chun torthaí ní ba leithne, láraithe ar an saoránach a baint amach sa tsochaí.
Imscrúdaithe a Chríochnaíodh sa Bhliain 2007
Forálann Acht an Ombudsmain 1980 gur féidir leis an Oifig seo gearán a phróiseáil trí réamhscrúdú nó trí imscrúdú níos doimhne a dhéanamh. Déileáiltear le hiomlán mór na ngearán trí réamhscrúdú a chur orthu. Mar sin is féidir cásanna a réiteach le toil ón dá thaobh, le comhoibriú na gcomhlachtaí poiblí. Tá cead agamsa imscrúdú a thosú ar chás más dóigh liom gur cóir é sin a dhéanamh. Déanaim é seo ar chúiseanna difriúla ach, go hiondúil, déanaim é más dóigh liom go bhfuil tuillteanas éigin sa chás ach nach nglacann an comhlacht poiblí le seo agus nach bhfuil dul chun cinn ar bith á dhéanamh chun an cheist a réiteach. Is dóchúla go gcuirfinn tús le himscrúdú freisin más dóigh liom go bhfuil saincheisteanna a bhaineann gcóras sa chás. Ní féidir liom moltaí foirmiúla a dhéanamh chuig comhlacht poiblí faoi ghearán a réiteach go dtí go mbíonn an t-imscrúdú críochnaithe. Mura mbíonn an freagra a thugann an comhlacht poiblí ar mholtaí dá leithéid sásúil, i mo thuairim, is féidir liom tuarascáil speisialta ar an ábhar a chur os comhair Tithe an Oireachtais. De réir nádúr na n-imscrúduithe bíonn níos mó ama agus acmhainní de dhíth uathu i gcomparáid le réamhscrúduithe, ní hamháin toisc go mbíonn tuairisc sonraithe i scríbhinn ag teastáil, ach go mbíonn gá le Cothrom na Féinne a thabhairt do dhuine ar bith a cháinfí iontu agus a gcearta a thabhairt dóibh sin leis de réir dea-ghnáis agus prionsabal an dlí aiceanta. Is gnách liom tuarascálacha a fhoilsiú ar imscrúdaithe a mbíonn ábhar faoi cháilíocht an chórais iontu, go háirithe nithe a rachadh chun tairbhe na riaracháin phoiblí go ginearálta. Tugaim na sonraí anseo faoi chuid de na himscrúdaithe a chríochnaíodh sa bhliain 2007.
Comhairle Chontae Fhine Gall – Riarachán Scéim na nDeontas do Mhíchumasaigh
Tar éis iarrachtaí gan toradh a rinne m’Oifigse trí réamhscrúdú thionscain mé imscrúdú i gcoinne Comhairle Chontae Fhine Gall ar an tslí a láimhseáladar dhá iarratas difriúla faoi Scéim na nDeontas do Dhaoine le Míchumas (DDM). Mar a tharla, le linn an imscrúdaithe dhearc an Chomhairle athuair ar an gcéad seasamh a thógadar agus d’aontaíodar an DMM a íoc sa dhá chás.
Sa chéad chás, diúltaíodh deontas do fhear míchumasach as chostas chathaoir-ardaitheora a chur isteach ina theach tar éis dó stróc a fháil. Rinneadh an t-iarratas roinnt ama tar éis don ardaitheoir a bheith curtha isteach (bhí an gearánaí tar éis a bheith ag scríobh chuig comhlachtaí stáit eile sular chasadh i dtreo na Comhairle é) agus dhiúltaigh an Chomhairle an deontas de bhrí nár rinneadh an t-iarratas roimh cur isteach, mar is gá an t-iarratas a bheith faofa roimh ré i gcásanna mar sin.
Dhearc mise ar an scéal go raibh an rogha ag an gComhairle deontas a íoc faoi na Rialacháin Tithíochta (IR 607 de 2001) (Deontais do Dhaoine le Míchumas agus Deiseacháin Riachtanacha), 2001. Tá an tuairim riamh agam nuair atá cumhacht ag comhlachtaí poiblí le rogha a dhéanamh go mba cheart dóibh an cumhacht sin a úsáid ar mhodh réasúnta faoi réir prionsabal an dea-riaracháin agus imthosca uile an cháis. Táim den tuairim freisin nuair atá critéir réamh-cheaptha cáilitheachta agus coinníollacha caighdeánacha eile ag baint le scéimeanna atá riartha ag comhlachtaí poiblí, go bhfuil sé chomh tábhachtach céanna do na comhlachtaí poiblí a bheith géilliúil solúbtha agus iad ag déileáil le cásanna neamhchoitianta nó le himthosca gan coinne.
Thug an Chomhairle le fios dom gur diúltaíodh d’iarratasóirí eile ar an mbonn go raibh an obair tosaithe sula raibh an t-iarratas faofa ag an gComhairle. Dúradh gur úsáideadh na critéir céanna maidir le gach iarratasóir agus shíleadar gurb é sin an t-aon bhealach féaráilte agus cothrom leis an scéim a oibriú. Dúradar go mbeadh nós á bhunú nó fasach á ligean sios dá n-íocfaí deontas sa chás seo agus ní bheadh a leithéid sin cóir nuair a diúltaíodh do dhaoine eile san am atá caite.
Le linn an imscrúdaithe d’iarr mé ar an gComhairle breithniú a thabhairt ar na príomh-phointí seo a leanas:
· Ní raibh foráil ar bith sna Rialacháin ábhartha maidir le faomhadh roimh ré a bheith mar choinníoll chun DDM a íoc.
· Dhealraigh sé go raibh nádúr soaitheanta sna hoibreacha a bhí déanta ag an ngearánaí (cathaoirardaitheoir a chur isteach) agus dhealraigh sé freisin go m’fhurasta na hoibreacha céanna mheas i ndiaidh an chur isteach. Dhealraigh sé go mba chóir go mbeadh an Chomhairle fós sa riocht go bhfaigheadh siad a rá an raibh nahoibreacha úd réasúnta riachtanach chun an teach a dhéanamh ní b’oiriúnaí mar áit chónaithe don ghearánaí.
· Na cúiseanna faoinar bhaineadh alt amháin as an scéim, mar a rinne an Chomhairle é, agus gur cuireadh i bhfeidhm é gan an discréid a úsáid de réir mar a fhoráiltear san Rialacháin.
Ina bhfreagra iar sin dúirt an Chomhairle go rabhadar chun iomlán na nimthosca a bhain leis an gcás a chur san áireamh, agus ní lú ná iad siúd na hiarrachtaí a rinne an gearánaí chun chúnaimh a fháil, agus de bhrí gur theip air a fháil amach ó eagrais rialtais agus neamh-rialtais, in ainneoin a chuid iarrachtaí, go raibh a leithéid de rud agus an scéim sin ag an gComhairle, nach raibh sé mí-réasúnta sa chás sin glacadh le hiarratas déanach uaidh. D’íocadar deontas €3,150 leis.
Sa dara chás, chuir fear le míchumas iarratas i Mí Meán Fómhair 2003 chuig an gComhairle ar Dheontas le haghaidh Tí Nua do Dhuine le Míchumas. Thart faoi bliain iomlán ina dhiaidh diúltaíodh don iarratas. Dúirt an gearánaí nuair a chuaigh sé chuig an gComhairle ar dtúis go ndúradh leis nach raibh an Deontas do Dhaoine le Míchumas tástáilte ó thaobh acmhainne de. Mhaígh an fear go raibh an cinneadh ar rinne an Chomhairle ar a chás bunaithe ar thástáil acmhainne, ach nár rinneadh tástáil acmhainne riamh air. Fuair mé amach go raibh Scéim athbhreithnithe le haghaidh Daoine le Míchumas glactha chucu féin ag an gComhairle i Mí Bhealtaine 2004 a thug caoi dóibh sócmhainní agus ioncam an duine le míchumas a chur san áireamh. D’admhaigh an Chomhairle nach raibh tástáil acmhainne déanta ar an ngearánaí acu ach dúradar nár ghá sonraí maidir le hioncam a lorg uaidh toisc go raibh “an t-áitreabh aige níos fearr ná mar is gá chun cónaí a sholáthar do dhuine amháin, rud a léirigh gur sócmhainn nach beag an teach seo”.
D’áitigh mé ar an gComhairle athmhachnamh ar an seasamh a bhí acu ar an mbonn seo a leanas:
· Dhealraigh sé gur ghlac an Chomhairle leis an scéim a úsáideadar i ndiaidh don iarratas a bheith déanta ag an ngearánaí. Dhealraigh sé gur chuireadh critéir nua cáilitheachta i bhfeidhm i ndiaidh don iarratas a bheith déanta, critéir nach raibh ann cor ar bith tráth a rinneadh an t-iarratas;
· Dhealraigh sé nach raibh na critéir (treoirlínte, rialacha, teorainneacha) mínithe go soiléir agus go raibh easpa trédhearcachta agus easpa tosaíochtaí oibiachtúla ann sa tslí a rinneadh an cinneadh;
· Ní raibh foráil ar bith sna Rialacháin le haghaidh tástáil acmhainne;
· Dhealraigh sé go ndearnadh rómhoill mí-réasúnata chun an chinnidh a dhéanamh.
Ghlac an Chomhairle leis na hargóintí sin uaim agus d’íocadh an deontas ab airde don ghearánaí .i. €12,700.00, móide ús de €1,203.
Bhí na deontais sna cásanna seo faoi na Rialacháin Tithíochta (Deontais do Dhaoine le Míchumas agus do Dheiseacháin Riachtanacha). Táthar i ndiaidh na Rialacháin sin a chúlghairm ó shin i leith ach tharlódh go mbeadh na fadhbanna céanna ag teacht chun cinn i gcásanna eile den chineál céanna.
Gearán i gCoinne Sean-Bhord Sláinte
Fuair mé gearán i gcoinne sean-Bhord Sláinte mar gheall ar an tslí a láimhseáladar iarratas ó lánúin chun altramas a dhéanamh ar thriúr pháiste ón gclann chéanna sa bhliain 2001. D’fhoilsigh mé tuarascáil ar an imscrúdú a rinne mé ar an gcás i Mí Mheithimh 2007 agus bhí cur síos inti ar an gcaoi a ndeachaigh gníomhartha an tsean-Bhord Sláinte (idir an fhoireann d’oibrithe sóisialta agus an fhoireann riaracháin) i bhfeidhm ar an lánúin agus faoi dheireadh thiar ar na páistí féin. Tá na páistí fós faoi chúram cónaithe. Níor luaigh mé ainm an bhoird sláinte chun aithne na bpáistí a cheilt. Léirigh an tuarascáil go soiléir an riachtanas atá ann chun déileáil go cuí agus go cothrom le daoine a ofrálann iad féin mar thuismitheoirí altrama. Léirítear inti freisin go mbíonn gá le bealaí cumarsáide idir an fhoireann d’oibrithe sóisialta agus an fhoireann riaracháin a fheabhsú ionas go mbíonn an caidreamh féaráilte agus gan mí-thuiscint ar bith idir iad féin agus na hábhair tuismitheoirí altrama. Chailleadh deis iontach sa chás seo, deis a thabharfadh toradh ní b’fhearr i gcás an triúir pháiste b’fhéidir. Bhí sraith de mholtaí sa tuarascáil seo, moltaí a ghlac Feidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte leor ina n-iomláine. Bhí na moltaí dírithe ar na comhghnáis cumarsáide idir an fhoireann ghairmiúil agus an fhoireann riaracháin a fheabhsú nuair a bhíonn iarratais ar altramas á bpróiseáil acu. Ba cheart dom a lua freisin go bhfuil an fhreagracht as gearáin a bhaineann le leanaí mar chúram anois ar an Ombudsman do Leanaí agus tháinig an gearán seo os mo chomhair sular bhunaíodh an Oifig sin. Tá mo thuarascáil ar an gcás seo ar láithreán gréasáin na hOifige seo [www.ombudsman.ie].
Oifig an Chláraitheora Ghinearálta
Bhí baint ag imscrúdú an cháis le leis an dtaithí atá agam a bheith ag déileáil le gearáin i gcoinne Oifig na Chláraitheora Ghinearálta (OCG) a bhfuil sonrú curtha agam inti roinnt uaireanta nuair a cheap mé go raibh toradh dona mí-thairbheach imeartha ar dhaoine aonaracha de bharr gníomhartha OCG. Tá samplaí d’eachtraí sna cásanna a dhéantar tagairt dóibh sa tuarascáil seo nuair a bhí caighdeán na seirbhíse a tugadh níos lú ná an leibhéal a bheifí ag coinne leis ó chomhlacht seirbhíse poiblí. Tá roinnt moltaí déanta agam dírithe ar chaighdeán na seirbhíse a fheabhsú agus ghlac an OCG leo siúd. Roghnaíodh na cásanna sa tuarascáil le hintinn cabhrú leis na daoine a bhí i mbun seirbhís na gcustaiméirí a fheabhsú laistigh den OCG agus sa Roinn Sláinte agus Leanaí ionas go mbeidís inniúil freastal ar ionchais an phobail, agus ar dhaoine a úsáidfidh an tseirbhís thábhachtach seo san am atá le teacht. Foilsíodh mo thuarascáil i Mí Dheiridh Fómhair 2007 agus is féidir í a léamh ar láithreán gréasáin na hOifige seo [www.ombudsman.ie].
Gearáin i gCoinne Ospidéal
Ó 1985 i leith bhí dlínse na hOifige seo teoranta do ghníomhartha riaracháin na mbord sláinte agus do na hospidéal a bhí díreach faoi smacht na mbord céanna. Ó Mhí Eanáir 2007 amach áfach, ag teacht le forálacha an Achta Sláinte 2004, chuireadh éifeacht le gnásanna gearán reachtúla Fheidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte (FSS). Baineann an gnás reachtúil nua le gearán a dhéanamh faoi ghníomhartha FSS agus faoi ghíomhartha na soláthraithe atá faoi chonradh ag FSS chun seirbhísí sláinte agus sóisialacha pearsanta a chur ar fáil. Má chuirtear gearáin isteach faoin ngnás seo agus nach dtagann réiteach orthu is féidir iad a chur chuig an Oifig agamsa le breithniú a dhéanamh orthu.
Is é an toradh atá leis an gcóras nua géaráin seo ná go dtagann faoi mo chúram gach comhlacht a thugann seirbhísí sláinte nó seirbhísí sóisialacha pearsanta d’FSS nó thar a gceann agus iad siúd a bhfaigheann cúnamh ó FSS. I measc na gcomhlachtaí nua seo atá na mór-ospidéil deonacha poiblí ar nós An tOspidéal Mater Misericordiae, Ospidéal Beaumont, Ospidéal San Séamas, Ospidéal Ár mBantiarna de Lourdes, Droichead Átha, Ospidéal Ollscoile na Trócaire, Corcaigh, An Otharlann Theas / Ospidéal Ollscoile Victória, Corcaigh. Chomh maith le sin, cumhdaithe faoin ngnás reachtúil chun gearán a dhéanamh, tá na comhlachtaí a sholáthraíonn seirbhísí pearsanta sóisialacha cosúil nó coimhdeach le seirbhísí a sholáthraíonn FSS nó a bhfaigheann cúnamh, m.sh. rann-íocaíocht i gcoinne speansais, nó áitribh nó úsáid áitreabh ó FSS.
Sa bhliain 2007 fuair an Oifig seo 84 gearán a bhain le hospidéil. Chun mionshonraí fúthu seo a fháil féach na Táblaí 7(b) agus 12(b) i gCaibidil 5 den Tuarascáil seo. Ba í seo an chéad bhliain a bhí gnás reachtúil na ngearán ag obair agus is dóigh liom go mbeidh méadú mór ar líon na ngearán ospidéil a thiocfaidh os mo chomhair amach anseo. Faoin scéim nua ní mór an gearán a dhéanamh chuig an ospidéal áirithe sa chéad áit nó go dtí an soláthraí de sheirbhís sláinte ábhartha eile. Mura bhfuil an réiteach sásúil le fáil go háitiúil tig leis an ngearánaí an scéal a chur faoi bhráid m’Oifige ansin. Toisc nach mór an réiteach a lorg go háitiúil i dtús báire, beidh sé tamall sula dtiocfaidh an patrún ceart d’uimhir bhliantúil na gcásanna a rachaidh chuig an Oifig agamsa chun solais, ach is é is dóichí go mbeidh sé níos airde ná an méid a tháinig isteach sa bhliain 2007.
I measc na ngearán a fuaireas sa bhliain 2007 bhí ceisteanna a bhain le bás gan coinne san ospidéal, le heaspa cúirtéise i gcúram agus i gcóiríocht na n-othar, le deacrachtaí cumarsáide maidir le tuairiscí práinneacha míochaine a sheoladh idir na hospidéil, le heaspa dínite agus urraime timpeall ar bhás othar sna hospidéil, le coinneáil uireasach de thaifid agus gan leithscéal ar bith a ghabháil as an gcineál seirbhíse a tugadh. Tá sonraí faoi chuid de na gearáin a fuarthas in áit eile sa Tuarascáil seo.
Tar éis do na gnásanna reachtúla nua a bheith tugtha isteach, rinne an Oifig seo seimineár a thionól ar 1ú Feabhra 2007 ar an ábhar “Gearáin agus an Ombudsman”. Bhí an seimineár seo dírithe go príomha ar na hospidéil a tháinig faoi mo chúram ar 1ú Eanáir 2007. Ba iad na daoine ba mhó a bhíomar ag súil lena dteacht ná an fhoireann sna hospidéil a mbíonn an fhreagracht orthu as gearáin a láimhseáil go laethúil agus, de bharr nádúir a gcuid oibre, is iad is mó a bheadh i dteagmháil leis an Oifig seo. D’éirigh go han-mhaith leis an seimineár seo agus bhí os cionn cúigear agus trí fichid i láthair ó ospidéil éagsúla ar fud na tíre. Ina measc bhí Príomh-Oifigigh Feidhmiúcháin, Ard-Bhainisteoirí Ospidéal, Stiúrthóirí Altranais, Bainisteoirí ar Sheirbhísí Othar, Bainisteoirí ar Riosca Cliniciúil, Comhairligh, Bainisteoirí Altraí Cliniciúla, Oifigigh Gearán a Réiteach agus tuilleadh mór nach iad. Chomh maith le sin chas mé sa tréimhse idir Feabhra go dtí Bealtaine 2007 leis na Príomh-Oifigigh Feidhmiúcháin agus leis na Boird Stiúrtha as roinnt mhaith de na hOspidéil Deonacha Poiblí i mBaile Átha Cliath, ina measc Ospidéal Beaumont, Ospidéal San Séamas, Ospidéal Ollscoile Naomh Uinseann, Páirc an Leamháin, Ospidéal na Leanaí, Sráid an Teampaill, Ospidéal Máithreachais Shráid Holles agus Ospidéal na mBan sa Chúm. Chas mé freisin le Grúpa na nOspidéal Teagaisc Acadúil i mBaile Átha Cliath san Oifig seo i Mí Dheiridh Fómhair 2007.
Is iad seo a leanas na cuspóirí a bhí leis na cruinnithe seo:
· mé féin a chur in aithne leis na bainisteoirí sinsearacha sna hospidéil;
· achoimriú a dhéanamh ar an ról a bhí agam faoin ghnás nua le haghaidh gearán;
· míniú a thabhairt ar an mbealach a oibríonn m’Oifig;
· réimse mo chúraim a phlé;
· achoimriú a dhéanamh ar an dtoradh a d’iarrfainn ó na hospidéil nuair a thiocfadh m’Oifig chucu le gearán;
· bealaí cumarsáide foirmiúla a bhunú idir m’Oifigse agus na hospidéil;
· aithne a chur ar na gnáis inmheánacha i gcomhair gearán atá ag na hospidéil, agus
· tuairimí na n-ospidéal a lorg maidir leis an gcleachtas is fearr atá á oibriú faoi láthair.
Ba mhaith liom an deis seo a thapú chun buíochas a ghabháil leis na hospidéil éagsúla as an gcúirtéis a thaispeánadar dom féin agus dom fhoireann i rith na gcuairteanna agus go háirithe as an mbealach deimhneach comhoibritheach a dhéileáladar leis an Oifig seo. Bhí mé an-tógtha ar fad leis an gcur chuige atá glactha ag mór-chuid ospidéal a bhfuil an tús áite tugtha acu do leas an chustaiméara, agus tá an t-éiteas seo fite isteach ag a lán acu sna Ráitis Misin agus sna Pleananna Gnó atá acu.
Bille an Ombudsman (Leasú)
Is maith liom a thabhairt faoi deara, le linn dúinn dul go dtí an clódóir, go bhfuil an cuma ann go mbeidh Bille an Ombudsman (Leasú), Bille a bhfuil coinne leis le fada, ag dul os comhair na Dála i gcaitheamh seisiúin an tSamhraidh 2008. Bhí teagmhálacha idir oifigigh ón Oifig seo agus an Roinn Airgeadais maidir le seo. Beidh achtachán na Bhille seo mar chloch mhíle thábhachtach don Oifig agamsa agus don riarachán poiblí go coitianta. Is é an príomhchuspóir atá ag an mBille ná cúram na hOifige a leathnú amach chun raon eile de chomhlachtaí poiblí a chumhdach, comhlachtaí a bhfuil an-teagmháil dhíreach acu leis an bpobal. Tá foráil thábhachtach nua sa Bhille seo a chuirfidh ar chumas m’Oifigse cás a chur os comhair na hArd-Chúirte maidir le ceist ar bith dlí a éireodh as scrúdú a dhéanfainn ar ghearán. Beidh foráil sa Bhille freisin chun an téarma ‘Ombudsman’ a chosaint.
Seirbhís Nasctha an Ombudsman á Leathnú
Thuairiscigh mé i 2005 agus i 2006 ar Sheirbhís Nasctha an Ombudsman. Seirbhís nua is ea í seo atá á soláthar trí Sheirbhísí Faisnéise do Shaoránaigh (SFS) in áiteanna áirithe. Trí na naisc seo is féidir teacht níos éasca ar sheirbhísí m’Oifige. Cuidíonn an tSeirbhís le foireann SFS chun ábhar gearán a aithint agus a ullmhú ionas gur féidir leis an Oifig seo gníomhú orthu thar cheann an phobail.
In Aibreán 2007 leathnaíodh Seirbhís Nasctha an Ombudsman go dtí Comhairle Inimirceach na hÉireann (CIIÉ). Chomh maith le sin tionóladh sraith de chruinnithe in áiteanna sa tír leis an intinn an tseirbhís a leathnú chuig Cumann Uinsinn de Pól. Beidh traenáil á thabhairt ag daoine ón Oifig seo do bhaill foirne CIIÉ sna réigiúin Thoir Thuaidh agus Thoir Theas i gcaitheamh an chéad leath de 2008 ionas gur féidir an tSeirbhís Nasctha a bheith ar fáil ag an bpobal trí gach CIIÉ sna ceantair seo. Tá súil againn é a leathnú ar fud na tíre go léir faoi dheireadh 2008.
An Bhliain Eorpach um Chomhdeiseanna do Chách
Ainmníodh an bhliain 2007 mar An Bhliain Eorpach um Chomhdeiseanna do Chách, leis an gcuspóir ceiliúradh a dhéanamh ar an ndul chun cinn a bhí déanta ag cothú comhdheiseanna do chách agus chun idirdhealú a chomhrac, chun an mhí-ionannais is léir atá fós ann a admháil agus an geall atá tugtha againn do chruthú na sochaí comhionainne a athnuachan. Bhí áthas orm glacadh le cuireadh ón Údarás Chomhionannais chun ionadaíocht a thabhairt don Oifig agamsa ar an gCoiste Comhairleach a tionóladh chun tacú le straitéis aontaithe na bliana. Sa bhliain 2008 beidh an Coiste Comhairleach ag obair ar chur i bhfeidhm na leagáide fadtéarmaí a d’fhág obair na Bliana Eorpaí le huacht againn.
Bhí ionadaíocht ón Oifig seo, in éineacht leis an Údarás Comhionannais, an Bord Faisnéise do Shaoránaigh, an tÚdarás Náisiúnta um Chearta Fostaíochta, an Ghníomhaireacht um Fháiltiú agus Imeascadh, an Roinn Gnóthaí Sóisialacha agus Teaghlaigh agus Feidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte, ar Ghrúpa Stiúrtha a rinne taighde a choimisiúnú as a dtáinig tuarascáil ar an ábhar: “Straitéisí éifeachtacha agus nuálaíocha chun faisnéis faoi chearta a sholáthar don phobal”. Scrúdaigh an tuarascáil seo modúil a tarraingíodh ó raon de dhlínsí eile, agus moladh an cleachtais ab fhearr maidir faisnéis a thabhairt faoi conas an mí-cheart a chur ina cheart in Éirinn. As an dtaighde seo, tá Meitheal Oibre curtha ar bun anois chun tionscnamh a bhunú maidir le faisnéis faoi chearta na bpobal inimirceacha agus na ndaoine aonair a aimsiú.
Caibidil 4: An Bhliain faoi Athbhreithniú - Cuid a Dó
Fógraí a eisíodh faoi Alt 7 d’Acht an Ombudsman, 1980.
Tá an cumhacht reachtúil ag m’Oifig chun Fógra faoi Alt 7 a eisiúint ag lorg an faisnéise a iarrtar má bhíonn moill ró-fhadálach ag tabhairt freagra ar an iarraidh. Foilsíodh miondealú ar líon na bhfógraí a eisíodh don chéad uair i dTuarascáil Bhliantúil na hOifige seo don bhliain 1998. Ag seo a leanas an patrún bliantúil a lean an fógraí sin ón uair sin i leith:
| Bliain | Líon d’fhógraí Ailt 7 a eisíodh |
| 1998 | 45 |
| 1999 | 27 |
| 2000 | 14 |
| 2001 | 19 |
| 2002 | 16 |
| 2003 | 12 |
| 2004 | 6 |
| 2005 | 31 |
| 2006 | 18 |
| 2007 | 18 |
Ag seo a leanas miondealú ar na Fógraí Alt 7 a eisíodh sa bhliain 2007
| Comhlacht | Líon na bhFograí Ailt 7 a eisíodh |
| Státseirbhís | |
| An Roinn Dlí agus Cirt, Comhionannais agus Athchóirithe Dlí | 10 |
| An Roinn Cumarsáide, Fuinnimh agus Acmhainní Aiceanta | 1 |
| | |
| Údaráis Áitiúila | |
| Comhairle Chontae Chill Dara | 4 |
| Comhairle Chontae Chorcaí | 1 |
| Comhairle Chontae Mhuineacháin | 1 |
| Comhairle Chontae Thiobraid Árann Theas | 1 |
| Iomlán | 18 |
Níor eisíodh aon Fhógra Ailt 7 ar Fheidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte sa bhliain 2007 agus bhí iomlán na bhfigiúirí ar an ndul céanna le 2006. Is cúis díomá dúinn go raibh orainn oiread Fógraí Ailt 7 a eisiúint ar an Roinn Dlí agus Cirt, Comhionannais agus Athchóirithe Dlí, mar b’ionann iad agus níos mó ná a leath den iomlán ar fad a eisíodh. Bhain cuid mhór de na gearáin seo chuig m’Oifig le ró-mhoill i bpáirt na Roinne ag déileáil lena gcliaint agus, dá bhrí sin, cuireann sé le donacht an scéil go gcaitheann siad ró-mhoill arís ag freagairt ar theagmhálacha ó m’Oifigse. Tá sé fúm faire a dhéanamh ar an fhadhb seo i rith 2 008 le súil go dtiocfaidh feabhas ar an méid ama a chaitheann an Roinn chun freagra a thabhairt ar an Oifig seo.
Rochtain agus Feasacht an Phobail
I rith na bliana 2007 lean an Oifig le seirbhísí for-rochtana chuig an bpobal ginearálta ar fud na tíre chun na seirbhísí seo a thabhairt go dtí an réimse ba leithne agus a b’fhéidir agus lena dheimhniú go mbeadh teacht ar na seirbhísí sin. I rith na bliana 2 007 thug an fhoireann cuairteanna míosúla ar roinnt Ionad Faisnéise do Shaoránaigh (IFS) agus bhí cuairteanna réigiúnacha aon-lae chuig sé láthair eile.
Sa bhliain 2007, tugadh cuairteanna IFS ar Chorcaigh, ar Ghaillimh, ar Luimneach agus ar an gCúlóg i dTuaisceart Bhaile Átha Cliath. Fuarthas 261 gearán nua ar fad le linn na gcuairteanna seo. Astu sin bhí 162 gearán bailí agus 90 (nó 34%) neamhbhailí. Ní bheadh sé indéanta an obair thábhachtach seo a dhéanamh gan an comhar a fuarthas ó gach IFS áitiúil.
Thug foireann ón Oifig seo cuairteanna aon-lae freisin ar Chluain Meala, ar Chill Áirne, ar Aonach Urmhumhan, ar Phort Laoise, ar Thiobraid Árann agus ar Phort Láirge. Chasadh 295 duine orthu i rith na gcuairteanna sin agus fuarthas 29 gearán bailí. Ba é an chomh-iomlán de ghearáin bailí nua a fuarthas mar thoradh ar na cuairteanna míosúla agus aon-lae ná 391. Tá sonraí maidir le clár na gcuairteanna don bhliain 2008 le fáil ar láithreán gréasáin na hOifige [www.ombudsman.ie].
Cuairteoirí go dtí m’Oifig
I Mí Lúnasa bhuail mé leis an Ollamh Gerard Quinn, ONÉ, Gaillimh, atá ina Stiúrthóir ar an Aonad um Mhíchumas, Dlí, Polasaí agus Taighde. Is comhalta an tOllamh Quinn freisin de Choimisiún na hÉireann um Chearta Daonna. Ba é cuspóir an chruinnithe ná ceisteanna a bhain le bunú an Aonaid san Ollscoil agus cibé tairbhe a bheadh don Oifig seo sa taighde a dhéanfaí ann amach anseo.
I Mí Dheiridh Fómhair thug toscaireacht ó Leosóta cuairt ar an Oifig chun ról na hOifige agus na modh-eolaíochtaí oibre atá againn a scrúdú. Ar an dtoscaireacht bhí Mrs Mpeo Mahase-Moiloa, an tAire Dlí agus Cirt, an Príomh-Rúnaí atá aici, Ms Pontso Lebotsa, Mr Sekara Mafisa, Ombudsman Leosóta, agus a Soilse Mrs Mannete Ramaili, Ambasadóir Leosóta chun na hÉireann. Bhí spéis faoi leith ag an dtoscaireacht i gcóras TE na hOifige agus tá súil againn a bheith ábalta cur le seo trí chuairt eile ar an Oifig i 2008 ag ball den fhoireann TE as Oifig an Ombudsman i Leosóta.
I rith Mí na Samhna bhí cruinniú agam leis an Uas Jon Bills, Stiúrthóir ar Cháilíocht an Chúraim Sláinte ag an Údarás um Fhaisnéis agus Cáilíocht Sláinte (ÚFCS) agus lena chomhghleacaí Ms Marion Witton, an Príomh- Chigire i gCigireacht na Seirbhísí Sóisialta ag ÚFCS. Ag an gcruinniú rinne na toscairí ón ÚFCS ról an ÚFCS a achoimriú maidir le cigireacht agus le clárú na seirbhísí cónaitheacha do sheandaoine, do pháistí agus do dhaoine le míchumais agus an tslí a dhéantar caighdeáin an tsoláthair sa chúram sláinte a leagan síos agus a fhaire.
Saincheisteanna Ag Éirí As Gearáin Aonair
Na hÚdaráis Áitiúla agus Feidhmiú de réir an Dlí
Dhírigh téama na Tuarascála Bliantúla a d’fhoilsigh mé don bhliain 2006 ar an dtábhacht a bhaineann le comhlachtaí poiblí do ghníomhú go cóir de réir an dlí agus de réir na rialacha agus na rialacháin atá ann dóibh. Chuir mé síos ar an ngá atá ag an cinntí a dhéanann seirbhísigh poiblí gach lá a bheith bunaithe ar chineál éigin údaráis, bíodh sé reachtúil nó a mhalairt. Chuir mé síos go hachomair ar roinnt chás a thaispeáin gur bhain comhlachtaí poiblí áirithe úsáid éagórach agus míchothrom as a n-údarás, go ndeachadar os cionn an údaráis a bhí acu nó nach raibh fiú amháin an t-údarás féin acu don ghníomhú a bhí ina chúis den ghearán. I gcaitheamh na bliana bhí ar m’Oifig déileáil le gearáin eile den chineál céanna mar a leanas:
Comhairle Chathrach Chorcaí
Fuair mé iomad gearán i gcoinne Comhairle Chathrach Chorcaí i ndáil le diúltaithe ar cheadanna páirceála a thabhairt do dhaoine a chónaíonn i bhfoirgnimh árasán sa chathair, ar an mbonn go raibh páirceáil charrchlóis phríobháideach ar fáil acu cheana féin. Ba é an seasamh a thug an Chomhairle ná go ndéantar an Scéim Cheadanna Páirceála d’Áitritheoirí a riaradh de réir na bhFodhlíthe Páirceála a tháinig i bhfeidhm i Mí Iúil 2 005. Is iad na Fódhlíthe seo a leagann síos na coinníollacha le haghaidh ceadanna páirceála áitritheoirí a eisiúint. Dar leis an gComhairle, le linn dóibh iarratais ar cheadanna páirceála a mheas, bíonn aird acu ar na fodhlíthe seo, nach bhfuil foráil ar bith iontu cead páirceála áithritheora a eisiúint do lucht cónaithe na bhforbairtí ilfheidhmeacha seo, toisc go bhfuil páirceáil charrchlóis phríobháideach acu cheana.
Tar éis dom scrúdú a dhéanamh ar na fodhlíthe ábhartha, bhí mé den tuairim nach dtacaíonn siad le polasaí na Comhairle, toisc go ndeir na fodhlíthe go ndéantar cead páirceála áitritheora a eisiúint ar áitritheoir ar bhóthar poiblí agus níl aon eisiamh iontu maidir le daoine i bhforbairtí ilfheidhmeacha. Ar an mbonn seo d’iarramar ar an gChomhairle athmhachnamh a dhéanamh ar an seasamh a bhí acu. Ina dhiaidh sin d’admhaigh an Chomhairle nach raibh an polasaí páirceála a bhí acu agus na fodhlíthe páirceála ag teacht de réir a chéile ar roinnt shlite. Mar thoradh ar sin, i Mí Lúnasa 2007, leasaigh Comhairle Chathrach Chorcaí a bpolasaí faoi eisiúint ceadanna páirceála d’áitritheoirí. Mholamar do na gearánaithe teagmháil le Comhairle Chathrach Chorcaí arís ionas go bhfaighdís an ceadanna a bhí uathu.
Comhairle Bhaile Thrá Lí
Fuair mé gearán i gcoinne Comhairle Bhaile Thrá Lí ó dhuine a chónaíonn i dTrá Lí ar dhiúltaíodh cead páirceála áitritheora dó ar an mbonn go raibh cead páirceála ag duine eile sa teaghlach agus ba é polasaí na Comhairle nach bhfaigheadh gach teaghlach ach aon chead páirceála amháin. Bhí an Chomhairle tar éis iomad fíneálacha páirceála a eisiúint ar iomad ball den teaghlach agus toghairm Chúirte a eisiúint ar dhuine amháin toisc gan diosca/cead páirceála bailí a bheith ar thaispeáint. Nuair a scrúdaigh mé an cás fuair mé amach gur tharraing dlíodóir na Comhairle an toghairm siar ar an lá a bhí an cúisí le teacht os comhair na Cúirte toisc “nach raibh dealramh réasúnta ann go n-éireodh leis an gcás”. Ba é an bonn a bhí leis an gcinneadh sin ná “nach raibh bonn dlíthiúil ar bith leis an nós a bhí ann gan ach cead amháin a thabhairt do gach áitreabh, agus má tá aon nós mar sin á oibriú ag Comhairle Bhaile Thrá Lí tá sé contráilte le forálacha na bhfodhlíthe”. In ainneoin sin, lean an Chomhairle iar sin ag srianadh an gceadanna páirceála go dtí ceann amháin do gach áitreabh agus leanadar ag eisiúint fíneálacha páirceála do lucht cónaithe na háite as páirceáil a dhéanamh gan cead/diosca bailí a thaispeáint.
I ndiaidh tuilleadh teagmhála le m’oifigigh, is éard a dúirt an Chomhairle:
· Nach n-eiseofaí toghairmeacha i ndáil le fíneálacha tráchta sa chás seo;
· Go raibh sé pleanáilte ag an gComhairle na fodhlíthe tráchta agus páirceála a leasú chun foráil a chur iontu ag srianadh ceadanna páirceála áitritheoirí go dtí ceann amháin do gach áitreabh, agus
· Go raibh comhaontú intuigthe déanta leis na maoir tráchta gan a thuilleadh fíneálacha tráchta a eisiúint go dtiocfaí ar réiteach ar an bhfadhb.
Ghlac mise an tuairim:
· go raibh an Chomhairle i ndiaidh a gcuid fhodhlíthe féin a bhriseadh agus bhíodar fós á dhéanamh ag feitheamh le fodhlíthe leasaithe a thabhairt isteach;
· bhí fíneálacha páirceála eisithe acu agus a fhios acu go maith nach mbeadh siad inniúil ar imeachtaí dlí a thionscnamh mura n-íocfaí an fhíneáil, agus
· chuireadh fiacha dlíthiúla ar mo ghearánaí as ullmhúchán a dhéanamh chun an cás a chosaint sa Chúirt.
Nuair a chuireadh na tuairimí seo in iúl don Chomhairle rinneadar athmhachnamh ar an scéal agus d’admhaíodar nach raibh an nós a leanadar de réir a bhfodhlíthe féin. Thug Comhairle Bhaile Thrá Lí orthu féin an cleachtas a athrú agus ceadanna breise a eisiúint ar mo ghearánaí agus ar áitritheoirí cáilithe eile. Dheimhníodar freisin go rabhadar sásta cúiteamh a thabhairt don ghearánaí as na fiacha dlíthiúla a ghearradh.
Is cúis dhíomá dom go mbíonn gearáin ag teacht i gcónaí faoi nithe mar sin. Is léir go mbíonn cuid de na húdaráis áitiúla ag déanamh agus ag feidhmiú polasaithe gan an t-údarás ceart. Ní maith an toradh ar an bpobal a leithéid.
Faoiseamh Cánach ar Phinsin Pearsanta
Fuair mé gearán ó bhean maidir le diúltú a thug na Coimisinéirí Ioncaim ar fhaoiseamh cánach a thabhairt dí as ranníocaíochtaí chuig plean pinsin pearsanta. Bhí an bhean seo scartha óna fear céile, agus bhí sé ag tabhairt íocaíochtaí cothabhála dí. Ba iad na híocaíochtaí seo an príomh-ioncam a bhí aici agus bhí cáin aici le híoc orthu. Nuair a d’iarr an bhean faoiseamh cánach ar ranníocaíochtaí do phlean pinsin pearsanta a bhí aici dúirt na Coimisinéirí léi go raibh foráil ann sa dlí maidir le cén ioncam a cháileodh le haghaidh faoisimh. Forálann an reachtaíocht a bhí i gceist go mbaineann an faoiseamh le ioncam ó “thuilleamh ábhartha”, is é sin go bunúsach ioncam ó oifig, ó fhostaíocht, ó cheird nó ó ghairm. Ní shamhlaítear íocaíochtaí cothabhála do theacht faoin sainmhíniú ‘tuilleamh ábhartha’ agus dá bhrí sin níl aon fhaoiseamh le fáil orthu. Sa chás seo bhí an reachtaíocht soiléir agus ba dhealraitheach gur bhain na Coimisinéirí an léirmhíniú ceart as na rialacha i gcás an cháin-íocóra seo. Mar sin féin, is cosúil go léiríonn an gearán seo go soiléir an éagothroime atá ann agus an fioras go léiríonn sé gur dóichí nach bhfriothálann na socruithe reachtúla sa chás seo an polasaí sóisialach atá againn maidir le pinsin a sholáthar. Táthar á rá leis an bpobal, agus go háirithe le mná, le blianta gur ceart freagracht a ghlacadh as pinsean a sholáthar agus is iomaí tagairt atá déanta don shochar cánach atá le baint as pleananna pinsin.
Taispeánann an cás seo go bhfuil cáiníocóirí, daoine scartha sa chás seo, arb é príomh fhoinse a n-ioncam ná íocaíochtaí cothabhála atá ceangailteach faoin dlí, bactha ag an ndlí ó fhaoiseamh atá ar fáil ag daoine eile, agus ag an am céanna bíonn orthu cáin a íoc ar ioncam den chineál sin. Bheadh athrú sa dlí de dhíth chun an bhail atá ar dhaoine scartha maidir le seo a athrú agus is gnó é sin don Oireachtas le machnamh a dhéanamh air. Is é cúram an Oireachtais an polasaí sóisialach a mheas agus an reachtaíocht ghaolmhar a achtú. Sa chomhthéacs seo tá an ról atá agamsa teoranta d’aire an Oireachtais a tharraingt ar shaincheisteanna mar í seo a bhfuil scrúdú níos géire tuillte acu ní foláir.