I mo Thuarascáil Bhliantúil 2011 chuir mé síos ar athruithe struchtúracha ar chur i bhfeidhm na bpróiseas láimhseála gearán chun a chinntiú go ndéileálfaí le gearáin ar bhealach cóir, éifeachtach, éifeachtúil. Chuir mé síos ar fheabhsúcháin a baineadh amach mar thoradh ar na hathruithe sin, le méadú suntasach ar líon iomlán na gcásanna a cuireadh i gcrích agus le sciar na gcásanna sin ar déileáladh leo laistigh de thréimhse trí mhí. Sa bhliain 2012 dúnadh 60% de chásanna laistigh de thréimhse 3 mhí agus 85% laistigh de thréimhse 12 mhí.
Sa bhliain 2012, b’ionann líon iomlán na ngearán a fuair m’Oifig agus 3,412 i gcomparáid le 3,602 sa bhliain 2011. Seo laghdú de 5.3% a bhí ina laghdú de 3.4% ar fhigiúr 2010 de 3,727, ach fós féin tá sé roinnt mhaith níos airde ná an meán le haghaidh na 9 mbliana roimhe sin (2,703).
Sula gcuireann gearánaí gearán faoi bhráid m’Oifige is gá don té sin “céimeanna réasúnta” a ghlacadh chun réiteach a fháil ar a ngearán leis an gcomhlacht poiblí i gceist. I roinnt cásanna (1,453 sa bhliain 2012) cuireann m’Oifig comhairle agus cúnamh ar fáil do dhaoine a dhéanann gearán “roimh am” le m’Oifig agus de ghnáth déanaimid iad a atreorú ar ais chuig an tseirbhís áitiúil, ag iarraidh orthu réiteach a fháil air ag an leibhéal áitiúil.
Seachas na gearáin “roimh am” seo, tá an Státseirbhís, an Roinn Coimirce Sóisialaí san áireamh, fós ar an bhfoinse is mó gearán (ag 46.8% i gcomparáid le 46.4% sa bhliain 2011), agus ina dhiaidh sin na hÚdaráis Áitiúla (30.4% i gcomparáid le 27.7%) agus FSS (21.1% i gcomparáid le 24.3%). Sa bhliain 2012, bhí 13% de na cásanna réitithe ina n-iomláine nó go páirteach, cuireadh cúnamh ar fáil i 28.4% de chásanna, níor seasadh le 43.9% agus scoradh de nó tarraingíodh siar 14.7%.
As na 917 gearán a rinneadh i gcoinne na Státseirbhíse, rinneadh 624 i gcoinne na Roinne Coimirce Sóisialaí, 80 i gcoinne na Roinne Talmhaíochta, Bia agus Mara, agus 78 i gcoinne na gCoimisinéirí Ioncaim, bhain 59 as 595 de na gearáin faoi Údarás Áitiúil le Comhairle Cathrach Bhaile Átha Cliath, 48 le Comhairle Contae Chorcaí agus 36 le Comhairle Contae na Gaillimhe. Bhí seo scaipthe amach go cothrom thar 413 gearán san earnáil sláinte idir ospidéil agus ceithre cinn de réigiúin FSS.
Baineadh seirbhísí poist arna soláthar ag An Post ó shainchúram m’Oifige le héifeacht ón 2 Samhain 2011, agus a sheirbhísí eile (n-áirítear scéimeanna coigiltis, eisiúint ceadúnas teilifíse etc.) le héifeacht ó 1 Samhain 2012. Déileálann ComReg anois le gearáin i gcoinne An Post.
Mar atá luaite agam go sonrach níos déanaí sa Tuarascáil seo, cuireadh le sainchúram m’Oifige le go n-áireofaí raon nua de chomhlachtaí poiblí ó thaobh gníomhartha a rinneadh ar an 1 Bealtaine 2013 agus dá éis. Cé gur dócha go n-eascróidh méadú suntasach ar líon na ngearán i gcoinne m’Oifige as seo, tá sé deacair a mheas cén líon iarbhír de ghearáin a bheidh i gceist. Mar thoradh ar na hathruithe a rinne m’Oifig le 2 bhliain anuas chun laghdú ar líon na ngearán idir lámha, beimid in ann déileáil níos fearr leis na héilimh nua sin. Beidh mé, gan amhras, ag tuairisciú air seo i mo Thuarascáil le haghaidh 2013.
Rinneadh dlí den Acht Ombudsman (Leasú) 2012 ar an 31 Deireadh Fómhair 2012. An t-athrú is suntasaí a rinneadh air ná cur le mo shainchúram le go n-áireofaí breis is 180 comhlacht poiblí nó “gníomhaireachtaí in-athbhreithnithe” mar a cuireadh síos orthu san Acht Leasaithe.
Liostáiltear san Acht Leasaithe catagóirí “d’aonáin” atá anois faoi réir imscrúdú an Ombudsman seachas sceideal uileghabhálach de chomhlachtaí poiblí sonracha. Áirítear i measc na “n-aonán” sin:
Tá cineálacha eile aonán liostáilte i gCuid 1 den Chéad Sceideal den Acht Leasaithe. Féadfar comhlachtaí poiblí eile a thabhairt faoi mo shainchúram trí Ordú ón Aire.
Áirítear sna 180 comhlacht poiblí atá anois faoi mo shainchúram gach institiúid tríú leibhéal (lena n-áirítear ollscoileanna, Coistí Gairmoideachais agus Institiúidí Teicneolaíochta), Coimisiún na Scrúdaithe Stáit, an Bord um Achomharc Deontais do Mhic Léinn, FÁS, an Ciste Náisiúnta um Cheannach Cóireála, an tÚdarás Náisiúnta Iompair agus an tÚdarás um Fhaisnéis agus Cáilíocht Sláinte. Tá liosta de na comhlachtaí nua sonraithe in Iarscríbhinn D atá ag gabháil leis an Tuarascáil Bhliantúil seo.
I gcás roinnt comhlachtaí poiblí níl ach feidhmeanna áirithe dá gcuid faoi mo shainchúram. Áiríonn siadsan An Bord Altranais, an tSeirbhís Chúirteanna, an tÚdarás Sláinte agus Sábháilteachta, agus Comhairle na nDochtúirí Leighis. Tá liosta de na comhlachtaí seo agus na feidhmeanna atá faoi mo shainchúram leagtha amach in Iarscríbhinn D den Tuarascáil Bhliantúil seo agus i gCuid II den Chéad Sceideal den Acht Leasaithe faoi seach.
Tháinig na comhlachtaí nua seo faoi mo shainchúram ón 1 Bealtaine 2013 a chuireann ar mo chumas gearáin a iniúchadh i ndáil le gníomhartha riaracháin a tharla ar an dáta sin nó dá éis.
Sonraítear san Acht freisin comhlachtaí áirithe nach bhfuil faoi mhaoirseacht an Ombudsman. Ina measc tá An Bord Pleanála, An Post, Banc Ceannais na hÉireann, an Binse Comhionannais, An Garda Síochána, agus an Ghníomhaireacht Náisiúnta um Bainistíocht Sócmhainní. Tá na comhlachtaí seo liostáilte i nDara Sceideal an Achta seo.
I gcás gur ghníomhaigh comhlacht poiblí nó gur gníomhaíodh thar a cheann agus go ndeachaigh an gníomh sin i bhfeidhm ar chearta, pribhléidí, dualgais nó dliteanais áirithe, tá sé anois de dhualgas ar chomhlachtaí poiblí faoi shainchúram an Ombudsman::
D’iarr mé freisin go gcuirfeadh gach comhlacht poiblí nasc ar fáil ar a suíomh gréasáin féin á n-atreorú chuig suíomh gréasáin Oifig an Ombudsman.
Forálann an tAcht Leasaithe freisin le go bhféadfadh an tOmbudsman aon cheist dlí ag eascairt ó imscrúdú a atreorú chuig an Ard-Chúirt le go ndéanfaí breithiúnas ina leith. Bhí cásanna ann uaireanta ina raibh an léiriú dlí doiléir nó inar thug an comhlacht poiblí léiriú difriúil ón gceann a thug an tOmbudsman. Tugann an fhoráil seo cead don Ombudsman soiléiriú a lorg ar léiriú ar cheisteanna dlí ón Ard-Chúirt i gcás go gcinntear go bhfuil gá déanamh amhlaidh.
Faoi Alt 7 den Acht Ombudsman 1980 tá sé de chumhacht ag an Ombudsman a cheangal ar aon duine a bhfuil faisnéis nó doiciméid aige nó aici atá bainteach le himscrúdú an t-ábhar sin a sholáthar di, nó a cheangal ar an té sin teacht os a comhair. Sula raibh an tAcht Leasaithe i bhfeidhm, i gcás gur dhiúltaigh duine ceanglas mar sin a chomhlíonadh, ní raibh aon chumhacht ag an Ombudsman iallach a chur ar an té sin bheith géilliúil. Féadfaidh an tOmbudsman anois iarratas a chur faoi bhráid na Cúirte Cuarda ag ordú don duine sin ceanglas an Ombudsman a chomhlíonadh.
Tar éis imscrúdú a dhéanamh ar ghearán i gcoinne comhlachta phoiblí, déanfaidh an tOmbudsman cinneadh. I gcás go seastar leis an gcinneadh, féadfaidh an tOmbudsman moladh a chur faoi bhráid an chomhlachta phoiblí leis an aidhm leigheas a fháil ar aon drochriarachán a tharla. Sula raibh an tAcht Leasaithe i bhfeidhm bhí sé de chumhacht ag an Ombudsman moltaí a chur faoi bhráid comhlachta phoiblí a raibh imscrúdú á dhéanamh air. Faoin Acht Leasaithe, féadfaidh an tOmbudsman anois moltaí a dhéanamh, tar éis imscrúdaithe, i dtéarmaí ginearálta leis na comhlachtaí poiblí sin a mheasann an tOmbudsman a bheith iomchuí. Ciallaíonn seo, i gcás go gcinneann an tOmbudsman go raibh drochriarachán ann i gcás comhlacht poiblí amháin, agus i gcás go gcinneann sí go mbeadh leas le baint ag comhlachtaí poiblí eile as gníomhú ar na moltaí seo, go bhféadann an tOmbudsman moladh a chur faoi bhráid na gcomhlachtaí poiblí eile sin.
I mí na Nollag 2012 chuaigh mé i dteagmháil le tuairim is 180 comhlacht poiblí a bhí le teacht faoi mo shainchúram ar an 1 Bealtaine 2013. Thairg mé cúnamh agus treoir m’Oifige do na comhlachtaí poiblí nua sin le go gcomhlíonfaidís an reachtaíocht Ombudsman, chun mo ról a mhíniú agus chun go mbeadh plé ann maidir lenár gcaidreamh oibre amach anseo. Reáchtáil mé seimineáir i mí Feabhra 2013 le haghaidh gach comhlachta nua agus an aidhm a bhí leis sin ná forálacha na nAchtanna Ombudsman a mhíniú agus béim a leagan ar an gcóras inmheánach láimhseála gearán. Chomh maith leis sin, sa bhliain 2013, d’fhoilsigh mé ‘Six Rules for Getting it Right - The Ombudsman’s Guide to Good Public Administration’. Tá súil agam go mbeidh sé úsáideach ní hé amháin do na comhlachtaí poiblí nua ach do na comhlachtaí atá faoi mo shainchúram cheana féin. I m’Oifig, tá roinnt den fhoireann ar tugadh freagracht bhreise dóibh as idirchaidreamh a dhéanamh agus caidrimh a chothú leis na comhlachtaí sin. Tá mé ag súil ní hé amháin go mbainfidh na comhlachtaí poiblí leas as na hullmhúcháin seo, ach go n-ardófar caighdeáin an riaracháin mhaith agus na láimhseála maith gearán freisin.
Tagann formhór ár ngearán tríd an bpost, tríd an ríomhphost nó mar ghlaonna teileafóin, ach ó am go chéile bíonn daoine ag iarraidh labhairt linn go pearsanta. Le fiche bliain anuas bhí foireann Oifig an Ombudsman ag tabhairt cuairte ar Ionaid Eolais do Shaoránaigh chun glacadh le gearáin ón bpobal. Cuireann na cuairteanna míosúla ar Chorcaigh, Luimneach agus Gaillimh seirbhís luachmhar áitiúil ar fáil, atá éasca le teacht air do dhaoine atá ina gcónaí ann. Le linn 2012, bhí foireann an Ombudsman ar fáil 38 uair chun comhairle agus cúnamh a sholáthar agus chun glacadh le gearáin thar ceann an phobail.
Fuarthas 112 gearán bailí.
Fuarthas 77 gearán bailí.
Fuarthas 100 gearán bailí.
Ba mhaith liom buíochas a ghabháil le m’fhoireann as an bpáirt a ghlac siad inár gclár For-rochtana le linn 2012. Mar is gnách, tugann m’fhoireann ár seirbhís go díreach chuig an bpobal ar bhealach cúirtéiseach, eagraithe, gairmiúil.
Tugann Alt 7 den Acht Ombudsman 1980 (arna leasú) cumhachtaí an-suntasacha do m’Oifig ó thaobh doiciméid agus eolas riachtanach a fháil don imscrúdú nó don iniúchadh ar ghearáin. Faoin Acht, tá dualgas dlíthiúil ar “aon duine a bhfuil eolas nó doiciméad nó rud aige nó aici nó a bhfuil smacht aige/aici ar an ábhar sin, ar ábhar é atá ábhartha don imscrúdú nó don iniúchadh dar leis an Ombudsman” an t-ábhar sin a sholáthar don Ombudsman. De bhreis air sin, tá sé de chumhacht ag an Ombudsman a cheangal ar an té sin teacht os a comhair “agus comhlíonfaidh an té sin na ceanglais”. Forálann 7(3) den Acht:
“Nach ndéanfaidh duine trí ghníomh nó neamhghníomh bac a chur le feidhmiú a feidhmeanna nó aon ní eile a bheadh ina dhíspeagadh cúirte dá mbeadh an tOmbudsman ina cúirt a raibh an chumhacht aici cimiú le haghaidh díspeagadh cúirte.”
Is maith an rud é mar sin, i bhformhór mór na gcásanna, nach mbíonn aon deacracht agam an t-ábhar a bhíonn de dhíth orm a fháil chun déileáil le gearáin. De ghnáth, ní bhíonn orm mo chumhachtaí reachtúla a ghairm agus is mór agam é go bhfaighim comhoibriú iomlán ó na comhlachtaí poiblí. Go hannamh, bíonn cásanna ann ina mbíonn moill le soláthar ábhair, agus de ghnáth i gcás imscrúduithe, déanaim mo chumhachtaí reachtúla a ghairm go foirmiúil d’fhonn an t-ábhar a bhíonn ag teastáil uaim a fháil.
I mbeagnach gach cás cuirtear an t-eolas ar fáil do m’Oifig nuair a eisítear fógra faoi Alt 7. Baintear úsáid as mo Thuarascáil Bhliantúil chun foilsiú a dhéanamh ar thráthanna a raibh orm fógra faoi Alt 7 a eisiúint. Féach an tábla thíos le haghaidh sonraí faoi líon na n-eisiúintí sa bhliain 2012 agus sna 10 mbliana roimhe sin.
Sa bhliain 2012 d’eisigh mé seacht gcinn d’fhógraí faoi Alt 7. I ndáil le trí fhógra chuig Feidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte agus fógra amháin chuig Comhairle Cathrach Bhaile Átha Cliath, fuair m’Oifig an t-eolas a bhí á lorg againn.
24 Cibé scéal é, is gá dom a thuairisciú go raibh 3 chás ann sa bhliain 2012 inar diúltaíodh ábhar a sholáthar a lorg mé agus mé ag iarraidh mo chumhachtaí reachtúla a chomhlíonadh faoi Alt 7. I gcás amháin bhain sé le hOifig Achomhairc na Scéime Aisíoca Sláinte (SAS); bhain an ceann eile le Feidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte agus bhain an tríú ceann leis an Roinn Sláinte.
Tráth ar eisíodh na fógraí sin, ní raibh aon mhodh géilliúlachta ar fáil dom i gcás gur theip ar dhuine comhoibriú leis an gceanglas reachtúil faoi alt 7 den Acht Ombudsman. Réitíodh an t-easnamh sin le hachtú an Achta Ombudsman (Leasú) 2012 a fhorálann, in Alt 10 den Acht, gur féidir liom iarratas a chur faoi bhráid na Cúirte Cuarda i gcás go bhfuil duine neamhghéilliúil.
Tharla an diúltú seo i gcomhthéacs comh-imscrúdaithe ar roinnt gearán a d’eascair as diúltú d’éilimh faoin Scéim Aisíoca Sláinte. Tugadh isteach an Scéim Aisíoca Sláinte sa bhliain 2006 chun aisíoc a dhéanamh le daoine ar gearradh táillí orthu go neamhdhleathach as cúram fadchónaithe ospidéil. Rinne Riarthóir na Scéime SAS an chéad chinneadh diúltú do na héilimh seo thar ceann FSS agus ina dhiaidh sin sheas Oifigeach Achomhairc SAS leis na cinntí tosaigh. I m’iniúchadh, breithníodh idir ghníomhartha FSS agus ghníomhartha an Oifigigh Achomhairc FSS agus, tar éis an ghnáth-ghnáthaimh, lorg mé an t-ábhar comhaid ábhartha agus an t-eolas ón dá pháirtí. Chuir FSS an t-eolas a bhí á lorg ar fáil ach dhiúltaigh Oifigeach Achomhairc SAS déanamh amhlaidh. Ní hé amháin gur dhiúltaigh Oifigeach Achomhairc SAS an doiciméadacht iomchuí a sholáthar, ach theip air freastal ar m’Oifig tar éis dom a cheangal air déanamh amhlaidh faoi Alt 7 den Acht Ombudsman 1980.
Tá sonraí breise faoina bhfuil luaite thuas leagtha amach i dtuarascáil m’imscrúdaithe agus foilseofar sin go luath.
Sa chás seo, bhí imscrúdú á dhéanamh agam ar ghearáin a bhain le beirt a raibh de cheangal orthu leas a bhaint as cúram príobháideach i dteach altranais toisc nár chuir FSS cúram i dteach altranais ar fáil dóibh.
Bhí mé in iúl ar go raibh breis is 300 sraith d’imeachtaí dlí tionscanta i gcoinne FSS i gcásanna fíor-chosúla. I ngach cás Cúirte, bhí an Roinn Sláinte ina comhchosantóir. Bhí mé ar an eolas go rabhthas tar éis teacht ar shocrú as Cúirt i roinnt de na cásanna seo. Bhí mise den tuairim go raibh sonraí na socruithe as Cúirt sin ina sonraí ábhartha do na cásanna a bhí á n-imscrúdú agam, chun a dhearbhú cén cúiteamh airgeadais a bhí á íoc amach agus chun a fháil amach cad iad na leibhéil de chúiteamh airgeadais a bhí i gceist. D’inis mé do FSS cén fáth a raibh an t-eolas seo ábhartha do m’imscrúdú agus cheangail mé ar FSS, faoi Alt 7, an t-eolas sin a sholáthar dom.
Thóg sé roinnt ama ar FSS freagra soiléir a sholáthar dom ach ar deireadh thiar dhiúltaigh an t-eolas a sholáthar.
Dúirt FSS nár aontaigh an Roinn Sláinte an t-eolas a scaoileadh agus dúirt FSS nach bhféadfadh sé ceanglas Alt 7 a chomhlíonadh ar an gcúis sin. Dúirt sé freisin go bhféadfadh soláthar an eolais sin cur isteach ar dhlíthíocht leanúnach a bhí idir lámha i gcásanna eile. Luaigh FSS go raibh comhairle faighte ag an Roinn ón Ard-Aighne i gcás eile - agus bunaithe ar an gcomhairle sin, sa mhéid go raibh na cásanna “neamhghaolmhar agus neamhbhainteach” leis na cásanna a bhfuarthas an socrú as cúirt orthu, nár chóir an t-eolas a scaoileadh. (An cás a bhfuair siad an chomhairle sin ina leith, tá cur síos air i mo thuarascáil “Who Cares?” ón mbliain 2010, a bhí ina imscrúdú ar chearta ginearálta ag daoine scothaosta cúram a fháil i dteach altranais.) Bhí mé, agus tá mé, go hiomlán sásta go raibh an t-eolas maidir leis na cásanna Ard-Chúirte a bhfuarthas socrú orthu ina gcásanna ábhartha do m’imscrúdú.
Idir an dá linn chuir mé i gcrích an t-imscrúdú sin, d’éagmais an eolais a lorgaíodh ó FSS, agus foilsíodh an tuarascáil.
Tharla an diúltú sa chás seo taifid a sholáthar i gcomhthéacs m’imscrúdaithe tosaigh ar roinnt gearán a rinneadh i ndáil le “hAthbhreithniú Dhroichead Átha, mar a thugtar air i gcoitinne. Bhí seo ina athbhreithniú neamhreachtúil arna choimisiúnú ag an Roinn Sláinte agus a thagair siar do tharluithe líomhanta san am atá caite in Ospidéal Mhuire Lourdes, Droichead Átha. Reáchtáil breitheamh ar scor an t-athbhreithniú seo.
Is é cuspóir an athbhreithnithe ná iniúchadh a dhéanamh agus moladh a chur faoi bhráid an Aire Sláinte maidir le cibé acu an raibh gá le himscrúdú breise ar ghnáthaimh agus ar chleachtais Ospidéal Mhuire Lourdes, Droichead Átha nó nach raibh agus an dócha go gcuirfí aon eolas nó léargas breise ar fáil i gcuidiú feabhas a chur ar na treoirlínte reatha maidir leis an gcleachtas is fearr a chosnaíonn othair ó bheith mí-úsáidte go gnéasach in ospidéil. I gcás mo ghearánaithe go léir, is daoine iad a d’aontaigh fianaise a thabhairt chun críche an athbhreithnithe seo. Baineann a ngearáin leis an mbealach ar ceapadh agus ar reáchtáladh an t-athbhreithniú chomh maith le roinnt saincheisteanna tar éis chur i gcrích an athbhreithnithe.
Is é seasamh na Roinne ná go raibh an t-athbhreithniú neamhspleách, agus nach gcuirfeadh sé tuairim ar fáil maidir leis an gcur chuige a ghlac an t-athbhreithneoir. De bhreis air sin, mhaígh an Roinn gur shonraigh an t-athbhreithneoir nach nochtfaí a thaifid, lena n-áirítear tras-scríbhinní, ar aon choinníoll ach amháin trí Ordú Cúirte le haghaidh follasaithe. Go praiticiúil, bhí an Roinn ag maíomh nach raibh na taifid i gceist ina dtaifid laistigh dá “cumhacht ná smacht”, cé go raibh siad go fisiceach ina seilbh. I mí an Mheithimh 2012, dúirt an tArd-Rúnaí go bpléifí an cheist níos mine idir an dá linn le hOifig an Ard-Aighne agus go raibh an Roinn ag cloí lena sheasamh go raibh an t-athbhreithneoir ina dhuine neamhspleách agus nach raibh an cheist a bhí “á himscrúdú” ina “ceist riaracháin”.
Chuir mé an Roinn ar an eolas ar dtús faoi na gearáin ar an 24 Samhain 2011 agus d’iarr mé go soláthrófaí gach taifead ábhartha do reáchtáil an ghnó. Nuair a theip ar an Roinn aon taifid a chur ar fáil dom, sheirbheáil mé fógra faoi Alt 7 ar an Roinn ar an 17 Eanáir 2012 á cheangal orthu na taifid a sholáthar. Ar an 7 Feabhra 2012, sheol mé litir chuig an Roinn. D’eisigh mé fógra eile faoi Alt 7 ar an 10 Aibreán 2012 agus chuir mé ceanglas breise le go dtiocfadh an Rúnaí Cúnta chuig m’Oifig ar an 20 Aibreán 2012 i gcás nach gcuirfí na taifid ar fáil. Níor cuireadh na taifid ar fáil; agus cé gur eisíodh freagra ón Roinn ar an 19 Aibreán, agus cé gur tháinig an Rúnaí Cúnta chuig an oifig ar an 20 Aibreán 2012, níor chuidigh sin an scéal a bhrú chun cinn.
Tá sé tábhachtach a thabhairt chun cuimhne go raibh mé ag an bpointe seo ag lorg rochtana ar thaifid ábhartha ar mhaithe le scrúdú tosaigh agus ar mhaithe leis sin amháin, is é sin, d’fhonn teacht ar thuairim cibé acu an raibh substaint a dhóthain sna gearáin chun seasamh le hiniúchadh nó imscrúdú breise nó nach raibh. Gan rochtain ar na taifid iomchuí sa bhliain 2012 níl sé indéanta domsa teacht ar aon thátal, is cuma cé chomh sealadach an tátal sin, i ndáil leis an bhfiúntas a bhain leis na gearáin. Tá mé ag leanúint orm ag iarraidh rochtain a fháil ar thaifid na Roinne Sláinte.
Forálann Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003 do chreat reachtúil le haghaidh sholáthar seirbhísí an Stáit trí mheán na Gaeilge. Féachann an tAcht lena chinntiú go mbeidh teacht ar leibhéal rochtana níos fearr agus ar chaighdeán níos airde de sheirbhísí poiblí ar fáil trí Ghaeilge.
Faoin Acht tá sé de cheangal ar chomhlacht poiblí scéim a dhréachtú agus a fhoilsiú ina leagtar amach sonraí a bhaineann lena sholáthar seirbhísí trí Ghaeilge chomh maith le hamchlár d’fheabhsú forásach na seirbhísí sin. Maidir leis na scéimeanna sin, dá bhforáiltear in alt 11 den Acht, caithfidh an tAire Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta iad a fhaomhadh.
D’fhaomh an tAire dara Scéim m’oifige, a chuimseoidh an tréimhse 2012-2015, a mbeidh éifeacht aici ón 1 Nollaig 2012. D’fhorbair m’Oifig an Scéim tar éis próisis de chomhairliúchán poiblí agus ag cur san áireamh a bhfuil foghlamtha ó thaithí na chéad scéime. Sa dara Scéim tá trácht orthu seo a leanas:
Féadtar amharc ar an Scéim ar shuíomh gréasáin m’Oifige ag www.ombudsman.gov.ie faoin gceannteideal “Beartais agus Straitéisí”.
Mar a tharla i mblianta roimh seo is díomách go raibh líon cuíosach íseal de ghearáin a fuarthas faoin Acht um Míchumas, 2005. Tá sé ríthábhachtach go ndéanfaí daoine atá faoi mhíchumas a chur ar an eolas faoina gcearta rochtain a fháil ar sheirbhísí agus eolas agus go mbeidís in iúl ar a gceart dul ar m’iontaoibh mar Ombudsman chun iniúchadh a dhéanamh ar a ngearáin neamhréitithe.
Tá sé thar a bheith tábhachtach freisin go mbeadh idir ghairmithe agus neamhghairmithe a bhíonn páirteach san earnáil míchumais eolach ar an Acht um Míchumas, 2005 agus ar shainchúram an Ombudsman.
Thuairiscigh mé anuraidh ar healthcomplaints.ie., tionscnamh a chuir m’Oifig ar bun agus a ndearnamar cathaoirleacht air le sé cinn déag de ghníomhaireachtaí cúraim shóisialta. Tá m’Oifig tar éis céim siar a ghlacadh ón ról ceannais a bhí againn roimh seo, ach tá an Oifig fós páirteach ann.
Tá www.healthcomplaints.ie in thairseach eolais ar líne, a chuireann eolas ar fáil don phobal maidir leis an gcaoi chun gearán a dhéanamh nó aiseolas a thabhairt ar chúrsaí sláinte agus seirbhísí sóisialta in Éirinn. Déanann coiste rialachais bainistiú air - coiste ar a bhfuil ionadaithe ó ghníomhaireachtaí éagsúla lena n-áirítear rialtóirí, soláthraithe seirbhísí, Ombudsmana agus stocairí seirbhísí don úsáideoir. Déanann an Bord um Fhaisnéis do Shaoránaigh óstáil ar an suíomh gréasáin agus láimhseálann CORU fiosruithe teileafóin - is é CORU an rialtóir le haghaidh gairmithe sláinte agus cúraim shóisialta.
Tá an suíomh gréasáin ag fáil tuairim is 2,500 amas in aghaidh na míosa. I bplean straitéiseach na Roinne Sláinte le haghaidh 2012 go 2015 luaitear go mbeidh www.healthcomplaints.ie ina chuid den Ghníomhaireacht um Shábháilteacht Othar tráth a mbunófar í. Cuirtear foireann FSS ar an eolas ar bhonn leanúnach maidir leis na hacmhainní iomadúla ar healthcomplaint trí roinnt gníomhaíochtaí. Foilsíodh alt in eagrán na Nollag den nuachtlitir “Health Matters” de chuid FSS agus feiceann formhór fhoireann FSS an nuachtlitir sin. Labhair Cathaoirleach an choiste rialachais freisin le Fóram Bainisteoirí Riosca FSS agus le Príomhfheidhmeannaigh na nOspidéal Neamhspleách in Éirinn a áiríonn formhór na n-ospidéal mór príobháideach.
Is féidir tuilleadh eolais a fháil ar an suíomh gréasáin nó ó Ginny Hanrahan, Cathaoirleach, Coiste Rialachais Healthcomplaints.
Ar an 9 Iúil 2012 sheol mé suíomh gréasáin nua m’Oifige, www.ombudsman.gov.ie. Tá an suíomh gréasáin nua ina chuid d’iarracht m’Oifige ár seirbhísí a dhéanamh inrochtana don líon is mó daoine agus is féidir agus eolas a sholáthar don phobal agus do chomhlachtaí poiblí maidir leis an tseirbhís a chuirimid ar fáil.
Tá dearadh agus struchtúr nascleanúna níos fearr ar an suíomh gréasáin nua, le háis chuimsitheach chuardaigh agus, an rud is tábhachtaí ar fad, Foirm Ghearáin Ar Líne atá slán. Féadfaidh an pobal a ngearán a dhéanamh agus ansin stádas an ghearáin a sheiceáil ar líne.
Leis an bhfoirm shlán ghearáin ar líne is féidir rochtain 24 uair a fháil ar ár n-áis ghearáin. Idir 6 Iúil 2012 agus 31 Nollaig 2012 fuarthas 196 gearán bailí tríd an áis ghearáin ar líne.
Cuireann ár n-áis Stádas Gearáin a Sheiceáil eolas laethúil chun dáta ar fáil do ghearánaigh maidir le stádas a gcáis.
Na haidhmeanna leis an suíomh gréasáin ná feabhas a chur ar eispéireas an úsáideora ó thaobh úsáid ár suímh ghréasáin de, chun éifeachtaí oibríochtúla a bhaint amach dár nOifig trí sheirbhísí gréasán-bhunaithe, agus chun cur le feasacht an phobail faoin Oifig trínár láithreacht ar an ngréasán.
Tá an suíomh gréasáin ag feidhmiú de réir cheanglais straitéis ríomhsheirbhísí an Rialtais (www.egovstrategy.gov.ie).
Déanann m’Oifig cumarsáid trí roinnt ardán meáin shóisialta, Twitter san áireamh (www.twitter.com/officeombudsman).
Is é is cuspóir d’úsáid na meán sóisialta ná:
Tá lucht leanúna an Ombudsman ar mo chuntas Twitter, a seoladh i mí an Mheithimh 2012, tar éis dul i méid go han-ghasta go dtí breis is 800, agus bím ag bíogáil go rialta i mBéarla agus i nGaeilge araon.
Cuireadh i gcrích dréachtú ár bPlean Straitéisigh le haghaidh na chéad trí bliana eile le linn dhara chuid na bliana 2012 i gcomhthéacs srianta ar acmhainní an státchiste agus méaduithe measta i líon na ngearán ag eascairt ó chur le mo shainchúraim mar Ombudsman. Agus an plean á dhréachtú bhíomar go maith in iúl ar an dúshlán, don Oifig seo agus don tseirbhís phoiblí i gcoitinne, a bhaineann le feidhmiú i gcúinsí deacra, agus éifeachtaí a bhaint amach, agus fós féin a chinntiú go leanfaimid ag cloí le bunphrionsabail an dea-riaracháin. Leagtar amach sa phlean conas a fhéachfaimid le feabhas a chur ar chaighdeáin an riaracháin phoiblí sna blianta amach romhainn agus conas a chuirfimid chun cinn prionsabail na hoscailteachta, na trédhearcachta, na cuntasachta agus na héifeachtachta.
Thar na chéad trí bliana eile an tosaíocht a bheidh againn ná seirbhís ardchaighdeáin, thráthúil a sholáthar do na baill sin den phobal a lorgaíonn ár gcúnamh. Déanfaimid athbhreithniú rialta ar an gcaoi a n-oibrímid chun a chinntiú go bhfreagróimid chomh héifeachtach, éifeachtúil agus is féidir don éileamh méadaithe ó líon mór de chomhlachtaí nua a bheidh ag teacht faoi mo shainchúram. Tá an t-ádh orainn go bhfuil foireann láidir againn atá tiomanta de dhul i ngleic leis na dúshláin sin agus tacóimid agus daingneoimid an fhoireann sna blianta amach romhainn chun a chinntiú go bhfanfaidh an fhoireann fuinniúil le cumas ár spriocanna a bhaint amach. Chomh maith leis sin, bainfimid leas as ár dtaithí de bheith ag déileáil le gearáin chun tacú le comhlachtaí poiblí i ndul i ngleic le bunchúiseanna na ngearán, agus ar an gcaoi sin an leas is fearr agus is féidir a bhaint as ár dtionchar agus ceannaireacht a chur ar fáil in athchóiriú na hearnála poiblí. Thar aon ní eile, bainfimid úsáid as ár saineolas agus ár n-acmhainní chun tacú leis an earnáil phoiblí seirbhísí ardchaighdeáin poiblí a sholáthar don phobal.
Seo thíos sonraí breise faoinár gcuspóirí straitéiseacha agus faoi na príomhghníomhaíochtaí a bheidh idir lámha againn chun iad a bhaint amach.
Táimid tiomanta den chlár dúshlánach seo a bhaint amach agus táimid tar éis na slata tomhais seo a leanas a ainmniú a ndéanfaimid monatóireacht orthu chun a chinntiú go bhfuilimid ag baint amach ar bheartaíomar a dhéanamh:
As part of our strategic approach, a new unit was established in the Office towards the end of 2012. The function of the new unit, which is headed up by a Senior Investigator, is to oversee a number of particular work areas.
Déanfaidh an t-aonad: