Oifig an Ombudsman

Caibidil 1: Brollach agus Réamhrá ón Ombudsman

1.1 An tOmbudsman agus an cor chun donais eacnamaíoch

Bíonn dúshláin ag baint leis an gcor chun donais eacnamaíoch, ní hamháin do dhaoine aonair agus dá dteaghlaigh, ach do chomhlachtaí poiblí agus d’fhostaithe sa tseirbhís phoiblí freisin a sholáthraíonn seirbhísí dóibh, agus d’Oifigí ar nós na hOifige seo a dhéanann a ndícheall chun áirithiú go gcaitheann an Stát go cothrom le daoine, fiú nuair a bhíonn teorainn le hacmhainní.

Ombudsman gets gripes of wrath

Dúirt mé roinnt uaireanta go bhfuil gá níos mó leis an Ombudsman i dtréimhsí mar seo. Déanann an rialtas roghanna trína bheartas fioscach, agus déantar seirbhísí agus sochair áirithe a chealú nó a laghdú. Is é ról an Ombudsman áirithiú go ndéantar na hathruithe sin a chur chun feidhme ar bhealach cóir cothrom agus aird a tharraingt ar aon aimhrialtachtaí a tharlaíonn. Cé go dtuigfidh daoine cén fáth gur gá ciorruithe áirithe a dhéanamh, tá sé do-ghlactha má chuirtear na laghduithe sin chun feidhme ar bhealach a dhealraíonn a bheith míchothrom agus dírialta.

Mar thoradh láithreach ar an gcor chun donais in 2008/2009, b’éigean do chuid mhór daoine sochair agus seirbhísí an Stáit a iarraidh den chéad uair riamh. Ar ndóigh tháinig méadú ar líon na ngearán mar thoradh air seo ós rud é gur streachail roinnt comhlachtaí poiblí freastal orthu. Shroich gearáin a rinneadh leis an Oifig seo an líon ab airde le deich mbliana in 2010 agus, cé go raibh laghdú beag ar an líon gearán in 2011, ó 3727 gearán go 3602 gearán, phléamar le líon níos mó fiosrúchán agus chabhraíomar le mórán daoine trí iad a atreorú chuig an údarás nó an tseirbhís idirghabhála iomchuí. Tá gearáin sláinte agus leasa shóisialaigh go fóill ar an gcéatadán is mó dár ngearáin agus tháinig méadú beag ar ghearáin na n-údarás áitiúil.

Ní sheastar le gach cinneadh ná ní réitítear gach cinneadh de réir shástacht an ghearánaigh ach, beag beann ar an toradh, déanann an Oifig seo a dícheall chun cinntiú go mbraitheann na daoine a thagann chuici go n-éistear leo agus go ndearnadh, ar a laghad ar bith, breithniú neamhspleách ar a ngearán. Tá an chluas éisteachta sin níos tábhachtaí fós nuair a thiteann an lug ar an lag agus nuair nach soláthraíonn an Stát a oiread céanna is a sholáthair sé roimhe.

Déanaimid ár ndícheall freisin chun cinntiú go bhfuil muinín ag comhlachtaí poiblí as cothroime agus as neamhspleáchas ár gcuid oibre.

I gcás ina mbíonn dea-chaidreamh idir comhlacht poiblí agus an tOmbudsman, ní hamháin go mbíonn an gearánach sásta leis an toradh ach bíonn an comhlacht poiblí freisin a fhéadann ár moltaí agus ár n-aiseolas a úsáid leis an tseirbhís a thairgeann siad a fheabhsú. Aithním go mothaíonn comhlachtaí poiblí dúshláin an choir chun donais agus bíonn m’Oifig sásta comhairle a chur ar fáil dóibh maidir le conas a gcuid seirbhísí a sholáthar ar bhealach cóir cothrom.

Imríonn caighdeán ár seirbhísí poiblí tionchar díreach ar an gcaighdeán saoil a bhíonn ag daoine aonair agus ag teaghlaigh. Nuair a théann rud in aimhréidh, is féidir le dúshláin dhochloíte a bheith os comhair daoine in amanna agus iad ag plé leis an gcomhlacht poiblí lena mbaineann. Is é atá i mo ról ná an caidreamh cumhachta neamhchothroime a chothromú agus saineolas agus údarás m’Oifige a thabhairt do ghearánach le go n-éistfear lena chás/cás, ar a laghad ar bith.

Chun críche léiriúcháin, ba mhaith liom cuid de na cásanna ar chabhraigh mé lena réiteach in 2011 a chur in iúl agus, trí phoiblíocht a thabhairt do na cásanna sin sa Tuarascáil seo, tá súil agam go leagfar béim ar roinnt saincheisteanna córasacha agus ar cheachtanna a foghlaimíodh:

  • Rinne mé agóid in aghaidh chinneadh FSS maidir le muirir tithe altranais agus d’éirigh liom aisíocaíocht €85,500 a fháil ar son mo ghearánach,
  • Rinne mé idirghabháil thar ceann tuismitheoirí a fuair amach go ndearnadh imscrúdú ar a leanbh, a raibh á chóireáil/cóireáil i bpríomhospidéal de dheasca trombhreoiteachta, mar gheall ar ghortú neamhthimpisteach i ngan fhios dóibh. Ba í an chóireáil leighis a fuair a leanbh ba chúis leis an ngortú i ndáiríre. D’aimsigh mé leithscéal scríofa mar gheall ar chur isteach ar na tuismitheoirí agus an t-anó a bhí orthu agus tugadh a ndea-cháil ar ais dóibh. Fuair mé dearbhú ón ospidéal go raibh na Treoirlínte maidir le Tús Áite do Leanaí á gcur chun feidhme aige i ndáil leis na saincheisteanna sin,
  • Sheas mé le gearán a rinne bean in aghaidh dhá ospidéal as Baile Átha Cliath maidir lena hathair scothaosta ardchleithiúnach. Caitheadh go dona leis agus tugadh droch-chúram dó agus bhain an leithscéal as na faillíocha an dochar de bheagán as anó na mná,
  • D’éirigh liom breith a fhreaschur i gcás inar diúltaíodh Liúntas do Chúramóirí a dheonú d’athair mná a bhfuil fadhbanna sláinte mheabhrach agus stair féinmharaithe aici. Íocadh riaráiste dar luach breis is €10,000 leis, agus
  • Sa chéad chás dá chineál riamh, sheas mé le gearán sceithire faoi imscrúdú lochtach FSS.

D’ainneoin mórán torthaí dearfacha ar na gearáin, áfach, sholáthair an cúlú agus ciorruithe ar acmhainní daonna agus airgeadais san earnáil phoiblí dúshláin nua do m’Oifig agus dár bhfoireann. I gcás ina ngearrtar siar scéimeanna nó ina bpléadálann comhlachtaí poiblí nach bhfuil sé ar a gcumas íoc, áitímid ar chomhlachtaí poiblí a bheith follasach, ionraic, fírinneach agus cothrom le daoine agus nach gcuireann siad strus breise orthu mar gheall ar theip chun a dteidlíochtaí a shoiléiriú dóibh.

Dá gcuirfí córas tosaíochta (foirmiúil nó neamhfhoirmiúil) i bhfeidhm chun déileáil le hacmhainní teoranta, ba cheart cur in iúl do dhaoine gurb amhlaidh an cás agus é a mhíniú dóibh. Ba cheart na cúiseanna leis an gcóras a leagan amach go soiléir, chomh maith leis na prionsabail treoraithe a chinnfeadh aon tosaíocht a thabharfaí d’aon iarratasóir nó d’aon tairbhí thar aon iarratasóir eile nó tairbhí eile.

Tá sé de dhualgas ar chomhlachtaí poiblí a bheith soiléir agus ionraic faoina bhfuil daoine i dteideal uathu. Is é an toradh is measa ná go bhfágtar daoine gan eolas cuí nó go gcuirtear ó dhoras iad. Más rud é go ndearnadh roghanna deacra polaitíochta, bíonn freagracht go fóill ar an tseirbhís phoiblí as a bheith soiléir faoi thorthaí na roghanna sin. Ní hé dualgas na seirbhíse poiblí casadh a chur ar scéal.

Ombudsman links rise in complaints to recession

Ní mór d’fhostaithe sa tseirbhís phoiblí freagracht a ghlacadh as a gcinntí. Léiríonn na cásanna a leagtar béim orthu sa Tuarascáil seo roinnt samplaí de chinntí a freaschuireadh tar éis idirghabhálacha m’Oifige. Níor cheart go mbeadh gá do chuid acu an pointe sin a shroicheadh.

Déanfar botúin i gcásanna lena mbíonn baint ag breithiúnas agus léirmhíniú an duine, ach, i gcás gearáin ina nochtar cás le freagairt, ba cheart fostaithe sa tseirbhís phoiblí a spreagadh chun teacht chun cinn agus plé leis ar bhealach mear cothrom.

Foscríbhinn Ag seoladh "Caught in the Web"Foscríbhinn Ag seoladh “Caught in the Web” – ag mapáil bealaí faisnéise daoine scothaosta ar sheirbhísí poiblí – an staidéar Níos Sine agus Níos Sásta (Older and Bolder) tá Clé-Deas ina suí síos: An Breitheamh Catherine McGuinness (ar scor), Emily O’Reilly, An tUasal Kitty Flynn, Cill Bheagáin, Co. na Mí Clé-Deas ina seasamh: An tUasal Olga McDaid, Údar na Tuarascála agus an tUasal Patricia Conboy, Stiúrthóir, Níos Sine agus Níos Sásta – Grianghraf: Derek Speirs (le caoinchead Senior Times)

Ba cheart do nósanna imeachta inmheánacha gearáin na gcomhlachtaí poiblí mórán gearán a fhaigheann m’Oifig a ghabháil. Ní rud breise roghnach iad na córais ghearáin sin, a bheidh le foirbhiú nuair a bhíonn an saol go maith, ach díreach bunchuid de dhea-riarachán ag gach tráth. Inár gcás féin, déanfaimid ár ndícheall i gcónaí freisin a bheith mar Oifig atá “oiriúnach don fheidhm” atá freagrach do riachtanais ár ngearánach sna cúinsí deacra atá ann faoi láthair.

1.2 An Bille Ombudsman (Leasú)

Ombudsman Amendment Bill Sna Tuarascálacha Bliantúla roimhe seo, thug mé ráiteas ar an mBille Ombudsman (Leasú) agus ar an ngá práinneach le téarmaí tagartha na hOifige a shíneadh ionas go bhféadann gach úsáideoir as gach comhlacht poiblí teacht ar mhodh neamhspleách scrúdaithe agus sásaimh. D’iarr mé go sonrach na príosúin agus gach ceist a bhaineann le hinimirce, teifigh, iarrthóirí tearmainn agus eadóirseacht laistigh de mo dhlínse a chur san áireamh. I measc nithe eile, rinneadh foráil sa Bhille do 100 comhlacht poiblí breise san earnáil Stáit neamhthráchtála agus in earnáil an oideachais tríú leibhéal a thabhairt faoi m’údarás.

Moladh an Bille den chéad uair chomh fada siar agus 1985. I dTuarascáil Bhliantúil 2010, dúirt mé gur ábhar misnigh dom go raibh tiomantas sa Chlár Nua do Rialtas Náisiúnta (New Programme for a National Government) chun téarmaí tagartha an Ombudsman a shíneadh chun gach comhlacht atá maoinithe go poiblí a chuimsiú.

Bhí m’Oifig ag obair go dlúth leis an Roinn Caiteachais Phoiblí agus Athchóirithe leis an tionscnamh an-tábhachtach seo a fhorbairt.

1.3 Athchóiriú an rialtais - ról Oifig an Ombudsman

Tiomantas eile sa Chlár don Rialtas, ar chuir mé an-fháilte roimhe, is ea bunú Choiste Oireachtais nua – an Coiste um Imscrúduithe, Maoirseacht agus Achainí www.oireachtas.ie.

De réir an Chláir don Rialtas, is éard a bheidh sa Choiste Oireachtais nua ná:

“...the formal channel of consultation and collaboration between the Oireachtas and the Ombudsman, responsible for receiving and debating her Annual and Special Reports and for ensuring that her criticisms and recommendations are acted upon. For that purpose, she would attend as a regular witness before the Committee.”

Déanfaidh an Coiste seo freisin, “...receive parliamentary petitions from individuals and groups in the community seeking the redress of grievances connected with the public services of the State and the public administration generally. Its functions would be to act as a “clearing house”, directing complaints to those bodies most competent to act on them: the Ombudsman, the Data Protection Commissioner, the Local Government Auditor, the Oireachtas Committee that has oversight of the relevant department and so on.”

Tá súil agam go mbeidh rannpháirtíocht chuiditheach leanúnach agam leis an Rialtas, leis na hAirí agus lena noifigigh ábhartha maidir leis an gClár don Rialtas i ndáil leis na nithe a théann i bhfeidhm ar m’Oifig agus, leoga, i ndáil lenár moltaí níos leithne maidir le ról an Ombudsman a fhorbairt, amhail stádas bunreachtúil a bhaint amach d’Oifig an Ombudsman.

Spotlight

1.4 Gearáin spéisiúla a aibhsiú

Cleachtas atá ann le fada an lá go ndéanann an tOmbudsman cásanna a aibhsiú sa Tuarascáil Bhliantúil a mbeadh spéis ag an bpobal i gcoitinne iontu. Gach bliain, féachaim le cás-staidéir a roghnú a mheasaim go mbeidh dáimh ag an bpobal i gcoitinne leo. Mar shampla, cásanna as ar tháinig dea-thorthaí do ghearánaigh nó as ar tháinig athrú córasach sa chaoi a gcuireann comhlachtaí poiblí a seirbhísí ar fáil don phobal.

Roghnaigh mé 17 chás-staidéar do Thuarascáil 2011. Tá súil agam go léiríonn gach cás go soiléir an buntáiste a bhaineann leis an maoirseacht agus an idirghabháil a dhéanann m’Oifig.

1.5 Cothromú an mhéadaithe ar líon na ngearán

Chonacthas sa bhliain 2011 cothromú ar líon na ngearán a dhéantar liom. Den chéad uair le cúig bliana, tháinig laghdú beag ar an líon gearán go dtí 3,602 - laghdú 3.35% ón mbliain 2010. B’ionann an líon gearán de 3,727 a rinneadh in 2010 agus an líon ab airde le 10 mbliana.

Tháinig méadú ar an líon fiosrúchán de 11,541 ón mbliain 2010. Is anseo a chabhraíomar trí dhaoine a atreorú i dtreo an údaráis chuí nó na seirbhíse eadrána cuí i gcás nár bhain a bhfadhb le mo dhlínse.

Lean m’Oifig uirthi ag tabhairt aghaidh ar an gclár oibre eisceachtúil dúshlánach seo gan aon acmhainní breise agus, go deimhin, d’éirigh léi ár dtáirgiúlacht a fheabhsú.

Tá sé ríshoiléir go mbíonn deacrachtaí leanúnacha ag daoine agus iad ag plé le comhlachtaí poiblí mar go bhfuil an oiread sin daoine fós a dteastaíonn seirbhísí an Ombudsman uathu chun cabhrú leo. Bíonn deacrachtaí móra ar ndóigh ag an gnáthdhuine leis an riarachán níos maorlathaí agus níos casta a dhéantar ar bheartas poiblí agus ar ghníomhartha riaracháin.

Ní nach ionadh, tháinig an líon ab airde gearán ó réimsí seirbhísí sláinte agus sóisialta agus tháinig méadú beag ar ghearáin faoi údaráis áitiúla.

Nuair a iarrann daoine orm agóid a dhéanamh in aghaidh cinnidh a rinne comhlacht poiblí, nó an comhlacht a cháineadh toisc nár ghníomhaigh sé i gceart nó gur theip air an gníomh cuí a dhéanamh, bíonn imscrúdú oibiachtúil neamhchlaonta ar a gcás tuillte acu, agus cuirtear an méid sin ar fáil dóibh.