Baile  /  Foilseacháin  /  Treoirlínte do chomhlachtaí poiblí  /  Déan i gCeart É - Sé Riail
 

Riail 6 - Feabhsú leanúnach a éileamh

(i) Athbhreithniú a dhéanamh ar pholasaithe agus gnáis go rialta chun a chinntiú go bhfuil siad éifeachtach

Ní mór do chomhlachtaí poiblí athbhreithniú rialta a dhéanamh ar a gcuid polasaithe agus gnás chun a chinntiú go bhfuil siad éifeachtach.

(ii) Aiseolas a lorg agus leas a bhaint as chun seirbhísí agus feidhmíocht a fheabhsú

Ní mór do chomhlachtaí poiblí bheith ag lorg aiseolais agus ag cur fáilte roimh aon aiseolas, idir mholadh agus ghearáin.

(iii) A chinntiú go bhfoghlaimíonn an comhlacht poiblí ceacht ó na gearáin agus go mbaineann siad leas as chun seirbhísí agus feidhmíocht a fheabhsú

Ní mór do chomhlachtaí poiblí aiseolas a úsáid chun a soláthar agus a bhfeidhmíocht seirbhíse poiblí a fheabhsú. Ní mór dóibh taifeadadh agus athbhreithniú a dhéanamh ar a bhfuil foghlamtha ó ghearáin chun gur féidir leo cur le forbairt seirbhísí. Ní mór do chomhlachtaí poiblí an treoir leantach a chur ar fáil do lucht na foirne chomh maith, nuair is cuí.

(iv) Fadhbanna sistéamacha a aithint agus iad a réiteach

Nuair a aithnítear fadhbanna sistéamacha, ní mór iad a chur ina gceart. Ba chóir go gcuirfí comhlachtaí poiblí eile a chuireann seirbhísí comhchosúla ar fáil, agus a mbeadh sé mar bhuntáiste dóibh réiteach dá leithéid a chur bhfeidhm, ar an eolas.