Riail 5 - Déileáil le hearráidí go héifeachtach
(i) Admháil gur tharla botúin agus leithscéal a ghabháil nuair is cuí
Ní mór do chomhlachtaí poiblí a admháil nuair a tharlaíonn botúin, leithscéal a ghabháil, míniú a thabhairt ar céard a tharla agus rudaí a chur ina gceart go tapa agus go héifeachtach.
(ii) Botúin a chur ina gceart go tapa agus go héifeachtach
Ní mór do chomhlachtaí poiblí;
- aon chinneadh a thugtar faoi deara atá mícheart a chur ina cheart
- athbhreithniú agus leasú a dhéanamh ar aon pholasaí nó gnás a meastar é bheith mí-éifeachtach, dodhéanta nó éagórach
- rabhadh oiriúnach a thabhairt sula n-athraítear rialacha, go háirithe nuair a bheadh an seans ann go mbeadh drochthionchar aige seo ar theidlíochtaí duine
(iii) Eolas soiléir agus tráthúil a sholáthar ar conas agus cathain achomharc nó gearán a dhéanamh
Ní mór do chomhlachtaí poiblí;
- eolas soiléir agus tráthúil a sholáthar mar gheall ar mhodhanna inar féidir le daoine achomharc nó gearán a dhéanamh. (Faoin Acht Ombudsman tá sé de dhualgas ar chomhlachtaí poiblí eolas a sholáthar do dhaoine mar gheall ar aon cheart a bheadh acu achomharc nó athbhreithniú a dhéanamh)
- eolas a sholáthar mar gheall ar bhealaí cuí eagraíochtúla nó neamhspleácha a bheadh ag daoine gearáin a réiteach
- smaoineamh ar eolas a sholáthar mar gheall ar fhoinsí tacaíochta eile do chustaiméirí, go háirithe dóibh siúd a mbeadh an próiseas gearáin scanrúil dóibh
(iv) Gnás gearán éifeachtach a reáchtáil, a chuimsíonn réiteach cóir, cuí a thairiscint nuair a sheastar le gearán
Ní mór do chomhlachtaí poiblí;
- gnáis éifeachtacha gearán a reáchtáil a dhéanann iniúchadh críochnúil, tapa agus neamh-chlaonta ar ghearáin agus atá de réir phrionsabail an ghnáis chóir agus an cheartais aiceanta
- córas athbhreithnithe inmheánach a bheith acu chun gur féidir féachaint ar chinntí díobhálacha an athuair agus gur féidir le duine nach raibh bainteach leis an gcéad chinneadh athbhreithniú a dhéanamh air
- raon cuí réiteach a sholáthar don ghearánach, agus d’aon duine eile a raibh tionchar ag an gcás orthu, nuair a sheastar le gearán. D’fhéadfadh go mbeadh seo a leanas cuimsithe sa réiteach:
- míniú agus leithscéal ón gcomhlacht poiblí don ghearánach,
- gníomh réitithe ón gcomhlacht poiblí,
- cúiteamh airgid don ghearánach nó,
- meascán díobh seo.
Ní mór go mbeadh mar aidhm ag an réiteach an gearánach a chur ar ais sa suíomh ina mbeidís murar tharla aon rud mícheart. Nuair nach bhfuil seo indéanta , rud nach mbeidh uaireanta, ní mór don réiteach a mholtar an díobháil don ghearánach a léiriú ar bhealach cóir.
Ní mór do chomhlachtaí poiblí glacadh le polasaithe chun déileáil le líon beag daoine a bheadh á n-iompar féin ar bhealach cráiteach nó le meon diúltach, a bhainfeadh an chothromaíocht amach idir leas an chomhlachta phoiblí, a gcuid foirne agus an duine lena mbaineann.