Réamhrá
Is é cuspóir na treorach seo ná cabhrú le comhlachtaí poiblí seirbhís phoiblí den chéad scoth a sholáthar dá gcustaiméirí. Baineann an treoir leas as taithí m'Oifig-se a bheith ag iniúchadh gearán in aghaidh na seirbhíse poiblí agus leagann sé béim ar na príomhghnéithe a bhaineann le riarachán poiblí maith.
Leagtar na treorach seo sé riail bhunúsacha amach ann:
- Déan i gceart é
- Bí dírithe ar chustaiméirí
- A bheith oscailte agus cuntasach
- Gníomhú go coir agus go coibhneasach
- Déileáil le hearráidí go héifeachtach
- Feabhsú leanúnach a éileamh.
Trí seo a dhéanamh, déanann sé:
- creat soiléir a mholadh ar chóir do chomhlachtaí poiblí a bheith ag obair dá réir;
- cur síos ar chaighdeáin a bheadh mar shlat tomhais do sheirbhísí;
- soiléiriú a thabhairt ar an slat tomhais a úsáidfaidfh an tOmbudsman agus feidhmíocht comhlachta phoiblí á meas aici.
Ní mór an treoir seo a léamh in éineacht lenár dtreoracha eile, Gearáin a Láimhseáil i gCeart: Treoir agus Sásamh – Botúin a rinneadh a cheartú.
Emily O’Reilly
Ombudsman