Baile  /  Eolas Fúinn  /  Reachtaíocht  /  Reachtaíocht eile
 

Reachtaíocht eile

An tAcht Airgeadais 1981

Cinntíonn Alt 52 den Acht seo nach mbeidh na riachtanais atá sa reachtaíocht chánach a chuireann oibleagáid rúndachta ar na Coimisinéirí Cánach mar chosc ar eolas a nochtadh don Ombudsman, ag áireamh cáipéisí chun críche Achta An Ombudsman, 1980.


An tAcht um Chosaint Sonraí, 1988 (Srianta ar Alt 4) Rialacháin, 1989

SI Uimh 81 de 1989Tugann na rialacháin seo foráil go leanfaidh na srianta ar nochtadh eolais faoi Acht An Ombudsman 1980 ainneoin an cead rochtana ar shonraí pearsanta a bhronntar faoi Alt 4 den Acht um Chosaint Sonraí 1988.


Acht Comhaontaithe na Breataine-na hÉireann, 1999

Bunaíodh sé Chomhlacht Feidhmithe Thuaidh-Theas nua ag teacht le Comhaontú Bhéal Feiriste 1998. Oibríonn na comhlachtaí seo i limistéir sábháilteachta bia, forbartha trádála agus gnó, teanga, muirí agus feirmeoireachta éisc, cláir ar leith AE agus uiscebhealaí intíre. Deánann Alt 50 de Acht Comhaontaithe na Breataine-na hÉireann foráil ar chruthú na gcomhlachtaí seo sa dlínse seo, agus tugann na Comhlachtaí Feidhmithe laistigh de dhlínse Oifig an Ombudsman. Tá dlínse ag an Oifig seo agus ag Oifig an Choimisinéara um Ghearáin agus ag Ombudsman Thionól Tuaisceart Éireann maidir leis na Comhlachtaí Feidhmithe agus déanann an tAcht foráil ar idirchaidreamh agus comhoibriú idir Oifig an Ombudsman agus a mhacasamhail i dTuaisceart Éireann i ndéileáil leis na comhlachtaí seo. Clúdaíonn dlínse Oifig an Ombudsman "gníomhaíocht a déanadh sa Stát nó thar ceann" cheann de na comhlachtaí agus baineann foráil comhthreormhar le cás Ombudsman Thuaisceart Éireann.

Tá na Comhlachtaí Feidhmithe Thuaidh-Theas mar seo a leanas:

  • Foyle, Carlingford agus Coimisiún Soilse Éireann
  • Inter Trade Ireland
  • Comhlacht Teanga Thuaidh/Theas ( The Ulster-Scots Agency / Foras na Gaeilge)
  • Safe Food
  • Comhlacht Chlár Speisialta an Chomhphobail Eorpaigh
  • Uiscebhealaí Éireann
  • Turasóireacht Éireann


An tAcht um Sheirbhísí Poist agus Teileachumarsáide (Leasú), 1999

Bhain Alt 11 den Acht seo Telecom Éireann de théarmaí tagartha an Ombudsman. Tháinig seo i bhfeidhm ar an 15 Iúil 1999.


Acht an Ombudsman do Pháistí, 2002

I measc nithe eile, rinne an tAcht seo foráil ar bhunú Ombudsman do Pháistí chun imfhiosrú a dhéanamh ar ghearáin maidir le gníomhaíochtaí comhlachtaí áirithe poiblí a mb’fhéidir droch-chur isteach a bheith déanta acu ar pháistí. Ar na comhlachtaí poiblí seo tá Ranna agus Oifigí Rialtais, Údaráis Áitiúla, Feidhmeannas na Seirbhíse Sláinte, Comhlachtaí Leathstáit etc. Rinne Alt 12 den Acht leasú ar Alt 5 d’Acht an Ombudsman, 1980 sa mhéid nach féidir le hOifig an Ombudsman imfhiosrú a dheánamh ar nithe atá faoi réir imscrúdaithe an Ombudsman do Pháistí.


Acht (Fórsaí Cosanta) Ombudsman 2004

I measc nithe eile, déanann an tAcht seo foráil ar cheapadh Ombudsman do na Fórsaí Cosanta chun imfhiosrú a dheánamh ar ghearáin a rinne baill nó iarbhaill de na Fórsaí Cosanta faoi ghníomhaíochtaí ag bhaill nó iarbhaill de na Fórsaí Cosanta nó státseirbhísigh a mb’fhéidir drochthionchar a bheith acu orthu. Faoin Acht nuair a dhéanann ball de na Fórsaí Cosanta (a) gearán leis an Ombudsman do na Fórsaí Cosanta faoi chaingean a rinne státseirbhíseach nó faoi chaingean a rinneadh ar a shon, ní féidir leis ina dhiaidh sin gearán a dhéanamh faoin ábhar céanna leis an Ombudsman a ceapadh faoi Acht 1980, nó (b) a dhéanann gearán leis an Ombudsman a ceapadh faoi Acht 1980 maidir le caingean a rinne státseirbhíseach nó a rinneadh ar a shon, ní féidir leis ina dhiaidh sin gearán a dhéanamh faoin ábhar céanna le hOmbudsman na bhFórsaí Cosanta.


An tAcht Míchumais 2005

I measc nithe eile, cuireann an tAcht seo iallach ar chomhlachtaí poiblí a chinntiú go mbíonn foirgnimh agus seirbhísí poiblí inrochtain ag daoine faoi mhíchumas. Tugann an tAcht síneadh do dhlínse an Ombudsman le héifeacht ón 31 Nollaig 2005 ar aghaidh agus ón dáta sin ar aghaidh is féidir leis an Oifig déileáil le gearáin maidir le teip a leithéid de rochtain a sholáthar de réir reachtaíochta. Ina theannta sin, caithfidh roinnt ranna rialtais pleananna earnálacha a ullmhú a chaithfidh eolas a thabhairt faoi na céimeanna atá ceaptha chun soláthar seirbhísí a thabhairt i gcrích faoi mar atá i gceist san Acht, laistigh de theorainní ama socraithe. Is féidir leis an Ombudsman gearáin faoi theip sa réimse seo a imfhiosrú chomh maith.

Ar an gcuid den suíomh idirlín seo dar teideal “an tAcht um Míchumas 2005”, soláthraítear achoimre ar fhorálacha Chuid 3 den Acht um Míchumas agus leagtar amach an bealach le gearán a dhéanamh leis an Ombudsman faoin Acht um Míchumas.