Baile  /  Eolas Fúinn  /  Reachtaíocht  /  Leasuithe ar an Acht agus Reachtaíocht Eile.
 

Leasuithe ar an Acht agus Reachtaíocht Eile.

Tá leagan Gaeilge den Acht le fáil ar Suíomh idirlín an Oireachtais

Leasuithe ar an Acht agus Reachtaíocht Eile.

An tAcht Airgeadais 1981

Cinntíonn Alt 52 den Acht seo nach mbeidh na riachtanais atá sa reachtaíocht chánach a chuireann oibleagáid rúndachta ar na Coimisinéirí Cánach mar chosc ar eolas a nochtadh don Ombudsman, ag áireamh cáipéisí chun críche Achta An Ombudsman, 1980.

Acht An Ombudsman, 1980 (Lá Ceaptha) Ordú 1983

S.I. Uimh. 424 de 1983

Socraíodh an t-ordú seo ar an 7ú lá Iúil, 1983 mar an lá a thiocfadh Acht An Ombudsman, 1980 (Uimh. 26 de 1980) i bhfeidhm.

Ordú Tarmligean dár dáta 23 Bealtaine 1984

Faoin Ordú seo tharmlig An tAire um Sheirbhís Phoiblí, agus é ag úsáid na gcumhachtaí a bronnadh air faoi Alt 10 (4) d’Acht An Ombudsman, cumhachtaí ar an Ombudsman a fhéadfadh sí a úsáid faoi Acht Choimisinéirí na Seirbhíse Poiblí, 1956 agus Acht Rialacháin na Seirbhíse Poiblí 1956 agus 1958 mar an ‘t-údarás cuí’ maidir le hoifigigh agus seirbhísigh an Ombudsman.

Acht An Ombudsman (Leasú) 1984

Uimh. 19 de 1984

Rinne an tAcht seo leasú ar Alt 4 (10)(c) d’Acht An Ombudsman 1980. Faoin Alt seo den Acht dob fhéidir leasuithe a dhéanamh ar Sceidil an Achta a thug liosta de na comhlachtaí a bhí agus nach raibh faoi réir imscrúdaithe an Ombudsman. Tugadh feidhm do leasú na Sceideal seo trí Ordú Rialtais (1ú Sceideal) agus Ordú Aireachta (2ú Sceideal) a cuireadh faoi bhráid Thithe an Oireachtais ar feadh 21 lá suite. Bhí foráil san Acht leasaithe seo go dtiocfadh Ordú i bhfeidhm nuair a ghlacfadh dhá Theach an Oireachtais le rún á cheadú.

Acht An Ombudsman (An Chéad Sceideal) Ordú (Leasú) 1984

SI Uimh 332 de 1984

Thug an tOrdú seo síneadh ar chumhachtaí imscrúdaithe an Ombudsman go dtí Boird Sláinte, Údaráis Áitiúla, Bord Telecom Éireann agus An Post le héifeacht ó 1 Aibreán 1985. Cuireann an tOrdú cosc sonrách ar an Ombudsman ar scrúdú a dhéanamh ar ghearáin maidir le gníomhaíochtaí a déanadh "d’aon toisc i bhfeidhmiú breithiúnais chliniciúil a bhaineann le fáthmheas breoiteachta nó aire nó cóir othair". Cuireann an tOrdú cosc freisin ar an Ombudsman scrúdú a dhéanamh ar ghearáin maidir leis na hÚdaráis Áitiúla "agus feidhmeanna forchoimeádta á bhfeidhmiú laistigh de mhíniú na nAchtanna Bainistíochta Contae, 1940 go 1955, nó feidhmeanna forchoimeádta laistigh de mhíniú aon cheann de na hAchtanna a bhaineann le bainistíocht buirge contae."

Acht An Ombudsman 1980 (An Chéad Sceideal) Ordú (Leasú), 1985

SI Uimh 66 de 1985

Fágann an t-ordú seo Comhairle Úsáideoirí na Seirbhísí Poist, Comhairle Úsáideoirí na Seirbhíse Teileachumarsáide, an Binse Cíosa, An Bord Mianadóireachta agus Rúnaíocht an Choimisiúin um Leas Sóisialta ar na comhlachtaí nach bhfuil faoi réir imscrúdaithe ag an Ombudsman.

Acht An Ombudsman 1980 (An Dara Sceideal) Ordú (Leasú) 1985

SI Uimh 69 de 1985

Bhain an t-ordú seo na Boird Sláinte agus na hÚdaráis Áitiúla as an Dara Sceideal ar Acht An Ombudsman 1980 agus chuir na comhlachtaí seo a leanas sa Dara Sceideal .i. gan a bheith faoi réir imscrúdaithe an Ombudsman:-

Comhairle Sábháilteachta Uisce na hÉireann

An Príomh-Bhord Iascaigh

Comhairle na Seirbhísí Dóiteáin

An Gníomhaireacht um Airgeadas Tithíochta

Bord Scannán na hÉireann

Compántas an Cheolárais Náisiúnta

An Bord Iarchéime Míochaine agus Déidliachta

Gníomhaireacht Fostaíochta don Óige

An tAcht um Chosaint Sonraí, 1988 (Srianta ar Alt 4) Rialacháin, 1989

SI Uimh 81 de 1989

Tugann na rialacháin seo foráil go leanfaidh na srianta ar nochtadh eolais faoi Acht An Ombudsman 1980 ainneoin an cead rochtana ar shonraí pearsanta a bhronntar faoi Alt 4 den Acht um Chosaint Sonraí 1988.

Acht Comhaontaithe na Breataine-na hÉireann, 1999

Bunaíodh sé Chomhlacht Feidhmithe Thuaidh-Theas nua ag teacht le Comhaontú Bhéal Feiriste 1998. Oibríonn na comhlachtaí seo i limistéir sábháilteachta bia, forbartha trádála agus gnó, teanga, muirí agus feirmeoireachta éisc, cláir ar leith AE agus uiscebhealaí intíre. Deánann Alt 50 de Acht Comhaontaithe na Breataine-na hÉireann foráil ar chruthú na gcomhlachtaí seo sa dlínse seo, agus tugann na Comhlachtaí Feidhmithe laistigh de dhlínse Oifig an Ombudsman. Tá dlínse ag an Oifig seo agus ag Oifig an Choimisinéara um Ghearáin agus ag Ombudsman Thionól Tuaisceart Éireann maidir leis na Comhlachtaí Feidhmithe agus déanann an tAcht foráil ar idirchaidreamh agus comhoibriú idir Oifig an Ombudsman agus a mhacasamhail i dTuaisceart Éireann i ndéileáil leis na comhlachtaí seo. Clúdaíonn dlínse Oifig an Ombudsman "gníomhaíocht a déanadh sa Stát nó thar ceann" cheann de na comhlachtaí agus baineann foráil comhthreormhar le cás Ombudsman Thuaisceart Éireann.

Tá na Comhlachtaí Feidhmithe Thuaidh-Theas mar seo a leanas:

Foyle, Carlingford agus Coimisiún Soilse Éireann

InterTradeIreland

Comhlacht Teanga Thuaidh/Theas ( The Ulster-Scots Agency / Foras na Gaeilge)

Safe

Comhlacht Chlár Speisialta an Chomhphobail Eorpaigh

Uiscebhealaí Éireann

Turasóireacht Éireann

An tAcht um Sheirbhísí Poist agus Teileachumarsáide (Leasú), 1999

Bhain Alt 11 den Acht seo Telecom Éireann de théarmaí tagartha an Ombudsman. Tháinig seo i bhfeidhm ar an 15 Iúil 1999.

Acht an Ombudsman do Pháistí, 2002

I measc nithe eile, rinne an tAcht seo foráil ar bhunú Ombudsman do Pháistí chun imfhiosrú a dhéanamh ar ghearáin maidir le gníomhaíochtaí comhlachtaí áirithe poiblí a mb’fhéidir droch-chur isteach a bheith déanta acu ar pháistí. Ar na comhlachtaí poiblí seo tá Ranna agus Oifigí Rialtais, Údaráis Áitiúla, Feidhmeannas na Seirbhíse Sláinte, Comhlachtaí Leathstáit etc. Rinne Alt 12 den Acht leasú ar Alt 5 d’Acht an Ombudsman, 1980 sa mhéid nach féidir le hOifig an Ombudsman imfhiosrú a dheánamh ar nithe atá faoi réir imscrúdaithe an Ombudsman do Pháistí.

Acht (Fórsaí Cosanta) Ombudsman 2004

I measc nithe eile, déanann an tAcht seo foráil ar cheapadh Ombudsman do na Fórsaí Cosanta chun imfhiosrú a dheánamh ar ghearáin a rinne baill nó iarbhaill de na Fórsaí Cosanta faoi ghníomhaíochtaí ag bhaill nó iarbhaill de na Fórsaí Cosanta nó státseirbhísigh a mb’fhéidir drochthionchar a bheith acu orthu. Faoin Acht nuair a dhéanann ball de na Fórsaí Cosanta (a) gearán leis an Ombudsman do na Fórsaí Cosanta faoi chaingean a rinne státseirbhíseach nó faoi chaingean a rinneadh ar a shon, ní féidir leis ina dhiaidh sin gearán a dhéanamh faoin ábhar céanna leis an Ombudsman a ceapadh faoi Acht 1980, nó (b) a dhéanann gearán leis an Ombudsman a ceapadh faoi Acht 1980 maidir le caingean a rinne státseirbhíseach nó a rinneadh ar a shon, ní féidir leis ina dhiaidh sin gearán a dhéanamh faoin ábhar céanna le hOmbudsman na bhFórsaí Cosanta.

An tAcht Míchumais 2005

I measc nithe eile, cuireann an tAcht seo iallach ar chomhlachtaí poiblí a chinntiú go mbíonn foirgnimh agus seirbhísí poiblí inrochtain ag daoine faoi mhíchumas. Tugann an tAcht síneadh do dhlínse an Ombudsman le héifeacht ón 31 Nollaig 2005 ar aghaidh agus ón dáta sin ar aghaidh is féidir leis an Oifig déileáil le gearáin maidir le teip a leithéid de rochtain a sholáthar de réir reachtaíochta. Ina theannta sin, caithfidh roinnt ranna rialtais pleananna earnálacha a ullmhú a chaithfidh eolas a thabhairt faoi na céimeanna atá ceaptha chun soláthar seirbhísí a thabhairt i gcrích faoi mar atá i gceist san Acht, laistigh de theorainní ama socraithe. Is féidir leis an Ombudsman gearáin faoi theip sa réimse seo a imfhiosrú chomh maith.