Baile  /  Eolas Fúinn  /  Reachtaíocht  /  An tAcht Ombudsman, 1980
 

An tAcht Ombudsman, 1980

Bunaíodh Oifig an Ombudsman faoin Acht Ombudsman, 1980 agus san Acht seo sonraítear cumhachtaí an Ombudsman i ndáil le scrúdú agus imscrúdú a dhéanamh ar ghearáin a dhéantar léi. Sainíonn an tAcht freisin caidreamh tuairiscithe an Ombudsman leis an Dáil agus an Seanad.


Gnéithe Suntasacha den Acht

Seo a leanas na gnéithe is suntasaí den Acht:

Ceapachán

Déanann an tUachtarán an tOmbudsman a cheapadh tar éis rún a rith sa dá Theach den Oireachtas ag moladh an cheapacháin.

Neamhspleáchas

Tá an tOmbudsman neamhspleách i bhfeidhmiú a feidhmeanna

Imscrúdú

Féadfaidh an tOmbudsman imscrúdú a dhéanamh ar ghníomh i gcás go ndéantar gearán léi (nó féadfaidh sí imscrúdú a dhéanamh as a stuaim féin) tar éis réamhscrúdú a dhéanamh ar an scéal i gcás go bhfuil sí den tuairim

  • go ndeachaigh an gníomh i bhfeidhm go neamhfhabhrach ar an ngearánaí, agus
  • go ndearnadh an gníomh

- gan an t-údarás cuí,
- ar fhorais neamhábhartha,
- mar thoradh ar fhaillí nó míchúram,
- bunaithe ar eolas mícheart nó neamhiomlán,
- go héagórach,
- bunaithe ar chleachtas riaracháin neamh-inmhianaithe, nó
- contrártha le riarachán cóir, stuama


Réamhscrúdú

Is éard is cuspóir le céim an réamhscrúdaithe ná:

  • bealach gasta, neamhfhoirmiúil a bhunú chun cinneadh a dhéanamh cibé acu an bhfuil bonn le himscrúdú foirmiúil a dhéanamh nó nach bhfuil, agus
  • cuidiú le réiteach gearán ar an mbealach is neamhfhoirmiúla agus is féidir, go háirithe i gcás na ngearán nach bhfuil casta.

 

Reáchtáil na nImscrúduithe

Caithfear imscrúduithe a reáchtáil go príobháideach.
Is í an tOmbudsman féin a chinneann ar an ngnáthamh do reáchtáil imscrúdaithe.
Agus imscrúdú nó réamhscrúdú á reáchtáil ag an Ombudsman d'fhéadfadh go n-éileodh sin ar aon duine le heolas cuí maidir leis an gcás an t-eolas sin a chur ar fáil di.

Torthaí agus Tuarascálacha

Níl de chumhacht ag an Ombudsman ach moltaí a dhéanamh; níl a cinntí ceangailteach.
I gcás go ndéanann an tOmbudsman imscrúdú ní foláir di an gearánaí a chur ar an eolas faoi thoradh an imscrúdaithe. Is gá di freisin a chur in iúl conas a d'fhreagair an comhlacht dá bhfuiltear ag gearán d'aon mholadh a rinne sí.
I gcás go bhfuil an tOmbudsman den tuairim nach bhfuil an freagra a fuair sí ar an moladh a rinne sí sásúil féadfaidh sí tuarascáil speisialta a chur faoi bhráid an Oireachtais faoi.
Sular féidir leis an Ombudsman toradh nó cáineadh a dhéanamh i dtuarascáil nó i moladh atá neamhfhabhrach d'aon duine nó d'aon chomhlacht ní foláir di an deis a thabhairt don duine nó don chomhlacht sin an cheist a bhreithniú agus uiríll a dhéanamh léi.
Is gá don Ombudsman tuarascáil bhliantúil a thabhairt do Thithe an Oireachtais maidir le feidhmiú a feidhmeanna .

Raon

Ní féidir leis an Ombudsman scrúdú nó imscrúdú a dhéanamh sna cásanna seo a leanas:

  • i gcás go bhfuil an scéal os comhair na gcúirteanna;
  • i gcás go bhfuil ceart reachtúil achomhairc ag an té éagóirithe;
  • i gcás go bhfuil ceart achomhairc ann le comhlacht neamhspleách achomhairc;
  • i gcás go bhfuil sé bainteach le hearcaíocht nó le téarmaí agus coinníollacha fostaíochta;
  • i gcás go mbaineann sé le heachtrannaigh nó le headóirseacht;
  • i gcás go mbaineann sé le pardún nó loghadh ar phianbhreith príosúnachta nó pionóis chúirte eile;
  • i gcás go mbaineann sé le riar na bpríosún.

 

Síneadh le Sainchúram an Ombudsman

Síneadh le Sainchúram an Ombudsman

IR Uimh.332 de 1984

Rinne an Rialtas Ordú, le héifeacht ó 1 Aibreán, 1985, go mbeadh údaráis áitiúla, boird sláinte, agus An Post faoi shainchúram an Ombudsman.

Maidir le boird sláinte, eisíonn an tOrdú Rialtais óna sainchúram na dreamanna seo a leanas "(a) persons when acting on behalf of health boards and (in the opinion of the Ombudsman) solely in the exercise of clinical judgement in connection with the diagnosis or illness or the care or treatment of a patient, whether formed by the person taking the action or by any other person, or

(b) health boards when acting on the advice of persons acting as aforesaid, being actions of health boards that, in the opinion of the Ombudsman, were taken solely on such advice".

Faoin Acht Sláinte 2004 cruthaíodh Feidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte a ghlac uirthi féin na boird sláinte le héifeacht ó 1 Eanáir 2005.

Eisítear freisin i sainchúram breise an Ombudsman gníomhartha na n-údarás áitiúil; "when performing reserved functions within the meaning of the County Management Acts, 1940 to 1955, or reserved functions within the meaning of any of the Acts relating to the management of a county borough"