Baile  /  Eolas Fúinn  /  Reachtaíocht  /  An tAcht Míchumais  /  Pleananna Earnálacha
 

Pleananna Earnálacha

Éilíonn an tAcht Míchumais, 2005 go n-ullmhódh agus go bhfoilseodh na sé Aire Rialtais atá liostáilte thíos pleananna earnálacha ag tabhairt imlíne ar chlár na gcéimeanna atá molta maidir le soláthar seirbhísí do dhaoine faoi mhíchumas ag an Aire nó ag comhlachtaí poiblí nó ag duine eile a bhfeidhmíonn an tAire ar a shon nó ar a ndáileann sé/sí airgead. Sula bhfoilsítear a leithéid de phlean ní mór don Aire dul i gcomhairle lena leithéid de dhaoine ar ionadaithe iad ar dhaoine faoi mhíchumas a cheapann sé nó sí a bheith cuí.

I dteannta na riachtanas eolais atá sainithe faoi Altanna 32 go 37, caithfear iad seo a leanas a bheith i ngach plean earnálach-

  1. eolas cuí maidir le cóid chleachtais (más ann dóibh) agus rialacháin (más ann dóibh) a bhaineann le hábhar an phlean,
  2. an nós imeachta gearán le soláthar ag comhlacht phoiblí nó ag daoine eile maidir le haon cheist a bhaineann leis an bplean
  3. gnásanna imeachta monatóireachta agus athbhreithnithe maidir le hábhar an phlean
  4. ráiteas ar na tréimhsí ag a n-ullmhófar tuarascálacha maidir leis an dul chun cinn atá déanta i gcur i bhfeidhm an phlean, gur tréimhsí nach mó ná 3 bliana iad ó dháta foilsithe an phlean
  5. "más cuí", leibhéal na rochtana a bhaineann leis na seirbhísí atá sonraithe sa phlean agus
  6. aon cheist eile a cheapann an tAire atá i gceist a bheith cuí.


Tá foráil san Acht, mar a éilíonn plean earnálach seirbhís inrochtain iompair poiblí agus na foirgnimh agus an infrastruchtúr a bhaineann leis agus a mbíonn dáta dá soláthar sa phlean earnálach, gurb é sin an dáta a bheidh i gceist, in ionad aon dáta eile a bheadh ann, de bharr fhorálacha an Achta.

Éilíonn an tAcht go gcuirfí na pleananna earnála faoi bhráid dhá Theach an Oireachtais "a luaithe agus is féidir é", ach i gcás an chéad phlean dá leithéid, nach déanaí ná bliain tar éis d’Alt 31 tosú (.i. faoin 8 Iúil, 2006). Ní bheidh éifeacht leis na pleananna earnálacha go dtí go nglacann an dá Theach den Oireachtas le rún ag faomhadh na bpleananna.

Caithfear aon tuarascálacha a ullmhóidh Aire faoi alt 31 a chur faoi bhráid an dá Theach den Oireachtas.



Plean Earnálach an Aire Sláinte agus Leanaí (Alt 32)

Éilíonn Acht Míchumais, 2005 go n-ullmhódh an tAire Sláinte agus Leanaí plean earnálach ina mbeadh (in éineacht le riachtanais ghinearálta ailt 31) eolas maidir le-

  1. seirbhísí a sholáthraítear ón Aire nó ar a s(h)on do dhaoine faoi mhíchumas
  2. na critéir a bhaineann le hincháilitheacht a leithéid de dhaoine ar sheirbhísí faoi Achtanna Sláinte 1947 go 2004
  3. na socruithe atá molta do chur i bhfeidhm Chuid 2 [ní thagann Cuid 2 d’Acht Míchumais, 2005, a dhéileálann le measúnú riachtanas, ráitis seirbhíse agus sásaimh, faoi dhlínse an Ombudsman]
  4. socruithe ar chomhoibriú Feidhmeannachta [na Seirbhíse Sláinte] le húdaráis tithíochta maidir le forbairt agus comhordú na seirbhísí a sholáthraíonn na húdaráis tithíochta do dhaoine faoi mhíchumas, agus
  5. aon cheist eile (más ann di) a cheapann an tAire a bheith cuí

Éilíonn an tAcht chomh maithe go mbeadh soláthar i bplean earnálach ag an Aire Sláinte agus Leanaí do chomhoibriú cuí idir an tAire agus na hAirí Gnóthaí Sóisialacha agus Teaghlaigh agus Fiontair, Trádála agus Fostaíochta maidir le forbairt agus comhordú ar na seirbhísi a sholáthraíonn an dá Aire sin do dhaoine faoi mhíchumas agus a bhaineann leis na seirbhísí ar déanadh tagairt dóibh thuas.

Plean Earnálach an Aire Gnóthaí Sóisialacha agus Teaghlaigh (Alt 33)

Éilíonn Acht Míchumais, 2005 go n-ullmhódh an tAire Gnóthaí Sóisialacha agus Teaghlaigh plean earnálach ina mbeadh (in éineacht le riachtanais ghinearálta ailt 31) eolas maidir le-

  1. na critéir a bhaineann le hincháilitheacht daoine faoi mhíchumas maidir le híocaíochtaí faoi na hAchtanna Leasa Sóisialta agus méid na n-íocaíochtaí sin
  2. na seirbhísí eolais, comhairle agus abhcóideachta agus na seirbhísí mínithe teanga chomharthaí a sholáthraíonn Comhairle nó a bhfuil socruithe déanta aici chuige
  3. aon seirbhísí eile a sholáthraítear ag nó thar ceann an Aire a cheapann sé/sí a bheith cuí, agus
  4. aon cheist eile a cheapann an tAire a bheith cuí

Éilíonn an tAcht chomh maithe go mbeadh soláthar i bplean earnálach an Aire Sóisialacha agus Teaghlaigh do chomhoibriú cuí idir an Aire agus na hAirí Sláinte agus Leanaí agus Fiontair, Trádála agus Fostaíochta maidir le forbairt agus comhordú ar na seirbhísi a sholáthraíonn an dá Aire sin do dhaoine faoi mhíchumas agus a bhaineann leis na seirbhísí ar déanadh tagairt dóibh thuas a sholáthraítear dá leithéid de dhaoine.

Plean Earnálach an Aire Iompair (Alt 34)

Éilíonn Acht Míchumais, 2005 go n-ullmhódh an tAire Iompair plean earnálach ina mbeadh (in éineacht le riachtanais ghinearálta ailt 31) eolas maidir le-

  1. clár de bheartais teilgthe do sholáthar rochtana do dhaoine faoi mhíchumas ar sheirbhísí iompair phaisinéara don phobal a sholáthraíonn an tAire nó comhlacht phoiblí a bhfeidhmíonn an tAire ar a shon nó ag duine nó comhlacht atá ceadúnaithe nó rialaithe ag an Aire.
  2. beartais atá le glacadh d’fhonn éascú a dhéanamh ar rochtain dhaoine faoi mhíchumas ar a leithéid de sheirbhísí agus an t-am atá ceadaithe do ghlacadh na mbeartas seo
  3. socruithe a bhfuil sé i gceist ag an Aire agus ag an Aire Comhshaoil, Oidhreachta agus Rialtais Áitiúil a chur ann chun rochtain a éascú d’feithiclí a sholáthraíonn seirbhísí iompair phaisinéara dá leithéid de dhaoine ón mbóthar poiblí, agus
  4. aon cheist eile a cheapann an tAire a bheith cuí

(ní áirítear seirbhís aeir sa "seirbhís iompair phaisinéara" faoi bhrí an Achta Loingseoireachta agus Iompair Aeir, 1965, ná seirbhís a sholáthraíonn duine a oibríonn seirbhís traenach ná infrastruchtúr iarnróid atá inspéise go stairiúil nó ó thaobh na turasóireachta de).

Plean Earnálacha an Aire Cumarsáide, Mara agus Acmhainní Nádúrtha (Alt 35)

Éilíonn Acht Míchumais, 2005 n-ullmhódh an tAire Cumarsáide, Mara agus Acmhainní Nádúrtha plean earnálach ina mbeadh (in éineacht le riachtanais ghinearálta ailt 31) eolas maidir le -

  1. beartais atá le glacadh ag oibreoirí longa paisinéara d’fhonn éascú a dhéanamh ar rochtain dhaoine faoi mhíchumas ar sheirbhísí iompair mara paisinéara a sholáthraíonn siad agus an t-am atá ceadaithe do ghlacadh na mbeartas seo
  2. beartais atá le glacadh ag na comhlachtaí atá freagrach as riaradh agus oibriú na gcuan agus na gcalafort atá sainithe d’fhonn éascú a dhéanamh ar rochtain na ndaoine sin ar na háiteanna sin ina dtosaíonn agus ina gcríochnaíonn a leithéid de sheirbhísí agus an t-am atá ceadaithe do ghlacadh na mbeartas seo, agus
  3. aon cheist eile a cheapann an tAire a bheith cuí

Tugann Acht Míchumais 2005 sainmhíniú ar "long paisinéara" chun críche an ailt seo mar longa paisinéara faoi bhrí an Achta um Loingeas Trádála 1992 agus galtáin paisinéara faoi bhrí an Achta (Coinbhinsiún Slándála) um Loingeas Trádála 1952


Sliocht as an Acht um Loingeas Trádála 1992

ciallaíonn "long paisinéara" árthach a iompraíonn níos mó ná 12 paisinéir nó a mbeadh níos mó ná 12 paisinéir ar bord chun críche iompair agus áirítear árthach a iompraíonn níos mó ná 12 duine go dtí nó óna n-ionad oibre, nó níos mó ná 12 duine a bheith ar bord chun críche a leithéid d’iompar, agus ar len a bhfostóir é nó é ar cíos aige/aici agus árthach atá cláraithe lasmuigh den Stát agus a iompraíonn níos mó ná 12 paisinéir idir áiteanna sa Stát, nó a mbíonn níos mó ná 12 paisinéir ar bord chun críche a leithéid d’iompar, ach ní áirítear árthach den chineál seo a iompraíonn paisinéirí go dtí agus ón Stát nó a mbíonn paisinéirí ar bord chun críche a leithéid d’iompar, árthach iascaireachta nó bád farantóireachta ag obair i slabhraí;"

Sliocht as Acht (Coinbhinsiún Slándála) um Loingeas Trádála 1952

"San Acht seo ciallaíonn an nath "galtán paisinéara" galtán a iompraíonn níos mó ná dhá phaisinéir déag"

Plean Earnálach an Aire Comhshaoil, Oidhreachta agus Rialtais Áitiúil (Alt 36)

Éilíonn Acht Míchumais, 2005 go n-ulmhódh an tAire Comhshaoil, Oidhreachta agus Rialtais Áitiúil plean earnálach ina mbeadh (in éineacht le riachtanais ghinearálta ailt 31) eolas maidir le -

  1. beartais atá le tógáil lena chinntiú go ngéilltear do Chuid M de Rialúcháin Tógála 1997 (mar a leasaíodh
  2. beartais atá le tógáil chun rochtain a éascú do dhaoine faoi mhíchumas ar bhóithre poiblí agus ar áiteanna eile poiblí [sainithe thíos] agus ar sheirbhísí eile a sholáthraíonn an tAire, na húdaráis áitiúla nó comhlachtaí eile pobail a bhfeidhmíonn an tAire ina dtaobh agus an t-am atá molta do ghlacadh na mbeartas seo
  3. socruithe a bhfuil sé i gceist ag an Aire agus an Aire Iompair a chur ann chun rochtain a éascú d’feithiclí a sholáthraíonn seirbhísí iompair paisinéara dá leithéid de dhaoine ó bhóthar poiblí
  4. tithíocht agus lóistín do dhaoine faoi mhíchumas
  5. socruithe do chomhoibriú na n-údarás tithíochta le Feidhmeannacht [na Seirbhíse Sláinte] maidir le forbairt agus comhordú na seirbhísí a sholáthraíonn na húdaráis tithíochta do dhaoine faoi mhíchumas, agus
  6. aon cheist eile a cheapann an tAire a bheith cuí.

Tugann Acht Míchumais 2005 sainmhíniú ar "áiteanna poiblí" chun críche an ailt seo ag cuimsiú -

  • troscán sráide, cosáin agus criosanna coisíochta
  • comharthaíocht
  • páirceanna poiblí agus spásanna oscailte ar le húdarás áitiúil iad nó a ndéanann sé cothabháil orthu
  • cuanta, stadanna bus nó iarnród éadrom a bhfuil an t-údarás áitiúil freagrach astu


ach ní áirítear foirgneamh poiblí faoi alt 25 ná seirbhís lena mbaineann alt 26 nó 27.

Plean Earnálach an Aire Fiontair, Trádála agus Fostaíochta (Alt 37)

Éilíonn Acht Míchumais, 2005 go n-ullmhódh an tAire Fiontair, Trádála agus Fostaíochta plean earnálach ina mbeadh (in éineacht le riachtanais ghinearálta ailt 31) eolas maidir le -

  1. traenáil gairme agus seirbhísí tacaíochta fostaíochta agus cláir atá curtha ar fáil ag FÁS do dhaoine faoi mhíchumas
  2. clár de bheartais a mholtar a thógáil chun agus maidir le soláthar traenála cuí gairme agus seirbhísí tacaíochta fostaíochta chun éascú a dhéanamh ar chomhcheangal dhaoine faoi mhíchumas le fostaíocht
  3. beartais atá le glacadh d’fhonn athbhreithniú a dhéanamh ar sheachadadh ar a leithéid de thraenáil agus seirbhísí agus an t-am ina ndéanfar a leithéid d’athbhreithniú
  4. aon bheartais atá le glacadh lena chinntiú go ndéanfar soláthar níos éifeachtaí ar a leithéid de thraenáil agus de sheirbhísí, agus
  5. aon cheist eile a cheapann an tAire a bheith cuí

Éilíonn an tAcht chomh maithe go mbeadh soláthar i bplean earnálach an Aire Fiontair, Trádála agus Fostaíochta Leanaí do chomhoibriú cuí idir an Aire agus an tAire Gnóthaí Sóisialacha agus Teaghlaigh agus an tAire Sláinte agus Leanaí maidir le forbairt agus comhordú ar na seirbhísi thuasluaite a sholáthraíonn an dá Aire sin do dhaoine faoi mhíchumas.