Réamhrá
Focal firinscneach is ea "ombudsman". Is focal Sualannach é a chiallaíonn "gníomhaí" nó "ionadaí" na ndaoine. Déanann an t-ombudsman imscrúdú ar ghearáin ó bhaill den phobal a bhraitheann gur chaith eagraíochtaí áirithe go míchothrom leo. Tá a (h)oifig neamhchlaonta agus neamhspleách. Má chreideann sé/sí go bhfuil údar le gearán glacfaidh sé/sí céimeanna chun leigheas a fháil ar an ngearán.
Tá an-chuid cineálacha éagsúla ombudsman ann. Déanann cuid acu imscrúdú ar ghearáin faoin rialtas agus cuid eile ar ghearáin faoi thionscail áirithe, mar shampla, bainc agus comhlachtaí árachais.
Cheap Rí na Sualainne an chéad Ombudsman chomh fada siar le 1809 chun imscrúdú a dhéanamh ar ghearáin in aghaidh airí an Rí. Níor tugadh aird i gceart ar an smaoineamh i dtíortha lasmuigh de Chríoch Lochlann go dtí gur bunaíodh Oifig Ombudsman sa Danmhairg i 1954. Ba í an Nua-Shéalainn - tír ina bhfuil córas riaracháin an-chosúil lena bhfuil in Éirinn - an chéad thír ina labhartha Béarla a cheap Ombudsman, i 1962. Lean an Ríocht Aontaithe le ceapachán Coimisinéara Parlaiminte ar Riarachán i 1967 agus ceapadh Coimisinéir ar leith do Thuaisceart Éireann i 1969. Le tríocha bliain anuas tháinig méadú suntasach ar an institiúid ar fud an domhain agus anois tá timpeall le 120 oifig ombudsman ar fud an domhain.
Téann an reachtaíocht a bhaineann le bunú Ombudsman Éireannach siar go 1980 agus thosaigh an chéad Ombudsman, Michael Mills, san oifig i 1984. Lean sé san oifig go dtí 1994 nuair a ceapadh Kevin Murphy ina Ombudsman. Tháinig an tOmbudsman atá ann faoi láthair, Emily Ní Raghallaigh, i gcomharbas ar Kevin Murphy i Meitheamh 2003.
Déanann Oifig an Ombudsman imscrúdú ar ghearáin faoi ghníomhaíochtaí riaracháin Ranna Rialtais, Feidhmeannas na Seirbhíse Sláinte, údaráis áitiúla agus An Post. Faoi dheireadh 2004 bhí an Oifig tar éis déileála le timpeall 62,000 gearán a raibh údar leo. Ina theannta sin, déanann an Oifig atá ann faoi láthair déileáil le suas le 10,000 fiosrú in aghaidh na bliana ón bpobal.