Baile  /  Eolas Fúinn  /  For-rochtain  /  Cuairteanna Réigiúnacha  /  Cuairteanna Réigiúnacha
 

Cuairteanna Réigiúnacha

Tá cuairt le tabhairt ag an Ombudsman ar Chiarraí

Má tá tú míshásta leis an tseirbhís a chuir ceann amháin de na comhlachtaí seo ar fáil duit:

  • Roinn rialtais (amhail an Roinn Coimirce Sóisialaí, an Roinn Talmhaíochta, an Roinn Oideachais) nó Oifig na gCoimisinéirí Ioncaim
  • Údarás áitiúil
  • Feidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte
  • Teach altranais

An amhlaidh nár éirigh leat go dtí seo agus tú ag iarraidh do ghearán a réiteach?

Más amhlaidh, d’fhéadfadh an tOmbudsman cabhair a thabhairt duit.

Beidh baill foirne ó Oifig an Ombudsman ar fáil chun comhairle agus cabhair a chur ar fáil ag an

The Rose Hotel, Trá Lí
Déardaoin an 22 Meán Fómhair idir 10am agus 7pm.

Ní gá coinne a dhéanamh agus is neamhspleách, neamhchlaon agus saor in aisce atá an tseirbhís.

Beidh duine ón Oifig ar fáil chun seirbhís a sholáthar trí Ghaeilge.

Féadfaidh an tOmbudsman gearáin faoi raon soláthraithe seirbhíse poiblí a scrúdú. Ní fhéadfaidh an tOmbudsman gearáin faoin nGarda Síochána, faoi bhainc ná faoi institiúidí airgeadais eile a scrúdú.
Déan teagmháil linn má bhíonn aon cheisteanna faoi do ghearán agat.