Baile  /  Eolas Fúinn  /  Beartais agus straitéisí
 

Tuarascáil Chorparáideach

Clúdaítear sa doiciméad seo Oifig an Ombudsman, Oifig an Choimisinéara Faisnéise (OIC) (a chuimsíonn Oifig an Choimisinéara um Fhaisnéis Comhshaoil (OCEI)), an Coimisiún um Chaighdeáin in Oifigí Poiblí (SIPOC) agus an Coimisiún um Cheapacháin Seirbhíse Poiblí (CPSA). Is iad feidhmeanna reachtúla ar leith a chomhlíonann na ceithre oifig. Ullmhaíonn siad a dtuarascálacha reachtúla agus a dtuarascálacha bliantúla féin ar a gcuid oibríochtaí freisin. Chun críocha cuntasaíochta agus tuairiscithe airgeadais, tugtar iad le chéile faoi Vóta amháin, is é sin, Vóta 19.

Is iad Oifigeach Cuntasaíochta agus Foireann Bhainistíochta a bhainistíonn na hoifigí agus a stiúrann a n-oibríochtaí foriomlána. Déanann siad an neamhspleáchas reachtúil agus na feidhmeanna reachtúla atá ag gach ceann de na comhpháirteanna a chosaint agus a chaomhnú ag an am céanna. Tá a bhfoireann féin ag gach oifig ach comhroinntear feidhmeanna airgeadais, acmhainní daonna, dlí, cumarsáide agus teicneolaíochta faisnéise eatarthu.

Tuarascáil Chorparáideach