Baile  /  Eolas Fúinn  /  Beartais agus straitéisí  /  Soláthar Corparáideach
 

Soláthar Corparáideach

Oifig an Ombudsman

Oifig an Choimisinéara Faisnéise

Oifig an Choimisinéara um Fhaisnéis Comhshaoil

An Coimisiún um Chaighdeáin in Oifigí Poiblí

An Coimisiún um Cheapacháin Seirbhíse Poiblí

Íoslódáil

OfficeLobby Soláthar Corparáideach.pdf (size 350.8 KB)

1.   Réamhrá

Cúlra

Ceann de na príomhthosaíochtaí atá leagtha amach sa Phlean um Athchóiriú na Seirbhíse Poiblí is ea costais a laghdú agus luach níos fearr ar airgead a bhaint amach trí sholáthar poiblí a athchóiriú. 

Seoladh an Oifig um Sholáthar Rialtais (OGP) go hoifigiúil i mí Iúil 2013 agus feidhmíonn sí mar oifig de chuid na Roinne Caiteachais Phoiblí agus Athchóirithe. Tá a Vóta féin ag an Oifig.  Chuir an OGP tús le hoibríochtaí le linn na chéad leithe den bhliain 2014 agus, i dtráth cuí, glacfaidh sí freagracht iomlán as beartas agus as nósanna imeachta soláthair.  Neartóidh sí an ghairmiúlacht soláthair atá ann agus bainfidh sí an leas is fearr as scála an tsoláthair phoiblí.

eTenders

Forbraíodh an suíomh Gréasáin www.eTenders.gov.ie mar chuid den Straitéis atá ag Rialtas na hÉireann chun Ríomhsholáthar a Chur Chun Feidhme in Earnáil Phoiblí na hÉireann. Is é is aidhm don suíomh a bheith ina shaoráid lárnach is féidir le gach údarás conarthach san earnáil phoiblí a úsáid chun deiseanna soláthair agus fógraí dámhachtana a fhógairt. Tá an suíomh á bhainistiú ag an Oifig um Sholáthar Rialtais (OGP), a shocraíonn an beartas ar ábhar agus ar fheidhmiúlacht an tsuímh. 

Ar bhonn laethúil, taispeántar ar an suíomh na deiseanna soláthair uile in earnáil phoiblí na hÉireann atá á bhfógairt faoi láthair in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh, mar aon le conarthaí lena mbaineann luach níos ísle arna n-uaslódáil ag údaráis dámhachtana ar an suíomh. Áireofar ar an suíomh ag aon am ar leith na deiseanna oscailte uile atá ar fáil, agus iad leagtha amach i bhfoirm Fógraí Tairisceana, Réamhfhógraí Táscacha agus Fógraí Dámhachtana Conartha. Soláthraítear doiciméid ghaolmhara tairisceana (nuair a bhíonn siad ar fáil) freisin agus is féidir iad sin a íoslódáil ón suíomh.

Tá feidhm ag an suíomh lena gcumasaítear d’Údaráis Dámhachtana fógraí a fhoilsiú ar an suíomh, fógraí a chuirfear ar aghaidh go huathoibríoch chuig Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh ansin. Áirítear iad seo a leanas le feidhmeanna eile an tsuímh: saoráid chun soiléiriú a fháil ar líne trí shaoráid ceisteanna agus freagraí; feidhm lena bhféadtar tairiscintí a chur isteach ar líne; saoráidí bainistíochta úsáideoirí agus fógraí le haghaidh údaráis dámhachtana; foláirimh ríomhphoist; agus saoráidí bainistíochta freagraí do sholáthraithe. Tá feidhmeanna cuimsitheacha cuardach fógraí agus cabhrach ann freisin. Soláthraítear faisnéis chuimsitheach faoi rialacha agus faoi threoirlínte soláthair ar an suíomh Gréasáin www.eTenders.gov.ie chomh maith. Áirítear leis an bhfaisnéis sin Treoracha Eorpacha agus Treoirlínte Náisiúnta maidir leis an bPróiseas Soláthair Phoiblí.

Tugtar deis ar an suíomh méadú a dhéanamh ar an líon soláthraithe féideartha atá ar fáil d’Earnáil Phoiblí na hÉireann. Ní ghearrtar aon táille ar údaráis chonarthacha ná ar sholáthraithe i leith an tseirbhís a úsáid; tá an suíomh ar fáil saor in aisce don phobal freisin.

Creat-Chomhaontuithe

  •  De réir Chiorcláin 06/12 agus 16/13 ón Roinn Airgeadais, ní mór ‘creat-chomhaontuithe’ a úsáid i dtaca le hearraí agus le seirbhísí áirithe in áiteanna a bhfuil siad i bhfeidhm.  Liostaítear na ‘creat-chomhaontuithe’ reatha (nach mbaineann le seirbhísí TFC) in Aguisín 1 leis an gciorclán.  Is féidir tuilleadh faisnéise faoi ‘chreat-chomhaontuithe’ a fháil ag http://www.procurement.ie/ agus ag http://www.etenders.gov.ie/
  • Is féidir sonraí faoi na creat-chomhaontuithe TFC atá i bhfeidhm faoi láthair a fháil i gCiorcláin 02/09 agus 02/11 ón Roinn Airgeadais.  Is féidir tuilleadh faisnéise a fháil ag http://ictprocurement.gov.ie/
  • Scaipfidh an tAonad Airgeadais sonraí faoi gach ceann de na ‘creat-chomhaontuithe’ nua arna gcur i bhfeidhm ag an Oifig um Sholáthar Rialtais.

 

Comórtais Tairisceana

  • I gcás soláthair ar mó a luach ná €25,000 (gan CBL a áireamh), ní mór an próiseas foirmiúil tairisceana a leanúint agus ní mór sonraí faoin bpróiseas tairisceana a chur ar aghaidh chuig an Aonad Airgeadais.  De réir Chiorclán 10/10 ón Roinn Airgeadais, ní mór soláthar ar mó a luach ná €25,000 a chur ar tairiscint tríd an tsaoráid ríomhthairisceana.
  • Ní mór oscailt tairiscintí a bheith fianaithe agus sínithe ag beirt ar a laghad nó ní mór iad a oscailt tríd an meicníocht iomchuí i gcóras leictreonach eTenders.
  • Nuair a bheidh an comórtas tairisceana thart, ní mór conarthaí sínithe a fháil agus a chur ar comhad.  Níor cheart aon íocaíochtaí a dhéanamh go dtí go mbeidh conarthaí sínithe faighte
  • Ceanglaítear ar an Aonad Airgeadais Clár Lárnach Conarthaí a choinneáil.  Ba cheart sonraí faoi gach conradh a thabhairt don Aonad Airgeadais agus ba cheart cóipeanna de na conarthaí a chur ar aghaidh chuige ansin.

 

Teorainneacha Soláthair

  • I gcás earraí / seirbhísí ar lú a luach ná €4,999, ba cheart iad a sholáthar bunaithe ar thrí luachan ar a laghad (a fhaightear trí litir, trí fhacs, trí ríomhphost, ar an teileafón nó ar an nGréasán).
  • I gcás earraí / seirbhísí lena mbaineann luach idir €5,000 agus €24,999, ba cheart iad a sholáthar bunaithe ar fhreagraí ar shonraíochtaí a sheoltar trí litir, trí fhacs nó trí ríomhphost chuig soláthraithe earraí nó seirbhíse – idir cúig cinn agus ocht gcinn díobh.
  • Ba cheart próiseas foirmiúil tairisceana a úsáid (lena n-áireofaí creat-chomhaontuithe lárnacha a úsáid) chun earraí / seirbhísí ar mó a luach ná €25,000 a cheannach.  De réir Chiorclán 10/10 ón Roinn Airgeadais, ní mór soláthar ar mó a luach ná €25,000 (gan CBL a áireamh) a chur ar tairiscint tríd an tsaoráid ríomhthairisceana.

 

Athbhreithnithe

  • Déanfaidh an tAonad Airgeadais meastóireacht bhliantúil ar an 20 conradh lena mbaineann an luach is mó (nó an caiteachas is mó in aghaidh an tsoláthraí) chun a fháil amach cé acu a d’fhéadfaí nó nach bhféadfaí coigilteas a bhaint amach sa todhc
  • Déanfaidh an tAonad Airgeadais an Liosta Lárnach Conarthaí a nuashonrú ar bhonn ráithiúil d’fhonn aon chonarthaí atá dlite dá n-athnuachan a shainaithint.

 

Orduithe Ceannaigh

  • Ní mór uimhir ordú ceannaigh a bheith ag gabháil le gach ordú le haghaidh earraí / seirbhísí. Ba cheart an uimhir sin a iarraidh ach ríomhphost a sheoladh chuig riar@ombudsman.gov.ie.
  • Cuirfidh an tAonad Airgeadais sonraí faoi Orduithe Ceannaigh ar mó a luach ná €20,000 leis an suíomh Gréasáin ar bhonn ráithiúil.

Sonraisc

  • Ba cheart do bhaill foirne iarraidh ar an soláthraí an uimhir ordú ceannaigh a lua ar an sonrasc.  Chomh maith leis sin, ba cheart do bhaill foirne treoir a thabhairt don soláthraí an sonrasc a sheoladh chuig an Rannóg Cuntasaíochta in Oifig an Ombudsman.  Níor cheart sonraisc a sheoladh chuig baill foirne aonair.
  • Ag teacht as cinneadh ón Rialtas sa bhliain 2009, ba cheart don Oifig seo íocaíocht a dhéanamh lena soláthraithe laistigh de 15 lá ó shonrasc bailí a fháil (i.e. ní mór an íocaíocht a bheith i gcuntas bainc an tsoláthraí faoin 15ú lá).  Tosóidh an spriocthréimhse íocaíochta 15 lá ar an lá ar a bhfaigheann an Oifig sonrasc bailí ag an seoladh cuí.   
  • Ar an sonrasc a fháil, leagfaidh ball den Aonad Airgeadais dátstampa air agus cuirfear é ar aghaidh chuig an mball foirne a chuir an t-ordú isteach.  Féadfaidh oifigigh ag grád an Ardoifigigh Feidhmiúcháin sonraisc a údarú suas le luach €4,999; féadfaidh oifigigh ag grád an Phríomhoifigigh Chúnta sonraisc a údarú suas le luach €10,000; agus féadfaidh Príomhoifigigh gach suim a údarú.
  • I gcás ball foirne a d’ordaigh earraí / seirbhísí dá bhfuil an sonrasc fós amuigh, ba cheart dóibh an loga asláithreachta foirne a úsáid ionas go mbeidh a fhios ag an Aonad Airgeadais cé acu atá nó nach bhfuil an ball foirne sin ar fáil agus sonraisc á gcur ar aghaidh aige lena gceadú.
  • Ba cheart tús áite a thabhairt do cheadú na sonrasc agus ba cheart iad a sheoladh ar ais chuig an Aonad Airgeadais a luaithe is féidir chun a chinntiú go ndéanfar an íocaíocht laistigh den spriocthréimhse 15 lá.
  • Is ionann ceadú an tsonraisc agus deimhniú gur soláthraíodh na hearraí / seirbhísí agus go bhfuil siad den chaighdeán riachtanach.  I gcás nach bhfuiltear sásta le caighdeán na seirbhísí nó le caighdeán na n-earraí a soláthraíodh, ba cheart aird an tsoláthraí a tharraingt air sin láithreach (i mbéal agus i scríbhinn araon) agus ba cheart na cúiseanna leis an díospóid a mhíniú d’fhonn an fhadhb a réiteach.  Ní mór fógra a thabhairt don soláthraí nach ndéanfar an íocaíocht go dtí go mbeidh an t-ábhar réitithe.  Mar sin féin, ba cheart gach iarracht a dhéanamh chun díospóidí a réiteach go pras. 
  • Ní mór fógra a thabhairt láithreach don Aonad Airgeadais (tríd an mBosca Ríomhphoist RIAR) go bhfuil an sonrasc faoi dhíospóid.  Níor cheart do rannóga, in aon chás ar bith, dul i muinín sonraisc aonair a cheistiú d’fhonn cur i bhfeidhm na spriocdhátaí íocaíochta a sheachaint.  A luaithe a bheidh an t-ábhar réitithe, ba cheart an sonrasc a údarú agus a chur ar aghaidh chuig an Aonad Airgeadais lena íoc.
  • De réir na reachtaíochta iomchuí, gearrfar Ús Íocaíochta Déanaí i leith aon íocaíochtaí a rinneadh tar éis 30 lá ón sonrasc a fháil.  Gearrfar an pionós sin ar an rannóg lena mbaineann.  Mar aon le hús íocaíochta déanaí, tugadh íocaíochtaí uathoibríocha cúitimh isteach le déanaí i leith íocaíochtaí déanacha (na Rialacháin um Íocaíochtaí Déanacha in Idirbhearta Tráchtála (2012)).

1 Aibreán 2016