Baile  /  Eolas Fúinn  /  Beartais agus straitéisí  /  Ráiteas Príobháideachais
 

Ráiteas Príobháideachais

Leagtar polasaí an Oifig an Ombudsman amach sa cháipéis seo maidir le príobháideachas úsáideoirí an tsuímh idirlín seo. Mar riail ghinearálta, ní bhailíonn an Coimisiún Reifrinn faisnéis phearsanta faoi chuairteoirí chuig an suíomh.

Ní nochtaítear aon fhaisnéis phearsanta dúinn agus duine ag breathnú ar an suíomh go ginearálta, cé go mbíonn faisnéis staitistiúil áirithe ar fáil don Oifig an Ombudsman trínár Soláthraí seirbhíse idirlín. D'fhéadfadh ainm an fhearainn Idirlín as a dtagann tú ar an Idirlíon a bheith san áireamh leis an bhfaisnéis seo; an cineál brabhsálaí agus córas oibriúcháin atá á úsáid agat; an dáta agus an t-am ar tháinig tú ar an suíomh; an seoladh Idirlín a bhí ann roimhe ónar naisc tú go díreach leis an suíomh seo; aon téarmaí cuardaigh a d'úsáid tú chun teacht ar an suíomh, na leathanaigh ar bhreathnaigh tú orthu, agus aon chomhaid a íoslódálann tú.

Úsáidtear roinnt den fhaisnéis thuas chun staitisticí achomair a chruthú, rud a chuireann ar ár gcumas líon na gcuairteoirí chuig ár suíomh a mheasúnú; chomh maith leis na leathanaigh is minice a mbíonn daoine ag breathnú orthu agus, ar deireadh, suíomh níos soláimhsithe a dhéanamh de.

Soláthraíonn roinnt leathanach ar an suíomh seo rogha le tuilleadh faisnéise a iarraidh ar an ríomhphost. Ní thaifeadfar an fhaisnéis seo ach amháin má roghnaíonn tú teachtaireacht a sheoladh chugainn agus ní bhainfear úsáid aisti ach amháin don chuspóir ar sholáthair tú dúinn é.

Ní bhaintear úsáid as fianáin ar shuíomh idirlín an Oifig an Ombudsman faoi láthair, agus ní cheanglaítear ar dhaoine fianáin a bheith cumasaithe ar a ríomhaire chun dul thart ar an suíomh. (Is éard is fianán ann ná píosa faisnéise a fhéadfaidh suíomh idirlín a sheoladh chuig do bhrabhsálaí nuair a thagann tú ar fhaisnéis ag an suíomh sin.)