Baile  /  Eolas Fúinn  /  Beartais agus straitéisí  /  Polasaí Twitter na hOifige
 

Polasaí Twitter na hOifige

Is é Aonad Cumarsáide agus Taighde Oifig an Ombudsman a bhainistíonn an cuntas Twitter @OfficeOmbudsman. Úsáidfear tuíteanna chun nuacht agus eolas a chur ar fáil maidir le hobair na Oifige, a chuimsíonn an Tuarascáil Bhliantúil, Tuarascálacha Imscrúdaithe Speisialta agus ábhair spéise eile don phobal.

De ghnáth, déanfar nuashonrú agus monatóireacht ar ár gcuntas Twitter i rith uaireanta oifige, Luan go hAoine.

Cuirimid fáilte roimh gach teachtaireacht @ agus léifear gach ceann acu. Thairis sin, de bharr srianta acmhainne, ní bheidh sé de chumas againn freagra a chur ar gach teachtaireacht.
Ní bheidh sé de cheangal ar @OfficeOmbudsman aon duine dár leantóirí a leanúint.

Má leanaimid aon chuntas Twitter, ní thugann sin le fios go bhfuil formhuiniú d’aon chineál i gceist.

Ní mheasfar teachtaireacht trí Twitter a bheith ina teagmháil leis an Oifig ar chuspóirí oifigiúla agus ní bheidh sé de cheangal orainn monatóireacht a dhéanamh nó freagra a chur ar aon iarratas ar eolas trí chainéal Twitter. Ina áit sin, féach ár gcuid sonraí teagmhála ar