Baile  /  Eolas Fúinn  /  Beartais agus straitéisí  /  Nós imeachta maidir le hAchomhairc
 

An Nós Imeachta Athbhreithnithe

Réamhrá

Tá nós imeachta athbhreithnithe i bhfeidhm ag Oifig an Ombudsman chun freastal ar chásanna ina bhfuil gearánach míshásta leis an scrúdú a rinne an Oifig ar a ghearán.

Ní dhéanfar athbhreithniú ach sa chás gur féidir ceann amháin de na cúig chritéar thíos a chomhlíonadh.

Is é atá i gceist leis an nós imeachta ná athbhreithniú a dhéanamh ar an dóigh a ndearna an Oifig scrúdú ar ghearán. Ní hionann é agus athbhreithniú ar ghníomhartha bunaidh nó cinneadh bunaidh an tsoláthraí seirbhíse poiblí. 

Ní úsáidtear an nós imeachta athbhreithnithe seo i gcás gearán in aghaidh baill foirne. Tá nós imeachta ar leith ann do ghearáin den chineál sin.

Athbhreithniú a Iarraidh

Sa chás go bhfuil gearánach míshásta le cinneadh an Ombudsman ar a ghearán, ní fhéadfaidh sé leas a bhaint as athbhreithniú ach laistigh de mhí amháin ónár litir chinnidh a fháil.

Ní mór Iarraidh ar Athbhreithniú a bheith comhlánaithe agus tugtha ar ais don Bhainisteoir Athbhreithnithe agus ní mór gur deimhin leis an mBainisteoir Athbhreithnithe:

  • go bhfuil fianaise/faisnéis ábhartha nua ar fáil anois a bhféadfadh go raibh tionchar aici ar an gcinneadh bunaidh ar an gcás
  • gur theip ar an Oifig saincheist ábhartha shubstaintiúil a scrúdú
  • gur theip ar an Oifig faisnéis ábhartha riachtanach a fháil ón gcomhlacht lena mbaineann
  • gur bhain an Oifig seo míthuiscint nó míbhrí as an ngearán
  • gur mícheart nó míréasúnta a bhí cinneadh na hOifige maidir leis an ngearán nó maidir le cúinsí sonracha an cháis.

Prionsabail ghinearálta

  • Ní cheadófar ach athbhreithniú amháin ar chinneadh ar ghearán.
  • Déanfaidh an Bainisteoir Athbhreithnithe nó Imscrúdaitheoir Sinsearach, nach raibh aon pháirt sa chás aige roimhe sin agus atá i bpost níos sinsearaí, athbhreithniú ar an gcinneadh bunaidh.
  • Gníomhóidh gach ball den eagraíocht go gairmiúil agus go neamhchlaon le gearánaigh agus le comhghleacaithe agus athbhreithniú á dhéanamh acu.

Bainisteoir Athbhreithnithe

Cheapamar Bainisteoir Athbhreithnithe a bhfuil sé mar ról aige a chinntiú go ndéanfar athbhreithnithe de réir ár nós imeachta athbhreithnithe. Scríobhfaidh an Bainisteoir Athbhreithnithe chuig an ngearánach á rá cé acu a glacadh leis an iarraidh ar athbhreithniú nó nár glacadh. 

Glacadh le hIarraidh ar Athbhreithniú 

Breithneoidh an Bainisteoir Athbhreithnithe cé acu ba cheart glacadh le hiarraidh ar athbhreithniú nó nár cheart.

De ghnáth, ní mór iarraidh ar athbhreithniú a bheith déanta laistigh de mhí amháin ó eisiúint an chinnidh chuig an ngearánach. I gcúinsí eisceachtúla, áfach, féadfaidh an Bainisteoir Athbhreithnithe iarraidh mhall a cheadú.

Ní dhéanfar athbhreithniú ach sa chás gur féidir ceann amháin de na cúig chritéar thuas a chomhlíonadh.

I roinnt cásanna, d’fhéadfadh an Bainisteoir Athbhreithnithe a mheas gur cheart tuilleadh soiléirithe a chur ar fáil don ghearánach in ionad an cinneadh a athbhreithniú. Sna cásanna sin, iarrfaidh an Bainisteoir Athbhreithnithe ar an gcásoibrí an soiléiriú riachtanach a chur ar fáil don ghearánach. Má tá an gearánach míshásta fós, tarchuirfear an cás ar ais chuig an mBainisteoir Athbhreithnithe.

Sa chás go mbaineann an iarraidh ar athbhreithniú le cás ar bhreithnigh an tOmbudsman é, mar shampla gearáin a rinne ionadaithe poiblí nó cás a tarchuireadh chuig an Ombudsman lena fhormheas, ní ghlacfar leis an iarraidh ar athbhreithniú. Is amhlaidh sin mar go bhfuil cinneadh déanta ar an gcás ag an duine is sinsearaí san Oifig cheana féin. Sna cásanna sin, scríobhfaidh an Bainisteoir Athbhreithnithe chuig an ngearánach lena chur in iúl dó nach leanfar lena athbhreithniú. 

I ngach cás, cuirfear sonraí teagmhála an duine atá ag déanamh an athbhreithnithe ar fáil don ghearánach tar éis an t-athbhreithniú a shannadh.

Scrúdú ar an Iarraidh ar Athbhreithniú

Breithneoimid na nithe seo a leanas agus an iarraidh á scrúdú againn:

  • An gearán bunaidh
  • Na tuarascálacha/an fhaisnéis ar fad a chuir an comhlacht poiblí ar fáil
  • Litir chinnidh/dúnta an chásoibrí
  • An Iarraidh ar Athbhreithniú a rinne an gearánach

Cinntí ar Athbhreithnithe

Is é is aidhm dúinn teacht ar chinneadh ar athbhreithnithe laistigh de 90 lá. Mura féidir linn athbhreithniú a chur i gcrích laistigh den tréimhse sin, cuirfimid an méid sin in iúl don ghearánach. 

Má aimsítear san athbhreithniú go raibh mainneachtain éigin ann sa scrúdú a rinneamar ar an ngearán nó má tá fianaise/faisnéis ábhartha nua curtha i láthair ag an ngearánach, cuirfidh an duine atá ag breithniú an athbhreithnithe in iúl don ghearánach go ndéanfaidh an Oifig scrúdú nua ar a ghearán. Osclóimid cás nua.  

Má aimsítear san athbhreithniú nach raibh aon mhainneachtain ann sa scrúdú a rinne an Oifig ar an ngearán, cuirfidh an duine atá ag breithniú an athbhreithnithe an méid sin in iúl don ghearánach agus míneoidh sé cén fáth. Dúnfar an cás ansin agus ní dhéanfar aon ghníomh breise.

Athbhreithnithe ar chinneadh gan gearán a scrúdú

Tá roinnt athbhreithnithe ann a bhaineann le cinntí gan gearán a scrúdú ar an gcéad dul síos, mar shampla gearáin nó soláthraithe seirbhíse atá lasmuigh dár sainchúram nó cás nach ndearnadh an gearán laistigh de 12 mhí ann.   

Má aimsítear san athbhreithniú gur mícheart a bhí cinneadh na hOifige, cuirfidh an duine atá ag breithniú an athbhreithnithe in iúl don ghearánach go ndéanfaidh an Oifig scrúdú ar a ghearán. Osclóimid cás nua.

Sna cásanna sin, ceadófar athbhreithniú breise don ghearánach mura seastar lena ghearán substainteach.

Comhfhreagras Dianseasmhach

Sa chás go leanann gearánach ar aghaidh ag déanamh comhfhreagrais maidir le gearán a cinneadh cheana féin tríd an nós imeachta athbhreithnithe, cuirfear an comhfhreagras ar aghaidh chuig an mBainisteoir Athbhreithnithe.

Sa chuid is mó de chásanna, eiseoidh an Bainisteoir Athbhreithnithe litir chaighdeánach á rá go ndearnadh athbhreithniú agus nach mbeidh aon ghníomh breise á dhéanamh ag an Oifig ar an ábhar.

I roinnt cásanna, d’fhéadfadh an Bainisteoir Athbhreithnithe a mheas gur cheart tuilleadh soiléirithe a chur ar fáil don ghearánach agus socróidh sé go gcuirfear é sin ar fáil don ghearánach.

Sa chás go leanann gearánach ar aghaidh ag déanamh comhfhreagrais, ullmhóidh an Bainisteoir Athbhreithnithe nóta faoin athbhreithniú/faoin ngearán don Ombudsman. Breithneoidh an tOmbudsman cé acu ba cheart nó nár cheart an gearánach a chur ar an eolas go gcuirfear ar taifead an comhfhreagras is déanaí a rinne sé agus an comhfhreagras a dhéanfaidh sé sa todhchaí maidir leis an athbhreithniú ar an gcinneadh gan aon ghníomh breise a dhéanamh nó go meastar gur gá gníomh breise a dhéanamh.

Seol d’iarraidh ar Athbhreithniú chuig an seoladh seo:

An Bainisteoir Athbhreithnithe
Oifig an Ombudsman
18 Sráid Líosain Íochtarach
Baile Átha Cliath 2.

Nó seol d’iarraidh ar Athbhreithniú trí ríomhphost chuig review@ombudsman.ie