(Leagan amhail Deireadh Fómhair 2016)
Ról an Ombudsman
Le linn dó gearáin a scrúdú, is gnách go bhféachann an tOmbudsman lena fháil amach cé acu a d’imir gníomhartha riaracháin an chomhlachta atá á scrúdú drochthionchar ar dhuine inaitheanta nó nár imir agus cé acu ab ionann na gníomhartha sin agus míriarachán nó nárbh ionann. Más amhlaidh atá, is féidir go molfaidh an tOmbudsman sásamh chun an drochthionchar a leigheas, a mhaolú nó a athrú. I roinnt cásanna, cuirtear an gearán i láthair an Ombudsman thar ceann gearánach agus, ina fhianaise sin, ní mór don Oifig gearáin den sórt sin a spreagadh agus a éascú ach cur chuige comhsheasmhach simplí soiléir a ghlacadh i leith shaincheist an toilithe, agus muid ag cloí lenár n-oibleagáidí faoi na hAchtanna um Chosaint Sonraí ag an am céanna. Is léiriú é sin ar an aidhm atá againn bheith chomh hinrochtana agus is féidir do gach gearánach.
I ngach cás, tá sé faoin Ombudsman fiúntas an cháis a chinneadh agus, más fiú déanamh amhlaidh, an sásamh cuí in aon chás ar leith a chinneadh.
Samplaí de Thríú Páirtithe ag Déanamh Ionadaíocht do Ghearánaigh
Is mar seo a leanas atá roinnt samplaí coitianta de chásanna ina n-iarrann gearánaigh ar dhaoine eile a ngearán a chur i láthair thar a gceann:
- Ionadaithe Poiblí ag gníomhú thar ceann toghthóirí;
- Aturnaetha ag gníomhú thar ceann cliant;
- Gearáin ioncaim á gcur isteach ag gníomhairí cánach nó cuntasóirí thar ceann cliant;
- Gearáin á gcur isteach ag Comhairleoirí/Pleanálaithe Teagasc thar ceann feirmeoirí;
- Gearáin á gcur isteach ag tuismitheoirí thar ceann leanaí leo;
- Gearáin á gcur isteach ag gaolta leis an ngearánach;
- Gearáin á gcur isteach ag neasghaolta i dtaca le daoine nach maireann;
- Gearáin á gcur isteach ag gaolta nó ag daoine eile thar ceann duine nach bhfuil in ann an gearán a chur isteach é/í féin.
Tacadóirí (e.g. abhcóidí sláinte nó abhcóidí um Fhaisnéis do Shaoránaigh) ag gníomhú ar son gearánach. Déantar foráil reachtúil leis an Acht Meabhair-Shláinte, 2001, d’abhcóideacht dhlíthiúil do dhaoine a bhfuil meabhairghalar orthu. Foráiltear leis an Acht um Míchumas, 2005, do theidlíocht i leith abhcóideachta do dhaoine faoi mhíchumas. Ina theannta sin, foráiltear leis an Acht um Fhaisnéis do Shaoránaigh 2007 do Sheirbhís Abhcóideachta Phearsanta a chur ar bun. Déantar roinnt tagairtí i gCaighdeáin HIQA do ról na habhcóideachta agus don ghá atá ann le soláthar a dhéanamh do rochtain d’úsáideoirí seirbhíse ar abhcóidí neamhspleácha. Sa Tuarascáil Imscrúdaithe uaidh dar teideal Foghlaim ar son Feabhais, mhol an tOmbudsman gur cheart tacaíocht a thabhairt do sheirbhís abhcóideachta neamhspleách a bhunú ar fud na hearnála ospidéal géarmhíochaine. Is ann do roinnt eagraíochtaí neamhrialtasacha amhail Aoisghníomhaíocht Éireann agus Sage a chuireann seirbhísí abhcóideachta neamhreachtúla ar fáil do ghrúpaí áirithe daoine.
Cén fáth ar Saincheist Imní é Toiliú?
I gcás go bhfuil an cumas ag an duine ar imríodh drochthionchar air/uirthi an cinneadh a dhéanamh é/í féin, ní mór dúinn a fhíorú go cuí gur mhaith leis/léi go ngníomhódh tríú páirtí leis an Oifig thar a c(h)eann.
Ní mór dúinn na nithe seo a chur san áireamh:
D’fhéadfadh go n-aontódh ionadaí neamhúdaraithe le toradh nach bhfuil chun sástacht an duine ar imríodh drochthionchar air/uirthi.
Tá féidearthacht ann go bhfuil an t-ionadaí don ghearánach ag fáil íocaíochta ón ngearánach, cé gur saor in aisce atá seirbhísí na hOifige seo.
Le linn dúinn an gearán a scrúdú, d’fhéadfadh go mbeimis ag próiseáil sonraí pearsanta agus ag nochtadh faisnéis phríobháideach rúnda faoin duine ar imríodh drochthionchar air/uirthi do thríú páirtí de shárú ar na hAchtanna um Chosaint Sonraí.
Ó am go chéile, d’fhéadfadh go mbeadh sochar airgeadais ann d’ionadaí, ag brath ar an toradh ar ghearán a bhaineann leis an duine ar imríodh drochthionchar air/uirthi.
Nósanna Imeachta atá le Leanúint ag Cásoibrithe
1. I gcás go gcuireann ionadaí gearán isteach, bíodh sé go pearsanta, i scríbhinn, ar líne nó trí ríomhphost, agus go bhfuil foirm toilithe ag gabháil leis á léiriú go bhfuil údarás ag an ionadaí gníomhú thar ceann an ghearánaigh, ba cheart don Oifig na nósanna imeachta atá leagtha amach ag mír 2 thíos a leanúint agus iarraidh ar an ngearánach leagan na hOifige den fhoirm toilithe a shíniú.
2. I gcás nach bhfuil aon toiliú follasach ag an Ionadaí, ba cheart iarraidh air/uirthi sonraí teagmhála iomlána an ghearánaigh a chur ar fáil, murar cuireadh ar fáil iad cheana féin. Ba cheart an fhoirm toilithe a eisiúint chuig an ngearánach go díreach agus ba cheart spriocdháta a thabhairt le haghaidh an fhoirm a sheoladh ar ais. Ba cheart a chur in iúl don ionadaí nach mbeifear in ann leanúint leis an bpróiseas scrúdaithe gearáin mura bhfaightear an fhoirm toilithe. Ba cheart a chur in iúl dó/di gur iarramar an fhoirm sin ón ngearánach. Ba cheart a chur in iúl don ionadaí um an dtaca sin freisin go bhféadfadh, i gcás go dtugtar toiliú, go measfaí go bhfuil sé riachtanach don Oifig teagmháil dhíreach a dhéanamh leis an ngearánach le linn an phróisis ghearáin chun tuilleadh faisnéise a fháil, más cuí.
3. Má fhaightear toiliú, beifear in ann leanúint leis an bpróiseas gearáin. Seolfar an litir chinnidh dheiridh chuig an ngearánach agus seolfar cóip den litir chuig an ionadaí. Ar an bhfoirm toilithe a fháil ón ngearánach, ba cheart admháil a eisiúint chuig an ionadaí agus chuig an ngearánach á rá go bhfuarthas an fhoirm.
4. Leanfar leis an mbeartas reatha i dtaca le déileáil le gearáin ó ionadaithe poiblí (TDanna, Seanadóirí agus Comhairleoirí). Is é sin le rá nach dteastaíonn foirm toilithe uainn - eisímid admháil don ionadaí poiblí agus don ghearánach á rá go bhfuarthas an gearán; déanaimid teagmháil dhíreach leis an ngearánach agus eisímid cóip d’aon litir chinnidh chuig an ionadaí poiblí ag an am céanna a n-eisítear an litir chuig an ngearánach.
5. Is ar aon dul leis an mbeartas reatha a leanfar ar aghaidh le déileáil le gearáin a chuireann Ionaid Faisnéise do Shaoránaigh isteach. Glacaimid le gearáin den sórt sin, déileálaimid go díreach leis an ngearánach agus cuirimid an toradh in iúl don Ionad Faisnéise do Shaoránaigh agus don ghearánach.
6. I gcás go gcuireann Cumann Áitritheoirí gearán isteach chuig an Oifig seo, is féidir go mbeidh sé sínithe ag ball aonair den Chumann nó, i gcásanna áirithe, ag gach duine de na baill nó roinnt díobh. Ba cheart don Oifig seo an comhfhreagras ar fad a dhéanamh le duine amháin. Is gnách gurb é an Rúnaí an duine sin. Faoi mar atá amhlaidh i gcás gearán ar bith, is gnách go dteastaíonn fianaise uainn gur imríodh drochthionchar ar dhuine inaitheanta nó ar dhaoine inaitheanta. I gcomhthéacs na ngearán sin, is féidir an fhianaise ar thoiliú le haghaidh an ghearáin a dhéanamh amach ach iarraidh ar an gcumann fianaise i scríbhinn ar thacaíocht an chumainn don ghearán a chur ar fáil e.g. miontuairiscí de chruinniú ina ndearna an cumann rún a tharraingt anuas agus a chomhaontú nó ráiteas i scríbhinn ar shínigh na baill é. Faoi mar atá amhlaidh i gcás gearán ar bith eile, is ar bhonn fiúntais a dhéileáiltear le gearáin den sórt sin. Mar sin féin, ba cheart do chásoibrithe a thuiscint go bhféadfadh go n-imreodh an toradh ar ghearáin den sórt sin tionchar ar dhaoine eile nach baill den chumann iad agus go bhféadfadh nach mbeadh gach duine ag iarraidh an aon toraidh amháin ar leibhéal áitiúil e.g. gearán ar son srianta páirceála áitiúla nó ina n-aghaidh nó gearán faoi cé acu ba cheart ceart slí a chur ar ceal nó nár cheart.