Ráiteas Straitéise 2016-2018
Published
April 2016
Tá áthas orm an chéad ráiteas straitéise uaim mar Ombudsman agus mar Choimisinéir Faisnéise a chur i láthair. Tá an Plean seo ar an séú hathbhreithniú ar chuspóirí straitéiseacha ó Oifig an Ombudsman agus ó Oifig an Choimisinéara Faisnéise (OCF) (ina gcorpraítear Oifig an Choimisinéara um Fhaisnéis Comhshaoil (OCFC)). Leagtar amach sa phlean na príomhchuspóirí atá againn don chéad trí bliana eile, cuspóirí a mbeidh pleananna mionsonraithe bliantúla gnó ag gabháil leo. Cuirtear ann leis na héachtaí suntasacha atá bainte amach againn sna trí bliana seo a chuaigh thart agus úsáidfear é chun cabhrú linn feabhsuithe leanúnacha a chur ar na seirbhísí a sholáthraímid dár gcustaiméirí.
Is é an aidhm atá leis an bplean straitéiseach seo cur leis an iomad éachtaí atá bainte amach againn le linn na tréimhse straitéisí reatha. Dírítear go príomha ar an méid seo a leanas ann: an tionchar atá ag na hOifigí seo ar an mórsheirbhís phoiblí a leathnú/a fheabhsú, an leibhéal seirbhísí a sholáthraímid a fheabhsú go leanúnach, agus a chinntiú go gcumasóidh ár gcórais agus ár bpróisis dúinn ár gcuspóirí a bhaint amach. Den chéad uair riamh, sainaithnítear go soiléir sa phlean freisin na croíluachanna atá taobh thiar den dóigh a soláthraímid ár seirbhísí agus atá ina mbonn taca le gach a ndéanaimid.Sainaithnítear sa phlean roinnt tionscnamh nuálach a bhaineann lenár bpróisis, agus é mar aidhm leo an fhís atá ag an Oifig seo "seirbhís phoiblí atá cóir, oscailte, cuntasach agus éifeachtach" a sholáthar a bhaint amach. Bunaithe ar na héachtaí a baineadh amach le linn an timthrialla pleanála seo a chuaigh thart, tá an-mhuinín agam go mbeimid in ann na príomhchuspóirí dúshlánacha a leagamar orainn féin a chomhlíonadh go rathúil arís eile.
Peter Tyndall
An tOmbudsman agus an Coimisinéir Faisnéise