Baile  /  Eolas Fúinn  /  Beartais agus straitéisí  /  Athchóiriú na Seirbhíse Poiblí
 

Athchóiriú na Seirbhíse Poiblí

Cuirtear maoiniú ar fáil do ghníomhaíochtaí na hOifige an trí mheán an Oireachtais faoi Vóta 18. Cistíonn an Vóta seo freisin na gníomhaíochtaí a bhíonn ar bun ag an gCoimisiún um Chaighdeáin in Oifigí Poiblí agus Oifig an Choimisinéara Faisnéise (ag cuimsiú Oifig an Choimisinéara um Fhaisnéis Comhshaoil). Baineann na Tuarascálacha ‘Action PlanProgress and Sustainable Savings First’, a cuireadh faoi bhráid an Fhorais Forfheidhmiúcháin do Chomhaontú na Seirbhíse Poiblí 2010-2014 le gach ceann de na trí Oifig sin. Níl na doiciméid sin ar fáil ach i mBéarla amháin.

Faoin bPlean um Athchóiriú na Seirbhíse Poiblí, tá beartaithe ag Oifig an Ombudsman na sonraí a bhaineann le cheannacháin, ar suimeanna níos mó ná €20,000, a fhoilsiú ar líne faoi dheireadh na bliana 2012. Foilseofar na sonraí go ráithiúil ag deireadh gach ráithe.