An Ombudsman

Ceapadh Peter Tyndall mar Ombudsman ar 2 Nollaig 2013.
As Baile Átha Cliath ó dhúchas, d'fhóin an tUasal Tyndall, mar Ombudsman Seirbhísí Poiblí sa Bhreatain Bheag. Bhí sé ina Phríomhfheidhmeannach freisin ar an gComhairle Ealaíon sa Bhreatain Bheag, mar Cheann Oideachais agus Cultúir do Chumann Rialtais Áitiúil na Breataine Bige agus d'oibrigh i bpoist shinsearacha sa chúram tithíochta agus sóisialta. Díol suntais é freisin gur fhorbair sé seirbhísí tithíochta agus tacaíochta do dhaoine le deacrachtaí foghlama.
Is ball é Peter de Choiste Feidhmiúcháin an Chomhlachais Ombudsman agus faoi láthair is Uachtarán é ar an Institiúid Idirnáisiúnta Ombudsman freisin.