Too Old to be Equal?
Tá an tOmbudsman, Emily O’Reilly, ag foilsiú inniu (25 Iúil 2011) a tuarascáil "Too Old to be Equal?" a bhaineann leis an Scéim Liúntais Soghluaisteachta. Eascraíonn an tuarascáil seo as iniúchadh atá déanta aici ar ghearán a fuair sí in éadan na Roinne Sláinte. Is mar seo a leanas a chinn an tOmbudsman tar éis an iniúchta:
- go bhfuil an Scéim Liúntais Soghluaisteachta idirdhealaitheach go míchuí de bharr uasteorainn aoise sa Scéim a sáraíonn an tAcht um Stádas Comhionann 2000;
- go bhfuil an uasteorainn aoise mídhleathach ó thosaigh an tAcht um Stádas Comhionann 2000 de bheith i bhfeidhm;
- nach dtugann bearta na Roinne le fios go bhfuil aon dithneas ná práinn sa Roinn ag féachaint leis an Scéim a leasú le go mbeadh sí ag cloí leis an Acht um Stádas Comhionann d’ainneoin gur tharraing roinnt comhlachtaí aird na Roinne ar na lochtanna a bhain leis an Scéim, an tÚdarás Comhionannais san áireamh.
Tá glactha ag an Roinn le cinntí agus moltaí an Ombudsman agus go háirithe go ndéanfaí athbhreithniú ar an Scéim laistigh de sé mhí ó dháta na tuarascála.
Cúlra
Tionscnaíodh an t-iniúchadh tar eis don Ombudman gearán a fháil thar ceann mná ar diúltaíodh liúntas di faoin Scéim ar an mbonn go raibh si os cionn 66 bliain d’aois. Íoctar Liúntas Soghluaisteachta le daoine atá faoi mhíchumas agus nach bhfuil in ann siúil nó iompar poiblí a úsáid agus a ‘bhainfeadh sochar as athrú timpeallachta’. De réir forálacha na Scéime, caithfidh iarratasóirí céaduaire a bheith faoi bhun 66 bliain d’aois; ach leantar leis an íocaíocht, tar éis a mbreithlá 66 bliain, i gcás daoine atá ag fáil an Liúntais cheana féin.
Tar éis di an cás a iniúchadh, chinn an tOmbudsman go raibh an uasteorainn aoise sa Scéim ag teacht salach ar forálacha an Achta um Stádas Comhionann 2000. Bhí sé soiléir freisin don Ombudsman go raibh an Roinn ar an eolas faoi seo le fada. Sa bhliain 2008 chinn an tÚdarás Comhionannais go ndearnadh idirdhealú leatromach ar bhean ar diúltaíodh a hiarratas ar Dheontas Motariompair ar an bhonn go raibh sí os cionn 66 bliain d'aois. In ainneoin go bhfuil an Scéim Liúntais Soghluaisteachta ag teacht salach ar forálacha an Achta um Stádas Comhionann ón bhliain 2000 i leith, níor léirigh an Roinn aon dithneas ná práinn ag feidhmiú leis an Scéim a leasú.
Le linn an iniúchta, ghabh an Roinn leithscéal as ucht a teip an Scéim a chur i gceart agus chinn an Roinn ar íocaíocht shiarghabhálach a dhéanamh i gcás an ghearánaithe cé go bhfuair sí bás taca an ama sin.