Dáta eisiúnta: 19.09.2011
Dé Luain, an 19 Meán Fómhair 2011: “Inis dúinn má tá botúin déanta, agus ná bíodh faitíos ort gearán a dhéanamh” – ba é sin príomhtheachtaireacht sheoladh Healthcomplaints, tionscnamh de chuid na seirbhíse poiblí chun cur in iúl don phobal cén áit agus cén chaoi ar féidir leo gearán a dhéanamh maidir le seirbhísí sláinte agus cúraim shóisialta. Ba í an tAire Stáit Róisín Shortall TD a sheol an tionscnamh inniu.
Sheol an tAire Stáit ag an Roinn Sláinte a bhfuil freagracht ar leith aici i leith an Chúraim Phríomhúil an tionscnamh ag comhdháil i gCaisleán Bhaile Átha Cliath maidir le Cén Chaoi agus Cén Áit a nDéantar Gearán faoi Sheirbhísí Sláinte agus Cúraim Shóisialta in Éirinn.
“Tá sé de cheart ag gach aon duine gearán a dhéanamh agus muinín a bheith acu go gcaithfear leis an ngearán ar bhealach atá cothrom, cuí agus pras, agus tá sé tábhachtach béim a leagan air sin. Níor cheart go mbeadh sé casta gearán a dhéanamh agus níor cheart go mbeadh imní ar dhaoine go mbeadh tionchar ar leibhéal an chúraim á chur ar fáil de thoradh ar ghearán a dhéanamh. Ní mar a shíltear a bhítear agus d’fhéadfadh sé gur mhaith an rud é má dhéanann othar teagmháil le do sheirbhís chun gearán a dhéanamh maidir le seirbhís a fuarthas. Uaireanta feicfidh tú laige i do chuid seirbhísí ar féidir í a chur i gceart, rud a chuirfidh cosc ar ghearáin nó ar fhadhbanna a d’fhéadfadh a bheith ann amach anseo. Cineál éifeachtach aiseolais ó othair atá ann, cé go mbeidh súil agat nach mbeidh an iomarca gearán ann. Ba cheart an sprioc a leagan síos líon beag gearán a fháil, nó gan gearán ar bith a fháil,” a dúirt an tAire Shortall agus í ag labhairt ag an seoladh.
Foireann uirlisí atá in Healthcomplaints trína gcuirtear faisnéis agus tacaíocht ar fáil maidir le cén chaoi agus cén áit a ndéantar gearán maidir le seirbhísí sláinte nó cúraim shóisialta. Is éard atá ann ná treoir don phobal, bileog, póstaer, treoirleabhar oiliúna do bhaill foirne, agus an láithreán Gréasáin – http://www.healthcomplaints.ie/gaeilge/
Is í seo an chéad uair atá tionscnamh mar sin seolta in Éirinn.
Agus í ag labhairt ar an gcaoi ar tháinig an tionscnamh chun cinn, dúirt an tOmbudsman Emily O’Reilly: “I mí an Mheithimh 2010, shocraíomar i m’Oifig beart a ghlacadh chun go mbeadh sé níos éasca ar dhaoine gearán a dhéanamh maidir le seirbhísí sláinte nó cúraim shóisialta. Timpeall ar an am céanna, d’fhoilsigh HIQA taighde inar tacaíodh leis an taithí a bhí againn ar chleachtas na ngearán sláinte sa tír seo. Cinneadh i suirbhé HIQA nach raibh a fhios ag 84% de na daoine a raibh gearán acu cé leis ar cheart gearán a dhéanamh, agus bhí imeagla ar 52% gearán a dhéanamh. Scríobhamar chuig deich n‑eagraíocht agus thugamar cuireadh dóibh a bheith páirteach i dtionscnamh chun ionad ilfhreastail a chur ar fáil maidir le faisnéis ar ghearán sláinte a dhéanamh. Ba é an toradh air sin ná tionscnamh a bhí comhoibríoch, díograiseach, nuálaíoch agus deonach go hiomlán."
Is éard atá i gceist le Healthcomplaints ná comhoibriú idir comhlachtaí láimhseála gearán (Oifig an Ombudsman agus an Ombudsman do Leanaí), soláthraithe cúraim sláinte agus shóisialta (Feidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte), rialtóirí seirbhísí (An tUdarás um Fhaisnéis agus Cáilíocht Sláinte, an Coimisiún Meabhair-Shláinte), rialtóirí gairmithe (Comhairle na nDochtúirí Leighis, An Bord Altranais, Corú, An Chomhairle um Chúram Práinne Réamh-Ospidéil) agus ionadaithe úsáideoirí na seirbhísí (Cumann Othar na hÉireann). Cuimsítear leis 17 gcomhlacht rialála agus soláthraí seirbhíse.
“Tá sé mar aidhm ag an tionscnamh seo cur ar chumas daoine gearán a dhéanamh, agus is mian linn an fhaisnéis, an treoir agus an tacaíocht a bhíonn de dhíth orthu chun teacht chun tosaigh a chur ar fáil dóibh. Má fhoghlaimímid ónár gcuid botún, is féidir feabhsuithe a dhéanamh agus cuirfear cúram níos fearr agus níos sábháilte ar fáil dár n‑othar,” a dúirt an tOmbudsman O’Reilly.
I measc na gcainteoirí ag an gcomhdháil i gCaisleán Bhaile Átha Cliath, bhí Cathal Magee, Príomhoifigeach Feidhmiúcháin FSS; Emily O’Reilly, an tOmbudsman; An tOllamh Jane Grimson, Leas-Phríomhoifigeach Feidhmiúcháin, an tÚdarás um Fhaisnéis agus Cáilíocht Sláinte; Sylda Langford, Cathaoirleach, an Bord um Fhaisnéis do Shaoránaigh; Stephen McFadden, Cumann Othar na hÉireann; agus an tUasal Loretta Evans.
Labhair an tUasal Evans, máthar Colin Evans, ar bhás tragóideach Colin tar éis sraith clistí in ospidéal mór oiliúna agus ar a taithí phearsanta de bheith ag plé leis an tseirbhís sláinte.
“Chabhraigh sé linn bogadh ar aghaidh mar theaghlach gearán a dhéanamh maidir leis an gcúram a fuair Colin. Tá súil againn go gcuirfear feabhas ar chúram daoine eile de bharr ár ngearáin, agus tugann an t‑eolas sin sólás dúinn. Déanann sé difríocht gearán a dhéanamh, ach ní rud éasca é. Bíonn faisnéis agus tacaíocht de dhíth ar dhaoine, agus is cinnte go gcuirfear roinnt faisnéise agus tacaíochta ar fáil mar thoradh ar an tionscnamh seo” a dúirt sí.
Tá feachtas faisnéise á chur i bhfeidhm ar fud na tíre in ospidéil, i dtithe altranais, i lialanna, in eagraíochtaí tathanta agus sna gníomhaireachtaí agus sna heagraíochtaí ar fad a bhíonn páirteach i gcúram sláinte agus sóisialta a sholáthar.
Is féidir an t‑ábhar ar fad agus faisnéis bhreise a íoslódáil ó http://www.healthcomplaints.ie/