An Naoú Seimineár Náisiúnta de Líonra Eorpach na nOmbudsman An 17 Meán Fómhair 2013 - Emily O'Reilly, Ombudsman
Sa bhliain 2008 in Éirinn, bheartaigh an t-ainmhí iontach sin an Tíogar Ceilteach bailiú leis as an tír, ainmhí a thug leis rachmas pearsanta agus saibhreas poiblí. Táthar tar éis deireadh ré an ainmhí chéanna a phlé agus a athphlé. Níl sé i gceist agamsa a scéal a athinsint arís. Ach, ba mhaith liom tagairt don tionchar ar obair an Ombudsman le ceithre bliana anuas a bhí ag an gcúlú eacnamaíochta a d’eascair as sin agus don tionchar a bhí ag an gclár déine arna fhorchur orainn ag an Triúracht, an Ciste Airgeadaíochta Idirnáisiúnta, an Banc Ceannais Eorpach agus an Coimisiún Eorpach.
Ba mhaith liom tagairt don dearcadh atá ag na saoránaigh – na créatúir sin a bhfuilimid á bplé an tseachtain seo – ar an mbealach a ndearna an Rialtas iarracht an tír a threorú as an gcúlú eacnamaíochta.
Ar an gcaoi sin tá súil agam míniú éigin a thabhairt ar na deacrachtaí dúinn uile a bhaineann le déileáil le rialtas a raibh air dianlaghdú a dhéanamh ar thacaí airgeadais agus sóisialta a bhí ar fáil roimhe seo do na saoránaigh sin.
Tráth a bhfuil an tobar tirim agus daoine ag impí orainne, na hOmbudsmana, cuidiú leo, cad is féidir linn a dhéanamh? An leor iniúchadh a dhéanamh ar na scéimeanna atá fágtha chun cúnamh a thabhairt do dhaoine aonair agus do theaghlaigh agus a chinntiú go bhfuil siad á riar i gceart. Ar chóir dúinn neamhaird a dhéanamh de na roghanna beartais ba bhun le deireadh a chur leis na scéimeanna eile nó ba bhun lena laghdú. Nó an bhfuil dualgas orainn páirt a ghlacadh sa díospóireacht a bhain leis na roghanna beartais sin, fiú trí mhainneachtain sa chaoi a roghnaímid ár n-imscrúduithe agus ar an gcaoi a ndéanaimid na himscrúduithe sin a eadránú?
I ngach tír a riabh cúlú eacnamaíochta inti ó chlis ar an eacnamaíocht dhomhanda sa bhliain 2008 rinneadh iarracht leigheas a fháil ar an scéal ar bhealaí a bhí ag teacht le cultúr polaitiúil, sóisialta, saoránach agus eacnamaíochta na tíre sin. Mar shampla, rinne an Íoslainn roghanna maidir lena córas baincéireachta nach ndearna Rialtas na hÉireann – agus ba chinneadh lántoiliúil é d’Éirinn gan a mhacasamhail a dhéanamh. Is minic a labhair an pobal sa Ghréig amach, trí agóid a dhéanamh i gcoinne a Rialtais, ach d’fhan pobal na hÉireann in dtost, cé go raibh siad feargach, agus is annamh a rinne siad agóid ar na sráideanna.
Tríd is tríd, léiríonn na roghanna a dhéanann stáit éagsúla an córas áirithe luachanna atá i bhfeidhm sa stát sin. An cheist atá agamsa ná seo – i gcás go dtagann córas áirithe luachanna i dtreis, agus go bhfuil an tOmbudsman den tuairim nach bhfuil an córas luachanna a théann i bhfeidhm ar na roghanna polaitíochta a dhéantar ag tabhairt cosaint a dóthain do leasa an tsaoránaigh, cá mhéid ar féidir leis an Ombudsman labhairt amach ina thaobh? I gcás go bhfuil cúrsaí airgeadais ag teacht chun tosaigh ar chúrsaí sóisialta, pearsanta agus daonna, arís is arís is arís eile, an féidir a rá nach bhfuil ann ach polaitíocht mar is gnách nó an féidir a rá, go dlisteanach, gur míriarachán atá i gceist, agus dá bhrí sin gur féidir linn dul i ngleic leis?
An tseachtain seo caite, pléadh ábhar conspóideach sa tír seo agus mhaígh tráchtairí iomadúla agus baill den phobal go ndearna an rialtas agus na bainc cinntí –ar mhaithe leis an bpobal mar dhea – arb cinntí iad a rinne siad, déanta na fírinne, ar mhaithe le cuid amháin den tsochaí – an chuid is saibhre, nó ar a laghad an chuid sin den tsochaí a bhí saibhir tráth agus ar dócha go mbeidís saibhir arís. Dar le roinnt tráchtairí, ba léiriú é sin ar fheiniméin iar-chúlaithe eacnamaíochta ‘sóisialachas do lucht an rachmais, caipitleachas do na bochtáin’.
Luafaidh mé anois sonraí na conspóide sin. Thug an Rialtas isteach scéim dar teideal PIP – líonra de shaineolaithe airgeadais a dtugtar Cleachtóirí Pearsanta Dócmhainneachta orthu a dhéanfaidh idirbheartaíocht leis na bainc ar son daoine maidir le fiacha pearsanta na ndaoine sin, agus a dhéanfaidh iarracht socrú éigin inoibrithe airgeadais a dhéanamh – agus seo go léir faoi scáth na scéime um shocraíocht fiachais ar scéim iad atá stát-bhunaithe.
Gan amhras, tá an-suim ag daoine a fháil amach conas a oibreoidh an scéim seo, cá mhéid a chosnóidh sé mar shampla, cé chomh dian is a bheidh an córas do theaghlach i gcás go ndéanann siad socrú lena mbanc, an gcaillfidh siad áras an teaghlaigh mar shampla? |Ní miste a chur in iúl ag an bpointe seo go bhfuil cultúr in Éirinn teach a cheannach, neamhchosúil le tíortha Eorpacha eile ina mbíonn áras an teaghlaigh ar cíos go minic, agus go bhfuil sé an-tromchúiseach do theaghlach Éireannach áras an teaghlaigh a chailliúint agus go bhfuil a lán comhbhá ann d’aon teaghlach a dtarlódh seo dóibh is cuma cibé cúis leis].
Mar sin is deimhin go mbeidh an cheist go mór i mbéal na meán. An tseachtain seo caite, cuireadh agallamh ar dhuine de na cleachtóirí dócmhainneachta ar raidió náisiúnta, a dtabharfaidh mé an tUasal Pip air. Nuair a cuireadh ceist ar an Uasal Pip mar gheall ar áras an teaghlaigh seo a leanas a bhí le rá aige:
“Bheadh cás láidir ann, mar shampla, le go mbeadh teach níos mó ag aturnae a bheadh ag teacht lena stádas gairmiúil sa tsochaí ionas go bhfeicfeadh a chomharsana agus a chliaint go bhfuil an duine seo ina aturnae maith atá ag cónaí i dteach maith.
“Beidh ar an PIP,” ar seisean, “measúnú a dhéanamh ar an gcineál tí is gá don duine gairmiúil sin, mar shampla aturnae, cuntasóir nó sainchomhairleoir ospidéil i gcomparáid leis an gcineál tí ba ghá do dhuine a bheadh san earnáil ÍMAT”. Is córas cánach é ÍMAT, mar a mbaintear cáin ó ioncam duine ag an bhfoinse agus baineann sé leis an oibrí is bunúsaí sa stát.
Cé nach raibh i gceist ag an Uasal Pip bocht ach go bhféadfaí tionchar a imirt ar ioncam an duine ghairmiúil i gcás go measfadh daoine go raibh a stádas laghdaithe go feiceálach sa mhéid go raibh air bogadh go teach níos lú, níorbh é seo an bealach a leithéidí a chur in iúl. Mar sin cáineadh go forleathan na nithe a duit sé agus ghabh sé leithscéal ina dhiaidh sin.
Bhí roinnt daoine den tuairim gur léirigh seo an smaointeoireacht atá taobh thiar den scéim – gurb í fírinne an scéil ná, d’ainneoin na reitrice go léir mar a maítear gur réiteach an scéim seo do gach duine atá faoi ualach mór fiachais, nach bhfuil ann i ndáiríre ach scéim chun cuidiú leosan atá níos airde sa tsochaí, agus ní dóibhsean atá ag streachailt leo ag bun an dréimire.
Agus tugann sin mé chuig mo chroíphointe. Cé hé nó hí an ‘saoránach’ a mbíonn an rialtas ag trácht ar chuidiú leo, ar thacú leo agus ar iad a chur san áireamh? D’ainneoin na reitrice, an gceapann an rialtas go bhfuil saoránaigh áirithe ann a bhfuil tacaíocht tuillte acu níos mó acu ná saoránaigh eile agus gurb é fíordhualgas an Rialtais tacú lena leasa thar leasa daoine eile? Agus más amhlaidh atá, conas a dhéileálfaimidne, na hOmbudsmana, le fírinne an scéil?
Níl aon saoránach “caighdeánach” ann. Ina dhán aorach ón mbliain 1939 "The Unknown Citizen" cuireann an file W. H. Auden síos ar an saoránach idéalach ó dhearcadh an rialtais de. Seo an gnáthshaoránach atá plásánta, a chloínn leis na rialacha agus a thuigeann cá bhfuil sé nó sí suite i mórscéim an tsaoil. Dar le Auden, (agus gan amhras is guth firinn atá sa dán) seo mar a bheadh an saoránach idéalach sin:
" ... held the proper opinions for the time of year;
When there was peace, he was for peace: when there was war, he went.
He was married and added five children to the population,
Which our Eugenist says was the right number for a parent of his
generation.
And our teachers report that he never interfered with their
education.
Was he free? Was he happy? The question is absurd:
Had anything been wrong, we should certainly have heard."
Fírinne an scéil, ámh, ná gur grúpa ilchineálach, éagsúil iad saoránaigh na tíre agus is gá don rialtas freagairt do riachtanais na hilchineálachta sin. Agus is gá bheith cúramach má táthar ag freagairt do riachtanais na mionlach, mar go bhfuil an duine ón mionlach sin an-éagsúil leis an saoránach caighdeánach dá bhfuil cur síos i ndán Auden. Níor bhain Saoránach Auden le pobal na Romach ná leis an Lucht Siúil, ní raibh sé faoi mhíchumas fisiceach nó meabhrach, ní raibh sé dífhostaithe, ní raibh sé gan dídean nó sa phríosún, ní raibh sé ina iarrthóir tearmainn, níor labhair sé teanga mionlaigh. Ar an taobh eile de, ní raibh Saoránach Auden chomh muiníneach maidir lena chearta, agus chomh hinniúil i ndearbhú na gceart sin, go bhféadfadh sé cur isteach go mór ar obair an rialtais. Mar sin nuair a thráchtaimid ar fhiúntas an tsaoránaigh a aithint, ar chóir dúinn bheith ag cur na ceiste, an bhfuil sé dosheachanta go mbeidh roinnt saoránach a samhlófar i gcónaí fiúntais níos mó leo.
Conas is Cóir don Rialtas Caitheamh leis an Saoránach?
I mo Thuarascáil Bhliantúil 2011 thrácht mé ar an gcaoi ar chóir don rialtas agus dá oifigigh déileáil leis an bpobal tráth a bhfuil cúlú eacnamaíochta ann. Luaigh mé go bhfuil sé ar cheann d’fheidhmeanna an Ombudsman féachaint lena chinntiú, i gcás go gcaithfear seirbhísí a laghdú, gur chóir go mbeadh na hathruithe sin cóir agus cothrom. Luaigh mé nach féidir glacadh leis go laghdófaí seirbhísí ná sochair ar bhealach éagórach nó aondeonach; agus luaigh mé gurb é gnó an Ombudsman labhairt amach i gcás go bhfuil aimhrialtachtaí ann.
I gcás ina ngearrtar siar scéimeanna nó ina bpléadálann comhlachtaí poiblí nach bhfuil sé ar a gcumas íoc, áitímid ar chomhlachtaí poiblí a bheith follasach, ionraic, fírinneach agus cothrom le daoine agus nach gcuireann siad strus breise orthu mar gheall ar theip chun a dteidlíochtaí a shoiléiriú dóibh.
Tá sé de dhualgas ar chomhlachtaí poiblí a bheith soiléir agus ionraic faoina bhfuil daoine i dteideal uathu. Is é an toradh is measa ná go bhfágtar daoine gan eolas cuí nó go gcuirtear ó dhoras iad. Más rud é go ndearnadh roghanna deacra polaitíochta, bíonn freagracht go fóill ar an tseirbhís phoiblí as a bheith soiléir faoi thorthaí na roghanna sin. Ní hé dualgas na seirbhíse poiblí casadh a chur ar scéal.
Mar sin, tá gné mhór pholaitiúil ag baint leis na cinntí i ndáil le laghduithe déine-bhunaithe ar sheirbhísí agus ar shochair don saoránach. Ach is cúis imní dom é i gcás go bhfuil an rialtas i mbun na "claonbholscaireachta" chun freastal ar pé cuspóirí polaitíochta atá acu féin. Is é atá i gceist agam leis seo ná an claonadh atá ann an tuairisc ar chiorruithe nó laghduithe i seirbhísí a mhaolú nó a mhaíomh nach bhfuil siad ann agus b’fhéidir, ar bhonn níos cleasaí, iarracht a dhéanamh aird a atreorú ón rialtas féin ag maíomh nach bhfuil aon fhreagracht ar an rialtas as an scéal.
Roinnt Samplaí
Seo a leanas sampla den chaoi a mothaíonn sé bheith i do shaoránach a ndéantar neamhaird díot, saoránach nach bhfuil ag teacht le samhail Auden, saoránach a bhfuil géarghá aige le haird an rialtais thar aon duine eile.
Seo thíos roinnt línte as doiciméad dar teideal "Letter to Matthew" a scríobhadh an 20 Deireadh Fómhair 2004. Scríobhadh seo cúpla bliain roimh an gcliseadh eacnamaíochta, ach is léiriú é fós féin ar an anacair atá ag baint le teip an rialtais dul i ngleic leis na riachtanais is doimhne ag duine dár saoránaigh. Seo litir a scríobh athair chuig a mhac faoi mhíchumas.
Dear Matthew
I am writing this letter into the unknown. I know you will never be able to read or understand it, yet it seems like the only thing I can do just now. I lay you in your cot every night, not daring to think of tomorrow, of our future, of your future. But tonight it is different. I have just been at a meeting on the new Disability Bill, and I am troubled more than I have been for a long time, yet you still make me smile, as you have done, through dark days and bright since you were born eleven years ago. Thank you for that.
I am truly at a loss as to why they won’t listen. How is it that you scare them so much? Sure, you can’t walk or talk and you look funny and I know it is hard for them to see you through the distractions of what to them is not ‘normal’. But that’s no excuse. We have been trying to show them for years that you are all there, a whole person, different, but nonetheless a whole person, just like them.
We thought that this Bill would cure all that, but no, more of this crazy fear that you will bankrupt the State, poor Mattie, if you only knew what a threat you are. Your life is not to be facilitated without being shackled to ‘the availability of resources’ or the grey notion of ‘practicability’.
[...]
Matthew, I know you can’t be angry, nor can you despair, you don’t know how, but I do, ------I do, I am terrified that you will end up in a ‘State’ (sic) of fear like so many before you.
Sleep well, my little man. Tomorrow we will try again.
Your Dad
Cé gur ábhar corraitheach é seo agus gur foirmle sheanchaite í, tá bunús maith leis na cúiseanna imní atá ag an athair. Is léir go bhfuil an cúlú eacnamaíochta tar éis tús a chur le fulaingt i saol daoine faoi mhíchumas agus saol a dteaghlach de réir mar a tarraingíodh siar na línte tarrthála airgeadais a bhíodh ann. Is roghanna polaitiúla iad seo agus tuigim nach roghanna éasca iad d’aon Rialtas daonnachtúil a dhéanamh ach is roghanna iad mar sin féin – an rogha cláir áirithe a ghearradh agus cláir eile a fhágáil mar atá, nó an t-airgead a choiglítear a úsáid chun cuidiú le daoine eile sa tsochaí.
Mí-úsáid Thuarascálacha an Ombudsman
Ach, ba mhaith liom sampla a thabhairt daoibh den chineál rud a tharlaíonn i gcás go ndéanann Ombudsman iarracht impí ar an rialtas cloí le gnásanna cearta agus iad ag cur i bhfeidhm a mbeartas, fiú agus an tOmbudsman ag glacadh leis gurb leis an rialtas amháin a luíonn sé roghanna beartais a dhéanamh. Le dhá bhliain anuas, tharla sé trí huaire gur bhain an rialtas úsáid as tuarascálacha imscrúdaithe a rinne mise mar chúis chun deireadh a chur le roinnt de na scéimeanna ar dhéileáil mé leo i mo thuarascálacha. Níl fhios agam ar tharla seo d’Ombudsmana eile ar fud na hEorpa, ach dearbhaím daoibh nach luíonn sé seo go maith liomsa, ó dhearcadh an Ombudsman de. Sna cásanna seo, bhí orm an cheist a chur orm féin ar éirigh leis na himscrúduithe a rinne mé – cé go ndearna mé iad de mheon maith – ar deireadh thiar thall níos mó dochair ná maitheasa a dhéanamh. Sa dá chás, tar éis dom a chur in iúl don stát go raibh a ghníomhartha mídhleathach agus aimhrialta, ghearr siad siar na scéimeanna do dhaoine faoi mhíchumas, agus bhí tionchar tromchúiseach aige sin ar ghrúpaí leochaileacha daoine.
Bhain an chéad chás le scéimeanna chun cuidiú le daoine faoi mhíchumas lena riachtanais taistil, agus is deontas airgeadais aon uaire a bhí ann.
Rinne mé imscrúdú ar roinnt gearán eile i ndáil leis an dá scéim seo. I gcás amháin, an Liúntais Soghluaisteachta, bhain an gearán le nach raibh an scéim ar fáil do dhaoine os cionn 66 bliain d’aois agus b’idirdhealú míchuí é sin. Sa chás eile, bhí an scéim á feidhmiú ar bhealach inar idirdhealaíodh go héagórach idir daoine le cineálacha éagsúla míchumais.
Chin mé go raibh an dá scéim ag sárú reachtaíocht comhionannais na hÉireann agus mhol mé go n-athrófaí iad le go mbeidís ag feidhmiú de réir an dlí.
Níor easaontaigh an tAire cuí – an tAire Sláinte - leis na cinntí seo, ach chuir sé a thuairim in iúl don dáil – is é sin go mbeadh costais bhreise ag baint le glacadh le mo mholtaí agus go mbeadh gá ciorruithe móra a dhéanamh i seirbhísí tús líne sláinte dá bharr.
I mo thuairimse, bhí na moltaí seo bunaithe ar ghlacadh leis go dtarlódh an “cás is measa” dá gcloífí le mo mholtaí agus is léir go raibh áibhéil á dhéanamh ar an tionchar a bheadh ag glacadh le mo mholtaí. Dar liomsa, is dócha go raibh réitigh ann nach mbeadh leath chomh drámata is a bhí á mhaíomh ag an Aire.
Cúpla seachtain tar éis don Aire teacht os comhair an Choiste – agus tráth a raibh an Roinn in ainm is a bheith i mbun athbhreithniú cuimsitheach a dhéanamh ar an dá scéim – ba mhór an ionadh a bhí orainn nuair a d’fhógair an Rialtas go rabhthas chun deireadh ar fad a chur leis an dá scéim láithreach.
Ní raibh aon nasc follasach idir deireadh a chur leis an dá scéim agus na moltaí a rinne mise mar Ombudsman. Bhí infeireas ann, ámh, dá mbeinnse mar Ombudsman tar éis fanacht i mo thost go mb’fhéidir go mbeadh na scéimeanna seo fós i bhfeidhm. Gheall an Rialtas go ndéanfaí freastal ar riachtanais taistil agus soghluaisteachta daoine faoi mhíchumas faoi shocruithe nua atá fós le déanamh. Níl aon tuairisc faighte agamsa go fóill, ámh, ar aon dul chun cinn ina leith seo.
Tharla sé arís le déanaí gur baineadh úsáid as moladh a rinne an tOmbudsman mar chúis chun gearradh siar a dhéanamh ar sheirbhís a bhaineann le scéim dar teideal an Cárta do Thinneas Fadtéarmach. Is scéim reachtúil í seo mar a gcuirtear drugaí agus cógais ar fáil saor in aisce do dhaoine ainmnithe áirithe a bhfuil tinneas fadtéarmach orthu. Ceann de na tinnis ainmnithe sin, atá i bhfeidhm do leanaí faoi bhun 16 bliana d’aois, ná “meabhairghalar” agus an téarma sin in úsáid ar bhealach neamhshonrach. An gearán a rinneadh le m’oifig bhain sé le teidlíocht linbh an Cárta do Thinneas Fadtéarmach a fháil,ar leanbh é a bhfuil Neamhord Hipirghníomhaíochta an Easnaimh Airde (ADHD) agus neamhord de chuid speictream an uathachais (ASD) air.
Fuair mé amach gurb é an gnáthchleachtas ar fud na tíre ná go gcuirtear an Cárta seo ar fáil do leanaí a bhfuil na neamhoird sin orthu. I gcodanna áirithe den tír, ámh, an áit a bhfuil cónaí ar mo ghearánach san áireamh, tá dearcadh éagsúil ag an rialtas áitiúil maidir leis an scéal agus ní bhronnann siad an cárta ar leanaí a bhfuil na neamhoird sin orthu. Croílár na ceiste i ndáiríre ná ar chóir go n-áireofaí ADHD agus/nó ASD sa sainmhíniú “meabhairghalar”. I bhformhór na tíre, áirítear na neamhoird sin faoin sainmhíniú le haghaidh mheabhairghalair; i gcodanna eile den tír ní áirítear.
Tar éis dom m’imscrúdú a dhéanamh rinne mé moladh nach raibh chomh suntasach sin, go gcuirfí scéim an Chárta do Thinneas Fadtéarmach i bhfeidhm de réir a chéile ar fud na tíre. Mhol mé freisin, ar feitheamh thoradh an athbhreithnithe a bhí ar siúl ar an scéim agus aon leasuithe a dhéanfaí ar an reachtaíocht dá bharr sin, go leanfadh an rialtas ag feidhmiú na scéim, de réir mar a bhí ar siúl aige le blianta fada anuas i bhformhór na tíre. Ar an mbonn sin, leanfaí ag feidhmiú na scéim chun leasa leanaí le ADHD agus/nó ASD.
Táim fós ag feitheamh le freagra críochnaitheach ar mo mholtaí. Táim cinnte go n-aontóidh an rialtas gur chóir an scéim a chur i bhfeidhm ar bhonn comhsheasmhach ar fud na tíre. Ach ón méid atá cloiste agam go dtí seo, tá sé le tuiscint go bhfuil sé beartaithe acu an scéim a chur i bhfeidhm go comhsheasmhach ach ag cur leanaí le ADHD agus/nó ASD as an áireamh. Tá fhios agam go cinnte nár cheadaigh an rialtas aon chártaí nua le cúpla mí anuas, in aon chuid den tír, d’iarratasóirí le ADHD agus/nó ASD.
Is éard atá tarlaithe ná, trí aird a tharraingt ar chleachtas aimhrialta a raibh roinnt daoine faoi mhíbhuntáiste da bharr, go bhfuil an míbhuntáiste sin á chur i bhfeidhm do gach duine anois.
Is léir mar sin, cé go raibh sé de láncheart agam idirghabháil sa chás seo, agus go raibh mé ag feidhmiú go hiomlán de réir mo róil reachtúil, go bhfuil teaghlaigh anois eisiata ó theidlíocht a bheadh acu ach m’idirghabháil sa scéal. Seans go mbeidh orm, mar Ombudsman, glacadh leis gur seo mar a sheasann cúrsaí.
Ach ní féidir glacadh leis, i gcás na scéime áirithe seo, gur ghearr an Rialtas siar an scéim seo gan é sin a chur in iúl don phobal – go bhfios domsa.
Conclúid
Measaim go n-aontóimis go léir go mbíonn sé deacair ar an rialtas cinntí a dhéanamh, ó thaobh freastal ar an saoránach, tráth a bhfuil cúlú eacnamaíochta ann agus tráth a bhfuil gá seirbhísí a ghearradh siar. Mar a luaigh mé níos luaithe, níl aon saoránach caighdeánach ann ar ghá don rialtas díriú air nó uirthi. Tá a lán cineálacha saoránach ann agus tá riachtanais agus éilimh éagsúla acu. Tá teannas ann, agus is dócha go mbeidh choíche, idir freastal ar thromlach na saoránach agus freastal ar ghrúpaí mionlaigh a mbíonn sé costasach freastal ar a riachtanais go minic.
Bíonn an teannas sin le sonrú sa mhéid is gá freastal ar riachtanaí na ndaoine gan dídean, na ndaoine faoi mhíchumas, na n-iarrthóirí tearmainn agus na ngrúpaí imeallaithe. Is léiriú é den chineál sochaí ba mhaith linn bheith againn a mhéid a shamhlaímid na daoine imeallaithe seo ina saoránaigh. Táimid ag éirí pas beag níos fearr ag aithint na nithe nach raibh ceart, a rinneamar mar shochaithe, san am atá caite; bíodh sin an drochíde a tugadh do phobail dhúchasacha san Astráil nó i Meiriceá Thuaidh, nó leanaí a chur faoi ghlas, nuair nach raibh gá leis, i scoileanna saothair anseo in Éirinn, nó an drochíde a tugadh do dhaoine in Éirinn in institiúidí síciatrachta.
I mo thuairimise, tá réiteach an scéil le fáil má dhéanaimid ár machnamh mar shochaí ar cá bhfuil na tsochaí ag dul amú, cá rachaidh an tsochaí amú, agus gníomhú láithreach chun dul i ngleic leis na réimsí sin. Tá ról againne, mar Ombudsmana, maidir leis seo.
Ní éireoidh linn murar féidir linn an rialtas a choinneáil macánta. Chuige seo, is gá dúinn a chur ina luí ar an rialtas bheith oscailte lena shaoránaigh i gcás go bhfuil seirbhísí á ngearradh siar nó á gciorrú; a chur in luí ar an rialtas gur chóir dó míniú a thabhairt ar an réasúnaíocht is bun leis an ngearradh siar nó an gciorrú sin; agus áitiú ar an rialtas a chinntiú go ndéantar ciorruithe a chur i bhfeidhm go cóir, cothrom , comhsheasmhach; agus nach ndéanfadh sé iarracht an tuairisc ar iarmhairtí na gciorruithe sin a mhaolú ná éalú óna fhreagracht as na ciorruithe a dhéanann sé. Agus thar aon ní eile, ba chóir dúinn féachaint leis nach mbeadh an rialtas páirteach in aon “chlaonbholscaireacht” a bhfuil mar aidhm aige dallamullóg a chur ar dhaoine ionas nach bhfeicfidh siad cad atá ag tarlú agus cé leis nó léi a luíonn an fhreagracht.