Baile  /  Foilseacháin  /  Tuarascálacha Imscrúdaithe  /  Feidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte  /  Glas Béil a Chur ar an Ombudsman?
 

Réamhrá & Achoimre

Idir mí Iúil agus mí an Mheithimh 2009, chuir Feidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte (FSS) faoi deara gur tarraingíodh m’Oifig isteach i sraith imeachtaí áiféiseacha, a raibh costais shuntasacha airgid agus eile ag baint leo, agus nach raibh aon toradh le brath orthu ag deireadh an lae.  Bhain na himeachtaí seo, de réir cosúlachta, sa mhéid gur léir aon fheidhm a bheith leo, le cosaint imeachtaí cúirte faoin Acht um Chúram Leanaí 1991.

Ba é an comhthéacs inar tháinig na himeachtaí seo chun cinn ná gur dhiúltaigh FSS mo chinntí agus mo mholtaí a ghlacadh tar éis do m’Oifig dhá ghearán ghaolmhara a imscrúdú (sonraí thíos). Agus m’Oifig ag déileáil leis na nithe a d’ardaigh FSS le linn na tréimhse sin, leithdháileadh acmhainní suntasacha foirne agus tabhaíodh costais shuntasacha airgid a d’éirigh as imeachtaí fada cúirte inar tharraing FSS m’Oifig agus roinnt páirtithe eile isteach.  B’fhéidir gur caitheadh suas le €150,000 d’airgead poiblí ar chostais dlí le linn na n-imeachtaí seo agus gan tairbhe ar bith á baint astu. Anuas air sin, i mí na Samhna 2008, chuir FSS iallach orm, trí urghaire ón Ard-Chúirt a bhagairt, tuarascáil speisialta a d’ullmhaigh mé (agus a bhí clóite cheana féin) maidir leis an imscrúdú i dtaobh an ghearáin, a choinneáil siar ón Dáil agus ón Seanad.

Agus bua na hiarghaoise agam i ndiaidh bliana, is léir dom nach amháin go raibh na himeachtaí seo gan éifeacht, sa chiall is nach raibh aon toradh le brath orthu, ach ar an drochuair nach raibh sé riamh i gceist ag FSS go mbeadh aon fheidhm úsáideach leo. Áitíonn FSS go raibh a gníomhartha i gcónaí faoi rialú comhairle dlí agus gur tionscnaíodh iad le hurraim don dlí agus do na cúirteanna.  Is doiligh liom a ghlacadh, ar an drochuair, gurbh amhlaidh a bhí. An rud is fearr is féidir a rá faoi iompar FSS ná go raibh sé á stiúradh ag comhairle dlí nach críonna a bheith ag brath uirthi agus gur theip orthu, de réir cosúlachta, cinntí meáite a dhéanamh dá bharr; an rud is measa is féidir a rá faoi iompar an FSS ná gur iarracht bheartaithe agus mheasúnaithe a bhí ann chun cosc a chur ar m’Oifig tuarascáil faoi imscrúdú a fhoilsiú inar cáineadh gníomhartha FSS.

Ar an gcéad dul síos, ba mhaith liom a shoiléiriú go bhfuil meas iomlán ag m’Oifig ar stádas agus neamhspleáchas na gcúirteanna agus nach bhfuil sé i gceist aici í féin a iompar ar bhealach a léireodh drochmheas ar na cúirteanna ná, ar ndóigh, a d’fhéadfadh a bheith ina dhíspeagadh cúirte.  Ina theannta sin, glacann m’Oifig, gan aon athbhrí, i gcás imeachtaí cúirte faoin Acht um Chúram Leanaí 1991, gur gá aird a thabhairt ar shláine na n-imeachtaí seo agus céannacht aon linbh a chosaint gan í a nochtadh, maidir le leanbh atá, nó a bhí, ina (h)ábhar imeachtaí den chineál sin. B’fhéidir go bhfuil cuma aisteach ar an scéal gur ghá do shealbhóir ar oifig reachtúil a leithéid de rud a rá; ba chóir go mbeadh sé follasach ann féin gurb amhlaidh atá sé. Ar an drochuair, is dóigh liom gur gá é seo a rá go sainiúil ag féachaint don bhealach inar chuir FSS gníomhartha m’Oifige in iúl mar ghníomhartha inar léiríodh drochmheas ar na cúirteanna agus gan aird acu ar shrianta tuairiscithe is infheidhme maidir le himeachtaí faoin Acht um Chúram Leanaí 1991.

Is é feidhm na tuarascála seo ná an Dáil agus an Seanad a chur ar an eolas faoi na  fíricí a bhí i gceist sa mhéid a thit amach le linn 2008 - 2009 agus tuairimí a thabhairt ar oiriúnacht iompar FSS i ndáil le m’Oifig.  I dteannta an Tuarascáil seo a chur faoi bhráid na dTithe, tá roinnt de na príomh-mhíreanna comhfhreagrais idir FSS agus m’Oifig sa tréimhse lena mbaineann á bhfoilsiú agam ar mo láithreán gréasáin www.ombudsman.gov.ie.

Tugadh deis don FSS a tuairimí a chur in iúl i leith dréacht den tuarascáil seo; tá aighneacht shubstaintiúil curtha chugam ag an FSS (á foilsiú agam anois ar mo shuíomh gréasáin). Nil aon ní sa bhreis san aighneacht seo nach raibh os mo chomhair le linn dom an dréacht tuarascáil a ullmhú. Mar a tharlaíonn, léiríonn an aighneacht seo na tréithe céanna a léiríodh le linn na n-eachtraí atá faoi chaibidil sa tuarascáil, sé sin, mí-chruinneas, mí-fhaisnéis agus neamhbhainteachas. Ní bheadh sé réalaíoch é seo a chruthú i ngach uile chás; is leor sampla amháin a thabhairt. Ag tús na haighneachta deirtear go neamhbhalbh nach raibh an FSS ar an eolas go raibh beartaithe agam tuarascáil a chur faoi bhráid an Oireachtais roimh 17 Meitheamh 2010 tráth ar tugadh cuireadh di aighneachtaí a chur chugam. Tá sé seo iomlán mí-cheart os rud é gur chuir m'Oifig in iúl don FSS, trí litir chuig an Príomhfheidhmeanach ar 21 Nollaig 2009, go rabhthas chun tuarascáil a chur faoi bhraid an Oireachtais, i ndáil le alt 6(7) den Acht Ombudsman 1980, ag plé na heachtraí a lean iniúchadh m'Oifige ag éirí as dhá ghearán ó eagraíochtaí a bhí buartha faoin chaoi ina déileáileadh leo ag an FSS ó thaobh costais a ghlanadh i leith seirbhísí caomhnóirí ad litem. Go deimhin, ina dhiaidh sin bhí malartán comhfhreagrais idir m'Oifig agus an FSS ag plé nithe éagsúla bainteach leis an tuarascáil a bhí beartaithe. Níl sé soiléir cé acu a tharla mí-fhaisneis den tsórt seo d'aon turas no trí mí-chúram; pé scéal é, is léiriú é seo ar taithí m'Oifige i gcoitinne le linn dúinn déileáil leis an FSS faoi na heachtraí a pléitear sa tuarascáil seo.