Baile  /  Foilseacháin  /  Tuarascálacha Imscrúdaithe  /  Feidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte (Tithe Banaltrais)  /  CÚRAM DIÚLTAITHE - Teip ar Chúram Fad-Téarmach a Chur ar Fáil Dóibh Siúd faoi bhun 65 Bliana
 

Achoimre

Sa tuarascáil seo pléitear dhá ghearán ar leithligh i gcoinne Fheidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte (FSS) ag eascairt as diúltú an FSS aisíoc a dhéanamh ar tháillí a íocadh do chúram i dteach altranais príobháideach. Rinneadh na gearáin thar ceann beirt bhan a mhaítear nach raibh an dara rogha acu ach fóir a bhaint as cúram i dteach altranais príobháideach mar gur theip ar na Boird Sláinte iomchuí, ag an uair, cúram poiblí fadchónaithe a sholáthar. Sa dá chás, bhí cártaí leighis ag na mná.  Sa dá chás chuir na teaghlaigh isteach ar an Scéim Aisíoca Sláinte (Nóta 1) le go n-aisíocfaí táillí príobháideacha; agus sa dá chás diúltaíodh do na héilimh.  Ghlac an tOmbudsman leis narbh é an Scéim Aisíoca Sláinte an córas is oiriúnaí chun dul i ngleic leis an dá chás seo. Ag an am céanna, chinn sí ar iniúchadh a dhéanamh ar na gearáin féachaint an raibh bealach eile ann chun cúiteamh a sholáthar.

Mar thoradh ar an imscrúdú seo, mhol an tOmbudsman go n-íocfaí €130,000 le héilitheoir amháin, agus €38,000 leis an éilitheoir eile, agus ghlac FSS leis na moltaí sin.

An dá chás sa tuarascáil seo

Seasamh FSS

Bac ar an Ombudsman

Cinneadh an Ombudsman

An dá chás sa tuarascáil seo

1. Catherine Bennett [Athraíodh na hainmneacha sa tuarascáil seo]

Chuaigh Catherine Bennett isteach i dteach altranais príobháideach i mí Bealtaine 2002 ag aois 57. Ag an uair, bhí siad urchóideach intinne aici, a bhí ag fás go mall, agus mar sin bhí gá aici le cúram leanúnach. D’imigh sí in olcas diaidh ar ndiaidh agus fuair sí bás trí bliana ina dhiaidh sin, i mí Bealtaine  2005. 

Sa chás seo is í a hiníon, Ann Carthy, a rinne an gearán. Ina gearán chuir Ann Carthy síos ar conas a cuireadh iallach ar a máthair dul isteach i dteach altranais príobháideach sa mhéid nach raibh Bord Sláinte an Oirdheiscirt in ann áit a chur ar fáil di in institiúid fadchónaithe phoiblí.  Déanta na fírinne, diúltaíodh dá hiarratas bunaidh áit a fháil i dteach altranais poiblí ar an mbonn go raibh sí níos óige ná 65 bliain d’aois. Ní raibh ach saoráid amháin fadchónaithe ag feidhmiú i limistéir Bhord Sláinte an Oirdheiscirt ag an uair, agus dúirt an lucht bainistíochta léi nach gcuirfí áit ar fáil di sa mhéid go raibh sí níos óige ná 65 bliain d’aois.

Ar deireadh thiar, bhí ar Ann Carthy socruithe príobháideacha a dhéanamh do chúram a máthar, a raibh uirthi sciar mór dá costais tí altranais a íoc í féin. Mar a tharlaíonn, ba shealbhóir cárta leighis í a máthair, agus níor chóir go raibh uirthi na costais sin a sheasamh. Chuir Ann Carthy isteach ar aisíoc na gcostas sin, thar ceann eastát a máthar, faoin Scéim Aisíoca Sláinte. Dhiúltaigh FSS don iarratas seo ar an mbonn go raibh sí ina cónaitheoir príobháideach i dteach altranais príobháideach agus ar an gcúis sin go raibh sí eisiata ón scéim aisíoca. Tacaíodh leis an diúltú ar an bhforas seo san achomharc, agus ansin rinne Ann Carthy gearán leis an Ombudsman.

2. Mary Connolly

Buaileadh Mary Connolly le stróc sa bhliain 1996 agus mar thoradh air sin bhí gá aici le cúram fadchónaithe. Bhí sí 53 bliain d’aois ag an uair. Rinne a nia, Gerard Connolly, a bhfuil Cumhacht Aturnae aige cúram a dhéanamh dá cúrsaí, gearán thar a ceann.

Rinne sé iarracht áit a fháil di i dteach altranais poiblí ach theip ar Bhord Sláinte an Iarthair Láir áit a chur ar fáil di sa mhéid nach raibh aon saoráidí iomchuí fadchónaithe ann do dhaoine faoi bhun aois 65. Mar sin bhí iallach air í a chur i dteach altranais príobháideach. Chuaigh sí isteach sa teach altranais sa bhliain 1997, agus tá sí ann ó shin i leith. Ina ghearán thuairiscigh sé gur chaith sé breis is €218,000 ar chúram a aintín ó chuaigh sí isteach sa teach altranais, cé go raibh cárta leighis aici agus nár chóir go dtabhódh sí na costais seo. Seasadh na costais go páirteach ó dhíol a tí, agus an chuid eile óna híocaíochtaí leasa shóisialaigh agus ó airgead eile a chuir baill eile den teaghlach ar fáil.

Sa bhliain 2006 chuir Gerard Connolly isteach ar an Scéim Aisíoca Sláinte chun aisíoc a fháil ar na costais a tabhaíodh do chúram a aintín. Diúltaíodh don iarratas seo ar an mbonn nár bhain an scéim aisíoca le hothair phríobháideacha i dtithe altranais príobháideacha. Rinne sé achomharc ar an diúltú seo agus diúltaíodh dá achomharc freisin.     

Faigheann Mary Connolly tacaíocht anois faoin Scéim Tacaíochta Tithe Altranais agus mar sin níl na costais don chúram ina ualach a thuilleadh ar an teaghlach.  Bhain gearán Gerard Connolly le gur theip ar FSS tacaíocht iomchuí i dteach altranais a chur ar fáil dá aintín, agus lena dteip na costais a tabhaíodh a aisíoc.  

Seasamh FSS

Roimh thús an imscrúdaithe seo d’iarr an tOmbudsman ar FSS athbhreithniú a dhéanamh ar a sheasamh i ndáil leis na cásanna seo. Tar éis moill fhada, d’fhreagair FSS, ag cur in iúl cár sheas sé ina leith. Go hachomair, dúirt FSS gur fheidhmigh sé de réir a dhualgas reachtúil i soláthar cúraim fadchónaithe d’othair, “laistigh de shrianta na n-acmhainní a bhí ar fáil dó.” D’admhaigh sé go bhfuil daoine faoi bhun 65 bliain d’aois i dteideal cúram fadchónaithe chomh maith céanna le daoine os cionn 65, ach go minic gur saoráidí éagsúla a bhíonn de dhíth ar dhaoine faoi bhun 65 sna cúinsí sin.  Ar aon chuma, dúirt sé nach raibh sé d’acmhainn aige cúiteamh a íoc sa mhéid go gcuirfeadh seo srian ar an maoiniú a bhí aige d’othair agus do sheirbhísí eile.

Bac ar an Ombudsman

Bhí an tOmbudsman in iúl go raibh breis is 300 sraith d’imeachtaí dlíthiúla tionscanta i gcoinne FSS i gcásanna atá cosúil leis na cásanna seo, agus i roinnt cásanna gur thángthas ar shocrú gan dul chun na Cúirte.  Bhreithnigh an tOmbudsman sonraí na socruithe sin a bhaineann le hábhar na gcásanna san imscrúdú seo.  Mar sin d’éiligh an tOmbudsman ar FSS sonraí na socruithe sin a sholáthar de réir a cumhachtaí faoin Acht  Ombudsman.

Thóg sé roinnt ama ar FSS freagra soiléir a sholáthar, ach ar deireadh thiar dúirt sé go raibh sé ag diúltú an t-eolas a lorgaíodh a sholáthar. Is é dearcadh an Ombudsman gurb ionann sin agus bac a chur ar a himscrúdú agus beidh sí á thuairisciú seo don Dáil agus don Seanad ina Tuarascáil Bhliantúil 2012 atá le teacht.

Cinneadh an Ombudsman

Chinn an tOmbudsman go raibh sé de dhualgas ar FSS cúram fadchónaithe a sholáthar do na hothair i gceist. Chinn sí gur theip ar FSS é sin a dhéanamh, agus gur thabhaigh na mná i gceist costais mhóra dá bharr nár chóir dóibh a thabhú ar chor ar bith. Sa mhéid gur tharla an teip seo cúram i dteach altranais a sholáthar do na mná i gceist mar go raibh na mná faoi bhun 65 bliain d’aois, chinn an tOmbudsman gur idirdhealú éagórach aoise a bhí ann agus go raibh sé contrártha leis an Acht um Stádas Comhionann.

Mhol sí go n-íocfaí cúiteamh de €130,000 le Mary Connolly agus €38,000 le Ann Carthy.  Ghlac FSS leis na moltaí seo. Cibé scéal é, níor ghlac FSS le cinntí an Ombudsman.

Nóta 1:

An Scéim Aisíoca Sláinte

Roimh 2005, ní raibh aon bhonn dlíthiúil le costais a ghearradh do sheirbhísí ospidéil othair chónaitheacha (a d’áirigh cúram fadchónaithe ospidéil) do dhaoine le cártaí leighis. Cibé scéal é, d’ainneoin nach raibh aon bhonn dlí déanamh amhlaidh, bhí boird sláinte le fada an lá ag gearradh táillí ar shealbhóirí cártaí leighis le haghaidh cúram fadchónaithe. Ceistíodh bailíocht na gcostas sin thar na blianta, agus bhí Oifig an Ombudsman i measc na ndaoine a bhí á cheistiú. Sa bhliain 2004 lorg an Roinn Sláinte comhairle ón Ard-Aighne maidir leis an gceist. Chomhairligh an tArd-Aighne nach raibh bonn fónta dlí leis an gcleachtas agus, i mí na Nollag 2004, cuireadh deireadh leis an costais a bhí á ngearradh ar dhaoine ar sealbhóirí cártaí leighis iad.

Tugadh isteach an Scéim Aisíoca Sláinte sa bhliain 2006 chun soláthar d’aisíoc na gcostas neamhdhleathach.