Baile  /  Foilseacháin  /  Tuarascálacha Imscrúdaithe  /  Údaráis Áitiúla  /  Na scéimeanna um tharscaoileadh dramhaíola arna riar ag údaráis áitiúla
 

Scéimeanna um Tharscaoileadh Dramhaíola

Luach an tarscaoilte

Tairgeann na húdaráis áitiúla go léir a ndearnadh suirbhé orthu agus a sholáthraíonn seirbhís bhailithe dramhaíola ina gceantar laghdú ar shuim na muirear dramhaíola a ghearrtar ar theaghlaigh ar ioncam íseal a cháilíonn faoina scéimeanna um tharscaoileadh dramhaíola. Tá líon forleathan éagsúil scéimeanna lena mbaineann critéir cháilitheacha éagsúla agus cineálacha agus suimeanna éagsúla de laghdú. Tairgeann roinnt údaráis áitiúla tarscaoileadh iomlán nó páirteach de mhuirear seasta bliantúil amháin agus de sin amháin agus tairgeann roinnt eile tarscaoileadh den sciar ‘íoctar de réir úsáide’ den mhuirear trí chlibeanna saor in aisce nó trí liúntas meáchain saor in aisce agus soláthraíonn roinnt scéimeanna gné den dá chineál faoisimh.  Bhí éagsúlacht sa mheánluach bliantúil a bhain le tarscaoileadh sa bhliain 2006 ó €40 i gContae Loch Garman go €357 i gCathair na Gaillimhe.


Tarscaoileadh a deonaíodh sa bhliain 2006

Tá sonraí den tarscaoileadh a dheonaigh na húdaráis áitiúla a ndearnadh suirbhé orthu sa bhliain 2006 le fáil i dTábla 2 in Aguisín 3 (pdf 9kb) den tuarascáil seo.


An costas a bhaineann leis an scéim um tharscaoileadh a sholáthar

Bíonn impleachtaí móra costais ann d’údaráis áitiúla as an scéim um tharscaoileadh a sholáthar. Mar is léir ó Thábla 2 (Aguisín 3) is ó €30,000 i gContae Loch Garman go €7.8 milliún i gCathair Bhaile Átha Cliath an costas a bhaineann le scéim um tharscaoileadh a fhorfheidhmiú. Baineann formhór na n-údarás áitiúil a ndearnadh suirbhé orthu úsáid as ioncam a leithdháiltear ar sheirbhísí eile chun an scéim a fhóirdheonú. Níl ann ach trí údarás (Contae Chorcaí, Dún Laoghaire/Ráth an Dúin agus Contae Phort Láirge) a ghnóthaíonn costas an tarscaoilte as a ndóthain muirear a ghearradh ar úsáideoirí eile na seirbhíse bailithe seirbhíse.

Ní thugann oibreoirí príobháideacha faoiseamh ar bith trí mhuirir a tharscaoileadh ar theaghlaigh ar ioncam íseal. Mar chuid den suirbhé d’iarr mé ar údaráis áitiúla a dtuairimí a thabhairt ar cibé, sna himthosca seo, ar chóir don údarás áitiúil tarscaoileadh a thabhairt do chustaiméirí an bhailitheora phríobháidigh sa cheantar. Níor mheas údarás áitiúil ar bith a thug freagra gur thairiscint dháiríre a bhí ann seachas Contae Luimnigh a thugann tarscaoileadh páirteach do chustaiméirí na mbailitheoirí príobháideacha ón mbliain 2007 i leith agus Cathair Luimnigh a eagraíonn go mbaileoidh conraitheoir príobháideach an dramhaíl ó líon teoranta de theaghlaigh ar ioncam íseal.

Tagraíodh i dtuarascáil na Gníomhaireachta do Chomhrac na Bochtaine “Scéim um Tharscaoileadh a Fhorfheidhmiú – Treoirlínte d’Údaráis Áitiúla – 2005” do scéim chruatain atá i bhfeidhm ag Comhairle Contae Mhuineacháin (níl an t-údarás seo ar cheann de na húdaráis a áiríodh sa suirbhé a rinneamar). Bhunaigh Comhairle Contae Mhuineacháin a bhfuil a seirbhís bhailithe dramhaíola ar bhonn príobháideach le líon áirithe blianta, Ciste Cruatain a bhfuil buiséad beag bliantúil ag gabháil leis chun faoiseamh a thabhairt do na daoine sin is mó call.  Chuaigh m’Oifig i dteagmháil leis an gComhairle i gcomhthéacs an tsuirbhé seo agus cuireadh in iúl di gur cuireadh €20,000 i leataobh don chiste seo sa bhliain 2006 agus an tsuim chéanna sa bhliain 2007. Tá sonraí na scéime seo in Aguisín 4.

Áirítear na deacrachtaí seo a leanas ar na deacrachtaí a d’aithin údaráis áitiúla ó thaobh tarscaoileadh a thabhairt do chustaiméirí na n-oibreoirí príobháideacha:

  • Bheadh fadhbanna riaracháin le sárú ag an údarás áitiúil;
  • Bheadh ualach neamh-inbhuanaithe airgeadais ar an údarás áitiúil;
  • Bheadh úsáideoirí na seirbhíse príobháidí á bhfóirdheonú ag custaiméirí údaráis áitiúil;
  • D’ardófaí costas sheirbhís an údaráis áitiúil agus laghdófaí a cumas iomaíochta sa mhargadh dá thoradh;
  • D’fhéadfadh sé an t-údarás áitiúil a dhíbirt as an margadh, monaplacht a chruthú agus is dóigh go dtiocfadh ardú as cuimse ar mhuirir dá thoradh.

 

Déantar cur síos níos mine ar fhreagraí na n-údarás áitiúil i gCaibidil 10. Tráchtaim ar na freagraí a thug siad i gCaibidil 11.