Príomhfhionnachtana an tSuirbhé
Nochtar sna freagraí a thug na húdaráis áitiúla ar cheistneoir an Ombudsman go:
- soláthraíonn ceithre cinn (17%) de na 23 údarás áitiúil a ndearnadh suirbhé orthu seirbhís bhailithe dramhaíola dá dteaghlaigh go léir. Tá siad go léir lonnaithe i gceantair uirbeacha.
- gur oibreoirí príobháideacha amháin a sholáthraíonn seirbhís bhailithe dramhaíola in ocht gcinn (35%) de na húdaráis áitiúla a ndearnadh suirbhé orthu. Tá siad go léir lonnaithe i gceantair thuaithe seachas ceann amháin – féach Tábla 1 in Aguisín 2 (pdf 9 kb);
- go bhfuil bearna mhór idir an muirear is ísle (192) agus an muirear is airde (516) a ghearrtar ar sheirbhísí bailithe dramhaíola; is idir €192 agus €516 na muirir bhliantúla a ghearrtar ar sheirbhísí údaráis áitiúil agus is idir €200 agus €450 muirir na seirbhíse príobháidí. - léigh alt 6.2;
- nach dtugann oibreoirí príobháideacha faoiseamh ar bith trí mhuirir a tharscaoileadh do theaghlaigh ar ioncam íseal; (*Ón mbliain 2007 i leith tugann údarás áitiúil amháin tarscaoileadh páirteach do chustaiméirí oibreoirí príobháideacha agus eagraíonn ceann eile go mbaileoidh conraitheoir príobháideach dramhaíl ó líon áirithe de theaghlaigh ar ioncam íseal – léigh Alt 7.3);
- nár thug seacht gcinn (35%) de na húdaráis áitiúla a ndearnadh suirbhé orthu tarscaoileadh ar bith ar mhuirir do theaghlach ar bith sa bhliain 2006 ó tharla gur oibreoirí príobháideacha amháin a sholáthair an tseirbhís bhailithe dramhaíola – léigh Tábla 2 in Aguisín 3 (pdf 9 kb);
- i gceantar ina soláthraíonn oibreoir príobháideach agus an t-údarás áitiúil araon an tseirbhís gurb iad na daoine sin a mbailíonn an t-údarás áitiúil a ndramhaíl nó a mbailítear a ndramhaíl thar ceann an údaráis áitiúil, agus na daoine sin amháin, a mbíonn teacht acu ar scéim um tharscaoileadh seachas na daoine sin dá dtagraítear in * thuas;
- go bhfuil líon éagsúil de scéimeanna um tharscaoileadh i bhfeidhm ag údaráis áitiúla agus go bhfuil trí scéim éagsúla um tharscaoileadh i bhfeidhm i gcontae amháin – léigh Tábla 3 in Aguisín 5 (pdf 15 kb);
- nach ionann na critéir a bhíonn in úsáid ag aon dá údarás áitiúil chun na teaghlaigh a cháileoidh don tarscaoileadh a chinneadh – léigh Caibidil 8;
- go mbaineann critéir cháilitheacha éagsúla agus cineálacha agus suimeanna éagsúla de laghdú le tarscaoileadh i gcás go mbíonn siad i bhfeidhm. Is idir €40 agus €357 meánluach an tarscaoilte– léigh Alt 7.1;
- gurbh idir €30,000 agus €7.8 milliún an costas bliantúil a bhain le scéim um tharscaoileadh a fhorfheidhmiú sa bhliain 2006 – léigh Alt 7.3;
- nach bhfuil ann ach trí údarás a ndearnadh suirbhé orthu a ghnóthaíonn costais na scéime um tharscaoileadh trí mhuirir a mhéadú agus a ghearradh ar úsáideoirí eile na seirbhíse bailithe dramhaíola.
- go gclúdaíonn formhór na n-údarás áitiúil costais na scéime um tharscaoileadh trí úsáid a bhaint as cistí ó fhoinsí eile mar shampla rátaí agus fáltais ioncaim;
- gur ceantair thuaithe iad seacht gcinn de na hocht gceantar inar oibreoirí príobháideacha amháin a sholáthraíonn an tseirbhís. I gcás go soláthraíonn an t-údarás áitiúil agus
- oibreoir príobháideach araon an tseirbhís is i gceantair thuaithe atá a bhformhór lonnaithe – léigh Tábla 1 in Aguisín 2.