Moltaí
Ag féachaint don neamh-chomhsheasmhacht agus don éagothroime a aithnítear sa tuarascáil seo i ndáil le riaracháin na scéimeanna um tharscaoileadh atá i bhfeidhm faoi láthair agus, i gcúinsí eile, an mhainneachtain scéim den sórt a thabhairt isteach, molaim go nglacfadh gach údarás áitiúil bearta láithreach chun:
- a chinntiú go bhfuil scéim um tharscaoileadh dramhaíola i bhfeidhm a dhéanfaidh freastal ar chásanna cruatain ar bhealach cóir, cothromasach agus comhsheasmhach; agus
- athbhreithniú a dhéanamh ar an seasamh atá acu maidir le cliaint oibreoirí príobháideacha chun a chinntiú go soláthrófar faoiseamh do chásanna cruatain.
Molaim go gcuirfeadh gach údarás áitiúil na moltaí seo i bhfeidhm láithreach d’ainneoin na moltaí a dhéanaim i mír 12.2 thíos.
Molaim, ó tharla na bhfreagrachtaí atá leagtha ar an Roinn Comhshaoil, Oidhreachta agus Rialtais Áitiúil i ndáil le ceisteanna rialtais áitiúil, gurb í an Roinn is mó a bheadh freagrach as cabhair a thabhairt d’údaráis áitiúla agus as iad a spreagadh ar an mbealach seo:
- athbhreithniú a dhéanamh ar an neamh-chomhsheasmhacht agus na neamhréireanna sa riarachán a bhaineann leis na scéimeanna um tharscaoileadh ar fud na tíre;
- treoirlínte a cheapadh i gcomhair údaráis áitiúla chun cuidiú leo a bheith cóir, cothromasach agus comhsheasmhach maidir le riarachán na scéimeanna um tharscaoileadh;
- aghaidh a thabhairt ar an staid dlí a bhaineann le scéimeanna um tharscaoileadh a sholáthar i gcás go ndearnadh an tseirbhís bhailithe dramhaíola a phríobháidiú go hiomlán;
- an breithniúchán a dhéanfaí ar rialú na hearnála um bainistiú dramhaíola a dheifriú agus tagairt ar leith a dhéanamh do riachtanais na dteaghlach ar ioncam íseal d’fhonn a chinntiú go n-éascófaí scéim um tharscaoileadh dramhaíola do na teaghlaigh go léir a bhaineann úsáid as seirbhísí den sórt, is cuma cé a sholáthródh iad.
Tá sé i gceist agam iarraidh ar gach údarás áitiúil tuarascáil ar dhul chun cinn ar fhorfheidhmiú na moltaí in 12.1 thuas a chur faoi mo bhráid 12 mí tar éis dáta foilsithe na tuarascála seo.
Iarrfar ar an Roinn tuairisc a thabhairt do m’Oifig, gach sé mhí, ar an dul chun cinn a bheidh á dhéanamh ar fhorfheidhmiú na moltaí in 12.2 thuas.