Baile  /  Foilseacháin  /  Tuarascálacha Imscrúdaithe  /  Údaráis Áitiúla  /  Na scéimeanna um tharscaoileadh dramhaíola arna riar ag údaráis áitiúla
 

Conclúidí

An Tuarascáil Seo

Faoi mar a luaitear sa Réamhrá atá leis an tuarascáil seo baineann an t-imscrúdú seo go príomha le béim a leagan ar éagothroime agus ar mhíchothroime i riarachán na scéimeanna um tharscaoileadh dramhaíola agus díríodh aird ar leith ar an drochéifeacht a bhíonn ag an éagothroime agus an mhíchothroime sa riarachán ar dhaoine aonair. Ní thugtar aghaidh sa tuarascáil seo ar cheapadh ná ar fhorfheidhmiú scéime um tharscaoileadh, cibé ar bhonn náisiúnta nó áitiúil. D’ainneoin sin is uile bheinn ag súil go mbeadh mo thuarascáil mar bhonn agus mar thaca ag obair bhreise atá ar siúl faoi láthair ach ar chóir aghaidh a thabhairt uirthi ar bhonn práinne anois i bhfianaise m’fhionnachtana. Ó tharla an deis agam ba mhaith liom aitheantas a thabhairt don obair a rinne an Ghníomhaireacht do Chomhrac na Bochtaine a rinne a cion is a cuid chun béim a leagan ar an tionchar a bhíonn ag muirir bhailithe dramhaíola ar theaghlaigh ar ioncam íseal agus a tharraing aird ar na fadhbanna dáiríre a bhaineann le scéim chothromasach chóir um tharscaoileadh a cheapadh.


Scéimeanna um Tharscaoileadh – Náisiúnta nó Áitiúil?

Leag na haighneachtaí a fuair mé ó Chumann Naomh Uinseann de Pól agus ó Dháil na Saoránach Sinsearach béim shoiléir chomh maith ar an tionchar a bhíonn ag muirir dhramhaíola ar na haicmí is boichte dár sochaí agus na neamhréireanna a bhaineann le scéimeanna reatha um tharscaoileadh – údar imní a n-aontaím leis ag féachaint do thorthaí an tsuirbhé a rinne mé. Tuigim gur ardaigh an Earnáil Phobail agus Dheonach an cheist seo chomh maith i gcomhthéacs na Comhpháirtíochta Sóisialta ach, mar is léir ó aighneachtaí na Roinne Comhshaoil, Oidhreachta agus Rialtais Áitiúil agus na Roinne Gnóthaí Sóisialacha agus Teaghlaigh, níor féadadh réiteach a fháil ar an bhfadhb tríd an gcóras leasa shóisialaigh. Tugaim faoi deara chomh maith nár glacadh le rún i nDáil Éireann sa bhliain 2005 chun scéim náisiúnta um tharscaoileadh a thabhairt isteach. Tá an dá Roinn den dearcadh gur gá aghaidh a thabhairt sna húdaráis áitiúla ar riarachán na scéime um tharscaoileadh trí réitigh saincheaptha go háitiúil a chur i bhfeidhm.


Príobháidiú – Gnéithe an Bheartais Shóisialta

Is léir ó na tráchtaireachtaí a rinne na húdaráis áitiúla iad féin go dteastaíonn ó roinnt mhaith díobh go réiteofaí fadhb an tarscaoilte tríd an gcóras leasa shóisialaigh agus níl an chosúlacht air, i bhfianaise aighneachtaí an dá Roinn, go bhféadfaí déanamh amhlaidh. D’ainneoin sin is uile is léir gur tháinig athrú míchuibhiúil ar mheon roinnt údaráis áitiúla mar thoradh ar an mbeartas náisiúnta um bainistiú dramhaíola agus go sonrach mar thoradh ar phríobháidiú seirbhísí bailithe dramhaíola.  San am atá caite, tráth inarbh iad na húdaráis áitiúla amháin a sholáthraíodh na seirbhísí bailithe dramhaíola, ba léir do dhaoine go mbíodh údaráis áitiúla aireach faoi na hoibleagáidí sóisialta a bhíodh acu i leith a gcliant. Ach i láthair na huaire ó tharla go bhfuil go leor de na húdaráis áitiúla i gcomórtas go díreach leis na hoibreoirí príobháideacha chun seirbhísí bailithe dramhaíola a sholáthar nó go bhfuil an fheidhm seo dídhílsithe go huile agus go hiomlán acu is é an chosúlacht atá air gur cur chuige a bhfuil breithniúcháin tráchtála mar bhonn aige an cur chuige atá i bhfeidhm ag go leor de na húdaráis áitiúla. Údar imní is ea é seo ar dhá chúinse, dar liomsa.

Ar an gcéad dul síos feictear domsa, i gcás go ndéanfaí seirbhís phoiblí ar bith a phríobháidiú nó a phríobháidiú i bpáirt, d’ainneoin go nglacfaí leis go bhféadfadh go mbeadh bunús fónta gnó chun déanamh amhlaidh, nár chóir dearmad a dhéanamh ar na gnéithe den bheartas sóisialta a bhaineann le cinneadh den sórt. I gcás bailiú dramhaíola tá ciall cheannaithe le baint as an mbealach inar cheadaigh an reachtaíocht d’oibreoirí príobháideacha teacht isteach sa mhargadh bailithe dramhaíola.  Is cosúil gur leagadh béim go príomha ar bhreithniúcháin tráchtála agus gur beag suntas a tugadh nó nár tugadh suntas ar bith do riachtanais na mbocht agus na ndaoine atá ar an imeall inár sochaí. Ina theannta sin rinneadh iarrachtaí an cur chuige seo a chosaint mar gheall ar na breithniúcháin chomhshaoil a ghabhann leis agus mar gheall orthu sin amháin. Is maith ann an prionsabal “íoctar mar a thruaillítear’ chomh fada is go n-oibríonn sé i gceart. Ach i gcás go leanfadh na muirir bhailithe dramhaíola ag ardú, agus is cosúil go n-ardóidh, - de réir rátaí a bhíonn sa bhreis ar rátaí boilscithe de ghnáth– ní mór bealaí a aimsiú chun teaghlaigh ar ioncam íseal a chosaint agus ag an am céanna ní mór athchúrsáil a spreagadh agus mí-úsáid chóras tarscaoilte ar bith a bheadh ann a chosc. Feictear domsa go bhfuil sé de dhualgas ar an Roinn Comhshaoil, Oidhreachta agus Rialtais Áitiúil súil eile a chaitheamh ar an gcur chuige beartais a ghlactar sa réimse seo chun a fháil amach cé mar a d’fhéadfaí cothromaíocht a fháil idir oibleagáidí an bheartais tráchtála, chomhshaoil agus shóisialta. 

Ar an dara dul síos feictear domsa, bunaithe ar thaithí mo chomhghleacaithe i ndlínsí eile go leanfar leis an gclaonadh atá in Éirinn seirbhísí poiblí a phríobháidiú díreach mar a rinneadh i dtíortha eile. Tá faitíos orm go dtiocfaidh an meon atá ag roinnt de na húdaráis áitiúla chun cinn chomh maith de réir mar a dhéanfar codanna eile den tseirbhís phoiblí a phríobháidiú. Creidim gur deis thráthúil í seo chun an bhunchloch a leagan gur chóir do phríobháidiú den sórt riachtanais na mbocht agus na ndaoine éislinneacha inár sochaí a bhreithniú go hiomlán agus nár chóir díriú ar na breithniúcháin tráchtála amháin – ach glacadh leis i gcónaí gur féidir gur mór an tairbhe a ghabhann le príobháidiú i ndeireadh an lae.

Is léir an t-athrú céanna meoin i dtráchtaireachtaí eile ó roinnt údaráis áitiúla, go háirithe maidir le ceist na n-acmhainní agus is údar imní é sin. Feictear do go leor údaráis áitiúla gur páirtithe tábhachtacha iad sa mhargadh dramhaíola, iad in iomaíocht le hoibreoirí príobháideacha, agus gan sa scéim um tharscaoileadh dóibh ach scéim a chuireann lena gcostais riaracháin nó scéim a chuireann isteach orthu a bheith san iomaíocht le hoibreoirí príobháideacha agus gur beag an imní atá orthu faoi chumas a gcliant a bheith ábalta na muirir dhramhaíola a íoc. Thuigfeá cuid mhaith cé as a dtáinig an t-athrú meoin seo ó tharla an bealach inar cuireadh an reachtaíocht le chéile, mar a luaigh mé níos luaithe. Ach cé gur féidir meabhair a bhaint as, ní chinnim go bhféadfaí glacadh leis. D’aimsigh go leor údaráis áitiúla eile bealaí – más bealaí neamhfhoirfe féin iad – chun scéimeanna um tharscaoileadh a fheidhmiú d’ainneoin na mbac a ghabhann le seirbhís phríobháidithe.  Beidh an cheist seo faoi chaibidil agam níos déanaí.


Na hÚdaráis Áitiúla ina Rialtóirí agus ina Soláthraithe Seirbhísí – Trasnaíl?

Tugaim faoi deara ó aighneacht na Roinne Comhshaoil, Oidhreachta agus Rialtais Áitiúil go ndeachthas i mbun comhairliúchán poiblí faoi shaincheisteanna maidir le rialú foriomlán na hearnála um bainistiú dramhaíola. Dar leis an Roinn, breithneofar na haighneachtaí a fuair sí a thuilleadh i gcomhthéacs an athbhreithnithe ar bhainistiú dramhaíola go ginearálta a ndéantar foráil dó i gclár beartais an Rialtais agus a thionscnófar go gairid de réir mo thuisceana. Faoin reachtaíocht reatha feidhmíonn go leor údaráis áitiúla mar rialtóirí de facto agus mar sholáthraithe na seirbhísí dramhaíola chomh maith agus is minic in iomaíocht iad leis na hoibreoirí príobháideacha a bhíonn á rialú acu. Ní múnla rialacháin atá idéalach é an múnla seo agus is é an múnla lochtach seo is cúis i bpáirt leis na heasnaimh sa soláthar tarscaoilte ar tháinig mé orthu i m’imscrúdú. Bhí áthas orm gur luaigh an Roinn go mbeidh an múnla rialaithe is ábhartha a d’fhéadfadh a bheith san earnáil á mheas aici lena n-áirítear cibé an gá rialtóir a bheith ann agus céard iad na cumhachtaí a thabharfaí do rialtóir den sórt. Thug an Roinn faoi deara go háirithe i roinnt earnálacha eile go bhfuil sé de chumhacht ag rialtóirí oibleagáid seirbhíse poiblí a leagan ar chonraitheoirí agus go bhfuil sé d’éifeacht leis sin go gceanglaítear ar chonraitheoirí tras-fhóirdheonú a fheidhmiú ionas gur féidir seirbhísí a chur ar fáil i gcás nach bhféadfaí iad a chur ar fáil seachas sin de bharr cúrsaí eacnamaíocha.  Bíonn baint dhíreach ag na saincheisteanna le scéimeanna um tharscaoileadh agus bíonn tionchar acu orthu agus ní mór iad a bhreithniú go práinneach agus go gníomhach chun réiteach a fháil ar roinnt de na deacrachtaí atá tagtha chun solais agus a bhaineann le hoibreoirí príobháideacha agus scéimeanna um tharscaoileadh.


Neamh-Chomhsheasmhacht i Scéimeanna um Tharscaoileadh

Tugaim m’aghaidh anois ar neamh-chomhsheasmhacht shonrach agus ar neamhrialtachtaí in oibriú na scéimeanna um tharscaoileadh mar a nochtadh i dtorthaí an tsuirbhé a rinne mé ar údaráis áitiúla. Leagtar an staid dlí a rialaíonn bailiú dramhaíola agus an chumhacht tarscaoileadh a dheonú amach i gCaibidil 2 den tuarascáil seo. Tá trí chatagóir bailithe i bhfeidhm mar atá sa bhreac-chuntas a tugadh cheana féin:

  • bailíonn an t-údarás áitiúil an dramhaíl;
  • tugann an t-údarás áitiúil an tseirbhís bhailithe ar conradh d’oibreoir príobháideach (oibreoirí príobháideacha) dramhaíola a bhailíonn an dramhaíl thar a cheann,
  • bailíonn oibreoir príobháideach dramhaíola (arna phríobháidiú go hiomlán) an dramhaíl.

 

Bíonn meascán de na modhanna bailithe seo i bhfeidhm ag roinnt údaráis áitiúla ar ndóigh.

Ba iad na húdaráis áitiúla a bhí i mbun na seirbhísí bailithe dramhaíola sa tír san am atá caite agus ba iad a riar na scéimeanna um tharscaoileadh ar mhaithe leis na daoine siúd nach raibh in acmhainn íoc as na muirir. Is amhlaidh atá fós i gceantair áirithe sa tír ach is iad an t-údarás áitiúil agus na hoibreoirí príobháideacha a sholáthraíonn an tseirbhís sa chuid is mó den tír agus tá an líon ceantar inar iad na hoibreoirí príobháideacha amháin a sholáthraíonn an tseirbhís ag dul i méid. Tá mise den bharúil go n-eascraíonn dhá shaincheist as seo sa chomhthéacs seo:

  • i gcás gurb é an t-údarás áitiúil a sholáthraíonn an tseirbhís nó i gcás go soláthraítear an tseirbhís thar a cheann cibé an riartar na scéimeanna um tharscaoileadh atá i bhfeidhm go cothrom, agus
  • cibé an bhfuil údaráis áitiúla ag caitheamh go cuí leis na teaghlaigh sin nach mbíonn sé in acmhainn acu muirir bhailithe dramhaíola na n-oibreoirí príobháideacha a íoc. 

 

Is léir ó na haighneachtaí a fuair mé go bhfuil éagsúlacht mhór tuairimí ann ar conas mar is cóir tarscaoileadh ar mhuirir bhailithe dramhaíola a riar. Ina theannta sin is ábhar imní dom torthaí an tsuirbhé maidir lena mhéid is a eisiatar i ndáiríre cuid den daonra ó theacht a bheith acu ar chórais tarscaoilte atá ceaptha chun faoiseamh a thabhairt do theaghlaigh ar ioncam íseal agus go bhféadfadh go mbeadh nó nach mbeadh teacht ar chóras tarscaoilte ag brath ar cá gcónaítear.

Cé nach suirbhé uileghabhálach é an suirbhé seo tá imní orm faoi chlaonadh a braitheadh sna torthaí. I gcás gur oibreoir príobháideach amháin a sholáthraíonn an tseirbhís is cosúil go mbíonn ceantair thuaithe faoi mhíbhuntáiste i gcomparáid le ceantair uirbeacha i ndáil leis an teacht a bhíonn acu ar tharscaoileadh. As na hocht n-údarás áitiúla lena mbaineann is i gceantair thuaithe atá gach uile cheann díobh seachas aon cheann amháin. I gcás go soláthraíonn an t-údarás áitiúil agus oibreoir príobháideach araon an tseirbhís is i gceantair thuaithe atá a bhformhór lonnaithe – léigh Aguisín 2 (pdf 9 kb).

Léirítear i dtorthaí an tsuirbhé go bhfuil leibhéal neamh-chomhsheasmhachta nach bhféadfaí glacadh leis idir scéimeanna um tharscaoileadh arna riar ag údaráis áitiúla; tá trí scéim éagsúla um tharscaoileadh i bhfeidhm in aon chontae amháin agus tá critéir éagsúla cháilitheacha ag gabháil le gach aon cheann díobh. Ní thagann an leibhéal neamh-chomhsheasmhachta seo leis na caighdeáin is airde de riarachán poiblí.  Feidhmítear roinnt de na scéimeanna um tharscaoileadh ar bhealach idirdhealaitheach mar shampla mar a léiríodh i mír 3.1 den tuarascáil seo i ndáil le Gearáin A agus B. Fágann seo i gcás dhá theaghlach ar an ioncam céanna as an bhfoinse chéanna go gcáileodh teaghlach amháin don tarscaoileadh ó tharla go ndéantar é a thástáil ó thaobh acmhainní de agus nach gcáileodh an teaghlach eile. Mhínigh údarás áitiúil amháin go dteastódh an iomarca acmhainní uaidh chun tástáil ó thaobh acmhainní de a sheoladh ar na hiarratasóirí go léir ar tharscaoileadh. Is deacair dom glacadh leis an argóint seo go háirithe ó tharla go léiríonn torthaí an tsuirbhé gur aimsigh 11 (48%) de na húdaráis áitiúla a ndearnadh suirbhé orthu bealach chun cineál éigin tástála ó thaobh acmhainní de a dhéanamh – léigh Aguisín 5 (pdf 15 kb).


Acmhainní

Rinne údaráis áitiúla eile an argóint nach bhfuil na hacmhainní is gá chun scéim um tharscaoileadh a sholáthar a bheadh cothrom do na teaghlaigh go léir ar ioncam íseal acu agus go gcuireann soláthar scéime um tharscaoileadh costas an-ard ar údaráis áitiúla agus go mbíonn deacrachtaí riaracháin ag gabháil leis. (Léigh mír 10.6).

Ní ghlacaim leis go bhfuil na hargóintí seo bailí ar an mbonn:

  • gur aimsigh roinnt údaráis áitiúla bealach chun seirbhís réasúnach a sholáthar;
  • cé nach soláthraíonn údaráis eile an leibhéal ná an caighdeán seirbhíse ba mhian leo, d’ainneoin sin tá seirbhís á soláthar acu do na teaghlaigh siúd is mó atá i gcruatan agus i gcall agus ní léir go bhfuil an costas iomarcach – mar shampla Comhairle Contae Mhuineacháin - ina bhfuil a seirbhís bhailithe bruscar teaghlaigh ar bhonn príobháideach le líon áirithe blianta. (Léigh mír 7.3).

 


Tástáil ó thaobh Acmhainní

Maidir leis an tástáil ó thaobh acmhainní de agus éagumas nó drogall na n-údarás áitiúil tástáil ó thaobh acmhainní de a dhéanamh maidir leis an scéim um tharscaoileadh, is beag an díol trua iad. Ar an gcéad dul síos táim ar an airdeall go ndéanann na húdaráis áitiúla go léir tástáil ó thaobh acmhainní de chun críocha Scéim na nDeontas Ardoideachais. Ar an dara dul síos, ó mhí na Samhna 2007, tá sé d’oibleagáid ar gach údarás áitiúil, ó thaobh an dlí de, tástáil ó thaobh acmhainní de a thionscnamh i gcomhair na Scéime Deontas D’Oiriúnú Tithe do Dhaoine Faoi Mhíchumas, An Scéim um Chúnamh Tithíochta do Dhaoine Breacaosta agus An Scéim Deontas Áiseanna Soghluaisteachta. Dá réir sin, ó tharla go bhfuil, nó gur cheart go mbeadh córais i bhfeidhm ag na húdaráis áitiúla go léir chun tástáil ó thaobh acmhainní de a dhéanamh ar scéimeanna eile, ní luíonn sé go héasca liom a thuiscint cén fáth, dá ndéanfaí acmhainní a athchóiriú chun éifeachta, nach bhféadfaí córas éifeachtach a chur i bhfeidhm do tharscaoileadh dramhaíola.  Is deacair liom glacadh leis gur saincheist í seo nach féidir a réiteach gan costas suntasach a thabhú.


Oibreoirí Príobháideacha agus Tarscaoileadh – An Staid Dlí

I gcás go bpríobháidítear an tseirbhís bhailithe dramhaíola go hiomlán, is cosúil go bhfuil na húdaráis áitiúla a ndearnadh suirbhé orthu, cé is móide de líon beag díobh, den dearcadh go laghdaítear a n-oibleagáidí i leith teaghlach ar ioncam íseal ar bhealach éigin nó nach ann dóibh de bhua rannpháirtíocht oibreora phríobháidigh. Agus fós féin is tionóntaí de chuid an údaráis áitiúil iad formhór na dteaghlach sin – agus bheadh cíosanna ísle á ngearradh ar sciar de na teaghlaigh seo de bharr tástála ó thaobh acmhainní de a rinneadh orthu faoin scéim cíosanna difreálacha mar aitheantas ar an ioncam íseal teaghlaigh. Tagann sé crua orm a thuiscint go mbeadh oibleagáid láidir fhadtréimhseach shóisialta ann i ndáil le seirbhís phoiblí amháin (muirear na tithíochta sóisialta) agus nach mbeadh oibleagáid ar bith ann, beagnach, i réimse eile de sholáthar seirbhíse poiblí (muirear na seirbhísí bailithe dramhaíola).

Is léir gurbh éard a bhí i gceist le hAlt 75 (3) den Acht um Bainistiú Dramhaíola 1996 (an tAcht) (arna leasú), go mbeadh sé de dhiscréid ag údaráis áitiúla oibleagáid shóisialta a fheidhmiú trí fhaoiseamh a sholáthar i gcásanna lena mbainfeadh cruatan pearsanta daoine aonair trí bhíthin scéime um tharscaoileadh. Is léir chomh maith go bhfuil sé d’údarás acu déanamh amhlaidh i gcás gurb é an t-údarás áitiúil féin a sholáthraíonn an tseirbhís bhailithe dramhaíola go díreach nó i gcás gur oibreoir príobháideach faoi chonradh a sholáthródh an tseirbhís thar ceann an údaráis áitiúil lena mbaineann. Ní luaitear ní ar bith san Acht, áfach, faoi tharscaoileadh a sholáthar do chustaiméirí oibreoirí príobháideacha i gcás go mbeadh an tseirbhís go hiomlán príobháidithe – seachas í a bheith á feidhmiú ag oibreoir príobháideach faoi chonradh leis an údarás áitiúil.  Is dóigh go bhfuil scóip éigin ag údaráis áitiúla chun tarscaoileadh a thabhairt do chliaint de chuid seirbhísí a bheadh príobháidithe go hiomlán trí chomhshocrú áitiúil a dhéanamh le soláthraí na seirbhíse príobháidí don bhailiú dramhaíola, ach is ceist a d’fhéadfadh a bheith ina hábhar díospóireachta an cheist an aontódh na húdaráis áitiúla go léir go bhfuil cumhacht den sórt acu.

Mar shampla thug roinnt údaráis áitiúla (mar shampla Comhairlí Cathrach agus Contae Luimnigh) aghaidh ar an gceist seo trí chomhshocruithe áitiúla a dhéanamh leis na cuideachtaí príobháideacha dramhaíola atá ag feidhmiú sa cheantar. Tugann na comhshocruithe seo d’údarás don oibreoir príobháideach dramhaíl a bhailiú thar ceann na Comhairle ó theaghlaigh áirithe ar ioncam íseal arna n-aithint ag an gComhairle. Cuireann na comhshocruithe sin ar chumas na Comhairle na muirir go léir nó cuid de na muirir bhailithe dramhaíola a tharscaoileadh/a fhóirdheonú do na teaghlaigh siúd.

Ina haighneacht chugam, thug an Roinn aghaidh ar an staid dlí i ndáil le scéimeanna um tharscaoileadh sna téarmaí seo a leanas:

“…maidir le scéimeanna um tharscaoileadh i ndáil leis na muirir sin (muirir bhailithe dramhaíola) is faoin údarás áitiúil lena mbaineann cineál agus méid scéime ar bith den sórt a chinneadh i gcás gurb é an t-údarás a sholáthraíonn na seirbhísí. I ngnáthfhocail ní fheidhmítear scéimeanna um tharscaoileadh i ndáil le seirbhísí bailithe a sholáthraítear go príobháideach.  Is ann do chomhairle dlí lena ndearbhaítear nach ndéantar foráil ó thaobh an dlí de do scéim den sórt in imthosca gurb í an earnáil phríobháideach a chuireann an tseirbhís ar fáil. I gcás, áfach, go dtagann údarás áitiúil ar chomhshocrú le hoibreoir príobháideach chun seirbhís a sholáthar do theaghlaigh ar leith is féidir feidhm a bheith ag scéim um tharscaoileadh. D’iarr an Roinn ar údaráis áitiúla dul i mbun cainteanna le bailitheoirí dramhaíl tráchtála chun aontú ar chomhshocruithe chun cabhrú le teaghlaigh ar ioncam íseal trí mhodhanna íocaíochta a bheadh mar mhalairt ar chnapshuim bhliantúil a thairiscint.”

Is é dearcadh na Roinne i ndeireadh an lae nach bhfuil oibleagáid dlíthiúil ar bith ar údarás áitiúil ná ar oibreoir príobháideach scéim um tharscaoileadh a sholáthar i gcás go bhfuil seirbhís bhailithe dramhaíola atá go hiomlán príobháidithe á soláthar ag an oibreoir sin. Má thoimhdítear go méadóidh an líon oibreoirí a mbeidh seirbhís bhailithe dramhaíola a bheidh go hiomlán príobháidithe á soláthar acu sea is mó gá a bheidh ann le foráil dlí maidir le scéim um tharscaoileadh, foráil nach bhfuil ann faoi láthair. Cé go ndeir an Roinn gur iarr sí ar údaráis áitiúla aontú ar chomhshocruithe le hoibreoirí príobháideacha maidir le modhanna malartacha íocaíochta, ní ionann é sin beag ná mór is an bhrí chomónta a thuigtear le scéim um tharscaoileadh dramhaíola.

Tagraíonn an Roinn, i mír eile dá haighneacht, don chomhairliúchán poiblí a bhí ar siúl aici faoi shaincheisteanna maidir le rialú foriomlán na hearnála um bainistiú dramhaíola agus thrácht sí mar seo a leanas:

“Glaodh ar pháirtithe leasmhara agus ar an bpobal i gcoitinne aighneachtaí a dhéanamh ar cibé ar ghá rialtóir don earnáil, cén múnla rialtóra ab fheiliúnaí agus céard iad na cumhachtaí ba chóir a thabhairt do rialtóir ar bith den sórt. Aithníodh an chumhacht oibleagáid seirbhíse poiblí a leagan i measc na gcumhachtaí féideartha. Gné rialaithe í seo atá i bhfeidhm i roinnt earnálacha eile agus tá d’éifeacht léi go gceanglaítear ar chonraitheoirí tras-fhóirdheonú a fheidhmiú ionas gur féidir seirbhísí a chur ar fáil i gcás nach bhféadfaí iad a chur ar fáil seachas sin de bharr cúrsaí eacnamaíocha.  Breithneofar na haighneachtaí éagsúla a fuarthas agus na saincheisteanna a ardaíodh a thuilleadh i gcomhthéacs an athbhreithnithe ar bhainistiú dramhaíola go ginearálta a ndéantar foráil dó i gclár beartais an Rialtais agus a thionscnófar go gairid.”

Cé go bhfuil cur chuige na Roinne maidir le beartas a fhorbairt i ndáil le rialú na hearnála um bainistiú dramhaíola taobh amuigh de scóip na tuarascála seo tugann sé ugach dom a fheiceáil go luaitear go mb’fhéidir go bhféadfaí oibleagáid seirbhíse poiblí a thabhairt isteach. Mar a dúirt mé roimhe seo is ceist í seo atá i gceartlár na bhfadhbanna reatha a bhaineann le riarachán na scéimeanna um tharscaoileadh dramhaíola.

Is léir ó thorthaí mo shuirbhé chomh maith easpa oibleagáid seirbhíse poiblí a bheith ann. Níl foráil ar bith déanta ag sé cinn de na hocht n-údarás áitiúla a ndearnadh suirbhé orthu (a úsáideann oibreoirí príobháideacha amháin) do chásanna cruatain; níor ghlac ach dhá údarás áitiúla bearta chun faoiseamh a thabhairt d’iarratasóirí cháilitheacha ar tharscaoileadh (Comhairle Cathrach Luimnigh agus Comhairle Contae Luimnigh, agus Comhairle Contae Mhuineacháin cé nach raibh an Chomhairle seo i measc na n-údarás áitiúil a ndearnadh suirbhé orthu). D’ainneoin nach luaitear ceist na n-oibreoirí príobháideacha ná an tarscaoilte san Acht is den tábhacht é mar sin féin go bhfuil comhshocruithe tarscaoilte tugtha isteach ag na húdaráis áitiúla seo. Táim den dearcadh gur chóir do na húdaráis go léir den sórt aithris a dhéanamh ar an gcleachtadh seo trí scéim a thabhairt isteach nó trí athbhreithniú a dhéanamh ar an scéim atá i bhfeidhm, de réir mar is cuí, chun faoiseamh a thabhairt do na hiarratasóirí cáilitheacha sin ar tharscaoileadh. Aithním chomh maith, áfach, go bhfuil réiteach fadtéarmach na ceiste seo ag brath ar an Roinn. Is ann do shaincheisteanna gan réiteach maidir le rialú na hearnála um bainistiú dramhaíola agus is ceist í an cheist faoi oibleagáid na seirbhíse poiblí, nár mhór aghaidh a thabhairt uirthi trí bhíthin reachtaíochta. Tá scóip ag an Roinn sa ghearrthéarma treoir a thabhairt d’údaráis áitiúla i ndáil le riarachán na scéimeanna um tharscaoilte. Déileálaim níos beaichte leis an gceist seo i mír 11.10 thíos.


Cumhachtaí na nÚdarás Áitiúil

Mar achoimre agus mé ag tagairt ar ais do na catagóirí de sheirbhísí bailithe dramhaíola viz.,

  • bailíonn an t-údarás áitiúil an dramhaíl;
  • tugann an t-údarás áitiúil an tseirbhís bhailithe ar conradh d’oibreoir príobháideach (oibreoirí príobháideacha);
  • bailíonn oibreoir príobháideach dramhaíola an dramhaíl;

 

is léir domsa go bhfuil dóthain cumhachtaí ag údaráis áitiúla, a bhfuil baint dhíreach acu le dramhaíl a bhailiú nó a bhfuil an tseirbhís tugtha ar conradh acu d’oibreoir príobháideach, faoi reachtaíocht atá ann cheana chun scéimeanna córa cothromasacha um tharscaoileadh a cheapadh agus a fhorfheidhmiú. Ní mór roinnt oibre a dhéanamh mar sin féin chun a chinntiú go mbeadh na scéimeanna seo comhsheasmhach lena chéile go réasúnach. Mar shampla, agus mar a luadh roimhe seo, d’fhéadfadh gur ghá cineál éigin tástála ó thaobh acmhainní de a thabhairt isteach i gcásanna nach ann di cheana féin.

I ndáil le húdaráis áitiúla ina mbeadh an tseirbhís príobháidithe go hiomlán, bunaithe ar thorthaí an tsuirbhé seo, tá scóip ar leith ag údaráis áitiúla chun scéimeanna um tharscaoileadh a fheidhmiú mar is léir ó chás Chomhairlí Luimnigh d’ainneoin nach bhfuil foráil dlí ar bith ann chun tarscaoileadh a thabhairt ar mhuirir dhramhaíola. Ba chóir d’údaráis eile aithris a dhéanamh ar an gcleachtadh seo i mo thuairimse ach níor mhór do na paraiméadair a bhainfeadh le scéimeanna den sórt a bheith níos follasaí.  Is gá don Roinn Comhshaoil, Oidhreachta agus Rialtais Áitiúil a bheith níos gníomhaí sa réimse seo.


Ról na Roinne Comhshaoil, Oidhreachta agus Rialtais Áitiúil

Mhol an Ghníomhaireacht do Chomhrac na Bochtaine sa bhliain 2003 mar seo a leanas:

“Is cóir don Roinn Comhshaoil, Oidhreachta & Rialtais Áitiúil treoirlínte a dhréachtú do scéim náisiúnta um tharscaoileadh”

Mhol An Ghníomhaireacht do Chomhrac na Bochtaine arís sa bhliain 2005 sraith de threoirlínte lena n-úsáid ag údaráis áitiúla ar fud na tíre chun comhsheasmhacht a bhaint amach i measc na gcóras chun muirir dhramhaíola a ghearradh agus i measc na gcóras tarscaoilte.

Thagair líon áirithe d’údaráis áitiúla chomh maith sna freagraí a thug siad ar an gceistneoir gur ghá treoirlínte ginearálta a sholáthar. D’ainneoin nár thug an Roinn Comhshaoil, Oidhreachta agus Rialtais Áitiúil aghaidh ar cheist na dtreoirlínte go sonrach ina haighneacht is cosúil gurb é an cur chuige atá aici i gcoitinne gur faoin údarás áitiúil aonair atá ceist an bhainistithe dramhaíola ina n-áireofaí tarscaoileadh ar bith a thabharfaí ar mhuirir.  Luaigh sí maidir leis:

“… níor chleacht an Rialtas láir riamh nithe oibriúcháin i ndáil le bainistiú dramhaíola a chinneadh. Tá an tseirbhís um bainistiú dramhaíola ar cheann de na seirbhísí is sine arna soláthar ag údaráis áitiúla.  Is é dearcadh an Rialtais gur chóir go ligfí d’údaráis áitiúla, agus iad ag obair de réir caighdeáin náisiúnta agus AE don chomhshaol, seirbhísí a shaincheapadh de réir riachtanais áitiúla agus go dtagann cur chuige áitiúil maidir le muirir a chinneadh, agus tarscaoileadh ar bith ar mhuirir den sórt, leis sin.”

Cé nach n-easaontaím le dearcadh an Rialtais maidir leis na seirbhísí a shaincheapadh de réir riachtanais áitiúla agus araile ní mór gur léir go ndéanfaí amhlaidh ar bhealach cóir, oscailte agus follasach agus go mbainfeadh comhsheasmhacht leis a thiocfadh le dea-chleachtas riaracháin. Léirítear sa tuarascáil seo atá bunaithe ar thorthaí an tsuirbhé nach riartar na scéimeanna um tharscaoileadh dramhaíola go cóir in údaráis áitiúla, ceann ar cheann, ná nach riartar iad le comhsheasmhacht ar bith sna húdaráis áitiúla i gcoitinne. Nochtadh deacrachtaí chomh maith maidir le riarachán na scéime um tharscaoileadh i gcás gur oibreoirí príobháideacha a sholáthraíonn an tseirbhís bhailithe dramhaíola.

D’eisigh an Roinn treoirlínte san am atá caite agus tá treoirlínte fós á n-eisiúint aici ar nithe eile a riartar go háitiúil mar shampla na scéimeanna tosaíochta ligin don tithíocht agus sílim gur chóir di aghaidh a thabhairt anois ar threoirlínte a eisiúint i ndáil leis na scéimeanna um tharscaoileadh dramhaíola.

Táim den dearcadh gur féidir treoirlínte ginearálta a cheapadh nach sáródh cumas na n-údarás áitiúil a scéimeanna um tharscaoileadh dramhaíola féin a dhréachtú agus a cheapadh. Is fearr an seasamh atá ag an Roinn chun treoirlínte den sórt a dhréachtú a mbeadh mar aidhm leo aghaidh a thabhairt ar roinnt de na neamhréireanna a aithnítear sa tuarascáil seo, agus go háirithe, ceist na n-oibreoirí príobháideacha.

Ar deireadh, is léir ó m’imscrúdú nach leor an fhoráil sna comhshocruithe reatha maidir le riarachán na seirbhísí um bainistiú dramhaíola chun an t-ualach costais ar theaghlaigh ar ioncam íseal a mhaolú. Is ionann an múnla reatha chun na seirbhísí sin a phríobháidiú agus bac a bheith ar údaráis áitiúla a n-oibleagáidí i leith an bheartais shóisialta a fheidhmiú. Is trí reachtaíocht nua agus tríthi sin amháin is féidir réiteach a fháil ar na ceisteanna seo.